Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Saturday 14 November 2015

Sonnet le David Wheatley agus The Bridge le Tom Pickard aistrithe go Gaeilge,

An Droichead
Tom Pickard
Chuimil sí a ghualainn
lena sciorta agus í ag dul thairis
agus chuir beoir ar an mbord
nár íoc sé as. Níor aithin éinne,
a saoiste fiú. Nuair a cheannaigh sé ceann eile
le nóta cúig euro, thug sí briseadh as deich dó.
Agus é ag fanacht sa charr fada basctha
trasna ó fhuinneog chuntar an bhia
bhailigh sí gloiní agus chuir snas ar na boird
le ceirt fhliuch, scuab a cuid gruaige, scáthán
idir seilfeanna an bhiotáille
agus smear beoldath trasna a béal.
Chomhairigh fear an tí an t-airgead tirim agus bhreac nótaí
ar chúl mataí beorach a bhí greamaithe taobh thiar den scipéad.
Ag tiomáint dóibh trí na bruachbhailte brádándaite
thit an chathair léi fúthu.
Pháirceáladar faoin droichead
agus d’amharc isteach san uisce crón.
Tá triocha nóiméad agam sula n-aithneoidh sé imithe mé.

D’ardaigh an teasaire buí-chuirtín d’fhómhar-aer timpeall orthu
iad ag grá-focáil lena gcuid éadaí orthu
i gcúl an chairr fhada, saothar anála ar an inneall.
Ainmhí fada aonair ag bogadh thart faoi charnán cótaí.
Lena monarchana tréigthe
agus a longchlósanna druidte bhuail an abhainn
a cuid cromán in éadan na gcéanna tite,
in éadan na sleamhnán a bhí díomhaoin, is in éadan chnámharlaigh na stáitsí lastais.
Blocanna árasán de shíor i dtreo an imill ar an mbruach thall.
Roinnt fuinneoga dorcha, roinnt lasta:
bean ag glanadh gréithre agus fear ag cócaráil suipéir dhéanaigh
Soilsí ó theilí teilgthe ar dhallóg dhúnta.
D’fhéach sé in airde ar an droichead a thrasnódh sé lá arna mhárach
ag dul ó dheas, ar thoir poist, ar thóir saoil.
Rachainn leat dá bhféadfainn.





No comments:

Post a Comment