Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Sunday 8 November 2015

The Dirty Dust, Titley, Cré na Cille, Máirtín Ó Cadhain

(ag iarraidh fabhtanna a aimsiú anseo a bhíos.)

Bhain mé an-sult as an tiontú seo a léamh. An cheist is mó a bhí ag dó na geirbe agam ná an mbainfeadh an Cadhnach úsáid as an mBéarla seo é féin? Is féidir a bheith nach mór cinnte nach mbainfeadh. Tá léite agam go raibh rian na Victeoiriach ar Bhéarla a Chadhnaigh. Ceist eile a bhí ag déanamh tinnis dom, ná smaoineamh dá dtógfaí ar na saolta seo é agus Béarla ina chloigeann an mar seo a scríobhfadh sé é? Is féidir gur mar seo a bheadh, ach measaim go mbeadh i bhfad níos mó Béarlagair agus caint ríbhlasta thíríuil na tuaithe ann. Dúradh faoi Cré na Cille go raibh móran chuile fhocal ó Bhearna go Carna ann agus taoscadh na farraige a bheadh ann móran chuile fhocal ó Bhanglaidéis go California a chur sa tiontú gan amhras.

Tá tionchar Bhéarla Mheiriceá ar aistriúchan seo Titley le 'hillbilllies' ar 'lucht an tsléibhe' in áit' the mountain folk' nó 'mountainy people'. Tá Béarla reatha dhomhan an Bhéarla trí chéile ann 'happy out' agus mar sin de. Ar 'gailimaisíocht' tá 'bullshit' ag an Titlíoch, nílim cinnte an bhfuil seo dílis ar fad agus is dána an té a chuirfeadh roimhe 'an raicleach' a athrú ina 'the cunt'. Seans gur sin is túisce a rithfeadh leat sa la atá inniu ann ach seans go bhfuil sé rud beag thar cailc anseo.

Tá 'sipping and supping' aige ar 'ag diúgaireacht' is éasca seo a cháineadh mar rud beag Titliúil a bheith sáite isteach, féirín nach raibh gá leis ach is féidir, fós, gur bhraith sé gur theip air ceol na bunteanga a thabhairt leis áit éigin eile is go raibh air an comhar a chúiteamh anseo.

Athraítear 'mo ghrá é Hitler' ina 'Hitler's my darling' ní oireann sé seo dar liom, 'I love Hitler' no, 'Good man Hitler' a bheadh agam air.
 
Ansin 'pruchóigín' go 'kip' arís eile rian an Bhéarlagair, ach le 'pruchóigín brocach' tá 'crap' aige, ní fheicim go bhfuil seo níos oirúnaí ná 'filthy' nó mar sin.

Maidir le 'Caitríona Paudeen' ceapaim gur peaca marfach an 'Paudeen' seo, aisteach go leor mar go ndeir Totley sa réamhrá nár theastaigh uaidh cuma na mbochtán a chur orthu. Níl i ngalldú ainmneacha dá leithéid dar liom ach seafóid atá imithe ó mhaith agus as dáta ar fad. Bíonn na hainmneacha pearsanta lán-Ghaelach nó lán-Ghalldaithe.

'mise a chuir na hordógaí ort' athraithe ina 'I closed your eyes.' Measaim go gcailleann seo an gníomh fisiciúil a bhaineann le súile duine a dhúnadh, is féidir a rá go raibh a leithéid de phost i bhfad níos normálta i sochaí an lae úd agus go raibh Titley ag iarraidh go mbeadh an éifeacht chéanna aige seo don léitheoir reatha is don dream úd a cuireadh ina leith an leabhar a léamh os ard timpeall na tine. Mar sin féin measaim gur leimhe go mór an rud a chuireann Titley ina áit.

Beidh sé suimiúil feiscint cén cruth a bheidh ar iarrachtaí Mhic an Iomaire agus Robinson. Spéisiúil go maith tá ráite ag CIC go bhfuil súil acu an leabhar a bheith aistrithe go 20 teanga eile in imeacht roinnt ama eile.





3 comments:

  1. > An cheist is mó a bhí ag dó na geirbe agam ná an mbainfeadh an Cadhnach úsáid as an mBéarla seo é féin?
    Ach an bhfuil dealramh leis an gceist sin dáiríre? Tá sé cosúil leis an jóc úd fán bhfear a dúirt "Dá mbeinn ag iarraidh dul ansiúd ní anseo a thosódh mé"

    Gníomh ar leith aistriúchán - nó trascruthú mar a thugann Gabriel Rosenstock air.

    ReplyDelete
  2. Dáiríre is ag scríobh faoi reir na dtreoracha tugadh sa rang a bhí mé, ach is dóigh liom gur ceist shuimiúil í, dá dtógfaí mar Bheárlóir e/inniu cén leagabn a bheadh aige

    ReplyDelete
  3. Ceist shuimiúil ach dofhreagartha! Bhraitheadh sé ar a bhí le rá aige. Bhfuil "Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca" léite agat? Thug sé cur síos ansin ar an gcaoi a bhain sé feidhm as an teanga.

    ReplyDelete