Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Sunday, 24 December 2017

Aistriúchán

Seo díreach le rá: Tá ite agam na plumaí a bhí agat sa bhosca oighir ar dócha go raibh tú á gcoinneáil don bhricfeasta Maith dhom é Bhíodar ríbhlasta breá milis agus an-fhuar This Is Just To Say
William Carlos Williams, 1883 - 1963

Aistriúchán go Gaeilge.

Friday, 10 November 2017

‘Translations’ – thiocfadh leis a bheith níos fearr

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana sa bhliain 2013)
DRAMAÍOCHT : Millenium Forum Productions, compántas as Doire faoi stiúir Adrian Dunbar atá tar éis an léiriú is déanaí de Translations Le Brian Friel a thabhairt chun ardáin sa Gaiety san ardchathair.
Tá an dráma suite i scoil scairte i mBaile Beag-Ballybeg sa bhliain 1833. Isteach sa bhaile iargúlta seo tagann Arm na Breataine, a bhfuil sé de chúram acu logainmneacha na hÉireann a aistriú go Sacs-Bhéarla an Rí.
Filleann Owen, deartháir Mhánais ar a bhaile dúchais tar éis sé bliana a chaitheamh i mBaile Átha Cliath. Ina theannta tá an Leifteanant Yolland atá ag obair don tSuirbhéireacht Ordanáis ar mhaithe le léarscáil na hÉireann a chur ar fáil. Feidhmíonn Owen mar aistritheoir agus mar idirghabhálaí idir an t-arm agus muintir na háite.thumb_33668_default_medium
Tosaíonn Owen agus Yolland ag aistriú na n-áitainmneacha; athraíonn Druim Dubh ina Dromduff an Bhéarla, agus athraíonn Poll na gCaorach go Poolkerry agus Burnfoot a dhéantar as Bun na hAbhann. Éiríonn aighneas idir Yolland agus Manus as grá na beirte do Mháire, bean áitiúil.
Suíomh ábhairín ait atá sa Gaiety do dhráma mar seo is gá dom a rá agus seans gur bhain seo ó thús an dráma. Agus an lucht féachana ag bailiú isteach seinneadh ceol gaelach ar an mbosca ceoil ach ba dheacair creidiúint i gcéadradharcanna an dráma de bharr an fhoirgnimh a bhí timpeall orainne lucht féachana.
Ar bhealach níor tugadh ár ndóthain ama dúinn creidiúint sa scoil scairte a bhí ag titim amach os ár gcomhair in amharclann órmhaisithe ar nós an Gaiety. Seit an-chumasach a cuireadh inár láthair, binn tithe ar an dá thaobh, céimeanna na scoile istigh sa lár le crainn sceirdiúla ghaothscaipthe ar chúl is ag déanamh fráma timpeall ar an radharc. Cnoic dhonna stílithe agus cúlra gorm taobh thiar, is réaltaí na hoíche ann leis, do radharcanna faoi leith a chuir leis chomh maith.
Ghlac sé roinnt ama ar an dráma féin socrú isteach ann féin is bhí laigí áirithe ag baint le haisteoireacht Barry Ward. Tá an dráma i mBéarla ach na haisteoirí in ainm is a bheith ag labhairt Gaeilge, cé is moite de na saighdiúirí. Sa lá atá inniu ann is rómhinic ar fad tionchar Bhéarla na stát a chlos ar Bhéarla daoine sa tír seo, agus ar an bhfaraor géar bhí sé sin le clos i roinnt canúintí.
Ní féidir creidiúint gur daoine ag labhairt Gaeilge má chloiseann tú tionchar Bhéarla Mheirceá ar a gcuid cainte. Ag pointe amháin seineann fuaimrian éin ach le fírinne bhain seo ó scéal, ní raibh sé inchreidte in aon chor bhraitheas.
Laige ollmhór ar an dráma ná nach raibh mórchuid na n-aisteoirí in ann an logainmneacha Gaeilge a fhuaimniú i gceart. Nuair ba air sin ba mhó a bhí príomhchoimhlint an dráma ag braith bheifeá ag súil go ndéanfaí iarracht máistreacht a bhaint amach orthu. Laige eile ná gur tugadh ‘Máire’ agus ‘Moya’ ar an mbean chéanna ag pointí éagsúla.
Is mó go mór Gréigise agus Laidine atá le clos sa dráma ná Gaeilge de bharr gur fear mór clasaicí é Máistir na scoile ach go minic is rídheacair déanamh amach céard a deirtear le mungailt a gcainteanna. Le filleadh an mhic dhrabhlásaigh agus an Mháistir cuirtear splanc sa dráma agus lasair sa bharrach. Déantar amhlaidh arís nuair a thuigtear scéal Yolland, fear tuisceanach a thugann gean a chroí don áit agus don chailín áitiúil de réir a chéile.
Is léir go raibh script mháistriúil idir lámha ach nílim cinnte gur chuir an aisteoireacht mórán leis. Go bhfios dom tá leagan Gaeilge den dráma ann, agus de bharr go ndúirt Friel féin go mba chóir gur i nGaeilge a scríobhfaí é, cá bhfuil an dream a léireoidh an leagan sin?
An rud is fearr faoin dráma ná na caidrimh a ndéanann sé cur síos orthu agus an dul i ngleic le galldú na hÉireann. Chuirfeadh seo aon Éireannach ag smaoineamh ar bhánú na Gaeilge agus córas gallda na n-ainmneacha agus logainmneacha, córas seafóideach ar fad ar fad, tá súil agam. Is ar an mbonn sin a mholfainn daoine dul ag breathnú air. Ar an iomlán is dráma taitneamhach go maith a bhí ann agus bhí go leor lón machnaimh le fáil as.
An rud ba laige ar fad na críoch obann an dráma, seans gurb é sin a bhí i gceist ag Friel féin ach tháinig sé aniar aduaidh ormsa, is daoine eile a raibh mé ag caint leo ina dhiaidh.
B’fhearr liom go dtabharfaí deis do dhuine súp a bhaint as an deireadh gan é a rith uaidh. Ó thaobh na scripte de chomh maith, bhraitheas go raibh coimhlint nár tugadh chun réitigh idir Owen agus athair is chuirfeadh sé leis go mór dá ndéanfaí cardáil air sin.
Tá sé ar siúl arís san oíche amárach, Dé Sathairn, 30 Márta 2013, sa Gaiety Theatre, Sráid an Rí Theas, BÁC 2. Céadléiríodh an dráma ag Guildhall Dhoire sa bhliain 1980. Dob é an chéad léiriú é den Field Day Theatre Company a bhunaigh Friel agus Stephen Rea. Leanann an dráma tuairim is 2 uair agus 15 nóiméad agus €15 go €30 atá ar na ticéid.
Cliar
Hugh – Des McAleer
Doalty – Conan Sweeny
Jimmy Jack – Niall Cusack
Maire – Jade Yourell
Owen – Dermott Hickson
Sarah – Genevieve Barr
Lieutenant Yolland – Paul Woodson
Captain Lancey – Nick Tizzard
Bridget – Muireann Bird
Manus – Barry Ward

Tá an rialtas ó dheas ag marú na Gaeilge, ach tá níos mó den locht ort!

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana)
Chuaigh tú go Lá Mór na Gaeilge, bhí tú dearg le fearg leis an rialtas, teastaíonn uait toghchaí a roghnú don Ghaeilge ach is céard is féidir leatsa déanamh anois?
Is é a chuirim romham thíos ná roinnt céimeanna chun sin a chinntiú. Céimeann beaga simplí cuid acu, céimeanna móra roinnt eile, ach tá bealach ann gur féidir le gach éinne againn feabhsú cinnte. Mura bhfuil an-chuid ama agat an t-alt iomlán a léamh níl ort ach rud beag amháin a dhéanamh, díreach labhair Gaeilge le do pháistí! An chéad uair eile a deir duine leat go bhfuil siad ag iarraidh an teanga a chur chun cinn seol anseo iad.
NÁ DÉAN OIREAD IS SÍNEADH FADA/LEATHPHOINTE DE SEO A CHEARTÚ/CHÁINEADH ACH AMHÁIN SA CHÁS GO NDÉANANN TÚ CINNTE GO GCUIREANN TÚ CUID DE NA MOLTAÍ SEO IN ÚSÁID! (má dhéanann tú sin stróic leat ag cáineadh!)
60 soicind ar son na Gaeilge?! Céimeanna beaga
1. Ainm – bain úsáid as an leagan Gaeilge de d’ainm, tosaíodh comhrá Gaeilge liom inniu a bheadh i mBéarla murach m’ainm.
2. Seoladh – úsáid do sheoladh as Gaeilge le gach éinne, bainc, comhlachtaí fóin, glacann gach éinne leis is is bealach simplí é leis an teanga a chur chun cinn.
3. Abair ‘Dia dhuit’ ‘Go raibh maith agat’ agus ‘Slán’ in ionad na nathanna Béarla-fíor-éasca agus déanann seo an teanga feiceálach! An chuid is mó de Bhéarlóirí deir siad nach gcloiseann siad an teanga riamh, is is dócha go bhfuil an ceart ag roinnt acu beagnach i gcónaí, athraigh seo!
4. Cuir síniú Gaeilge agus ‘Fáilte roimh Ghaeilge’ le gach ríomhphost uait.
5. Feabhsaigh do chuid Gaeilge, os rud é gur teanga mhionlaithe í tá i bhfad níos mó éiginnteachta ann faoi théarmaí, litriú, agus gramadach. Measaim féin go dtugtar i bhfad an iomad airde ar chruinneas, nuair is cóir díriú ar shaibhreas, is le saibhreas is fearr a thagann líofacht agus beocht teanga. Saibhrímis sinn féin!
6. Athraigh do samsung/facebook/hotmail/google go Gaeilge.  UMB Bhanc na hÉireann(ATM)-  Fág glórphost (voicemail) Gaeilge ar do fhón.
7. Aon saghas ceistneora líon isteach é agus luaigh an Ghaeilge pé saghas rud é, bialann, polaitíocht, seirbhís óstáin- cuir an Ghaeilge chun cinn!
8. Scríobh téacsanna (texts) i nGaeilge
9. Siopaí Gaeilge – tacaigh leo! Babóg Baby, hairybaby.ie, litriocht.ie, siopa.ie
10. Nuachtáin – ceannaigh an Irish Times agus an Indó, dá olcas é, ar an gCéadaoin! Ceannaigh nós, ceannaigh comhar, tacaigh le goitse, nuacht24!
Seo pointí beagán níos mó, bíodh misneach agat!
1. Labhair Gaeilge le do pháistí. Má ta Gaeilge agat agus mura labhraíonn tú leo í tá tú ag baint rud a bhfuil luach mór cultúrtha, sóisialta is eacnamúil leis uathu. Deirtear go minic nach féidir seo a dhéanamh mura bhfuil Gaeilge ag do pháirtnéir, ag an bpobal timpeall ort, nó go bhfuil do chuid Gaeilge ró-lag, nó nach mbeidh Béarla maith go leor ag an bpáiste. Bheadh sé dodhéanta Béarla de ardchaighdeán a sheachaint in Éirinn sa lá atá inniu ann, fiú mura labhraíonn tú féin focal Béarla leo riamh beidh Béarla foirfe acu an-luath sa saol. Mura bhfuil agat ach smeadaráil den Ghaeilge, tabhair sin dóibh, is buntáiste ollmhór ata i mbunchumas Gaeilge fiú. Is nós atá i dteangacha, mura dtosaíonn tú amach á labhairt beidh sé deacair athrú níos déanaí. Labhair Gaeilge le do pháistí agus déan ón tús é! Ná coinnigh i bhfolach í!
2. Cónaigh le Gaeilgeoirí eile. Agus tú ag fágáil an bhaile/ na hollscoile/ag bogadh isteach i dteach/ag lorg árasáin, aimsigh Gaeil le cónaí ann leat. Ní hamháin go mbeidh i bhfad níos mó Gaeilge á labhairt agat ach beidh craic i bhfad níos mó ann. Ó mo thaithí tá na Gaeil míle uair níos spleodraí, níos ceolmhaire, is beidh gach saghas rírá is ruaille buaille atá ag dul ann. Ná caill amach ar an ruaille buaille.
3. Feabhsaigh do chuid Gaeilge, sea, sin é, raite agam arís an dara babhta cad chuige sin? Mar go bhfuilimd uile ar díth Gaeilge. Tá ár reimsí focal i bhfad rótheoranta le saol iomlán a chaitheamh as Gaeilge. Bímis ag léamh, ag caint ag scríobh ag staidéar. Saibhrímis sinn féin athuair!
4. Cuir comhrá ar siúl in do ionad oibre. An bhfuil Gaeilge agat? An féidir leat caint? Molaim seo in áit ranganna leamha, leadránacha.
5. Pé post a dhéanann tú déan cinnte gur féidir é a chur ar fáil trí Ghaeilge agus déan cinnte go bhfuil daoine ar an eolas faoi seo!
6. Scolaíocht lán-Ghaeilge – ba chóir go mbeadh scolaíocht lán-Ghaeilge mar nós ag an mbunleibhéal in Éirinn, ach amháin dóibh sin a theastaíonn éalú uaithi (is fusa go mór seo a bhrú chun tosaigh! Bíonn toghcháin ann go minic, is ag polaiteoirí atá an chumhacht ó thaobh scolaíochta, cuirtear an pointe seo ina lui orthu. Gaelscolaíocht do gach éinne ar mian leo í.
7. Seol do pháistí go Gaelscoil. Ceann breá éasca, iontach, cabhrach!
8. Labhair Gaeilge le héinne a bhfuil sí acu. Dá ndéanfaimis uile seo…
9. Iarr seirbhísí Gaeilge i gcónaí, ón stát agus ó ghnólachtaí!
10. Siúil amach le duine le Gaeilge, deacair go leor rud mar seo a roghnú ach má tá tú ag comhlíonadh gach aon rud eile titfidh seo amach gan móran stró!
Seo rudaí níos mó arís a bhfuil obair na mblianta nó obair mhór i gceist iontu.
1. Fonn ort grúpa an chuirfidh an Ghaeilge chun cinn a chur ar bun?! Bhuel ná déan! Roghnaigh rud éigin a bhfuil spéis agat ann, agus a mbeadh suim ag go leor daoine ann agus cuir grúpa de sin ar siúl trí Ghaeilge. Is fearr i bhfad seo ná an seanmhúnla de ghrúpaí Gaeilge. Má tá cónaí ort amuigh faoin tuath gan aon spéiseanna agat ná ag do chomhghleacaithe, tá cead agat grúpa Gaeilge a bhunú agus díreach suí thart ag labhairt faoi rudaí gaelacha.
2. Cuir caifé/cultúrlann/amharclann ar bun; obair na gcapall de dhíth ach rí-ghá leo seo!
3. Cruthaigh timpeallachtaí lán-Ghaeilge. Beagán scanraidh ort bogadh chuig an nGaeltacht agus breis scanraidh ort cónaí i gcomún? Ar an drochuair níl mórán rudaí eile ‘dul an Ghaeilge a shábháil mar theanga bhaile. Caithfimid teacht anuas le bealach gur féidir linn gaelphobail a chur ar bun. Bhíodh communes acu is Home&Away agus bhíodh Home&Away cúl, bímis cúl!
4. Diúltaigh glan plé le haon eagraíocht stáit ach sa chéad teanga oifigiúil.
5. Bunaigh Gaelscoil, Gaelcholáiste, Gael-Ollscoil!
6. Bíodh post Gaeilge agat – déan iarracht post a bhunú ina mbeidh tú ag feidhmiú go hiomlán/mórán trí Ghaeilge
7. Ó agus feabhsaigh do chuid Gaeilge, bíodh Gaeilge níos fearr againn ná Béarla, cén fáth nach mbeadh, is cén fáth nach bhfuil?
Táim cinnte go bhfuil roinnt rudaí ansin thuas nach n-aontóidh daoine leo, bíodh acu, agus má tá locht ann, tá. Dála an scéil, beidh mé féin ag tabhairt faoi beagnach gach ceann de na rudaí seo mé féin, agus táim breá sásta glacadh le moltaí eile.
Tá go leor daoine den tuairim go bhfuil siad go mór ar son na Gaeilge ach teipeann orthu agus teipfidh orainn uile mar nach bhfuil daoine sásta na bunchéimeanna/ céimeanna meánacha a ghlacadh. Labhair Gaeilge le do pháistí! Den slua bhí i láthair ag Lá Mór na Gaeilge cén líon acu a dhéanfaidh amhlaidh? Cén fáth go ndéarfá leis an rialtas an teanga a úsáid má tá tú chun í a cheilt ar do pháistí féin?
Tá an saol gearr agus an t-am ag imeacht, féach, más leisceoir tú nach dteastaíonn uait aon rud eile thuas a dhéanamh, díreach labhair Gaeilge le do pháistí. Iontach, sásta go bhfuilimid beirt ar aon intinn.

Téip Dheireanach Krapp

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana)

Tá Téip Dheireanach Krapp, leagan Gaeilge de dhráma clúiteach Beckett ar siúl sa New Theatre i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath faoi láthair.
Is é Macdara Ó Fátharta (Tadhg Ros na Rún agus aisteoir de chuid Amharclann na Mainistreach) a ghlacann ról Krapp agus is é atá go maith chuige. An compántas Mouth on Fire le Gabriel Rosenstock atá tar éis seo a réiteach dúinn, aontas atá tar éis scata beag de dhrámaí Beckett a chur ar fáil le tamall de bhlianta. Tá beagán amhrais orm faoin téarma ‘traschruthaithe’ a úsáidtear le cur síos ar an aistriú, cad go díreach is ciall leis sin? Ní léir áfach an imíonn sé mórán ón mbuntéacs.
Lándubhú an chéad rud, ciúnas iomlán agus ansin dalladh soilse ar an slua. Bhí an áit leathfholamh ar an drochuair, mic léinn gan an oiread sin Gaeilge cuid mhór den slua, ach ba chosúil go raibh aithne maith acu ar théacs na greanntraigéide óir is iad a bhí sna tríthí.
Tá an cur i láthair breá físiúil, dubh agus bán sa treis, aghaidh shuimiúil Krapp chráite agus é siar is aniar go tuisleach ag cuartú is ag alpadh bananaí is ag ól go sásta. Is dual do Beckett a bheith dothuigthe, ach ní seo an dráma is measa acu. Níl sé sothuigthe mar sin féin, agus sa doirceacht is éasca imeacht leat ar seachrán mura ndíríonn tú air i gceart!
Pléann an dráma le néaltrú, braitheann tú, caitheamh i ndiaidh na hóige agus athrú dosheachanta an duine le himeacht ama. Ní féidir braith ar an gcuimhne ann ach oiread, is fealltach an rud é, agus déanann Krapp iarracht an stair a cheartú mar a fheictear dó í. Tá rian den mheabhairghalar le braith ar ról Mhacdara leis, Siondróm Diogenes seans, an bailiú, an carnadh, an coinneáil. An bhfuil sé ag bualadh buille in éadan na díchuimhne, nó ag sleamhnú isteach i nduibheagán an dearmaid?
Cathal Quinn a stiúraigh agus tá sé le moladh as greann fisiciúil Mhacdara agus seit íosta, lom an dráma. Bord, téipsheinnteoir ársa, spól i ndiaidh spóil den téip, boscaí anseo is ansiúd. Tá go leor le foghlaim as Téip Dheireanach Krapp in aois seo an idirlín. Céard iad na hathruithe a thagann orainn agus ar an bhféin úd a thaifeadtar, an dtabharfaimid fuath dó amach anseo? An féidir duine a ligean i ndíchuimhne? An gceadóidh Google do dhaoine dearmad a dhéanamh ort? Tríd is tríd dráma cumasach, caolchúiseach, trom is casta é atá curtha inár láthair go snasta, gairimiúil. Téigí ann.

Léirmheas Gasta
Gruama, Dorcha, suimiúil.
Téip Dheireanach Krapp
Samuel Beckett – traschruthaithe ag Gabriel Rosenstock
Meith 9ú – Meith 14ú
@ 7.30pm
Ticéid: €15 (€12)
 
Grianghraif le John Minihan

How Daniel Cassidy invented Etymology (léirmheas)

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana)
Tháinig abhaile an lá cheana gur aimsigh mé leabhar toirtiúil romham. Bronntanas a bhí ann. Cé go raibh trácht cloiste agam air ní fhéadfainn a rá go raibh mé sásta leis mar bhronntanas. How the Irish Invented Slang le Daniel Cassidy a bhí ann. Is éard a chuireann Cassidy roimhe sa leabhar seo ná gur ón nGaeilge a thagann stráicí móra fada de bhéarlagair Béarla Mheiriceá, agus an domhain ar fad da bhrí sin. Dar leis go raibh uisce faoi thalamh ann ag lucht an Bhéarla a chuir an t-eolas seo faoi chois.
Cuirfidh seo iontas ar go leor againn ó ní cheaptar go bhfuil mórán níos mó ná ‘smithereens’ agus ‘banshee’ tugtha don Bhéarla againn. Don té a bhfuil leathspéis aige i sanas focal tiocfaidh amhras air go mear an bhfuil aon bhunús le tuairimí Cassidy. Éinne le smeareolas faoi shanas tuigfidh siad gur gá bheith in amhras i gcónaí faoi scéalta beaga a scaiptear. Ar fáth aisteach éigin tá de nós ag daoine na scéalta beaga aisteacha a chreidiúint ainneoin fianaise a léireodh a mhalairt. Is gá an leabhar áirithe seo a cheistiú ar an iliomad fáthanna.
Is rud is mó a spreag síol an amhrais ionam ná go dtéann Cassidy le mínithe fíor-neamhdhóchúla Gaeilge nuair ba fhusa go mór míniú eile taobh istigh den Bhéarla a aimsiú. Dar leis, is ionann an téarma ‘crusher'(téarma ar phóilín) agus leagan a tháinig ó ‘cuir siar ar‘(sic) Anois nach aisteach go ngreamódh nath Gaeilge gan móran céille do na póilíní agus nach aisteach nach mbeadh aon bhaint ag ‘crusher’ leis an bhfocal Béarla ‘crush’?
Deir Cassidy gur ó ‘S lom é’ a thagann an focal béarla ‘Slum’. Nach aisteach arís an tógáil sin dáiríre? An féidir a shamhlú go n-imeodh sin ó bhéal Gaeilgeora isteach sa chaint? An féidir teacht air mar nath coitianta le cur síos a dheanamh ar shlumaí? Ní féidir. Rud eile de, tugann Cassidy sainmhínithe agus tugann le fios gur ó na foclóirí Gaeilge a thagann siad nuair nach fíor sin in aon chor. Is breá leis fig. a bhualadh anuas ar rudaí, a rá gur chiall bhreise atá ann ach i bhfírinne is a chuid cumadóireachta féin atá ann. (’teas ioma’ – an abundance of heat and passion; figuratively semen) Ní féidir liom teacht ar aon fhoinse a léiríonn ciall bhreise seo ‘teas ioma'(sic). Is dócha nach bhféadfadh Cassidy ach oiread.
Anuas air sin ar fad úsáideann sé pé leagan is maith leis de fhocal ar bith. ‘Joint’ an Bhéarla? Bhuel tá díon sa Ghaeilge, cén t-iolra atá air sin? Díonta, iontach, sin níos cosúla. Téann sé níos faide fós, leagan sé pé fuaimniú anuas ar fhocail. ‘Jeenta’, foirfe!
Is beag focal a d’fhág Gaeilge ar Bhéarla na hÉireann i bhfírinne, conas go rachadh teanga seo na mbocht mar a bhí chomh mór i bhfeidhm ar chaint SAM? Níl aon mhíniú sásúil ag Cassidy air seo. Conas nár tháinig siad seo chun cinn in Éirinn leis, cén fáth gur bheartaigh na Gaeil gan na focail seo a thabhairt dúinne leis? Níl míniú aige air seo ach oiread. Má tá focail aduaine nach n-aithneodh Gaeilgeoir cumasach ar na saolta seo mar bhunús go leor nathanna, cén fáth nach bhfuil focail choitianta Ghaeilge le sonrú ar chaint na bponcán leis? Arís eile níl míniú ag Cassidy bocht air seo.
An cineál cur chuige atá aige ná frása a ghlacadh chuige féin. ‘Daniel Cassidy’ mar shampla, ansin beartaíonn sé gur ón nGaeilge a tháinig sé. Ansin ar aghaidh leis ar bhóthar na cruthaitheachta. Daniel –‘Dath- ‘n-aoil’ lime-faced, white-faced, fig. white supremacist. ‘Cassidy’. Cas-a-dí The turning of her drink, surname of a bartender, mixologist, figuratively mixer, nixer.Mar sin is ionann Daniel Cassidy agus ‘white supremecist cocktail maker? Is ionann, bhuel ina chruinne féin bréag is bithchamastaíola. (mise a chum seo thuas ar eagla aon mhíthuisceana)
Is bocht an scéal é ach tá cuid mhór daoine ag tacú le cumadóireacht Cassidy fós. Nach cuma a deir roinnt, níl ann ach píosa beag spraoi. Dáiríre a mhalairt atá ann, is casta an rud é an teageolaíocht agus nuair a ligtear d’amadáin tabhairt faoi ar a suaimhneas téann an rud ar fad chun doiléire. De bharr thionchar an idirlín is ann do ‘shanais’ seo Cassidy go deo na ndeor, creidfear iontu (roinnt ar a laghad) go brách. Ba chóir dúinn suim a léiriú sna focail a thug na Gaeil don Bhéarla ach gan géilleadh do phleidhce amadáin mar seo a chuireann an fhírinne as a riocht ar fad ar fad.
Ba bhréagadóir cruthanta é Cassidy. Leabhar 300 leathanach atá lán go clúdaigh de bhréagshanais, de sheafóid agus de bhréaga. Níl aon amhras ann ach gur thuig Cassidy go raibh formhór mór na sanas seo bréagach. Is dócha gur lorg sé frásaí i bhfoclóirí Gaeilge a raibh cosúlacht éigin acu le nathanna Béarla agus ansin gcur chuir sé roimhe an nasc a chruthú.
Tá blag den scoth ar fáil anseo a tharraingníonn argóintí Cassidy óna chéile. http://cassidyslangscam.wordpress.com/ Pé duine a scríobh chuir Cassidy siar glan as a mheabhair iad agus tá siad tar éis díoscadh cliniciúil neamhbhalbh a dhéanamh ar scaits éithigh Uí Chasaide. Tá Cassidy imithe ar shlí na fírinne anois, is é mo mhórdhóchas ná go n-imeoidh na bréaga seo leis. Ná ceannaigh an leabhar seo is ná tacaigh le seafóid mar seo.
Níl saineolas agam ar an ábhar seo, díreach spéis. Tá eolas éigin agam ar an teanga agus ar an bhfoghraíocht, rudaí nach raibh ag Cassidy féin áfach. Ghlac an Béarla le liosta éigin focal ón nGaeilge ceart go leor agus tá liosta ar fáil anseo. Focail Ghaeilge sa Bhéarla
Is féidir teagmháil a dhéanamh le húdar an ailt ag @murchadhmor

Dóibh sin ar bheagán Gaeilge
There is no doubt but that Daniel Cassidy knew that most etymologies in this book were false. For example he might take something like ‘Daniel Cassidy’ and decide it comes from Irish. Then he searched the dictionary to find something similar and comes up with; ‘Dath- ‘n-aoil’ lime-faced, white-faced, fig. white supremecist. ‘Cassidy’. Cas-a-dí The turning of her drink, surname of a bartender, mixologist, figuratively mixer, nixer.So Daniel Cassidy means white supremecist, cocktail maker? Well sort of, in his parallel universe of bolloxology at least. (just to be clear I made this up) This book is an utter con-job, do not buy it and do not accept any of its conclusions.

Tá Gaeilgeoirí níos Éireannaí ná an dream gan í. Glac leis.

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana)

Is minic a chuirtear i leith an Ghaeilgeora go measann said go bhfuil siad ‘níos Éireannaí de bharr go labhraíonn siad Gaeilge’. Caithfidh mé a rá nach bhfuilim tar éis teacht ar an tuairim seo rómhinic ag Gaeilgeoirí. An freagra a bhíonn ag mórchuid na nGaeilgeoirí ná nach measann siad sin in aon chor. Nuair a smaoiním féin faoi áfach, is léir dom gur Éireannaí an duine a labhraíonn Gaeilge gan aon amhras. Díreach le bheith soileir nílim ag rá gur fearr bheith níos Éireannaí, díreach go bhfuil níos mó den Éireannachas ag roinnt leo.
Ar dtús céard is Éireannachas ann? An bhfuilimid ag caint ar shaorántacht na tíre? Ó d’fhéadfadh duine pas is saorántacht Éireannach a bheith acu gan aon eolas nó cur amach acu ar aon rud Éireannach nó Gaelach glas bán nó riabhach, caithfidh nach leis sin atáimid ag plé. Mar sin baineann an cheist seo le féiniúlacht is dócha, nó gnéithe de chultúr a thugann le fios go mbaineann duine le cultúr áirithe.
Buaic Chultúr na hÉireann? Anlann Bhaile UÍ Mhaolmhuaidh
Baineann teanga le féiniúlacht is le cultúr. Ní féidir a shéanadh gur dlúthchuid an Ghaeilge de chultúr na hÉireann. Ní thig le lucht an fhéinfhuatha sin a dhiúltiú. Is féidir go bhfuil sin ag athrú le cuid ghearr de stair na tíre ach is ann dó fós. Mar sin má tá tuilleadh den chultúr agat, is é sin go labhraíonn tú Gaeilge, tá tú níos Éireannaí. Dá gcuirfí beirt a bhí díreach mar a chéile i gcomórtas lena chéile ach Béarla a bheith ag duine amháin acu ach Gaeilge anuas air sin a bheith ag an duine eile, nach mbeadh an duine sin níos Éireannaí? Is geall le fíric é.
Samhlaigh an Fhrainc, dá ndéanfaí a chóilíniú is dá dtiontódh mórchuid an phobail ar an mBéarla, is dá mbeadh pócaí de chainteoirí Frainicise ann nach ndéarfaí gur Francaí na daoine céanna? Is cinnte go ndéarfaí. Fiú cúpla céad bliain tar éis don Bhéarla forlámhas a ghlacadh ní dóigh go bhféadfaí a rá nach mbeadh na cainteoirí Fraincise níos Francaí. Cén fáth gur féidir a leithéid a rá in Éirinn?
Blaa Phort Láirge, sainniúlacht arbh fhiú náisiún a bhunú uirthi?
Mar sin conas gur cuireadh an bhréag isteach inár mbéal chomh fada seo is go raibh Éireannaigh sásta leis? Baineann seo leis an teoiric úd, náire an iarchóilíneachais. Is éard atá i gceist leis seo ná an náire a thagann ar an bpobal dúchais tar éis cóilínithe. Nuair a chailltear an rud dúchais(teanga mar shampla) níl de fhreagra ag an dream nach bhfuil sí acu a thuilleadh ach fuath a thabhairt don chultúr céanna agus sodar i ndiaidh na n-uasal. Go mionminic is iad seo is binibí ar fad atá in éadan an chultúir. Má tá suim agat i gcás na dteangacha mionlaithe(níl aon rud mion faoi mhórchuid na dteangacha seo!) aithneoidh tú go dtagann na hargóintí céanna in airde arís is arís eile timpeall na cruinne. Teanga mharbh, teanga na mbocht, gan foclóir ceart, ina bac ar ghnó. Léifidh tú tráchtanna ag lucht fuatha na Breatnaise,agus cloisfidh tú na hargóintí seanchaite céanna ón lucht argóna seanchaite céanna. Arís eile ní daoine ó thír isteach iad seo ach an pobal dúchais ag tabhairt fuatha don rud a bhain leo féin agus ag iarraidh easpa éigin iontu féin a fholú.
Ar ndóigh tá gnéithe eile den chultúr i gceist chomh maith, ceol, spórt, féith ghrinn na hÉireann, fadhb náisiúnta óil. Má tá na gnéithe seo ag duine thar dhuine eile, is féidir a rá go bhfuil an duine sin níos Éireannaí ná an té eile. Ní hé go bhfuil an duine níos fearr nó go bhfuil luach níos mó air sin. Ní féidir luach oibiachtúil a chur ar chultúr thar a chéile. Mórphobal aonteangach na tíre seo tá go leor gnéithe Éireannacha ag baint leo, ach tá níos mó gnéithe idirnáisiúnta nó Angla-Mheiriceánacha ag roinnt leo ná mar atá ag lucht labhartha na Gaeilge. Anois seans nach bhfuil aon fhiúntas le baint as an tuairim seo a chur sa timpeall, cuireann sé fearg ar dhaoine agus díomá ar dhaoine. Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil sé fíor. Is buille beag amháin é in aghaidh an scata sin a thugann le fios nach mbaineann an teanga leis an tír seo in aon chor agus a dteastaíonn uaithi í a ruaigeadh amach ar fad ar fad.
Stobhadh Gaelach nó Éireannach, cé acu is cirte?
Déarfaidh daoine gur seafóideach an argóint atá déanta agam anseo, go bhfuil sé ciníoch, ach arís eile ní deirim go bhfuil luach níos airde ar chultúr amháin ná a chéile, ach mar sin féin go bhfuil difríochtaí ann. Tá go leor argóintí eile fíor leis, is Éireannaí daoine a sheineann an ceol gaelach nó a théann don spórt gaelach. Fágann ábhar an lae inniu ceist amháin eile agam an bhfuil na Gaeil éagsúil ó na hÉireannaigh nó an cheist í sin a bhíonn ag dó na geirbe ag aonteangaigh na tíre?
Is féidir easaontú go láidir le scríbhneoir an ailt @murchadhmor

Be Infants in Evil (Léirmheas ar dhráma Béarla)

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana)
Sleamhnaíonn an dráma seo isteach sa tsrón ón gcéad uair a siúlann tú isteach san amharclann. Tiús i sacraistí séipéil agus sagart óg ar a ghlúine lena phaidrín. An tAthair Patrick atá ann, sagart atá ag tosú amach i bparóiste nua i mBÁC. Tá an fhaoistin curtha ar ceal inniu aige. Ainneoin sin seo chugainn Noleen, baintreach dhall a bhfuil léargas ar leith aici agus ar aghaidh lena faoistin. Ansin Jacinta atá tite i ngrá le fear Muslamach agus atá ag iarraidh teitheadh as an eaglais agus an tír le bheith leis. Tagann cuairteoir eile gan choinne ansin agus cuirtear domhan an tsagairt bun os cionn ar fad.
An rud is fearr faoin dráma seo ná an feitheamh tomhaiste. Tosaítear agus rud éigin folaithe, tugtar aitheantas dó ach níltear cinnte faoi. Tugtar blúirí beaga dúinn anseo is ansiúd agus déantar sin a mhealladh chun breathnú níos géire ar chúrsaí. Fanann smál éigin gan ainm ar an dráma ó thús. Agus cara Patrick ann tá ceist bhreise ann leis, cén caidreamh atá acu le chéile, agus coinnítear sinn ar fad ag gliúcaíocht go géar ar a gcaidreamh le hoibriú amach cén cineál é. Ceann cairdis, clainne nó cumainn?
Tá cuid mhaith den dialóg cliste, greannmhar ach cuid eile ró-ardintleachtúil(mar is nós le drámadóirí deisbhéalacha go minic) agus is cosúil go bhfuil a sheal féin ardéirime ag gach carachtar sa dráma, rud nach bhfuil inchreidte. Caitear gach aon téama agus conspóid anuas ar a chéile agus téann sé chun seafóide ar fad cúpla babhta i dtreo an deiridh. Ginmhilleadh? Cinnte. Leathar, glacaireacht, agus muslamachas? Ar ndóigh! Chomh maith leis seo titeann gach aon rud amach díreach ag an am céanna agus tagann gach aon chuid de le chéile go róghleoite agus is deacair creidiúint ann, go fiú má chuireann tú an-bhrú ort féin!
Tá go leor rudaí breátha ann os a choinne sin. Tugann an sagart caint fhada uaidh ar thábhacht agus ar iontas na beatha, ag rá nach bhfuil ach cuidín bídeach bídeach den chruinne atá in ann an bheatha a chur ar fáil agus gan é sin a dhéanamh ach ar feadh soicinde. Is ansin amháin atá grá in ann bláthú, deir sé. ‘The only time there can ever be love is when there’s life, and that’s now. Is cumhachtach an chaint í. Thabharfadh an chaint seo aitheasc an Íosánaigh faoin tsíoraíocht san ifreann i A Portrait of the Artist as a Young Man Joyce i gcuimhne duit ach is caint dhearfach í seo. An rud is annamh is iontach. Carachtar sagairt ar féidir ionnanú leis agus a bhfuil ba agus trua agat dó amhail Súil le Breith, ach go dtagann athrú ar chúrsaí ag druidim le deireadh.
Is é Brian Martin, Bleá Cliathach a bhfuil cónaí air i Londain anois, a scríobh agus tá go leor rudaí le moladh faoi. Ar an bhfaraor géar ní bhraithim go dtagann se le chéile go foirfe agus nílim iomlán socair le teachtaireacht an dráma féin. Níl fhios ag an dráma féin go baileach a bhfuil uaidh, greann nó dáiríreacht. Tá compás morálta an dráma seo beagán as compás, leis, measaim. Pléann sé le péideafíleacht nó péidearastacht agus cuireann sé an cheist orainn an feidir grá a bheith i gceist i gcásanna mar sin. Tugann sé le fios, bhraitheas féin, nach bhfuil aon rud as alt le caidreamh collaí idir sagart fásta agus buachaill óg. An bhfuil leithéid de chaidreamh inghlactha? Ar an drochuair ní chuirtear an cheist i mbealach rómhaith mar sin gach seans go seachnófar ar fad í. Bainfidh sé stangadh asat mar sin féin. Is dráma spéisiúil é mar sin féin agus mar a deirim go minic is fearr drochdhráma ná scannán maith!
 (bunaithe ar leagan in Amharclann an Draoi/Mick Lally mar atá anois air ag Féile Ealaíona na Gaillimhe)

Trí Scéal: Páirtnéir, Eoinín, agus Bás Artó Leary

Foilsíodh an t-alt seo ar an tuairisceoir cheana

SCANNÁN : Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge rinneadh an chéad léiriú de thrí scannán Ghaeilge i bPictiúrlann an Lighthouse Déardaoin seo caite; Trí Scéalta(sic). An rud is annamh is iontach, mar sin ghlacas go fonnmhar leis an deis dul chuig an bpictiúrlann le scannáin Ghaeilge a fheiceáil. D’éirigh liom ticéid a bhuachan ó Raidió Rí-Rá dul ann, mar sin is mé a bhí go sásta!
Tá an t-ionad féin go ríghleoite, ba leor ailtireacht na háite le turas ann a spreagadh. I Margadh na Feirme atá an phictiúrlann lonnaithe, agus má tá cuid de bheocht an mhargaidh chéanna imithe le teacht rialacha dochta maidir le capaill, tá an bheocht sin le braith faoi thalamh istigh san fhoirgneamh.
Tá an áit leagtha amach i mbealach nuálach, adhmad geal, staighrí fairsinge agus beár galánta. Is gaire go mór an áit d’amharclann cheannródaíoch ná gnáth-scannánlann. Fáilte roimh Ghaeilge ag an bhfreastalaí ann, leis. Chuir an triúr stiúrthóir na scannáin in iúl ag an tús, go dátheangach.
 574816_410997772323691_1233047634_n
Páirtnéir
Scéal faoi chomhlachtaí ríomhaireachta a bhí i gceist le Páirtnéir. Rianaíonn sé scéal an phríomhcharachtair atá ag dul i ngleic le fadhbanna airgeadais, an galar dubh, agus timpiste thragóideach. Tá an príomhaisteoir cumasach go maith ach tá rud éigin as alt leis an gcur i láthair. Éiríonn go maith leis paranóia bhuile a chur inár láthair. Tá fadhbanna réadúlachta ag an scannán seo dar liom agus cé go raibh aisteoireacht mhaith ann tríd is tríd, níor éirigh liom creidiúint ann go hiomlán. Tá creat an scéil go cliste is casann sé cor nó dhó ach ar deireadh thiar ní raibh mórán níos mó ann ná sin.

Eoinín
Eoinín an dara scannán agus ó thús thuigeamar go raibh rud éigin speisialta i ndán dúinn, Eoinín ag breathnú na n-éan is na n-eitleán ina ghairdín. Buachaillín beag ciúin é Eoinín agus cé go raibh sé beagán gan bheocht mar aisteoir é féin ag tús, cabhraíonn a mháthair agus a athair go mór le mothúcháin inchreidte a chur inár láthair. Mionsonraí cliste a dhéanann idirdhealú idir seo agus na scannáin eile measaim. Tá íogaireacht agus tuiscint ann, chomh maith le léiriú agus go deimhin féin máistreacht áirithe ar an rud físiúil. Tugtar cúpla féirín físiúil dúinn ann, pléaráca dhathanna na n-eitilití ar an bhfuinneog, bogha báistí an pháiste uaignigh. Ba bheag súil sa phictiúrlann nach raibh deor léi ag druidim chun deiridh. Rinneadh sár-scéal an Phiarsaigh Eoghainín na nÉan a fhí go cliste le scéal truamhéalach an stócaigh óig seo. Ba é Eoinin an scannán ba mhó a thaitin liom féin astu triúr, tuairim choitianta ar an oíche bhraitheas.

Bás Artó Leary
Rinneadh athleagan den tseoid úd de litríocht na Gaeilge Caoineadh Airt Uí Laoghaire sa scannán seo. Cuirtear Artó an leagain seo os ár gcomhair ar nós Brad Pitt de chuid Guy Ritchie, tincéir a bhfuil láir bhán aige, each caol ceannann faoi. Scéal comhaimseartha ar nós a leathbhádóra Snatch é nach bhfuil ach rian nó dhó aige den bhunleagan le sonrú ann.
Cé go raibh an-Ghaeilge ag na haisteoirí bhí a gcuid canúintí iomlán bunoscionn le cúlra na gcarachtar, ba léir gur daoine deasa meánaicmeacha iad Artó agus a bhean ach bhíodar ag cur fúthu i gceantar fíor-gharbh agus capall acu. Bhain seo ó réadúlacht an scannáin, cé go raibh aiteas sa scannán, aiteas dá chuid féin a bhí ann is ba mhó go mór go bhféadfaí creidiúint ann murach sin. Lean an scannán Artó agus a chuid eachtraí le Morris an drongadóir drugaí, scannán a rop leis ó thús go deireadh; coiriúlacht, leathar, púdar máirseála na Colóime. Bhain an slua an-taitneamh as an scannán seo.
Ar an iomlán bhí iontas orm a laghad dóchas a bhí sna scannáin seo. Ba bhreá an rud scannán nár bhain leis an mbás nó an galar dubh a fheiceáil! Is faoin Scéim Síol Scannán ag TG4 a cuireadh maoiniú ar fáil dóibh seo. Is dócha go mbeidh siad ar taispeáint ar an teilifís amach anseo, agus thart ar 30 nóiméad ar fhad atá siad, mholfainn breathnú orthu, an dá cheann dheireanacha ach go háirithe. Chuaigh brabús na hoíche go The Capuchin Day Centre.

Stailc na nDochtúirí ar na Bacáin Fós?

Foilsíodh an t-alt seo ar an tuairisceoir cheana

Beartaíodh go mbeadh stailc ar siúl ag dochtúirí sóisearacha in ospidéil na tíre ar siúl inné ach fógraíodh Dé hAoine go gcuirfí ar athló é go Céadaoin na seachtaine seo chugainn. Cad chuige an stailc seo agus an bhfuil seans ann go rachaidh sé ar aghaidh anois?
Éiríonn an stailc seo as uaireanta cloig oibre na ndochtúirí go príomha, sealanna oibre suas le 48 uair gan stad agus uaireanta seachtainiúla a sháraíonn an Treoir Eorpach Maidir le hAm Oibre(TEAO) a deir gur ceart atá ann nach mbeadh ar éinne breis is 48 uair an chloig oibre a dhéanamh sa tseachtain.
Ainm an fheachtais ag an IMO ná ’24 No More’ is é sin le rá ná nach mbeadh ar dhochtúirí níos mó ná 24 uair an chloig oibre a dhéanamh as a chéile. Ní hannamh 30 uair a chloig oibre a dhéanamh in ospidéal gan ach 2 nó 3 uair a chloig codlata is is iomaí scéal uafáis sa timpeall faoi dhaoine a cuireadh orthu 3 no 4 lá oibre a dhéanamh gan mórán níos mó ná cúpla uair an chloig codlata anseo is ansiúd. Is annamh an rud é go mbeadh stailc ar bun ag dochtúirí ach mar gheall ar na cúinsí seo tá sciar áirithe den phobal agus go deimhin féin ceardchumainn na mbanaltraí is na mban cabhrach ag tacú le haighneas seo na lianna.
Cuireadh an stailc ar athló Dé hAoine de bharr go gcuirfí ‘sábháilteacht othar’ i mbaol dar leis an IMO. Anois, más rud é gur sábháilteacht othar an t-aon sprioc leis níor chóir stailc a phleanáil riamh. Bheadh othar thíos leis an stailc seo go cinnte, is bíonn othair thíos leis gach lá de bharr an chórais atá againn faoi láthair. Níl aon amhras ann, áfach, dá n-éireodh leis an stailc deireadh a chur leis na sealanna fada oibre seo, go mbeadh othair níos fearr as go fadtéarmach. Seans nach bhfuil de mhisneach ag an IMO an cheist seo a bhrú go ceann cúrsa áfach.
Bhíothas ag súil go gcuirfí plean os comhair na ndochtúir Dé Luain feiscint an leanfaí leis an stailc. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte(FSS) tar éis aontú go gcuirfidh siad amchlár ar fáil ina mbeadh an TEAO i bhfeidhm ag tosú i mí Eanáir na bliana seo chugainn. Is cosúil go bhfuil an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe tar éis tacú leis an margadh trí rá go gcuirfidh siad pé acmhainní a mbeadh gá leo ar fáil. Cuimsíonn an socrú atá idir lámha go ndéanfaí measúnú neamhspleách ar rótaí oibre na ndochtúirí sna hotharlanna éagsúla. Ainneoin seo ar fad is iomaí uair cheana a dúradh go raibh ospidéil ar leith ag teacht leis an treoir oibre seo is nach raibh aon bhunús leis an maíomh céanna.
Tá grúpa oibre curtha ar bun, leis, le breathnú ar cheist phá na ndochtúirí comhairleacha, mar go ndéanfar, faoi shocrú úr Bhóthar Haddington, a laghdú de €30,000. I roinnt cásanna beidh dochtúirí atá ag an leibhéal is airde faoi na dochtúiri comhairleacha seo ag glacadh le ciorrú pá agus iad ag dul isteach sa ról úr dóibh.
Tá an IMO tar éis a rá go léiríonn na scéalta is déanaí ón FSS go bhfuil siad dáiríre faoi cheist na sealanna oibre, ach caithfear breathnú ar ar tharla cheana dar liom, tuarascáil sa mhullach ar thuarascáil eile is gan aon toradh fónta ag éirí astu riamh. Ba dhuine mór dóchais an té a bheadh ag súil go mbainfí mianta an IMO ámach an babhta seo.
Sa teachtaireacht is déanaí ó Eric Young, stiúrthóir cúnta an IMO, táthar tar éis a rá go bhfuil tuilleadh eolais uathu ón FSS ar roinnt ceisteanna a bhaineann le; dearbhú na rótaí oibre, cur i bhfeidhm praiticiúil na moltaí, píonóis a ghearrfaí mura gcuirfear na moltaí i bhfeidhm agus na daoine a bheidh freagrach as cinntiú go ndéantar a gcur i bhfeidhm. Anuas air sin tá coiste na ndochtúirí neamh-chomhairleacha ospidéil le casadh lena chéile inniu Déardaoin le freaga an FSS a phle. Dúradh chomh maith go bhfuil an stailc ar athló ach go mbfhéidir go rachfar ar aghaidh leis mar Dé Chéadaoin seo chugainn, mar sin féin
An mbeartóidh an IMO nach bhfuil mórán eile le baint as an bpróiseas is an stailc a chur ar ceal ar fad nó an leanfaidh siad orthu leis an stailc mar gurb é an t-aon bhealach le haird an FSS a tharraing ar cheist a bhfuiltear á seachaint le 20 bliain anuas? Beidh le feiceáil.
Gluais
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte(FSS) = HSE
Ceardchumann Dochtúirí Éireann = Irish Medical Organisation(IMO)
An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe = The Department of Public Expenditure and Reform
An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais = Labour Relations Commission
Dochtúirí Neamh-Chomhairleacha Ospidéil = NCHDs
Treoir Eorpach maidir le hAm Oibre = European working time directive(EWTD)

Ba chóir an tSínis a fhoghlaim ar scoil in Éirinn in áit na Gaeilge

(Foilsíodh an t-alt seo ar an tuairisceoir cheana)

Tá an ráiteas thuas conspóideach go maith ach creidim gur chóir an cheist seo a chíoradh níos mó ná mar a rinneadh cheana. Tá trian de fhostóirí na tíre seo ag iarraidh go bhfoghlaimeodh mic léinn an tSínis ar scoil. Anuas air sin deirtear go bhfuil easpa i scileanna teanga ag cur as do thrádáil leis an tSín, dar le taighde a cuireadh i gcrích le déanaí.
Labhraítear an Mhandairínis ar mhórthír na Síne, sa Téaváin, i Singeapór agus is beagán de mhuintir na Síne a bhfuil Béarla maith acu. Tá Institiúidí Confúicias á mbunú i ngach cearn den chruinne. Déanann Éire thart faoi 3 bhilliún a easportáil chun na Síne chuile bhliain agus í an tSín an céile trádála is mó atá againn san Áis. D’fhéadfaí sin a mhéadú, agus ag an tráth seo in Éirinn ba mhór an gar sin.
Samhlaigh é, thosóimis ag múineadh na Sínise do pháistí ag aois óg, an script a mhúineadh i mbealach nádúrtha spraoiúil. Tá inchinní na bpáistí mar a bheadh spúinsí eolais ann is iad faoi bhun chúig bliana. Tá go leor daoine in Éirinn le Sínis mar atá. Is dóigh liom féin gur chuma faoi cháilíochtaí, ba chóir díriú ar dhaoine a bhfuil na scileanna teanga féin acu agus splanc chun múinteoireachta, gan an iomad airde a bheith againn ar cháilíochtaí.
Nach deas an smaoineamh é? Fáil réidh le cloch mhuilinn na Gaeilge agus sinn féin a theilgeadh isteach is re úr rachmais a spreagadh áit a mbeadh an tír ar ais ar a seanléim is déagóirí ó Dhomhnach Bat ag díol earraí le muintir Nanjing, is muintir as an Muileann gCearr ag reic le slua as Hangzhou.
Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Bheartaíos beagán taighde a dhéanamh mar gheall ar an gceist seo ar fad, agus feiscint an raibh aon fhírinne taobh thiar de bhéal bán lucht gnó. An argóint thuas is argóint í a chloisfeá ó shlua sách líonmhar in Éirinn, ach leis an bhfírinne a dhéanamh níl ansin ach cuid bhídeach den scéal.
Tá tuairimí spéisiúla ag muintir na hÉireann ar an gceist seo. Ar phobalbhreith ar an journal.ie d’fhreagair 59% gur chóir go mbeadh an tSínis roghnach ar an meánscoil. Dúirt 6% gur chóir go mbeadh an tSínis éigeantach ar an meánleibhéal agus mheas 20% gur chóir go múinfí í ar na bunscoileanna.
Bhí suirbhé eile ar an suíomh céanna ina raibh 50% ag rá gur chóir go mbeadh sí ar fáil i ngach scoil, 29% ag rá gur chóir go mbeadh sí díreach ar fáil ach nach raibh tábhacht rómhór ag baint léi is dúirt 20% nár chóir go mbeadh sí ar fáil in aon chor. (Is gá cuimhneamh gur daoine óga, oilte ar ríomhairí is nuatheicneolaíocht is mó a bhíonn ar an suíomh, ar nós do leithéidse!)
Tá an tSínis ar fáil i 13% de scoileanna sa Bhreatain ach níl an tSínis mar ábhar ardteiste in Éirinn fós. Tá scoileanna áirithe abhus ag déanamh staidéir uirthi mar sin féin. Is ait an rud seo mar gur teanga mhór atá sa Mhandairínis. Sa Bhreatain bíonn 3,200 ag déanamh na Sínise ag leibhéal na nA-leibhéal chuile bhliain. Dá dtarlódh go ndéanfadh céatadán mar sin staidéar uirthi in Éirinn is fíorbheagán a bheadh ann. Daoine de shliocht na Síne an mhórchuid acu.
Creidim féin nach mbeadh spéis rómhór ag gnáthmhuintir na hÉireann staidéar a dhéanamh ar an ábhar, is féidir go bhfuil meath mo bharúla orm gan amhras. Ceist eile ná cá háit a bhfaighfí na múinteoirí? Ainneoin mo chuid tuairimí faoin múinteoireacht thuas ní dóigh liom go mbeadh an stát sásta ach dream cáilithe a fhostú, agus dris chosáin a bheadh ansin.
Teanga thónach atá sa tSínis, a bhfuil roinnt scripteanna éagsúla aici agus a bhfuil an iliomad canúintí agus go deimhin féin teangacha éagsúla meascaithe ann. Níor leor an caighdeán oifigiúil a fhoghlaim le feidhmiú ó thaobh an ghnó de. Do thír a bhfuil fadhb dhamanta againn teanga amháin a fhoghlaim, teanga a bhfuilimid ar maos inti ar go leor bealaí, ní chreidim go bhfeadfaí greim a fháil ar theanga níos faide uainn arís. Má tá deachrachtaí ag daoine Gaeilge a fhoghlaim níl fáth ar bith nach mbeadh na fadhbanna céanna, nó fadhbanna i bhfad níos casta fós agus iad i mbun na Sínise. Teipeann go dona ar an gcóras oideachais daoine a oiliúint i labhairt na Gaeilge, creidim gur teip i bhfad ní ba mhó a bheadh in iarracht an tSínis a shealbhú.
Béarla teanga an ghnó go hidirnáisiúnta sa lá atá inniu ann, más olc maith le daoine é. Más ag dul don ghnó atá tú, Béarla a theastaíonn. An dream úd a deir gur chóir dúinn Gearmáinis a fhoghlaim chun go n-éireodh linn sa ghnó is léir bunmhíthuiscint s’acu ar chúrsaí teanga. Feidhmíonn go leor mórchomhlachtaí as Béarla sa Ghearmáin féin, agus d’éinne a thaisteal fiú ar feadh roinnt ama thall is léir gur deacair líofacht sa Bhéarla a sheachaint. Níl an Béarla rófhorleathan sa tSín ach tá ina measc siúd atá ag dul don ghnó. Is gcás na Síne tá an chuid is mó den ghnó ag titim amach i gcathracha, leithéidí Hong Cong is Shang-hai áiteanna a bhfuil an Chantainis mar an teanga is mó a labhraítear. Arbh fhéidir í sin a fhoghlaim chomh maith?
Más ar thóir an ghnó atá daoine shamhlóinn luach i bhfad níos mó a bheith ar scileanna ríomhaireachta i ndomhan a bhfuilimid ag druidim le monaplacht teanga an Bhéarla cheana féin. Ní duine mé a bheadh i gcoinne aon teanga a fhoghlaim, ach os rud é gur chun gnó a mholtar a foghlaim, is gá dom ceistiú bhfuil fírinne leis. Rinne mé cúpla lagiarracht script is focail na Sínise a fhoghlaim agus táim cinnte go ndéanfaidh mé arís. Tá a luach féin ag gach teanga, agus luach le gníomh féin na foghlamtha, ach measaim gur ‘tuairim chliste an lae’ atá ann a bheith i bhfách le Sínis a bheith mar chroíchuid den scolaíocht in Éirinn. Baineann cuid de sin le drochmheas ar ár gcultúr dúchais.
Tá gealladh abhalmhór faoin mBéarla mar theanga shóisialta roghnaithe na n-Eorpach tríd is tríd, is ní chreidim go mbeidh cur ina aghaidh sin is ollchultúr Mheiriceá ó thaobh na teanga ar deireadh thiar. Is dócha go mbeadh buntáiste bheag ann ó thaobh an ghnó de, ach arbh fhiú an tairbhe an trioblóid? Ba chóir breathnú ar mbealach go dteipeann orainn teangacha a shealbhú roimhe sin.
Mar fhocal scoir, is dóigh liom gur chóir go mbeadh an tSínis ar fáil mar ábhar ardteiste roghnach, is ba bhreá liom féin tuilleadh a fhoghlaim ná an cúpla focal atá agam, ach ní dóigh liom go bhfuil bunús ciallmhar le hí a fhoghlaim go héigeantach mar bhuntáiste gnó. Rud eile de, ní mé an iarracht eile fós baint ó stádas phríomhtheanga oifigiúil na tíre sa chóras oideachais.

Faosbook.com scéal grá… (dráma)


TÚS
Tá cineál uasteilgeoir ag teastáil  le scáileán bán ar chúl 2 mhéadar faoi 2 mhéadar. Tá ceithre bhord agus ceithre chathaoir ag teastáil ar an stáitse. Nuachtain, ríomhairí glúine agus ipods, teastaíonn 4 shoilse ar na príomhcharachtair le cineal dath beagan gorm, (ar nós scáileán gorm/bán facebook os comhair na ndaoine? ) tá córas fuaime ag teastail le roinnt fuaimeanna facebook a chur ar siúl.
Tá an drama seo suite i leabharlann nó seomraí aonracha na gcarachtar.
Fógra ar an mballa – ‘Leabharlann’  Ciúnas.
Nuair nach bfuil aon charactar ag caint is féidir leo páipéar nuachta a léamh, breathnú timpeall ar an áit, ‘’obair’ a dhéanamh ar an ríomhaire nó cuma míshásta mar gheall ar leadrán na hoibre a chur orthu féin. Tá de cheart ag na cailíní bheith ag pleidhcíocht lena gcuid gruaige is a bheith ag feabhsú smideadh ó am go céile.
Tá beirt ag suí ar stáitse ar dheis agus ar chlé agus solas buí orthu is solas cearnógach níos goirme ag sileadh orthu, tá bord os a gcomhar agus méárchlár air. Tá bord os comhair gach duine.
Sa chúlra sa lár tá íomhá á dteilgeadh in airde ar scáileán.
Gnáth mhac léinn COBÁC (UCD) é Daithí, is docha gur freastail sé ar scoil phríobháideach éigin gearr go leor don choláiste. Mac léinn gnó/tráchtala é a bhfuil an-suim aige i ndul amach, cailíní agus buamaí jager.
Cailín í Sorcha atá ag iarraidh tabhairt le fios gur cheann de na cailíní sin a  d’fhreastail ar scoil phríobháideach BHÁC Theas agus ta an chuma sin uirthi, ach i bhfírinne is as Scoil Phoiblí í ach ta ag éirí go maith lena chairde nua sa chúrsa gnó.
Seán- cara le Daithí, cosúil leis,ceann de an leads.
Ciara – bimbo ceart, an rud a theastaíonn ó Sorcha bheith.

Ba chóir leathanaigh Facebook a bheith déanta do Dhaithí Ó Caithnia agus do Shorcha Ní Mhaonaigh, le roinnt ráiteas ar fáil ann agus pic próifíle den bheirt. Beidh a bpróilfíl féin in airde, ceann dhaithí is é ag caint le Seán agus ceann Shorcah agus í ag caint le ciara. Ceann Dhaithí a bheidh ann agus an chaint idir é féin agus Sorcha ag dul ar aghaidh. Tiocfaidh an cheád chúpla ráiteas de chuid beirte in aon chomhra in airde go mór agus ansin aithreoidh se isteach is gcló níos lú. Beidh roinnt rudaí greannm,ahra déanta mór agus soiléir ☺ agus a leithéid)


Radharc a haon
Daithí: (ag teacht isteach le mála do ríomhaire glúine thar a ghualainn) – an chuid oibre le déanamh agam, rachaidh me ar Faosbook ar feadh soic.
Bíp: Tá iarratas cara nua agat. (glór/ thuas ar an scáileán ar chúl)
Daithí: (Ag caint leis féin is ag curi in iúl g bhfuil se ag breathnú ar ghrianghraif agus rudaí eágsúla ar an riomhaire)
Ó cara nua, hmm, níl aithne agam uirthi sin, bhfuil sa rang liom, ní dóigh liom, gaeltacht, coláiste Fraincise?, duine ar bhuail mé leo ar an J1? Ó an cailín sin a scóráil mé in Aya Nappa? Na bhí sise cineál wrecked. déanfaidh mé roinnt fiosrúchán uirthi, mm tá sí te go leor (pictiúir di ag teacht in airde) hmm ya is maith í sin.
Aon scéal?
Sorcha: Hé! Conas atá ag éirí leis an aiste sin? Prionsabail an Airgeadais
Daithí: (leis féin) ÓÓ SORCHA ón rang, hmm tá sí níos teo agus í amuigh lena cairde féin ceapaim!
Daithí: (le Sorcha) Ó sin, bhuel níor thosaigh me air fós dáiríre, thart ar 200 focal déanta agam, táim chun all-nighter a dhéanamh anocht, nó éirí luath is a é a chríochnú ansin
Sorcha: Ya, táim díreach ag tosú air anois, ta sé chommmmmh focan amaideach mar theideal, is fuath liom an léachtóir an t-Ollamh. Feeney, bitseach.
Daithí: Ya laidhc cathain a bhfuilmid chun rud éigin ar nós ‘Tábhacht na Margaí sa Chomthéacs NuaChaipitleachach’ a úsáid? Focan Amadach dáiríre
Sorcha: (ag cur guth an leáchtóra uirthi anseo) ‘Éinne nach mbeidh an aiste déanta acu roimh an 3ú lá déag de Iúil, beidh laghdú 10 ar an marc iomlán, fiú má bhíonn sé 5 shoicind déanach.’
Daithí: Bitseach, tá an ceart agat, agus tá an Oíche Busineass Men and Sexy Secretaries ann ar an 2 lá, caithfidmid é a dhéanamh laidhc anois?
Sorcha: Tú ag dul?
Daithí: ya, is dócha, táim chomh mór sin faoi strus faoi láthair, an aiste, agus an…bhuel an aiste, agus níl aooooon rud déanta agam, táim focáilte.
Sorcha: Mise fresin, ní dhearna mé aon rud fós, agus níor fhreastal mé ar an rang teagaisc fiú
Daithí: ya mise freisn, bhí mé sa Spáinn is ní raibh deis agam, Tá teach again sa Spáinn, agus níor fhreastal mé ar mórán de na leachtaí fiú! Amadán!
Sorcha: ya mise ach oiread, ní raibh a fhios agam cá raibh an rang go dtí inné! Like hello!
Daithí: ya bhuel ní dheacaigh mé go dtí an rang riamh agus níl na nótaí agam in aon chor… (cineál trodach)
Sorcha: em, bhuel tá siad ar fad ar shuíomh idirlín an Choláiste
Daithí: ó ya ach like ní bhfuair mé an suíomh sin fós.
Sorcha:  Em ceapaim go bhfuil sé ag gach éinne Daithí! Sin an tslí a n-oibríonn an t-idirlíon!
Daithí; Ó ya, cinnte, ach laidhc ní dhearna mé aon rud fós. Pé scéal tú ag dul amach an oiche sin?
Sorcha: Na, ní dóigh liom é, caithfidh mé dul le cuairt a thabhairt ar m’aintín i gCorcaigh. Ach beidh mé ar ais don oíche i ndiaidh an scrúdaithe mcq sin, is beimid ag dul amach áit éigín, Coppers nó rud éigin is dócha!
Daithí: Ya ba chóir go mbeadh sin ceart go leor, cé go bhfuil an áit líonta le muintir na tuaithe!
Sorcha: Agus go bhfuil sé salach, agus róphlódaithe i gcónaí agus cineál caccheol in áit popcheoil a sheineann siad!
Daithí: agus… beidh tú fós ag dul!
Sorcha: in éadan mo thola
Daithí: Sin a deir siad ar fad!  Abso trek go Corcaigh, dála an scéil, is fuath liom an tuaisceart!
Sorcha: Tusa ag rá liom!, ach mé bheith filllte don Oíche tar éis na Scrúduithe i gCoppers!
Daithí: cúilió slán, caithifhd mé tosú ar an rud seo, an oiread sin ama caite agam ar Faosbook foc mo shaol!
Sorcha: ha, beidh mé ag caint leat go luath pé scéal!
(radharc a dó)
(Beirt ar an dá thaobh den stáitse arís, beirt chailín, iad cineal breág-ghalánta, canúintí D4 orthu(cé go dtiteann seo de Shorcha uaireanta), cáiridiúil lena chéile cé go bhfuil a gcuid cainte rud beag maslach in áiteanna. ‘Dlúthchairde’ iad dar leo féin, cé nár bhuail siad lena cheil ach tamall ó shin ar an ollscoil)
Sorcha: Hí ☺!
Ciara: SÓÓÓóó bhfuil chun tú é a phógadh anocht?
Sorcah: Cé?
Ciara: Tuigeann tú cé?! Ní gá bheith mar sin liom, nár chaith tú thart ar uair a chloig a rá liom an uair dheirneach go rabhmar i gCoppers gur thaitin sé leat, laidhc an –chuid!
Sorcah: ó ya, eisean, is cuimhin liom anois!
Ciara: Só, bhfuil tú chun é a phógadh?
Sorcha: mmm b’fhéidir…
Ciara: Agus b’fhéidir níos mó??????
Sorcha: Ná bí dána! Tá grúpa mór ag dul amach is roinnt mhaith de na leads, ba chóir go mbeadh sé ann…
Ciara: Nár theacstáil tú é?
Sorcha: Nó, ní raibh mé ag iarraidh cuma róthruamhéilach a chur orm féin, mar a bhí tú fein le Fiachra, ó a Fhiacra is grá liom tú, tá tú chomh mór agus chomh dathúil agus chomh cliste sin, etc, etc, etc, feadh cúpla seachtainí agus ansin náirigh sé thú.
Ciara: Go ra’ míle! Bhuel le bheith féarailte faoi bhí sin cineál amaideach uaim, ach fuair mé sa deireadh é!
Sorcha: ya agus seachtain ina dhiaidh luí sé le ‘lucy na gcíoch mór’ ó ecconomics and finance.
Ciara: Cgl ….. ar AON nós, ‘bhfuil tú tar éis caint leis fós?
Sorcah: b’fhéidir go bhfuil, b’fhéidir go wont.
Ciara: Ó, cén dochar téacs?, nó fiú Faosbook nó rud éigin?
Sorcha: Feicfidh mé, má tá sé ar líne b’fhéidir…
Ciara: ÓÓO seo an-deas, tá fhios agat go bhfuil roinnt daoine ag caint faoi.
Sorcah: Níl, Bhfuil?
Ciara: Na Mounties ar fad, bhíodar ag rá go raibh sé ag tarlú luath nó mall
Sorcha: Bhuel ní bheadh fhios acu sin, bitches
Ciara: Is dócha go mbeadh fhios ag Caoimhe nó CEEEVA Murphy faoi, iarchailín cara le Daithí!
Sorcha: Ní bheadh, tá siad sin thart le fada, is cuma fúithi, is ní maith liom an tón atá agat anocht! Céard tá tú chun caitheamh anocht?
Ciara: Mmm níl a fhios agam seans go bhfaighfidh mé gúna ar an mbealach abhaile nó rud éigin, rud éigin cheapo ó BT2. Tusa?
Sorcha: mbeadh sé cgl laidhc, an gúna nua a fuair mé ó Forever21a chaitheamh?
Ciara: Is DÓCHA ach tá Forever21 ag gach duine a Shorcha, fiú povo’s agus gach rud, bhuel pé rud ná caith an barr juicy couture sin a chaith tú an uair dheiridh, bhí sin cineál aisteach laidhc? Agus chó anuraidh!
Sorcha: ha, ar a laghad ní raibh orm MiniCooper nua a cheannach mar nach raibh an seancheann bándearg in oiriúint do mo chuid bróga.
Ciara: Éist do bhéilín, níor tharla sin ach uair amháin, agus bhí bándearg iomlán as faisean ag an bpointe sin. Laidhc BHÍ orm ceann dubh a fháil, sin an-chliste agus ciallmhar uaim, ní bheidh orm an oiread sin airgid a chaitheamh ar éadaí anois, téann dubh le gach rud.
Sorcha: agus muid ag caint ar dhubh bhfuil tú chun dath bréige a chur ort féin anocht?
Ciara: Em níl a fhios agam, má tá an t-am agam… Is trua nach bhfuilimd dorcha cosúil le daoine ón Afraic. Tá an saol chomh mífeáráilte orainn uaireanta, bíonn orainn an oiread sin Sally Hansen®(Fíor) a chaitheamh.
Sorcha: Tú ag réiteach sa bhaile nó ag dul áit éigin?
Ciara: Réiteoidh mé anseo nó….?
Sorcha: d’fhéadfá teacht chuig m’árasán?
Ciara: agus an seanshitty GHD sin atá agat a úsáid ionas go mbeidh cuma lofa orm (caitheann sí a cuid gruaige ina coir thuathail lena lámha) is go bhfaighfidh tú na buachaillí ar fad?
Sorcha: CGL bitch tóg do cheann féin, ar a laghad i mo theach ní bheidh mo thuistí ag teacht isteach gach trí nóiméad- ‘ó sin an-chuid Vodka Sorcha, nach bhfuil tuilleadh 7up uait?’
Ciara: Geobhaidh mé síob ann thart ar, 8.30?
Sorcah: Cúl, sláns! Xx Caithfidh mé mo chuid gruaige a scrios le mo shean-ghd!
Ciara: Aon rud uait ón offo?
Sorcha: Naigín le do thoil, an rud is saoire, ach ná faigh an cacamas sin Huzzar!
Ciara: Cúl, feicfí mé thú thart ar 8.30 túdalú!  xx

Radharc 3
(beirt bhuachaillí ar an stáitse anois)
(fuaim go bhfuil comhrá ag tosú)
Seán: Yó, tú ag dul amach anocht?
Daithí: béids, braitheann sé má tá a ndóthain airgid agam is dócha, ya, foc it, tá, rachaidh mé! Cá bhfuil sibh ag dul? Coppers?
Seán: Ar ndóigh!
Daithí: Focan hell, is fuath liom an áit sin, táim cinnte go leor go bhfuil sé cineál dainséarach dul ann ó thaobh sláinte, cum ar na ballaí agus mar sin de! Agus an focan ceol, agus na muicéirí de chailíní sin as Baile an Mhóta, Baile an Chaisleáin, Baile na Focan mBó, “éist a stór, is cuma sa bhfoc liom cad as duit, bhfuil tú chun mé a scóráil no nach bhfuil?” (fógraí bóthair ó na háiteanna seo ag teacht in aired ar chúl)
Seán: Só ní maith leat an áit mar sin?
Daithí: Em Nó, ní maith é!
Seán: ach beidh gach éinne ann, bíonn an-chraic leis an gceol cé go bhfuil sé cineál ainnis ó am go chéile, focan ‘cailín na Gaillimhe agus shite mar sin’ is bíonn an áit plódaithe le cailíní deasa a bhfuil an formhór acu sásta luí leat nó ar a laghad lámh chúnta a thabhairt duit sa tacsaí nó rud éigin. (Déanann gluaiseacht gháirsiúil lena lámh)
Daithí: Mmmm nach iad atá galánta ar fad, sa tacsaí classy birds!
Seán: agus fiú mura scóráileann tú, agus bímis macánta faoi, níl sin chun tarlú, fiú ansin is féidir leat leath de na cailíní san áit a mhothú sa dorchadas te fliuch sin thíos staighre!?
Daithí: hmm, bíonn an áit sin i bhfad róphlódaithe i gcónaí, dáiríre, pé scéal is dócha go mbeidh orm géilleadh, cén t-am a bhfuil sibh ag dul isteach? Réamh-ól aon áit?
Seán: Táimid ag dul go hárasán Doyler, ach caithfimid sin a fhágáil roimh 10.30 nó beidh na comharsana ar mire, só beimid ag dul isteach ar an 46a thart ar 10.30, ah nó is dócha gur 11 a bheidh ann ar a luaithe!
Daithí: Ní bheadh fonn ort bheith i gCoppers go luath pé scéal!
Seán: Ó nó, caithfidh roinnt alcóil a bheith ar bord agat roimhe sin cinnte! Agus caithfidh tú seans a thabhairt dos na cailíní gránna ramhra chomh maith, tá siadsan i dteideal scóráil chomh maith le héinne eile! Bíonn roinnt trealamh ag teastáil uait le láimhseáil a dhéanamh orthu áfach!
Daithí: Beer goggles ab ea?
Seán: Gáire os ard! Nó, lámhainní plaisteacha, mar a bheadh tréidlia ann, má thuigeann tú leat mé! (Déanann gluaiseacht gháirsiúil eile lena dhá láimh)
Daithí: Ha, togh déanfaidh mé iarracht dul go Doylers ach is dócha go mbeidh mé cineál déanach… mar tá saol agam, thart ar 10.30 nó níos déanaí, seol téacs chugam má ta sibh chun fágáil níos luaithe ná sin éh?
Seán: Cinnte, ó agus chuala mé rud éigin fút féin agus faoi Shorcha!
Daithí: Bhuel céard is féidir liom rá? Tá an-tóir orm!
Seán: Laoch! slánsssss

Radharc 4
(Pictiúir de bheith amuigh ag cóisir nó coppers/club oíche éigin (fíorphictiúir den chliar ag teastáil,) Daithí agus Sorcha-gearr go leor, grúpa mór go leor, doechanna in airde, níos gaire, an-ólta, an-an-ólta, Daithí ag caitheamh aníos, is pógadh arís, pógadh agus titim isteach i dtacsaí.) (ceol sa chúlra- ‘Cailín na Gaillimhe’ le Mundy)(soilse síos ag an bpointe seo)

Daithí: Tinneas póite - mo chloigeann- uggggghhh, Níor éirigh mé go dtí 2 a chlog inniu, chaith mé leathuair ag fanacht ar an mbus agus ansin nuair a shroich mé an Coláiste bhí an léacht dheirneach caillte agam, sin gach léacht a bhí agam inniu caillte. Ó agus ta aiste 3,000 focal le déanamh agam don Aoine. Foc mo shaol.(FML!)
(tagann pictiúir aníos arís, le rudaí fúthu an uair seo)

Daithí: Ó grianghraif ó aréir, ha féach orm, chomh hólta, ó sí sin cineál deas, (agus an bheirt acu ag dul isteach sa tacsaí) ó iontach níor chuimhin liom sin! ( ag caochadh súl leis an lucht féachana.)
(Bíonn Daithí ag breathnú ar chuid de na grianghraif. Ráiteas greannmhar faoi na griangraif, Daithí Ó Caithnia –nó -Daithí O Caith aníos! Faoin gceann a  bhfuil sé ag caitheamh aníos ann. Ansin ar Bhalla Facebook Daithí, tagannn cuirí in airde i mblurbaí móra ar an scáileán.)

Balla Dhaithí: Thug Paul cuireadh duit chuig an ngrupa 'Sábháil na Míolta Mara', 'Vegetarians are Healthier' agus 'Stop Míúsáid Bharbartha ar Ainmithe'

Daithí: An bhfuil siad ag tógail an focan piss?

Balla Dhaithí: Fuair tú cuireadh ó Jane bheith páirteach sa ghrúpa ‘Is maith liom cait atá gléasta go gleoite!’
http://www.catsinclothes.com/hello-kitty-cat-clothing-01.jpg


Balla Dhaithí:  Fuair tú cuireadh ón ngrúpa 'Oícheanta Ólta Ollscoile!' Dul amach go RíRá. DEOCHANNA €3  go dtí 11(piontaí). Jager bombs TRÍ cinn i gcóir €10! Bígí ann go luath le seaimpéin a fháil ag an doras! Cuir téacs go Johno ag 086 1768 876.

Daithí: Foc ya!

Radharc 5
(Dhá mhí níos déanaí- taispeáintear dátaí nó tagann rud ó Faosbook in airde ag rá- Dhá Mhí Níos Déanaí)
Daithí: Tinneas póite arís- Mo chloigeann- uggggghhh, foc mise, níl a fhios agam cé mhéad pionta a d’ól  mé aréir, ach déarfainn gur 12 nó 13 a bhí ann, nó laidhc fiche, sea 20 ar a laghad agus 5 jagerbhuama, agus cúpla shot-anna eile, agus chaith mé thart ar €200! Ha bheinn ag ‘Gáire Os Ard’ ach táim ró-scriosta fós!
(Tosaíonn Sorcha ag caint leis)
Sorcha: Aon scéal…? X   (go faiteach, corrabhuaiseach, is bíonn tost)            Bhuel bhí mé ag iarraidh rud éigin a ra leat.
Daithí: Ya, agus? (mífhoighneach) Táim cineál scriosta anseo! (ag cur lámh chun a éadain)
Daithí: Céard é?
Tá Sorcha as-líne
Ta Sorcha ar-líne
Sorcha: An gcuimhin leat an oíche amuigh sin i gCoopers?
Daithí: ya! (i mbealach drúisiúil)
Sorcha: agus gur fhágamar le chéile sa tacsaí
Daithí: Is cuimhin liom, an-oíche! (cineál ag caochadh súil a gag cliceáil a mhéire)
Sorcha: Bhuel, ceapaim, go bhfuilim torrach b’fhéidir
Daithí: Nó, níl, bhfuil? Conas?
Sorcha: Bhí mé ag mothú cineál tinn le déanaí agus cineál aisteach agus ansin níor tháinig , mothaíonn sé aisteach seo a rá anseo…
Daithí: What do period? An ea?
Sorcha: Ya b’shin a bhí i gceist agam ach b’fhearr liom labhairt leat ar an bhfón fiú nó bualadh leat b’fheidir?
Daithí: Just abair liom, tá tú torrach nach bhfuil?
Sorcha: bhuel ceapaim go bhfuil.
Daithí:  Iontach, focan iontach.
Sorcah: Ní hé go bhfuilim féin an-sásta leis,
Daithí: Ó foc (I nglór ard)
Sorcha: Ná bí buartha tá mo thuistí an-chabhrach agus tá siad ag tabhairt an-tacaíocht dom.
(Athraíonn Daithí le labhairt le Seán-comhrá idir Daithí agus a chara Seán )
Daithí: Em, a Sheáin, táim focáilte.
Seán: Céard, ró-scriosta ón oíche aréir??
Daithí: nó tá sé níos dáírire ná sin..
Seán: Tá tú homóghnéasach nach bhfuil! Ha bhí a fhios agam!
Daithí: no, tá Sorcha torrach!
Seán: foc as!
Daithí: dáirire, níl a fhios agam, bhí me scrisota ólta an oíche sin, roinnt seachtainí ó shin, ní chuimhin liom mórán, phóg me í, wow, agus caithfidh gur luíomar lena chéile, mar ceapaim go bhfuair mé tacsaí ar ais léi, ach ní chuimhin liom é, ach deir sí go bhfuil sí torrach.
Seán: Ní chreidim seo.
Daithí: Go bhfuil sí torrach? Ta sí, tá sí díreach tar éis a rá liom ar chomhrá Faosbook!
Seán: nó, ní shin, ní chreidim gur luí cailin leat! Agus tú i do bhastard GRÁNNA mar atá!
Daithí: Nílim ag gáire, seo dáiríre, seo mo shaol, maróidh mo thuistí mé, ciceálfidh siad as an teach mé, ní bheidh post agam agus ansin beidh mé dífhosaithe gan dídean agus is dócha tógtha le drugaí tapa go leor. ☹ aghaidh mhíshásta. (ceann ag teacht suas ar an gcúlra chomh maith)
Seán: Sin beagáinín iomarcach! Féach, bhfuil tú cinnte go bhfuil sí torrach, le cé chomh fada?
Daithí: Táim cinnte, le cúpla seachtain dúirt sí, ó gur chaill sí… (Cuma thar a bheith míchompordach amscaí air a aghaidh)  Bhuel táim focáilte anois, ní bheidh aon chailín ag iarraidh bheith liom aois. Daithí an t-athair, ní bheidh mé in ann dul amach a thuilleadh, nó ól, nó aon rud.
Seán: Ah a Dhaithí na bí chomh gruama sin, beidh gach rud togh, díreach abair le do thuistí, labhair leo faoi is tiocfaidh sibh ar réiteach. (whe, whe whe! Ag caochadh súil leis an lucht féachana!)
Daithí: Cgl, ach nílim chun caint leo, ní fhéadfainn caint leo, samhlaigh sin, ó agus a Dhaid, luí me le cailín randamach éigin agus anois tá sí torrach- ní bheadh fonn rómhaith air ina dhiaidh sin. Ní fhéadfainn seo a rá leis, nó, téacs nó rud éigin ach nílim chun labhairt leo.
Séan: Ach go háirithe dá mbeadh a fhios aige gur ó thuaisceart na cathrach í, an scaibhtéar!
Daithí: Foc as tá sí deas, bhuel bhí, sula raibh sí torrach, dheuch! Classic taobh-tuaisceartach éirí torrach! CGL táim ag scríobh ríomhphoist chuig m’athair faoi, rud éigin tapa leis an bpian a mhaolú orm, seo chomh náireach…             Cgl caithfidh mé dul feadh soic.
(ar ais chun cainte le Sorcha)
Daithí: Sorcha, haighe, só TÁ tú cinnte go bhfuil tú torrach.
Sorcha: Bheul sin a deir na tástálacha ar fad, agus an dochtúir, ach seans gur mhaith leat féin mé a chur faoi scrúdú? (Míshásta)
Daithí: nach bhfuil tú buartha faoi seo?
Sorcha: Níl mar tuigim go bpósfaidh tú mé agus go gcónóimid le chéile go deo na ndeor, ar thaobh tuaisceart na cathrach.
Daithí: Foc sin! Torrach rud amháin, is measa an cónaí le chéile, is ar éigean aithne agam ort fiú, ach cónaí ar an taobh sin den chathair- nó ní féidir liom é a dhéanamh.
Sorcha: Ach a Dhaithí na bí mar bhastard gránna-  gáire os ard- lolzers- frape!!!!
(éiríonn a glór níos ísle is níos ísle i dtreo dheireadh na habairte- ní deir sí ‘bhastard granna-  gáire os ard- lolzers- frape!!!!’)
Ag an am céanna tosaíonn Seán ag caint agus ardaíonn se go dtí go ndeir sé frape an-soiléir agus ard ag an deireadh.
Seán: Ach a Dhaithí na bí mar bhastard gránna-  gáire os ard- lolzers- frape!!!!
(agus solas suas air, bhí sé íseal air cheana)
Daithí: Foc thusa, cé atá ansin?????
Sorcha: S…..
Sorcha……e
Sorcha:    á
Sorcha: N!
Daithí: Ca bhfuil tú a bhitsín, taim chun tu a mharú, sheol mé ríomhphost chuig m’athair, cheap me go mbeadh orm cónaí ar an taobh eile den chathair!, Is FUTAH LIOM TÚ A FHOCAIERÍN!!!! TÁIM chun tú a mharÚ! Cá bhfuil tú?
Seán: Em, áit eigin thart faoin gColáiste, áit a raibh Sorcha níos luaithe, agus ar d’fhág sí a cuntas Faosbook ar oscailt! Haha, táim chun fanacht amach uait ar feadh tamaill!
Daithí: Focaeir, caithfidh mé cuntas ríomphoist m’athair a fháil….is go tapa! Táim chun tú a bhlocáil!
(Glór ón athair (athartha) ó chúl an ardáin: )
Athair: A Dhaithí, céard sa diabhal atá i gceist agat leis an ríomphost seo a sheol tú chugam…
(Ritheann Daithí on stáitse chuige.
Tagann Sorcha ar ais ar an ríomhaire agus feiceann gur blocáileadh í. Tagann bosca Faosbook in aired ag rá ‘A Shorcha, bhlocáil Daithí Ó Caithnia tú. Ní cairde sibh a thuilleadh’)
Sorcha: OMD céard, bhlocáil sé mé??? Bhlocáil sé mé??? Wanker- nílim chun caint leis siúd riamh arís, Daithí Ó Caithnia – nó Daithí Ó Caith-aníos (go magúil) ní raibh sé chomh dathúil sin fiú agus bhí sé go hainnis ag pógadh fiú, ar nós cebeab a scóráil in Abra tar éis na scrúduithe.
Ní CHREIDFIDH tú seo, tá Daithí Ó Caithnia tar éis mé a bhlocáil! Bastard.
Ciara : Ó Mo Dhia seo uafásach, sin chóóómmmmhhh náireach, táim chun…
Sorcha: Díreach, ná habair le héinne fós faoi...
Ciara: Ar ndóigh, ná bac leis sin pé scéal, ta tú i bhfad níos fear ná sin! Rachaimid amach anocht?
Sorcha: Ó go raibh míle a Chiara, is cara iontach thú, bhí a fhios agam go bhféadfainn braith ort, tá tú chomh maith dom!
Ciara: Is féidir leat braith orm a ghrá, ná bí buartha, táimse anseo duit! (Cineál ag gáire di féin agus cineál ag scríobh ar an ríomhaire cineal ag míniú a bhfuil ar bun aici ) Hm, déanfaidh mé seo agus seo, agus feicfimid, beidh cara nua agam ar ball beag. (meangadh gáire uirthi agus ar ais go Sorcha)
Só, cá bhfuilimid chun dul!?
(Cloistear Daithí ag caint leis an athair )
Daithí: ha, sea, sin é, jóc maith, sin é cinnte, nach mise an fear greannmhar!
Athair: Ah nó le bheith fíreannach chuir sé an-iontas orm mar dáiríre cheapas go raibh tú aerach, agus? (go ceisteach)
Daithi: NíL!!!! AGGHHH!
Athair: Nach bhfuil? Bhuel cén fáth go ngléasann tú féin mar sin i gcónaí?
Daithí: NÍL!
Athair: Ceart go leor, táim díreach ag iarraidh rá go bhfuilim ar fáil duit más mian leat rud éigin a rá liom? Agus eh?
Daithí:Ugh!
(fillean Daithí ar an ríomhaire)
Bíp: Tá iarratas cara nua agat.
Daithí: Ó féach uirthi seo –, dul isteach sna grianghraif, cineál te! Níl aithne agam uirthi sin, cara le Gary ar bhuail me léi ag an gcóisir sin?  Nó, ní hí, cé hí, Ciara Ní ón rang (cara Shorcha)? … hmm
An gcuirfí me le liosta mo chairde í?... (is féachann cineál in airde agus uaidh is brúann cnaipe ar an ríomhaire os a chomhair )
– ‘Nah!’
(Solas ag díriú díreach ar Dhaithí anois, is múchann ar Sharah)
CRÍOCH.