Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday 13 October 2020

10 mbliana de Na Gaeil Óga

Píosa a scríobh Daithí de Buitléir ar 10 mbliana a bheith caite de Na Gaeil Óga.

 

 

Cothrom an lae inniu 10 mbliain ó shin, chuireamar Na Gaeil Óga ar bun.

Ag an am sin, bhí go leor ann a dúirt linn nach mbeadh an éileamh ann & nach mbeadh suim ag daoine. An seachtain gur seoladh an club scríobh an Sindo píosa tuairimíocht ag moladh ar bhfuinneamh ach ag tuar nach raibh in ann dúinn ach teip tar éis bliain nó dhó.

D'fhás Na Gaeil Óga níos tapúla ná mar a bhí éinne ag súil leis. Sa 10 mbliain sin táimid imithe ó bhunsmaoineamh go 26 foirne le breis is 500 baill imeartha. Ar an bPáirc d'éirigh linn 16 ardú céime a bhaint amach idir an 4 cód.

Go leanúnach ar an dturas, leagadh síos dúshlán romhainn agus sháraíomar iad. Dúradh nach raibh iomáint, camógaíocht, faoi-aois agus go leor rudaí eile indéanta agus léirigh muid go raibh.

Pribhléid mhór dúinn tabhairt faoin aistear le cuid do na daoine is spreagúla, spéisiúla & siamsúla dá bhfuil ann.

Ar bhonn pearsanta, an rud is mó a bhí uaim i gcónaí ná go gheobhaidh gach duine i bhfad níos mó ar ais ó NGÓ ná mar a chuir siad isteach ann idir caían rud is mó a bhí uaim i gcónaí ná go gheobhaidh gach duine i bhfad níos mó ar ais ó NGÓ ná mar a chuir siad isteach ann idir cairdeas, cuimhní, aclaíocht, spóirt & teanga. Is cinnte go bhfuair mise sin agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil do gach duine as sin.

Ba bhreá liom dá n-iompróidh gach duine an tuiscint leo dá saol ar fad gur féidir le grúpa beag daoine rudaí speisialta a dhéanamh. Go dtógfaimid an tuiscint sin ar aghaidh linn mar croílár gach rud a dhéanann muid ar an bPáirc agus as an bPáirc. Go leanfaidh muid linn lenár súile i dtreo an todhchaí agus an tuiscint againn go bhfuil muid ag cruthú rud éigin speisialta.

Moladh mór do gach duine a bhí ar an dturas. Ní bheadh muid anseo murach na rólanna beaga & móra a d'imir gach duine agaibh!

Ag súil go mór lena bhfuil i ndán dúinn i 2021, 2022...agus an 8 bhliain eile ina dhiadh sin.💪🏆✊

No comments:

Post a Comment