Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Sunday, 16 October 2022

Léirmheas drámaíochta: BROS Romeo Castellucci

BROS Romeo Castellucci

@OReillyTheatre

Bros - Temporada Alta
Drámaíocht apacailipteach a ionsaíonn na céadfaí/cloigeann. D'fhág go leor daoine an seó. Bhí sé fíordheacair fanacht san amharclann. Brúidiúlacht fhuilteach fhearúil phóilíneach ó thús deireadh agus gleo cluastolltach. Fíor-mhíthaitneamhach.

Is dócha gurbh é an sprioc cur as don slua. D'éirigh leo sa mhéid sin. Tinneas cinn orm fós ag cuimhneamh air. Ní raibh stad leis an ngleo damanta. Dord míofar bodhraitheach, squibeanna/gunnaí ag pléascadh de shíor. Dochreidte dian mar eispéireas don lucht féachana.

Go mion minic an pointe a theastaigh uathu a dhéanamh deineadh é agus ansin leanadh den phaidir chapaill (a lascadh) ar feadh 5 nóiméad eile. Bhí fonn sách mór orm fágáil. Ní raibh aon scéal ann. An fhógraíocht luaigh sé rud a thabharfadh turgnamh príosúin Stanford chun cuimhne.

Ach is mó de thurgnamh a bhí ann cad is gá a imirt ar lucht féachana le go bhfágfaidh siad seomra amharclainne. Na pointí tábhachtacha atá le déanamh maidir le fearúlacht, póilíneacht, faisisteachas cailleadh iad i dtaibhléiriú taibhseach as íochtar ifrinn. Dráma uafásach/uafáis.

An raibh maitheas éigin ann? Mar spectacle b'fhéidir, mar thurgnamh, ach tá míle is céad rud gurbh fhearr liom mo chuid ama ar an gcruinne seo (teoranta mar atá sé) a chaitheamh air ná ar a leithéid seo.

 (Ag léamh thuairimí daoine eile dom feictear dom go mb'fhéidir gur daoine a bhí suite in aice thosach an ardáin is mó a d'fhág. Gach seans go raibh an fhuaim agus an torann níos pianmhaire ann).

Alt faoi san Irish Times anseo. Dá mbeadh sé léite agam roimh réidh b'fhéidir go ndéarfainn liom féin 'Dhera ní dócha go mbeidh sé chomh dona sin' Ach bhí. Agus i bhfad níos measa.  https://www.irishtimes.com/culture/stage/2022/09/29/i-discover-myself-thinking-that-maybe-an-idea-is-too-much-then-i-decide-no-its-not/

 



Clóscríbhneoir: Tobdhánta clóscríobháin


Cad a thabharfá ar dhánta ar an bpointe boise? Tobdhánta? Cad faoi...

  • Meardhánta meargánta
  • Guerrfhilíocht ghasta
  • Filíocht fad a fhanair

Bhain mé triail as a leithéid a dhéanamh ag an micreafhéile Aon Scéal? i mBaile an Sceilig. Chum mé dánta in áit na mbonn ag freagairt d’iarratais ón bpobal. Thug daoine focal nó dhó mar spreagadh dom agus thosaigh mé ag bualadh liom ar sheanchlóscríobhán. Chabhraigh teorainneacha an chórais (agus an taibhléirithe ar fad - bhíos i seomra callánach broidiúil) chabhraigh siad liom glacadh leis na botúin chló agus le srianta éagsúla an chlóscríobháin mar bhealach chun cur le próiseas na cruthaitheachta.

Is dócha go mbainfidh mé triail as arís amach anseo ach go gcuirfidh mé srian leis an líon dánta a scríobhfaidh mé. Bhí cuid de na daoine ag tógáil an piss leis na moltaí - scríobhas dán amháin ar carbon monoxide alarm mar shampla. Bhí mé sásta triail a bhaint as mar gurbh é an chéad uair agam é, ach ní dhéanfainn a leithéid arís! Seans gurbh fhearr tabhartas do charthanacht a iarraidh ó éinne a dteastaíonn dán uathu. Bhronn mé na dánta, a clódh ar pháipéar galánta móide greamáin dheasa, ar na daoine a bhí tar éis na focail inspioráide a thabhairt dom ag tosach na hócáide.

An chéad dán a scríobh mé bhí sé togha, ach is in olcas a chuaigh siad ina dhiaidh sin! Obair mhór mhaslach a bhí ann le fírinne a d'fhág pian sa chloigeann agus trálach sa lámh, ina dhiaidh sin píosa spraoi a bhí ann agus cruthaíodh roinnt dánta spéisiúla.

Seo thíos torthaí na hiarrachta. B'fhéidir go mbeidh ort zúmáil isteach. 'Bándearg' an chéad fhocal a tugadh dom. Feicfear nach féidir dearmaid ná botúin a ghlanadh i gcónaí - ní mór fuineadh de réir an chlóscríobháin!

 










 

Monday, 25 July 2022

An tSraith Mharbh a d'Fhill!


 Fáilte ar ais a Réics!

Tá éacht déanta ag Róisín Adams leabhair Chathail Uí Shandair agus an t-údar féin a chur i mbéal an phobail arís. Scríobh Ó Sándair breis agus 100 leabhar atá líonta go barra le bleachtairí, spástaisteal agus eachtraíocht gan stad. Tá dhá cheann de shraith Réics Carló athfhosilithe ag an nGúm. Tá an cló nua breá seolta inléite agus táim ag baint an-sult go deo as beocht na scéalaíochta. Tá súil agam go leanfar de na saothair is fearr sa tsraith a athfhoilsiú ós rud é gur deacair go maith teacht ar chóipeanna de na sárscéalta seo. Tá an chéad sceal thar a bheith eachtrúil agus taitneamhach. An dara ceann á léamh liom anois. 

Roinnt focal nua d'fhoghlaim /a d'athfhoghlaim mé ó na leabhair: urlios, bréid, rabhlaer.

Tá nathanna áirithe iontu nach bhfeicfí i leabhair an lae inniu dar liom. Leagan Gaeilge den nath "to not let the grass grow under your feet"/. Lomaistriúchán atá ann agus tá cúpla rud eile mar é ann. Is léir freisin nach Gaeilgeoir ó dhúchas a scríobh.

Is féidir breathnú ar mo Leabhar-mheas anseo:


 

 

 

                                                                                   

Wednesday, 23 March 2022

Sliocht as Tinte na Farraige Duibhe á léamh ag an aistritheoir

Seo sliocht as Tinte na Farraige Duibhe á léamh agamsa. Tá an leabhar féin ar fáil ó Leabhar Breac Ceannaigh an leabhar!

Taifeadadh é seo mar chuid den tsraith Teachtaireachtaí ar @raidionalife

Ba bhreá liom leagan closleabhair a chur amach uair éigin (ach sílim go bhfuil cleachtadh de dhíth orm!) An chaibidil á léamh agam

Seod é an clár ar a bhfuil Tinte, ó 7.15 nó mar sin ar aghaidh. Éist anseo: leis an gClár Teachtaireachtaí (Téama 'Oíche')

 Gach ceart ar cosaint. Seo an sliocht ón gcéad Chaibidil:

 


 

“Tá sé sin craiceáilte. Níl seans ar bith go n-éireoidh leis.” Phrioc Sál an tine le maide. D’fhéach sé na spréacha ag éirí san aer i dtreo an phláinéid dheirg a líon an spéir os a gcionn.
“Fan go gcloisfidh tú an scéal ar fad,” arsa Ríosa. “Lean ort, a Shabhair.”
Bhain Sabhair gal as a thoitín. Leis an lámh eile, chaith sé cloch chruinn in airde san imtharraingt lag, agus ghlac de phlab ina bhois í. Bhí an triúr acu suite i gciorcal timpeall ar thine bheag: Sál, Ríosa agus Sabhair, é ina chlapsholas ar Roghail, an ghealach bheag ba bhaile dóibh. Go hard, bhí an pláinéad dearg, Na Hasta, ag breathnú anuas ar an triúr mar a bheadh súil mhór spéire ann.
Lig Sabhair sruth deataigh as a bhéal. Ghlac sé anáil eile, rinne casacht bheag agus thosaigh arís, “Tá sé an-simplí. Fuair mé scéala. Beidh an obair sa mhianach ag teacht chun deiridh an tseachtain seo agus tá an roicéad lastais deireanach le fágáil maidin amárach féin. Gnáthroicéad lastais a bheidh ann, ceann féinstiúrtha ... gan foireann. Ní gá dúinn ach léimt ar bord — agus amach linn sa spás mar a bheadh piléar ann. Fágaimis an chloch shuarach seo inár ndiaidh sula bhfaighidh an chóilíneacht bás thart timpeall orainn.” 


“Nach mbeidh an tslándáil ar an raon roicéad an-dian?” arsa Sál. “Ní éireodh libh dul thairsti.”
“Fágaigí cúrsaí slándála fúmsa,” agus chaith Sabhair smuga mór seile isteach sa tine.
“Agus cé sa diabhal a stiúrfaidh an roicéad, má éiríonn linn dul isteach ann ar chor ar bith ... tusa an ea?” a d’fhiafraigh Sál. Bhain Sabhair gal eile as a thoitín agus theann sé a ghreim ar an gcloch, “Mhínigh mé é seo ar fad cheana. Roicéad féinstiúrtha a bheidh ann. Ní bheidh deacracht ag Ríosa an inchinn shaorga a dhíchumasú agus tabharfaidh an ríomhaire stiúrtha chuig an stáisiún spáis muid. Beidh deiseanna go leor sleamhnú isteach sa stáisiún féin nuair a thiocfaidh muid chomh fada leis. Ní bheidh aon súil acu go mbeidh duine ar bith ar bord, mar sin ní bheidh siad dár lorg.” 


“Ó, togha uilig,” arsa Sál. “Ní fheicimse go mbeidh gá agaibh liomsa, mar sin. Is cuma liom má chuirtear ar ais isteach sa phríosún sibh nó má fhaigheann sibh bás amuigh sa spás, ach ó mo thaobhsa de, ní theastaíonn uaim baint ná páirt a bheith agam leis an tseafóid seo.”
Sheas Sabhair go tobann. “Bhfuil a fhios agat, a Sháil, is cladhaire thú. DJ dioscó.” Rinne sé gáire searbh. “Beidh tusa sáinnithe ar an gcloch seo go brách na breithe.”
“Teastaíonn uaimse fágáil chomh maith le duine ar bith,” arsa Sál gan breathnú ar Shabhair. “Ach ní ar an mbealach sin, agus ní leatsa.” 


“A Sháil, gabh i leith.” Rug Ríosa greim ar a lámh. “Caithfidh tú teacht in éineacht linn. Ná fan go dtí an nóiméad deireanach. Is gearr nach mbeidh saol ar bith agat anseo.”
Sheas Sál agus tharraing sé a lámh ó ghreim Ríosa. Thiontaigh sé ón tine chnámh agus bhreathnaigh amach ar an gcathair. Bhíodar ar mhullach cnoic amuigh san fhásach, achar beag taobh amuigh de phríomhchathair na cóilíneachta. Bhí soilse geala na cathrach ina loinnir ar bhrat dubh an fhásaigh fúthu. Nach brónach an radharc é, a smaoinigh Sál. Tógadh an triúr acu ar an ngealach seo, sa chathair sin thíos, ach bhí leath na cathrach tréigthe anois, agus na daoine a bhí fágtha, bhíodar ag déanamh tréaniarrachta í a fhágáil chomh luath agus ab fhéidir, sula dtitfeadh an chóilíneacht ar fad as a chéile ina raic ainrialach. Ach ní raibh sé chomh héasca sin. Bhí praghas na dticéad i bhfad ró-ard agus ba bheag duine a bhí fágtha a raibh dóthain airgid acu le héalú.

“Seo, gabh i leith uait, a Sháil.” Rinne Sabhair iarracht gáire geal a dhéanamh. “Beidh gá leat, gan amhras.” Bhain sé gal mhór as a thoitín. “Sé an chaoi a bhfuil sé, ní éireoidh liom an tslándáil a chur ó mhaith, tuigeann tú, gan méarlorg duine éigin atá glan, duine éigin nach bhfuil a chuid sonraí ag na póilíní.”
“Ó, tuigim anois thú,” agus lig Sál osna.
“A Shabhair!” bhí Ríosa ina seasamh anois. Chas sí chuig Sál, “Ní mar sin atá sé ar chor ar bith, a Sháil. Caithfidh tú teacht linn. Táimse ag iarraidh go dtiocfaidh tú in éineacht linn.”
“Mar sin atá sé, gan amhras!” arsa Sabhair. “Tarlaíonn go bhfuil tú úsáideach dúinn agus má tá splanc céille ar bith ionat tapóidh tú an deis agus í agat.” 


“Ní hea in aon chor!” arsa Ríosa agus í ag siúl timpeall na tine i dtreo Shabhair.
“Ná cuir do chuid cainte amú, a Ríosa.” Chas Sál ar ais chun na tine. Bhí Sabhair agus Ríosa ar aghaidh a chéile anois agus amharc dubh á thabhairt ag an mbeirt ar a chéile. Ní raibh Ríosa ach leath chomh hard le Sabhair ach bhí a lámha fáiscthe ina ndoirne lena taobh aici. “Ná bac leis, a Ríosa,” arsa Sál arís. “Tuigim cúrsaí anois, ní rachainn leis an dearg-amadán sin pé scéal é. Ná bac leis.”
“Sea, ná bac leis,” arsa Sabhair. “Is léir gur cladhaire thú, a Sháil, agus is maith a bheidh sé tuillte agat buinneach dhearg an bháis a chac asat ar an ngealach shuarach seo.” Chaith sé an chloch amach sa dorchadas agus shiúil sé leis go sciobtha, síos an learg ghéar i dtreo na cathrach.
“A Shabhair, in ainm Dé, tar ar ais,” a ghlaoigh Ríosa ina dhiaidh ach freagra ní bhfuair sí.
Chualadar trost Shabhair ar ghaineamh an bhóthair agus ansin thit ciúnas ar an oíche. Bhí an tine ag cnagarnach léi go fóill, spréacha á ligean chun na spéire aici.
“Tá sé ina chac agat anois,” arsa Ríosa agus lig osna. “Ní raibh sin stuama.”
“Cad a rinne mise?” 


“Bhuel, níl críochnaithe aige sin leatsa go fóill,” arsa Ríosa. “Tá eagla orm, a mhic ó, nach bhfaca tú a dheireadh go fóill. Íocfaidh tú as.” D’fhéach Ríosa agus Sál ar Shabhair ag imeacht uathu, agus nuair a d’imigh sé as radharc, thosaíodar féin ar an mbóthar, iad ag imeacht tríd an meathdhorchadas ar ais chuig an gcathair. 


Bhí an tine chnámh thart ar thrí chiliméadar ón gcathair agus shiúladar an chuid is mó den tslí ar ais gan focal eatarthu. Bhí an oíche meirbh fós agus bhí tormán na cathrach le cloisteáil i bhfad ar shiúl. Duine dainséarach é Sabhair, a smaoinigh Sál, agus chuir sé eagla air go raibh Ríosa ag coinneáil a chomhluadair go fóill. D’fhéach sé síos ar Ríosa lena thaobh fad a bhíodar ag siúl. Bhí sí gléasta i seanchulaith spáis dhubh a bhí teann ar a colainn, rud a chuir cuma sheang shlachtmhar uirthi. Ach ní raibh Sál meallta aici. Bhí sí beag agus leochaileach i gcónaí. Ansin chuimhnigh sé ar a cuid oibre.
Bhí Ríosa ag reic drugaí sna clubanna oíche agus ba é Sabhair a bhí á soláthar, é mar shaoiste aici ar bhealach. Bhí Sál ag obair mar DJ sna clubanna céanna, agus ba mhinic a d’fheiceadh sé an foréigean a bhain leis an saol sin. Bhí Ríosa sáite i gceartlár gach ruda. Ba chuma leis cad a dhéanfadh sí chun a cuid a shaothrú, ach na daoine a raibh lámh acu sa saol sin bhí siad contúirteach, éigiallta. Agus bhí Sabhair i measc an dreama ba mheasa acu. 


Ach cad a d’fhéadfadh sé a dhéanamh? Ba gheall le deartháir le Ríosa é Sál. Bhí aithne acu ar a chéile ó bhíodar an-óg; ba ar an tsráid chéanna gar don mhianach a tógadh iad. Bhí cónaí orthu le chéile anois, an bheirt acu in árasán beag i lár na cathrach. Ó am go ham, agus iad fós ina ndéagóirí, ba leannáin iad, ach níor mhair sé sin i bhfad riamh. Bhídís ag argóint agus bhídís in adharca a chéile. Iad le chéile lá amháin agus scartha an chéad lá eile, bhíodar ann agus as, arís agus arís, agus faoi dheireadh thiar, rinneadar socrú de chineál. Anois, agus le fada, ba dhlúthchairde iad agus b’in an méid. Fuair Sál amach go luath nach bhféadfadh sé rud ar bith a rá le Ríosa. Bhuel, d’fhéadfadh sé a rogha ruda a rá léi, ceart go leor, ach ní éistfeadh sí leis. 


Ach níor chóir dósan a bheith ag seanmóireacht pé scéal é. Bhí seisean gafa sa domhan céanna, nach mór — na clubanna céanna, an saol céanna. Ach DJ maith a bhí ann, bhí a fhios aige sin, agus ba é sin an t-aon dóchas a bhí aige. Bhí na clubanna gnóthach go fóill beag, cé go raibh an chuid eile den chathair bánaithe. Daoine óga a bhí fágtha den chuid ba mhó toisc gurbh iad an dream ba bhoichte. Theastaigh uathu éalú ón gcruachás ina raibh siad, agus bhí a ndúil sa damhsa agus sa spraoi istoíche ag éirí níos tréine de shíor, agus bhí Sál ag baint clú amach dó féin ag casadh na gceirníní dóibh.
Dá dtabharfadh duine éigin ón taobh amuigh aird air, duine éigin ó na clubanna móra ar cheann de na stáisiúin spáis, cuir i gcás, b’in an bealach ab fhearr a bheadh aige imeacht ón gcloch seo, i bhfad níos fearr ná síob mhídhleathach a ghlacadh ar roicéad lastais in éineacht leis an ngamal sin, Sabhair. Chaithfeadh sé labhairt le Ríosa, ní raibh a fhios aige conas, ach chaithfeadh sí é a thuiscint, chaithfeadh sí é a chreidiúint. D’imeoidís ón ngealach seo ar bhealach éigin eile, d’imeoidís ó Roghail. Ní raibh i bplean Shabhair ach lámh a chur ina mbás féin. 


Shroich siad na ráillí ar imeall na cathrach agus stad siad ag an bhfál ard a sheas idir an chathair agus an fásach. D’fhéach Ríosa suas ar Shál agus bhí miongháire ar a haghaidh aici. Lonraigh solas dearg an phláinéid mhóir ina súile. “An bhfeicfidh mé ag an gclub thú?”
“Feicfidh, cinnte,” ar seisean. “Caithfidh mé ceirníní a fháil ón árasán ach ní bheidh mé i bhfad.” D’fhéach sé uirthi agus í ag dreapadh thar na bhfál agus ag imeacht isteach sa chathair i dtreo an chlub. Caithfidh mé labhairt léi, a dúirt sé leis féin arís. Léim sé thar an gclaí ansin agus thosaigh ag imeacht síos an bóthar i dtreo an árasáin. 


Bhí an bóthar lasta ag solas na bhfógraí neoin a bhí ar crochadh ó shreanga idir na foirgnimh arda. Bhíodar ar siúl i gcónaí agus iad ag caochaíl leo, cé go raibh na siopaí a bhí á bhfógairt acu dúnta anois. Bhí Sál faichilleach agus é ag gluaiseacht trí na sráideanna folmha. Bhí sé rud beag níos lú ná an gnáthdhuine ar Roghail agus bhíodh sé cúramach agus é amuigh ar na sráideanna istoíche. Ó thaobh a mhéide de, bhí Sabhair ar nós an tromlaigh, ach ba de sheansliocht a bhain leis an ngealach é, sliocht a d’fhás ard san imtharraingt lag leis na céadta bliain anuas, ach ba go gairid sular rugadh é a tháinig tuismitheoirí Sháil go Roghail, as pláinéad a bhí i bhfad ar shiúl, agus mar sin, cosúil le Ríosa, bhí sé beagán níos lú. Bhí sé gléasta mar ba nós leis, gruaig bearrtha go gearr agus éadaí loma dubha. Ní raibh aon chuma air gur duine saibhir a bhí ann. Ní shílfeadh éinne go raibh rud ar bith luachmhar á iompar aige, rud ar bith ab fhiú a ghoid, ach fós féin, bhí an ghadaíocht agus an choiriúlacht ag éirí níos coitianta, lá i ndiaidh lae, i gceantracha tréigthe na cathrach go háirithe, agus shiúil Sál leis go sciobtha nó gur shroich sé a shráid féin.

 

*** 


—D’fhéach sé in airde ar na réaltaí agus ar fhíor na spéire. Bhí an gaineamhlach ag oscailt amach roimhe agus chonaic sé solas an raoin roicéad beagán ó dheas ón áit ar a raibh sé ag díriú.


Monday, 3 January 2022

Tráma an Drochshaoil

Is aiste ollscoile í seo a leagas isteach roinnt blianta ó shin. Tá easnaimh agus lochtanna éagsúla uirthi dá réir (agus tá na tagairtí sách lag).

Eoin P. Ó Murchú


‘Tabhair dúinn inniu ar n-arán laethúil’ a deir an Callanánach ina amhrán ‘Na Fataí Bána’. Athraíonn seanphaidir Mhatha ina himpí chráite ar bhia i bhfianaise an dáin. Tá an t-éadóchas agus cinniúnachas go trom anuas air. ‘Agus ar ndóigh b'aoibhinn dhúinn dhá bhfaigheadh muid bás.’ An bás an t-aon sólás a bheadh acu. 


Is féidir a aithint ar véarsaí deireanacha an dáin, scór acu nach mór, gona dtagairtí cráifeacha iomadúla, gur de dhlúth agus d’inneach Éire na linne an reiligiún, é fite fuaite trí shaol na cosmhuintire. Cé go bhfuil imir den dóchas trí na véarsaí seo, i mbeatha shíoraí an Chaitliceachais, éadóchas is láidre ann. San impí chráite sin ar arán faightear léargas ar a léirítear faoin Drochshaol sna dánta seo: an t-ocras, an creideamh agus Dia.


Is cruinne géarchéim chothaithe a thabhairt ar an tréimhse úd 1845-51 ina bhfuair breis agus milliún duine bás. Téann roinnt chomh fada le breith Tim Pat Coogan agus baisteann cinedhíothú air. Pé téarma a thugtar air ba é an tubaiste ba mhó i stair na hÉireann é agus tá a rian le brath ar ghnéithe éagsúla de shochaí chomhaimseartha na tíre.


Is beag fianaise atá againn ar anam an choitinn le linn an Drochshaoil dar le Fionntán de Brún. Ní haon iontas seo dáiríre.


Languages spoken by subaltern, lower-class, or otherwise marginalized communities have been especially prone to invisibility because of the nature of the historical record.


Filíocht an 19ú haois


Níl an oiread sin filíochta nó amhrán ar marthain. Tá cúiseanna go leor leis seo. Bhí na Gaeil imeallaithe, gan léamh ná scríobh ag an gcuid ba mhó acu. I gcás ábhar a cumadh nó a scríobhadh ba éasca a chailliúint le himeacht na mblianta. Seans go bhfuil baint ag an tráma féin leis. Is eol dúinn go leanann tost trámaí móra, mar a phléifear ar ball.


Cuid mhór den fhianaise atá againn is ó lámh Mhic Dhomhnaill a thagann sí. Trí dhán a scríobh Aodh Mac Domhnaill ar an Drochshaol ‘Milleadh na bPrátaí, ‘Agallamh idir Aindrias Ó hÉigeartaigh agus an Bard um Mheath na bPrátaí’ agus ‘Ceol na mBacach’. Chuaigh sé le múinteoireacht agus é ina fhear óg. Scarann sé sin é ón aicme is ísle ar fad. Bhí sé fostaithe ag an Home Mission of the Synod of Ulster ar feadh tréimhse. Íocadh é as ranganna nár múineadh agus d’éirigh aighneas eatarthu. Seans gurbh é seo an chúis lena dhéine a bhí sé ar an eaglais ina chuid saothar. Bhí sé fostaithe ag Robert MacAdam chomh maith agus é ag plé le lámhscríbhinní dó. Ainneoin é a bheith níos fearr as ná an mhórchuid is i dTeach na mBocht a shéalaigh sé ar deireadh.


Ceist a rithfeadh le duine, b’fhéidir, ná cé dó a raibh sé ag scríobh? Cuid den mhíniú a thugann Colm Beckett air sin ná gur ‘ghlac Mac Domhnaill air féin bheith ina urlabhraí agus ina chomhairleoir don phobal - pobal ar ndóigh nárbh eol dóibh gurbh ann dó!’


Milleadh na bPrátaí


Breathnóimid i dtosach ar ‘Milleadh na bPrátaí’. I réamhrá An Drochshaol: Béaloideas agus Amhráin (ADS) deirtear gur coinníodh faoi rún é. Ábhar geise a bhí san amhrán. Feictear a leithéid go minic agus tarlúintí trámacha ag goilliúint ar phobail.


Feictear ann an Drochshaol ag cur as do gach n-aon. ‘Níl duine den dáil gan cháin gan donas gan dít’. Feictear ansin glór an dáin ag rá go bhfuil siad in adharca le lucht an Bhéarla. ‘Faoi chogadh lucht Béarla a sháraigh orainn le dlí.' Cé gur eol dúinn gur aithin cainteoirí Gaeilge iad féin mar phobal ar leith i ngeall ar an teanga a labhair siad níl an oiread sin samplaí mar é le fáil san fhilíocht atá faoi thrácht.


Sa dara véarsa is ag caitheamh i ndiaidh na laochra a bhí atá an file; ‘Mac Cumhaill is mac Dáire is ní áirím Conchúr an rí, Cú Chulainn, Conall Cearnach’ (aithnítear gur carachtair fhicseanúla iad) agus deirtear nárbh fhada ‘go gcarnfaí Bhullaí sa ngríb.’ Tá an maoithneachas aitheanta ag roinnt mar thréith atá go tréan sna hÉireannaigh. Tá an cuimhneamh siar seo le sonrú ar go leor den fhilíocht ón ré.


‘Ach ó d'imigh gan dáil na táinte a chleacht inár dtír’. Tráchtar ar ainmhithe a bheith imithe agus ganntan ina n-áit agus gan fuaim ar bith a bheith le clos. ‘Ní chluintear in áltaibh cárlach is ceiliúr ar chraobh’. Is féidir é seo a léamh mar mheafar den spórt agus den spraoi a bheith imithe as an saol nó ar bhealach níos simplí fós mar thagairt don líon mór ainmhithe fiáine agus éisc a itheadh ag an am. 


Baintear úsáid as an gcéad phearsa iolra. Feictear gné náisiúnta ann, leis, ‘ár dtír’ agus ‘Oileán na Naomh’, ‘i gcrích Fáil’. Luaitear fir is mná scafánta a bheith thíos leis. Luaitear ‘mná is leinbh na cích’ agus ‘bacach ar shráid’. Ba iad na boicht ba mheasa as ós rud é gur ar an bpráta amháin a bhí siad ag brath den mhórchuid. Sa tagairt do ‘mná is leinbh na cích' ní fhaightear léargas ach ar chuid den scéal. Tá cuntais éagsúla ar bhreitheanna seachanta sa taighde is déanaí, linbh a thabharfaí ar an saol murach an ganntan bia agus cruatan saoil. Níl aon léiriú ar an iarmhairt seo san fhilíocht ón 19ú haois.


Luaitear ansin an phlá a tháinig ar na prátaí agus is féidir le ‘díomhaoin dubh díth’ feidhmiú mar thrácht ar an bpráta féin nó ar mhuintir na tíre. Déantar iarracht déanamh amach cárbh as don phlá. Ní hiontas seo nuair a chuirtear sochaí na hÉireann ag an am i gcuimhne. Sochaí fhíor-reilgiúnda, phiseogach, neamhliteartha a bhí inti nach raibh mórán de chur amach aici ar an eolaíocht. Leagtar an locht ar an daonáireamh a thionscan an bhanríon, ar mhallacht an Phápa, ar shárú aithne na naomh agus ar ‘thámhaibh eile ón ngaoth’.


An Protastúnachas faoi ndear milleadh na bprátaí. Táthar ag súil go bhfeicfear Seán Buí á leagan á lár. Is léir anáil throm na heaglaise agus pearsana iomadúla éagsúla luaite sa véarsa deiridh, gné a thagann chun tosaigh go mion minic, glór an dáin ag impí orthu fóirithint orthu. ‘An tAthair is Banríon Fhlaitheas na Naomh/Peadar 's a' Papa/Pádraig is Easpaig an tsaoil.’


Is ó na Spáinnigh a thiocfaidh an chabhair. ‘Go dtige na Spáinnigh le prátaí chugainn arís.’ Níl sé seo ag teacht leis an tuiscint atá ar an bpráta sa dán 'An Dara hAgallamh idir Andrias Ó hÉigeartaigh agus an Bard um Mheath na bPrátaí', áit a dtráchtann Mac Domhnaill ar 'Bháitéirín gránna Ó Raghailligh' agus gur ní as tíortha coimhthíocha, gur gallda an rud é an práta. Luaitear, leis, in Fealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill gur shíl na seandaoine gur imigh an neart as na fir ó d’éirigh daoine as arán an heorna móire a ithe, rud atá bun os cionn ar fad le moladh i ‘Na Fataí Bána’ a fheicfear thíos. Tráchtann Peadar Ó Gealacáin ar mhatalang an Ocrais Mhóir sa dán ‘Laoi cascartha na bpotátaí’. Deir sé ann go raibh ‘ár saorbharr breá séanmhar i lámha an éaga’ agus chaoin sé nach bhféadfadh aon rud teacht ina áit: ‘Fíon Spáinneach, beoir ársa nó tea glan/Ní áirím gur sású sin d’aon neach’ Arís eile leagtar béim ar thábhacht na bprátaí.


Ceol na mBacach


Maidir le ‘Ceol na mBacach’ agus ‘Milleadh na bPrátaí’ deir Cormac Ó Gráda ‘dánta is ea iad seachas amhráin, nár eascair as tradisiún an phobail agus nach raibh ina gcuid de’.


Tugann faisnéis ó Pheadar Ó Gealacáin cúlra an dáin ‘Ceol na mBacach’ dúinn. Is cóir a lua nach bhfaightear pictiúr iomlán sa dán féin. Gan an t-eolas cúlra is mar achasán ginearálta ar uabhar agus ar easpa féile na cléire a léifí an dán. Déanann an cúlra focasú ar áit agus ar eachtra faoi leith. Is deacair a dhéanamh amach cé a bhí mar phobal léitheoireachta Mhic Dhomhnaill ach dá léifeadh Gael léannta as cuid eile den tír an tuairisc, an dtuigfí na tagairtí nach mínítear glan amach? Ní bheinn chomh cinnte sin. Ar an mbonn sin seans nach féidir a áiteamh go bhfaightear léiriú ar an eachtra seo thíos san fhilíocht seo ón 19ú haois. Ní san fhilíocht don eolas ach sna foinsí a théann léi. Seans go ndéarfaí nach bhfuil ansin ach séimeantaic ach ní hea dar liom, dá dtarlódh gan an t-eolas cúlra againn ní bhfaighimis léiriú leath chomh maith ar thréimhse an Ocrais Mhóir sa dán seo.


Chinn Bord Sláinte Bhéal Feirste go bhfostófaí fir aclaí stuama le bacaigh a bhailiú agus a chur sa seanphríosún The House of Correction. An mana a bhí os cionn dhoras an tí ná ‘within amend, without beware.’ Mana a chuirfeadh mana a crochadh os cionn geata eile i gcuimhne do dhuine, b'fhéidir.


Bhí plód bochtán feicthe ag Mac Domhnaill ag teacht go Béal Feirste in 1847 agus thug sé faoi deara gur chaith chaith údaráis an bhaile go cruálach leo. Cuireadh 800 acu in uaigh ag Baile na mBráthar taobh amuigh de limistéar an bhaile. Cainteoirí Gaeilge a bhformhór. Bheartaigh an chléir go gcuirfí an dream sin a bualadh ag an bhfiabhras in aon áit amháin le nach leathfadh an fiabhras. Is féidir rian an tseicteachais ag éirí as seo a fheiceáil sa chéad véarsa. Cuimhnítear gur bhain cuid den chreideamh Protastúnach leas as an Ocras Mór chun cur lena líon. Le cois, ar an iomlán ba iad na Caitlicigh ba mhó a bhásaigh agus a thug báid dhubha an eisimirce orthu féin. Ina choinne sin bhí Protastúnaigh eile ag fóirithint ar lucht an ocrais.


In Ar Thargair Cholmcille mhic Féilim maíonn Mac Domhnaill gur thuar Colm Cille ‘[g]o mbeadh earráid i slí na cléire’. In ‘Ceol na mBacach’ luann sé ’S go n-imeodh an crábhadh go huile ón gcléir.’ I líne 12 feictear ‘scanradh an Indian Meal’ agus go bhfuil an grá imithe ón tír. Tagann sé seo leis an méid atá sna tuairiscí béaloidis. Bhí náire ar leith ag baint leis an Indian meal, mar a bhí leis an súp agus Teach na mBocht.


Tráchtar chomh maith ar thairngreachtaí, téama coitianta sna dánta seo. Léiriú é seo ar a thábhachtaí a bhí tairngreachtaí sa saol an t-am sin. Is leor breathnú ar chás Pastorini, nó Charles Walmesley mar a bhí air ó cheart, ainm nach gcuirfeá an mhuinín chéanna ann ó thaobh an todhchaí a thuar, b'fhéidir. Sa tréimhse roimh an Drochshaol is eol dúinn go mbíodh leabhar Phastorini á léamh go forleathan. In 1771 a rinne sé na tairngreachtaí agus bhídís á múineadh sna scoileanna scairte.


Léiríonn línte 25-28 tábhacht na heaglaise sa tsochaí. Tá tagairtí don Bhíobla ina n-orlaí tríd, mar atá sna dánta seo ar fad. Deir sé go bhfuil an eaglais ag sárú bhunphrionsabail a gcreidimh féin. ‘Ar neamhchead d’Eoin ’s do litir Naomh Pól/Don tSoiscéal, don Ord is Eipistil Naomh Séam’.


Feictear íomhá anróiteach de dhaonra na hÉireann. Daoine nach bhfuil cuma ná caoi ar a n-éadaí agus gan rud ar bith a choinneodh teas leo, iad cosnochta, á gcaitheamh isteach i dTeach na mBocht, áit nach dtabharfaí deoch ná bia dóibh go bhfaighidís bás. Nuair a fhéachtar ar fhírinne na heachtra ní fheictear iomlán an scéil sa dán; bhí beatha áirithe á tabhairt do na bochtáin istigh. Áitíonn de Brún gur idé-eolaíocht Victeoiriach atá le feiceáil in iompar the House of Correction agus go gcuireann Mac Domhnaill ina choinne.


Lochtaíonn Mac Domhnaill na hEaspaig anseo a rá nach ligfidís do mhanaigh a bheith ag beathú an tréad agus go lochtóidís na bochtáin as galair a bheith orthu. Lochtaíonn sé fimínteacht na heaglaise, a rá go ndiúltóidís d’Eoin Baiste féin dá bhfeicfidís é mar tá na bochtáin. Is fiú an chuid seo a léamh agus muid ag cuimhneamh ar an gcloch sa mhuinchille a bhí ag Mac Domhnaill don chléir de bharr conspóid a bhain leis an Home Mission.


Tá teanga an reiligiúin go trom ar an véarsa deiridh. Áitíonn glór an dáin nach peaca é a bheith bocht. Tugann an méid atá ann le fios gur chas an chléir a ndroim ar an seang i rith an Drochshaoil. Maítear ann gur ó na boicht a tháinig Mac Dé agus nach suáilce é a bheith gafa le bród nó le seoda.


Na Fataí Bána


Is fiú a lua go raibh an Callanánach ina shuí go te agus go raibh oideachas air. Arís eile fágann a shuíomh sa tsochaí é scoite amach ón dream is measa as ar fad.


Caitheann Ó Callanáin sé véarsa ag moladh na bhfataí bána. Arís eile léiríonn an dán seo cé chomh tábhachtach is a bhí an práta in Éirinn an tráth úd. Is eol dúinn go raibh sciar an-suntasach ag brath ar an bpráta amháin mar bhia. Dar le roinnt tuairiscí bhí an planda le feiceáil ag fás fud fad na tíre. Sa dán moltach seo faightear tuiscint ar ról an phráta i saol na tíre. Is geall le hamhrán grá do dhuine nó d’áit é i dtosach.


Ní hamháin gur bia é an práta a d’óirfeadh do gach duine cuireann sé deá-cháilíochtaí dearfacha iomadúla eile ina leith. Deirtear go mbíodh spórt agus siamsa agus rince acu in aice leo. Is féidir a thuiscint uaidh seo gur thit an tóin as pléaráca agus an bia fíorghann. Deirtear go n-ití iad ar maidin is istoíche. An dream ba bhoichte, go minic ní bhíodh aon rud eile acu leo, an salann féin fiú.


Faightear léargas ar fhlúirse na bprátaí roimh an Drochshaol in An Drochshaol: Béaloideas agus Amhráin. Is féidir go bhfuil beagán áibhéile i gceist anseo i bhfianaise ar tharla i rith an Drochshaoil. Deirtear go raibh an oiread sin fataí ann go rabhadar á gcaitheamh uathu agus gur shíl roinnt gur mhallacht ó Dhia teip na bhfataí ar an duine as an bhflúirse a bhronn sé orthu a chaitheamh i vásta.


Tráchtar ansin ar na hiarmhairtí a bhí ann; an t-ospidéal, an poorhouse agus an phraiseach bhuí. Cuirtear corpáin inár láthair agus déantar cáineadh ar lucht rachmais. Deir sé nach bhfuil muinín acu ach i nDia agus go bhfuil na Sasanaigh ag caitheamh go sprionlaithe leo. Labhraíonn sé ar thithe a raibh suas le hochtar ag cur fúthu ann agus gan ach duine amháin ag obair iontu. Léiriú é seo ar dhaonra na hÉireann a bhí tar éis fás go rábach, bunaithe, cuid mhór, ar bharr an phráta.


Fiafraíonn sé den lucht éisteachta cé a cheannódh braillín don ‘fhear a sínfear/Tobac na píopaí ná cónra cláir.’ Is eol dúinn go raibh adhlacadh na marbh i measc na gcleachtas cultúrtha ar tháinig athrú air le linn an Drochshaoil, tá cuntais ar uaigheanna scaipthe ar fud an dúthaigh i gcuntais bhailithe Uí Ghráda. Léiríonn leithéidí Caitheamh Aimsire ar Thórraimh go mbíodh an-tarraingt ag na Gaeil ar thórraimh agus go raibh cultúr caoineacháin agus cluichí forbartha timpeall ar an mbás. Le linn an Ghorta Mhóir ní fhéadfaí na mairbh a adhlacadh mar ba nós roimhe sin.


Tráchtar ar fhlúirse an bhia agus an dí atá ar fáil do na huaisle agus nach bhfuil trua ná taise acu don fhear bocht. Tarraingítear ar íomhánna ifreannda don té nach roinneann a chuid. Arís eile breathnaítear siar agus caitear i ndiaidh laethanta órga Ghairdín Pharthais ‘nuair a bhí an bheatha ag fás dóibh ar bharr an chrainn’. Léiríonn tagairtí iomadúla don reiligiún cé chomh cráifeach is a bhí an pobal, agus léiríonn líon na meafar agus na dtógálacha a bhfuil sé in an tarraingt orthu a inmheánaithe a bhí an Chríostaíocht i gcultúr na nGael. Féach an tÁibhirseoir, an Díle, an Slánaitheoir agus Jonas gan ach fíorbheagán a lua. Is féidir an tagairt bhíobalta do na loibhreacáin a léamh mar mheafar a sheasann do bhochtáin na tíre. Ag druidim le deireadh impíonn sé ar Dhia iad a bheathú arís mar a dhéanadh fadó.


Tá áitithe ag roinnt gur líon cráifeacht phaiseanta an bhearna a d’fhág tréigean na Gaeilge. Léiríonn na dánta seo cuid eile den scéal: bhí an chráifeacht go tréan sna Gaeil le linn an Drochshaoil, sular imríodh tionchar an tráma ar fad orthu. Dar le hEmmet Larkin gur chúisigh an t-athrú teanga paisean faoi leith don Chaitliceachas. Áitíonn sé gur líon ceartchreideamh Caitliceach an folús a d’fhág imeacht na Gaeilge. Má bhí gné amháin den chultúr le tréigean, ghéarófaí ar ghné eile de.


Tá ton cinniúnaíoch le sonrú ar an véarsa deiridh. Tá an chéad líne úd truamhéileach ‘Tabhair dúinn inniu ar n-arán laethúil’. 


Dán eile le Peatsaí Ó Callanáin ná ‘Stáid an Fhir Fholaimh’. Dán gairid é seo a thugann le fios gur dona cás an fhir fholaimh ach gur measa fós an fear tinn. Leagann sé amach

an difear idir saibhir agus daibhir agus deir gurbh fhearr leis bheith idir eatarthu.

Gnéithe nach bhfeictear i bhfilíocht na tréimhse


Dhá ghné ar deacair a thuiscint i gceart ó staidreamh easnamhach na linne ná an t-athrú teanga agus na hathruithe sa chleachtas reiligiúnda. Is minic a shamhlaítear gur thosaigh meath na Gaeilge i gceart le teacht an Ghorta. Mar sin féin is fiú a thabhairt faoi deara go raibh géarú ag teacht ar thiontú ar an mBéarla ag tarlú roimh an Drochshaol - ó thús 1800.


Tá luach ar a bhfuil sa leabhar An Drochshaol: Béaloideas agus Amhráin toisc gur bailíodh na giotaí ann sna ceantair ba mhó a bualadh le linn an Drochshaoil. Luaitear ann gur údair gan léamh ná scríobh a chum iad. Cé go mb’fhéidir nár chóir an luach chéanna a leagan ar fhianaise ón mbéaldoideas, i gcás na Gaeilge níl mórán eile ina háit againn, i ngeall ar a imeallaithe a bhí cainteoirí na teanga an tráth úd. Ní miste a chuimhneamh gur bhailigh Roinn Bhéaloideas Éireann formhór an ábhair faoi drochshaol sna 1930dí, beagnach 100 bliain tar éis na tubaiste titim. Lagaíonn sé seo a iontaofacht ar ndóigh.


Na téamaí coitianta a fheictear do Ó Gráda ná seirbhe agus éadóchas, buíochas as an mbeagán, cráifeacht shimplí, seicteachas na linne, cáineadh ar Dhlí na mBocht, gur thoil Dé é lobhadh an phráta, fearg le lucht airgid agus cumhachta. Aithníonn sé nóta apacailipteach sna píosaí. Meabhraíonn ceann an titim daonra. Deir sé go bhfuil suíomh agus comhthéacs áitiúil seachas réigiúnach nó náisiúnach i gceist leo. Tá beagnach gach téama acu sin le brath ar na dánta ar fad atá pléite thuas.


Is fiú na dánta a chur i gcomparáid leis na blúiríní béaloidis. Maidir leis an mbéaloideas sroicheann sé ‘réimsí atá ceilte ar an taifead oifigiúil’. Leis, faightear ann léargas eile ar fad, é i bhfad níos pearsanta, níos logánta. Léargas a bhaineann le baile fearainn amháin agus le sinsir an fhaisnéiseora de ghnáth. Tá sé suntasach gur chruinne an t-ábhar béaloidis Gaeilge dar le hÓ Gráda, go háirithe nuair a chuimhnítear a laghad de staraithe móra na hÉireann, mar dhea, nach bhfuil léamh na Gaeilge acu.


Tá réimsí áirithe d’uafáis an Drochshaoil nach bhfeictear beag ná mór sna dánta atá pléite thuas. Tá tuairiscí ann go ndeacaigh roinnt le canabalacht le linn an Drochshaoil. Níl aon amhras ach gur tharla uafáis iomadúla mar í ar fud na hÉireann. Ní fhaightear trácht sa bhéaloideas ar bhoilg shéidte agus ar chreatlaigh loma dar le hÓ Gráda. Tá cúiseanna iomadúla leis na bearnaí follasacha seo mar a phléifear ar ball. Ní fhaightear léargas orthu seo sna dánta ach oiread. In The End of Outrage Post-Famine Adjustment in Rural Ireland tugtar cuntas ar mharú brúidiúil a tharla in 1846, marú a raibh cnámh spairne faoi thalamh mar chúis leis. Spreag ainnise an Drochshaoil brúidiúlacht mar é ar fud an oileáin ach ní fheictear sin san fhilíocht atá faoi thrácht.


An tAistriú Teanga


Faoi 1830 measadh go raibh idir 3 agus 4 mhilliún cainteoirí Gaeilge ann, an méid ba mhó a bhí ariamh ann. Ainneoin sin is ag dul i laghad mar chéatadán den daonra iomlán a bhí lucht na Gaeilge. 


Ní fheictear dom go bhfaightear léiriú sa fhilíocht thuas ar an aistriú teanga. Seans nach gcuirfeadh sé seo aon iontas orainn óir is dócha gur Ghaeilgeoirí nach raibh ar tí aistriú go Béarla lucht cumtha amhrán agus dánta. Ní rud é an t-aistriú a tharla thar oíche ach oiread.


Tugtar forléargas an-mhaith ar an chúrsaí teanga sa ré sin in An Irish-Speaking Island. Faightear ann spléachadh ar an bhforbairt atá déanta ar cheisteanna taighde le dornán blianta. Maítear gur amharc de Fréine athuair ar an gcoilíneachas agus ar na cúinsí ar chaith na Gaeil féin a dteanga in aer agus an tionchar a bhí aige sin ar fheidhmiú a sochaí. Déanann Wolf cíoradh ar áiteamh Emmet Larkin maidir le hathrú ó thaobh an reiligiúin. Tarraingíonn Wolf an tsochtheangeolaíocht chomhaimseartha isteach sa scéal chomh maith agus diúltaíonn méid áirithe do choincheap na bhfórsaí ón taobh amuigh amháin a bhí ag cuimilt le Gaeilgeoirí na hÉireann, agus leagtar béim níos mó ar thábhacht an idirphlé chomhráitigh, ar an gcaidreamh idir tuismitheoirí agus leanaí agus ar líonraí urlabhra.


Tá téis nua curtha chun tosaigh ag Tomás Mac Síomóin ina leabhar The Broken Harp, Identity and Language in Modern Ireland. Dar leis go raibh gné ghéiniteach i gceist leis an tráma a chuaigh ó ghlúin go glúin le linn an drochshaoil. Mar thacaíocht luann sé fionnachtana san eipigéineolaíocht, go háirithe: an tslí ar féidir le timpeallacht ainmhithe a gcuid DNA a athrú. Luann sé go sonrach turgnamh ina dtugtar turraing leictreach do luchóga an t-am céanna a scaoiltear boladh seirise. Nuair a shaolaítear luchóga óga na luchóg seo bíonn scanradh orthu roimh an mboladh seirise cé nach boladh é a bhí faighte acu féin ariamh agus nach raibh siad i mbroinn an tráth ar scaoileadh an boladh go fiú. Cuireadh eolas DNA ar aghaidh nach mbaineann go sonrach le DNA na dtuistí. Cé go bhfuil dealramh leis an turgnamh seo de bharr gur le mamaigh a rinneadh agus gurb eol dúinn go mbíonn tionchar ag gortaí ar pháistí an duine a théann tríothu seans nach leor an míniú a thugtar le dearbhú dúinn gur seo a tharla i gcás an Drochshaoil. Argóint mhealltach í áfach. Más féidir eagla roimh bholadh faoi leith a thabhairt le hoidhreacht, an bhféadfaí eagla roimh fhuaimeanna ar leith, nó teanga ar leith a thabhairt ó ghlúin go glúin? Ar leor pian agus náire an Drochshaoil le nasc chomh diúltach sin a chruthú le teanga? Ní heol dúinn fós. D’fhéadfaí an t-aistriú teanga agus cultúir a leagan ar mheicníochtaí eile mar atá déanta ag de Fréine.


Seo an méid a deir de Fréine in The Great Silence:


The situation leading to the abandonment of Irish was traumatic, and the way in which the shift was implemented indicates an emotionally shocking experience. There are a number of points worth considering in this connection: 1. It is not unknown for linguistic groups who switch languages to forget, or to deny, that they ever spoke the original language


Deir de Fréine chomh maith go raibh an t-aistriú cultúir chomh trámach sin gur tháinig anóime dá thoradh, gur thit comhdhéanamh na sochaí as a chéile. Is éard is anóime ann ná gan threoir mhorálta a bheith á tabhairt ag an tsochaí don duine aonair. Tagann córais creidimh salach ar a chéile agus fágtar go mbriseann naisc shóisialta idir an duine agus an comhphobal. Sa duine aonair is féidir go dtiocfaidh easpa cumais páirt a ghlacadh i suímh normatacha ina dhomhan sóisialta, tagann de sin go mbristear an fhéiniúlacht shóisialta ina smidiríní agus go ndiúltaítear do luachanna a nglactaí leo go traidisiúnta.


Tá léiriú áirithe air seo sa mhéid seo: ‘Níl ceol in aon áit ná suim ina dhéanamh.’ Tá a mhacasamhail le feiceáil i gcuntas a bailíodh i Rann na Feirste ar an Drochshaol ‘D’imigh an spórt agus an caitheamh aimsire. Stad an fhilíocht agus a‘ ceol agus a‘ damhsa’. Má stop na gnéithe taitneamhacha seo den chultúr chomh maith le gnéithe den adhlacadh is éasca a shamhlú go raibh tionchar trom ag an Drochshaol ar gach uile ghné de shaol sóisialta na ndaoine.


Rinneadh nasc idir a gcultúr féin agus bochtaineacht mhillteanach, bochtaineacht a d’fhágadh ocras chomh géar sin go dtabharfadh sé a mbás. Ceap magaidh a bhí i gcainteoirí Gaeilge. Baineadh úsáid as an lámh láidir agus bataí scóir chun clann a chur ón nGaeilge. Nuair a tharla a t-aistriú níor ghlac sé níos mó ná glúin le páistí a fhágáil dubh in aghaidh na Gaeilge. Ní fheicim a rian seo sna dánta thuas. Ar ndóigh is é an coilíniú a chinntigh go raibh an pobal Gaelach brúite basctha. Ar léamh na ndánta seo thuas ba dhóigh leat gurbh iad lucht Béarla amháin ba chúis leis an aistriú teanga. Is é an pobal féin a roghnaigh cúl a thabhairt lena dteanga, go fiú más faoi chois an coilíneachais a bhíodar. Is cinnte nach bhfuil aon bheith istigh do thuairim chaolchúiseach mar sin san fhilíocht seo. Go deimhin is beag aitheantais a thugtar go bhfuil an t-athrú ag tarlú in aon chor.


I gceantar faoi leith i dTír Chonaill is iad na daoine sin a rugadh idir 1833-66 a thóg a bpáistí le Béarla. An Ghaeilge an mháthairteanga a bhí acu. Chuir an t-athrú seo deireadh le dátheangachas a bhí seasmhach roimhe sin.


Ba chóir a aithint, leis, nach féidir leis an dánta seo léargas iomlán na tréimhse a thabhairt. Scríobhadh ag an am iad mar sin ní raibh de bhuntáiste ag lucht a gcumtha agus a scríofa go bhféadfaidís breathnú siar ar a dtáinig ina ndiaidh.


Gnéithe gan Léiriú


Pointe suntais a fheictear nuair a chuirtear na dánta agus na blúiríní béaloidis in ADS le hais a chéile ná gur pearsanta go mór na scéalta béaloidis. Rud é seo a mbeifí ag súil leis de bharr stair na dtéacsanna éagsúla seo. Mar sin féin is i dtéarmaí ginearálta a labhraíonn guthanna na ndánta linn, ní bhraitear ar a léamh, gan eolas cúlra agat, go léiríonn siad uafáis an drochshaoil chomh mór céanna. Tá foirmiúlacht i bhfad níos mó ag baint le dán ná mar atá ag roinnt le caint a taifeadadh, ar ndóigh.


Tá uafáis go leor nach bhfeictear aon tuairisc orthu sna dánta. In ADS tá scéal uafar faoi chur na mbeo ag Stiofán Ó hEalaoire. Chuirtí an té nach mbeadh marbh ach a bheadh gairid dó isteach san uaigh go bhfaigheadh sé bás thíos ann. Agus féach an méid a bhí le rá ag seanfheirmeoir in aois a 85 bliana ó na hOidhrí ‘dá neosfainn dhuitse cá bhfuil uaghanna daoine atá curtha... ní raghfá thar doras amach istoíche’. Deirtear linn gur cailleadh dhá chéad duine le hais an bhóthair sa Daingean freisin.


Gach seans go mbaineann sé le constaicí fhoirmlí filíochta na haoise, ach is pearsanta agus is uafásaí go mór na cuntais béaloidis. Ag breathnú dúinn ar na léaráidí a rinne James Mahony de chuid de na truáin don Illustrated London News, feictear íomhánna d’ainnise nach bhfuil léiriú uirthi sna dánta ón tréimhse chéanna.


Conclúid


Fianaise bhearnach neamhiomlán den Drochshaol a léirítear i bhfilíocht Ghaeilge na 19ú haois. Ní hiontas é ós rud é gur ar an bpobal neamhliteartha ba mheasa a thit crann an mhí-áidh agus gurbh as an bpobal céanna na cainteoirí Gaeilge. Tá laincisí mheán na filíochta le cur san áireamh chomh maith, tá na dánta ag teacht le riachtanais a linne ó thaobh foirme, móitífeanna agus scéalaíochta, taibhsítear dom. Fágann sin ar fad nach bhfaightear ach cuid de scéal an Drochshaoil iontu. Cé go bhfuil na tuairiscí béaloidis níos dírithe ar eachtraí a thit amach i gceantar faoi leith, ní deacair scáil an amhrais a chaitheamh orthu ar chúiseanna go leor.


Cé go bhfuil glór an phobail sin ba mhó a d’fhulaing an tOcras le clos sna blúiríní scaipthe seo a tháinig aníos chugainn, gach seans go bhfuil an glór sin as a riocht sna samplaí fánacha atá againn. Ní fheictear dom go bhfuil trácht ar na huafáis ba mheasa iontu acu oiread, an chanablacht mar shampla. Rud é a tharla agus is cinnte go scaipfeadh scéalta faoi, méid áirithe. Seans go bhféadfaí cuid den dearmad seo a leagan ar fhéinchinsireacht ach fágann laghad an ábhair, ar an iomlán, dóchúlacht ard gur easpa ábhair nó foinsí is cúis le go leor de na bearnaí. Ní féidir a bheith cinnte ach oiread go bhfuil na dánta nó na hamhráin seo ionadaíoch ar fhilíocht na linne.


Seans gur fíor do Ó Gráda nuair a deir sé go mb’fhéidir gur úrscéal nó dráma is fearr a léireodh scéalta agus dán phobal an Drochshaoil. Maitear easpa ábhair, bearnaí agus neamhiomláine i saothar ealaíne.


Nuair a aistríodh an Bíobla go hIonúitis deirtear gur cuireadh ‘rón’ in áit ‘uan’ sa nath ‘uan Dé’. Ní raibh taithí ag na hIonúitigh ar chaoirigh ná ar uain ach bhíodh róin go flúirseach timpeall orthu. Dá mbeadh aistritheoirí Bhedell ag feidhmiú 200 éigin bliain níos déanaí, timpeall ar am an Drochshaoil, arbh fhéidir go rithfeadh sé haistritheoir forásach éigin ‘práta’ a chur in ionad ‘arán’ sa rá Gaeilge, ‘Tabhair dúinn inniu ar n-arán laethúil’? Is cinnte gur túisce a thuigfeadh gnáthphobal Chríoch Fáil an Drochshaoil meafar an phráta ag an am sin. Níl ann ach cur i gcás, áfach, tuigim gur rídhócha fós gur ‘arán’ a roghnófaí.


Pé in Éirinn é ba chuma mar nach bhfreagrófaí impí úd an Challanánaigh ná na milliún mar é, ann nó as don fhocal arán nó práta. Níor éisteadh lena nguí; níor tugadh an bia agus ba é an bás an t-aon sólás a bhí acu.


Leabharliosta


de Brún, Fionntán, (2010) Filíocht Aodha Mhic Dhomhnaill (1802-1867): ag cur focal Gaeilge ar an naoú haois déag, FILÍ & FILÍOCHT, Éigse Cholm Cille, Doire.


de Fréine, Seán, (1978) The Great Silence: a study of a relationship between language and nationality, Corcaigh, Mercier.


Gerber, John J. Macionis, Linda M. (2010) Sociology (7th Canadian ed.). Toronto, Pearson Canada.


Ó Gráda, Cormac, (1994) An Drochshaol: Béaloideas agus Amhráin, Baile Átha Cliath, Coiscéim.


Ó Gráda, Cormac, (2015) Eating People Is Wrong, and Other Essays on Famine, Its Past, and Its Future, Princeton University Press.


Ní Mhunghaile, Lesa, (2015) The Irish language in County Meath, 1700-1900 Meath. History and Society. Interdisciplinary essays on the History of an Irish County, Baile Átha Cliath, Geography Publications.


Mac Síomóin, Tomás, (2014) The Broken Harp, Identity and Language in Modern Ireland, Nuascéalta Teoranta.


Slomanson, Peter, (2012) On the Great Silence: A Gap in Irish Historiography and Consequences for Language Education in Ireland, Nordic Irish Studies The Rest Is Silence, Dalarna University Centre for Irish Studies.


Mac Suibhne, Breandán, (2017) The End of Outrage Post-Famine Adjustment in Rural Ireland, Oxford University Press, Oxford.


Ó Súilleabháin, Seán, (1980) Caitheamh Aimsire ar Thórraimh, An Clóchomhar, Baile Átha Cliath.


Ó Tuathaigh, Gearóid, (2015) I mBéal an Bháis: The Great Famine and the Language Shift in Nineteenth-Century Ireland, Ireland's Great Hunger Museum.


Wolf, Nicholas, (2014) An Irish-speaking Island – State, Religion, Community, and the Linguistic Landscape in Ireland, 1770-1870, Wisconsin, University of Wisconsin Press.