|
Réamhrá
Réadúlacht na Scríbhneoireachta
An Scéal Féin
Alt Deiridh an Scéil
An Scéal Droim ar Ais
Conclúid
Leabharliosta
Iarnótaí
Réamhrá
Eiseamláir d’ionad an duine i gcruinne chruálach gan bhrí’ é an scéal Ding, scéal a bhfuil an bás agus an col ina n-uiscí faoi thalamh go smior ann. Is
féidir a rá, leis, go ndíríonn an scéal isteach ar eispéireas an duine
aonair go paiteanta, níl ach an reacaire Éamonn ag caint sa scéal ar fad
nach mór, cé is moite de chríoch mheitifisiciúil an phíosa. Toisc gur
féidir tuiscintí áirithe éagsúla a bhaint as an scéal agus go bhfuil
roinnt míshoiléire agus an-chuid íogaire cainte ann is gá dúinn é a
léamh agus teacht ar thuiscint faoina dtarlaíonn ann go baileach.[1], [i]
Réadúlacht na Scríbhneoireachta
Sa
ghearrscéal máistriúil seo ó pheann Mhic Mhathúna faightear léargas ar
scoth a phinn ó thaobh an tslí a ndéanann sé ionramháil leis an gcaint
is an cur síos readúil a bhfuil an iliomad mionsonraí bainteach leis is
cabhraíonn sé linn an domhan seo a shamhlú ós ár gcomhair amach.
Luann sé an iliomad carranna; Volvo, Granada is an Range Rover, is cur síos beacht ar ionramháil an foghlaimeora leis, scuaid na bpóilíní a bheith ar aire, Yamaha is a chicthosaitheoir is an scóig.[2]
Luaitear an Grove Hotel,
beár óstáin ar nós gach beár ostáin tuaithe is tá sé líonta le
carachtair réadula; Rodney Bacastle na gcapall, an chaint ar an bhfíon
geinéabha, gin is an fhuinneog bay[3], focail Bhéarla ag tabhairt chaint an phobail chomhaimseartha chugainn go beo beathach.
Agus
an t-athair ag caint tráchtar ar na crainn is is léir an tuiscint gheár
atá ag Mac Mathúna ar ghnóthaí den tsórt seo, toisc a ghléineach is a
mhionshonraíoch is atá an cur síos. Tá galar na gcrann, galar na leamhán
Dúitseach[4]
luaite, chomh maith le feabhas an leamháin mar chuailí fáil. Luaitear
nósanna aisteacha an athar agus sin againn é ina steillebheatha ós ár
gcomhair.
Tá
an chosúlacht ar na hainmneacha gur as deisceart na tíre dóibh, cinn a
thabharfadh Gaeltachtaí Chiarraí i gcuimhne do dhuine, ach is
áitainmneacha iad a cumadh leis an gcuma sin a chur ar an scéal. Tá an
Caol Dubh, an abhainn, geall le bheith ina carachtar sa scéal seo, is
bagartach mar a dhéanann sí a lubarnaíl síos chun farraige. Cabhraíonn
Paróiste na Scríne, An Fear Bréige, Maolas, Droicheadh an Aimhirgidin,
Tigh Downey, an avenue[5] is na sloinnte muintir Hallissey, is na Donnabhánaigh le domhan iomlán inchreidte a chruthú. Domhan atá gan trua, gan taise mar a tharlaíonn.
Luaitear an Rayburn cineál cócaireáin nó sorn is an tslí gurbh fhearr ola nó téamh láranch. Déantar caint sa Ghrove ar lágar agus toitíní carroll a chabhraíonn linn an suíomh a shamhlú gan móran deacrachta. An Kerry Hobby[6],
is léir tuiscint ar shaol na tuaithe agus déanann seo iomlánú ar
dhomhan an scéil dúinn. Tugtar sprid do theicneolaíocht an bháis toisc a
chasta is atá an cur síos, leictreachas phas-dúbailte, an luibhicíd Paraquat is
an tarbh charolais. Arís eile is leir lámh an duine a thuigeann cúrsaí
feirme go maith le domhan fairsing réadúil a chur ós a gcomhair gona
theicneolaíocht bhásmar.
Luaitear biorán is cíochbheart as Béarla[7]
toisc go mbaineann seo leis an máthair, níl sise tugtha don
tseannósmhaireacht ar nós an athair agus is réadúil an ionramháil a
dhéantar orthu.
Tugann leithéidí “wet cold spiral, due to exposure” is an dairy[8]
tathag is téagar don scéal. Is deacair do dhuine gan creidiúint ann.
Cabhraíonn an uile rud anseo le cruthú na cruinne dearóile inchreidte,
agus is seoigh a éiríonn le Mac Mathúna sa méid seo.
An Scéal Féin
Tosaíonn
an scéal le halt gleoite deá-dhéanta. Níl a fhios againn gur máthair an
reacaire atá i gceist, is éiríonn leis an scéalaí sinn a tharraingt
isteach ina ghrá di, cé nach dtuigimid gur ghaolta iad. Is deas mar a
chruthaítear domhan inchreidte.
‘Dar le cách d’fhéadfadh sí a rogha rud a dhéanamh le héadaí; dar liomsa d’fheadfadh sí a rogha rud a dhéanamh’
Tá an t-athrá seo iontach rithimiúil is bogaimid linn isteach sa scéal go beo.
Sa dara alt feictear tús chúbláil na máthar; tá cara rúin uaithi. Feictear tús choimpléasc Éideapúis[9]
‘leis an ngrian ag taitneamh trína grúna aniar.’ Is léir go bhfuil rud
beag den anghrá aige dá mháthair. Is iomaí cosulacht idir Ding agus Scéal Éideapúis.[10][ii] Má
bhreathnaímid ar scéal Éideapúis, is léir gur againn arís eile duine
agus a ionad i gcruinne chruálach gan bhrí. Imríonn an saol a cruálacht
ar Éideadpús is déantar iarracht é a mharú ag an athair, is é ag súil go
bhfaighidh se bás ar thaobh sléibhe, tógann seo an tslí go ligeann
Éamonn dá athair féin bás a fháil ar an leac. Sa dá scéal feicfimid
clanna saibhre, ríthe i scéal Éideapúis agus feirmeoirí móra in Ding. Tragóid is ea scéal Éideapúis agus is léir an bhaint idir seo agus deireadh an scéil s’againne. Luaitear tragóid ag críoch Ding. Níl i ndeireadh thragóid Éideapúis ach bás agus is amhlaidh ag deireadh Ding. Is maith mar a ionramhálann Mac Mathúna an macallú a dhéanann sé in Ding ar
an mbunscéal agus baineann sé adhmad nua as go cinnte. Má sheinntear
scéal Éideapúis droim ar ais tosaíonn sé le deáthús, mar go raibh
deacracht ag a thuistí páiste a bheith acu agus láidríonn seo an
tuiscint gur thóg Mac Mathúna cuid mhaith ionspráide ó scéal Éideapúis.[11]
Nuair a thosaíonn an chaint ar ghalar na leamhán deirtear ‘Tá an t-am istigh do na leamháin go léir’ agus go mbeidh a ndóthain adhmaid ann do chónra do gach éinne in Éirinn.
‘An dtaitneodh babhta scoilte leat?- dingeanna nua agam. Ar chualais riamh “ding de féin a scoilteann an leamhán”?’
Tá
caint bhlasta curtha i mbéal an athar ag Mac Mathúna, seanfhocail is
foirmeacha táite ina n-orlaí trithí. Tuarann rá doracha seo bás an
athar, ach ann féin tá sé fíordheas mar dheismireacht.[12]
Tá
an t-ól ina chuid lárnach den scéal seo, is sa teach tábhairne a
chaitear an chuid is mó den am sóisialta, agus bíonn an t-athair níos
foreigní is é ‘ar na stártha’. An tslí go bhfuil ar Éamonn aiste a
scríobh ar an ód mar fhoirm filíochta, dearbhaíonn seo dúinn go bhfuil
sé ina aonar amach is amach, cé go bhfuil an t-athair ag tabhairt
drochíde don mháthair ní féidir leis éalú ó ghnáthchúraimí na scoile.
Arís feictear iompar ionramhálach na máthar nuair a deir sí go bhfuil
cara rúin uaithi athuair, ansin deir sí rud fíorshuntasach.
‘Is é rud is mó atá ag déanamh tinnis dom ná go maróidh an t-ól oíche éigin é’[13]
Bagairt
uaithi atá anseo, teachtaireacht fholaigh uaithi don mhac ag rá leis an
t-athair a mharú. Is nuair a fhiafraíonn an mac conas, luann sí i
mbealach ceilte conas go bhféadfaí é a dhéanamh
‘Uaireanta bíonn an droichídín creathánach á thaibhreamh dom.’
Is é seo a chuireann síol an mharaithe ann agus a spreagann é le hiarracht a dhéanamh
a athair a mharú, agus is maith mar a thuigeann sí seo. Is léir anseo
an domhan cruálach gan bhrí, an mháthair ag cur air an t-athair a mharú i
nganfhios dó féin fiú.
‘Gheal an lá orm, is dorchacht orm, mé ródhéanach don scoil. Bhuail sí isteach chugam le cupán tae, súil dhubh uirthi’
Is
maith atá an chodarsnacht seo i dtacar na ndathanna tógtha agus
suíomhann sé an mac i ndomhan duairc dorcha, is bagairt an fhoréigin ann
go seasta. Dá éis sin cuireann Éamonn borradh ina bhícéips le hiarracht
aisteach éigin a mháthair a mhealladh beagán. Is léir arís an chruinne
gan bhrí anseo, mac a ghránn máthair aige. Arís eile feictear an
t-anghrá seo ar, áit a mbíonn ‘ingne daite mo mháthar go teann ar an
roth’.[14] Is deacair gan léamh fallach a dhéanamh air seo.
Arís
eile deir an mháthair go bhfuil sí buartha go bhfuil an t-athair ar tí a
mharaithe le ragairne. Luann sí plúchadh, agus shamhlófá go bhfuil sí
ag tabhairt roghanna éagsúla don mhac de shlite lena bhféadfadh sé a
athair a mharú. Ainneoin seo ligeann sí uirthi go bhfuil sí ar buile
amach is amach leis nuair a thugann sé le fios go mb’fhéidir go maródh
sé é. Scéiméir gan puinn scrupall atá inti agus imríonn sí a tionchar ar
mhianta is ar mhothúcháin a mic.
Tagann cor sa scéal nuair a mhaslaíonn Éamonn a athair;
‘Agus fuairis oideachas maith’
Fuair is nára maith agat.’
Tugann
an t-athair léasadh d’ Éamonn is imíonn sé ar strae isteach i
roscchoill mar a chaitheadh sé a óige. Seo an t-aon áit a mothaíonn sé
ar a chompord ann toisc a bhagrach is a neamhthrócaireach is atá an saol
thart air. Nuair a fheiceann an mháthair an cruth atá air is nuair a
mhíníonn sé gur thit sé deir sí;
‘Tá na t-ionú ann deireadh a bheith le titim sa teach seo’
Is
ionann seo agus rá go follasach leis an mac an t-athair a chriogadh.
Ansin déanann Éamonn iarracht an t-athair a scaoileadh isteach sa Chaol Dubh. Éiríonn le peann Mhic Mhathúna an pár a athrú ina íomhá ghléineach den droichead.
‘Ghluais
sé thar an droichead creathánach, siúl mearbhlach faoi a bhain lúbadh
diamhair as na cleitheacha láir faoi mar a bheadh griogadh na cinniúna.’
Tá
an caighdeán cumadóireachta scothach ar fad i mo thuairim. Feictear mac
na soineachtachta ina chadhain aonraic, níl cara rúin ar bith aige, seo
aonarán, imeallaithe ag a athair is olc-chluiche buailte air ag a
mháthair. Tógann teicneolaíocht an bháis isteach in umar na gruamachta
is na haimléise sinn. Téann Éamonn is sinn ar bhóthar a aimhleasa
seisean. Nuair a thiteann sé síos an tobar is léir go bhfuil scéal an
bháis ag teacht chun críche, pé acu athair nó mac a mharófar. Deirtear
linn anois go mbíonn an t-athair ag caitheamh oícheanta i dteach an
bhainne. Tagann tábhacht nach beag air seo nuair a thuigeann an
léitheoir ag deireadh fáth seo na n-oícheanta bainne.[15]
Tugann an mháthair le fios anois go bhfuil an ghealach air, ag
saighdeadh Éamoinn chun a mharaithe toisc go bhfuil sé sceimhlithe faoi.
Nuair
a thagann an mac ar mháthair s’aige leathnocht ag scuabadh a cuid
gruaige is léir don léitheoir mí-oiriúnacht an chaidrimh. Tuigeann an
mháthair seo agus cé gur í is sine is is cumhachtaí ar fad as an mbeirt
acu ligeann sí dó grá a bheith aige di. Is léir méar an choil ar an gcaidreamh is an mac ag gáire go míchompordach faoi na ‘cíocha clóchasacha gan smig fúthu’.[16]
Ansin deir sí leis nach fiú mórán measa a bheith aige ar an scoil toisc
gur aige a bheidh feirm mhór na 660 acra feasta. Is ionann seo agus an
buachaill a scaradh óna aon taca eile dar liom. Deir sí leis nach bhfuil
aon tábhachtach leis an oideachas, a thógann cruinne gan bhrí chun
cuimhne láithreach. Déanann sí iarracht, leis, cleamhnas a dhéanamh dó
mar is mian léi féin é, níl neart aige ar chúrsaí a shaoil féin fiú.
Ansin tógann Éamonn sólaistí chuig an athair atá amuigh ag gearradh. Baineann an sliocht seo agus ní ba luaithe maidir leis an rud céanna macalla as dán clúiteach Uí Éanaí Digging (Ag Baint)[17] is casann sé ar a cheann é i gceart, ní meas atá ann don charachtar athartha ach lombhinb is fuacht gan cheilt.
‘D’fhéadfadh mo sheanathairsa níos mó móna a ghearradh in aon lá
Ná aon fhear eile ar phortach Toner
Uair amháin, d’iompraíos buidéal bainne dó
Corcáilte go tútach le páipéar. Righnigh sé in airde
Len é a ól, is chrom isteach air láithreach bonn
Ag eangú is ag slisniú go néata, ag caitheamh scraitheanna
Thar ghualainn leis, ag baint níos doimhne is níos doimhne
I gcóir na clochmhóine. Ag baint.’
I ndiaidh seo atá príomheachtra an scéil;
‘Ní
foláir nó bhog a chos an crann mar chomh luath is a chuir sé a lámh
isteach, dhún béal na scoilte air de phlab is d’fháisc air. Chuala
cnámha a láimhe á mbriseadh mar uibheacha is gach aon bhéic as ag
gearradh an aeir i mo thimpeall.
‘Sheinn siad orm, léan orthu!’
Is téann an mac ar seachrán ar an Yamaha
ar fud na dúiche, ina aonar is ní léir dáiríre aon chaidreamh daonna a
bhualadh leis. Is deas liom an líne ‘isteach sa scoilt a bhíodar ag
féachaint, amhail is go raibh rún mór le ligean ag an adhmad leo.’[18]
Is léir anseo rún folaithe an mhic is anbhás an athar is brúidiúlacht
an tsaoil, cé nár mharaigh Éamonn é go díreach, lig se dó bas anróiteach
a fháil ar an leaca.
Tiontaíonn
an mháthair ar an mac tar éis na heachtra seo áfach, tuigeann sí gur é a
mharaigh é, agus dealraíonn se go bhfuil fearg uithi nó ar a laghadh go
bhfuil sí ag ligean uithi gur feargach atá sí.
‘Is tú mac d’athar, gan aon dabht, stuacach nuair is mian leat é.’
Is;
‘Mar a leagtar an crann is ann a bhíonn na slisneacha.’[19]
Is deir sí seo le binb is le magadh, cé go raibh sí tar éis an mac a bhrú chun a dhéanta
is olc léi an fhírinne ó go bhfuil sé tarlaithe b’fhéidir. Smaoinníonn
Eamonn ar ‘sás a dhéanta a chuimnigh ar’ ach teipeann air na focail a rá
léi. Mar bharr ar an donas tarlaíonn Éamonn ar a mháthair is Joe Hasset
atá tar éis luí lena chéile, is faigheann amach gur caidreamh
seanbhunaithe é. Deir an mháthair le Joe
‘Joe, tá rud amháin ag déanamh tinnis dom faoi.’
….go maróidh sé féin
Ar an Yamaha, oíche éigin,’
Seo
díreach an tógáil cainte Ciarraíoch a d’úsáid sí nuair a chuir sí brú
ar Éamaonn an t-athair a mharú agus is cosúil go bhfuil sí ag iarraidh
an brú céanna a chur ar Joe anois.
‘Ansin
go mall mall bhraitheas mo dhomhan ag bogadh, ag casadh is ag imeacht
ina bhulla báisín buile síos craos an tobair sin, aghaidh Debbie,
dingeanna m’athar, gineanna bándearga, mo pháirceanna, mo bhrionglóidí,
gach uile rud á scaoileadh faoi duibheagán.’[20]
Siod
é an abairt is fearr a chuimsíonn a bhfuil sa cheist thuas, tá domhan
Éamoinn ina chíor thuathail, tá an taon rud ar thug seo grá di anois, is
le tamall, ag luí le fear úr, is tá gach cosúlacht ar an scéal gur ag
iarraidh é a mharú atá sí.
Imíonn
Eamonn faoi dhéin theach an bhainne is faigheann stór an athar ann, is
tuigeann sé cúrsaí anois san aistriú paraidíme seo. Thuig a athair féin
go raibh caidreamh rúin ar bun ag a bhean chéile is b’shin a chúisigh a
oícheanta thíos ansin.[21] Luaitear an iliomad rudaí ata stóráilte ann agus go sonrach ar deireadh, gránghunna a bhfuil ‘dóthain piléar d’arm fear ann’[22]
Ansin
críochnaítear an scéal leis an alt deiridh úd nach somhinithe dó. Is
ionann an scéal seo agus máistir ag cruthú domhain uafásaigh dúinn. Is
féidir a rá go cinnte gur chruinne chruálach gan bhrí atá ann. Is
eispéireas Éamoinn, aonarán atá tréigthe ag athair is máthair, atá go
mór i dtreis ann, eispéireas lán dóláis ar deacair aon chríoch eile a
shamhlú leis ach a bhás féin, dá lámh féin nó b’fhéidir ag Lámh Joe. Is
ionann Éamonn agus ding a scoilteann a athair, ní foláir cuimhneamh gur
lig sé do bás a fháil is dá bhri sin tá sé ar aon chruas is ar aon
chruálacht leis is leis an máthair ach ding é i gcluiche na máthar fosta
agus is measa fós é seo toisc gur í amháin ar domhan a thugann sé grá
di.
Alt Deiridh an Scéil
Is
é an t-alt deiridh an t-alt is tábhachtaí sa scéal ar fad ar ndóigh,
gan é a thuiscint níorbh fhiú dúinn iarracht a dhéanamh aon mheabhair nó
mothú a bhaint as an scéal ar chor ar bith. Ach an Éamonn atá ag caint nó reacaire anaithnid é atá ag coimheád Éamoinn?
‘Tá
sé á thaibhreamh dom nach bhfuil sa saol ach tragóid teilifíse. Tá dhá
shlí ann chun tragóid teilifíse a sheinm – ar aghaidh nó droim ar ais.
Is fearr liomsa droim ar ais é, mar sa tslí sin críochnóidh tú i gcónaí
le tosach maith.’
Deir sé linn go gcaithfear an scéal a thuiscint droim ar ais. Is
gá sin a dhéanamh agus fiúntas na coda seo a phlé, an gcuireann sé leis
an scéal nó an mbaineann sé uaidh? An é go bhfuil sé ag iarraidh orainn
an scéal a bhaint anuas is é a chur le chéile droim ar ais le teacht ar
mhórfhírinne de chuid na cruinne cruálaí seo, sé sin gur séanadh na
fírinne an t-aon slí leis an mbrón a chosc nó an díreach píosa
samhailteach, taibhseach gan chiall atá i gceist aige?
An Scéal Droim ar Ais
Má
sheinnfimid an scéal droim ar ais mar a luaitear is é an chríoch ata
ann ná radharac na máthar san Aifreann, ag an bpointe úd nach raibh a
fhios againn gur mháthair Eamoinn atá ini, mar sin tá Mac Mathún ag
iarraidh orainn dearmaid a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha faoin saol
iarbhír anróiteach uafásach seo is tabhairt faoin gcur i gcéill. Dar
leis is é sin an tslí sin fearr le críoch shona a bheith agat. Diúltaíonn
Mac Mathúna don chruinne chruálach gan bhrí trí aisling nó brionglóid a
bheith aige, ach ar ndóigh tuigtear gur bréag atá sa bhrionglóid agus
gur aisling gan fíorú a bheidh sa taibhreamh. Níl sé ag rá
gur an fhírinne atá ann, tá sé ag rá go séantar an fhírinne nuair is
róshearbh di, agus tá seo á dhéanamh aige i gcomhthéacs ailt thaibhsigh
na críche. Críoch le domhan Éamoinn ding.
Conclúid
Tá léirithe agam gan aon phioc amhrais go bpléann Ding le ‘Ionad an duine i gcruinne chruálach gan bhrí’ …[is] eispéireas an duine aonair’ Mathún de chuid na cumadóireachta é Mac Mathúna agus seoid den litríocht Ghaelach an scéal duairc seo.
Leabharliosta
1. Heaney, Seamus. Death of a Naturalist (Bás Nádúraí), 1966.
2. Mac Mathúna, Seán. Ding, An Comhlucht Oideachais, Baile Átha Cliath, 1983.
3. Sophocles. (Aistrithe ag David Grene) Oedipus the King (Éideapús Rí), University of Chigaco Press, Chicago, 1991.
Iarnótaí
[1] Aithnímse
gur féidir roinnt léamha éagsúla a dhéanamh ar an téacs seo ach ní
luafaidh me anseo ach an ceann is mó a cheapaim féin a bheith I gceist.
Is é is dóchúla ar fad dar liom, cé nach é is soiléire. (Féach iarnóta a
haon le mo thuiscitn ar an scéal a fháil)
[2] An squad, an Kickstarter, is Throttle an Bhéarla.
[3] Báfhuinneog i nGaeilge.
[4] Galar na nDutch elm mar atá sa téacs.
[5] Ascaill na gaeilge.
[6] Peata capaillín.
[7] clip is bra.
[8]‘bís fhuacht fhliuch, i ngeall ar nochtadh’ agus teach an bhainne is ciall dóibh seo as Gaeilge.
[9] lch. 209. Ding.
Is
gá finscéal Éideapúis a thuiscint go maith, i mo thuairim, is léir gur
ag tagairt don choimpléasc Eideapúis atá Mac Mathúna, ach sa bhreis air
sin braithim go bhfuil sé ag tagairt do bhunscéal Éideapúis leis. (Féach
iarnta a dó)
[11] Tuairim
phearsanta é gur thóg Mac mathuna ionspraid ó Scéal Éideapúis, braithim
go bhfuil an oiread sin cosúlachtaí eatarthu gur gá seo a thuiscint go
sonrach g®á don mháthair is bás ar thaobh sléibhe. Is féidir go bhfuil
dul amú orm, áfach.
[12]
Tógann sé seanfhocal an Bhéarla (The apple doesn’t fall far from the
tree chun cuimhne agus feileann seo g maith don chaidreamh idir mac is athair is don tslí a bhfuil dúl mhór ag an athair san crainn)(Nasc seo leis an gceann eile is leis an nGaermánis)
[13] lch 212
[14] lch. 216
[15] Tuigtear ag deireadh gur ag iarraidh éalú ón máthair atá i gcaidreamh rúin atá sé.
[16] Lch. 221.
[17] Sliocht aistrithe agam féin. Seo thíos an bundán Béarla.
My grandfather could cut more turf in a day
Than any other man on Toner's bog.
Once I carried him milk in a bottle
Corked sloppily with paper. He straightened up
To drink it, then fell to right away
Nicking and slicing neatly, heaving sods
Over his shoulder, digging down and down
For the good turf. Digging.
Ó Death of a Naturalist (Bás Nádúraí) (1966) le Seamas Heaney.
[18] Lch. 227.
[19] Tógann seo seanfhocal na Gearmáinise ‘der Apfel fellt nicht gerne weit vom Baume’ chun cuimhne. Is ann do leaganacha den rá seo sa Ghaeilge is sa Bhéarla araon.
[20] Déann an focal seo ‘duibheagán’ suimú ar an saol sa scéal seo, duibheagán gan ghrinneal atá lán den chruálacht gan bhrí.
[21] Tuigtear nach ag déanamh leithscéil i leith iompar an athar sa scéal seo atáim.
[22]
Spreagann seo sinn le smaoineamh ar dhíoltas éigin a d’féadfadh teacht ó
Éamonn nó tubaiste bhrónach, ar nós na gceann a bhfuil trácht cloiste
againn ar an teilifís orthu.
[i] Creatlach an Scéil
Tosaíonn
an scéal agus bean san aifreann, is téann sí agus fear nó buachaill ag
tiomáint. Aithníonn sé marc ar mhuinéal s’aici, cuirtear ar shúile na
léitheoirí go bhfuil caidreamh foiréigeanach idir an bhean seo agus a
fear céile. Ansin deirtear linn gur máthair an phríomcharachtair atá i
gceist (roimhe seo cheapamar gur chailín dá chuid a bhí inti[i],
Imíonn an insint ar aghaidh de léim ansin is déantar cur síos ar athair
Éamoinn agus an dúil atá aige sna crainn. Éiríonn teannas eatarthu
nuair a thráchtar ar an máthair.Dá éis imeacht an athar ag ól deir an mháthair le hÉamonn go bhfuil cara rúin uaithi agus deir sí go bhfuil buairt uirthi go maróidh an t-ól oiche éigin e. Tugann an t-athair léasadh don mháthair aris. Teann mac is máthair ar thuras gluaisteáin is insíonn an mháthar d’Éamonn arís go gceapann sí go maróidh sé féin, is deir Émaonn go maróidh sé féin é.
Anisn éiríonn ina raic eadarthu athuair is tugann an t-athair greadadh dó le ceanrach. Bíonn Éamonn iomlán tógtha lena áthair a ghlacadh de dhroim an tsaoil ach ní éiríonn leis go fóilleach. Tagann Éamonn isteach lá agus bíonn a mháthair nocht ina seomra codlata. Ansin téann Éamonn chun na háite a bhfuil an t-athair ag leagan crann. Trí thimpiste dúnann cos an chrainn ar lámh an athar is imíonn Éamonn le fóirithint a fháil. Déanann an mac athmhachnamh ar an gceist is imíonn leis.
Aimsítear corpán an athar ar an leaca mar a raibh sé. Déanann an mháthair an teach a athchóiriú ach tagann amhras uirthi faoi ról Éamoinn i gcás an athair. Dúisítear Éamonn d’aithle sin is feiceann go bhfuil Joe Hassett tar éis luí lena mháthair is go raibh caidreamh rúin ar bun acu le tamall.
Téann Éamonn ar mire ansin is téann faoi dhéin theach an bhainne is aimsíonn stór mór bia roimhe ann, agus na bunriachtanais le go bhféadfadh duine maireachtáil ann. Ag earr an scéil ar fad, labhraíonn duine, ní fios an é Éamonn atá i gceist nó mór-reacaire atá lonnaithe taobh amuigh de, is deir go gceapann sé gur tragóid teilifíse atá sa saol agus go bhfuil dhá shlí leo sin a sheinm. Deir sé gur fearr í a sheinm droim ar ais, mar sa tslí sin go gcríochnaítear ar deá-scéal.
[ii] Scéal Éideapús Rí
De
réir mhiotaseolaíocht na Gréige ba mhac do Laius agus Jocasta é
Éideapús. Rinneadh tuar go maródh an mac fear céile Jocasta agus go
bpósfadh sé í. Le hiarracht a dhéanamh cosc a chur ar an
tairngreacht cheangail Laius rúitíní a mhic le chéile le nach bhfeáfadh
sé lámhacán a dhéanamh is thug sé do shearbhónta leis lena é a thréigean
ar shliabh a bhí i bhfoisceacht don teach.
Rinne
an searbhónta tuisceanach an leanbh a thabhairt d’aoire ó Chorinth is
tógann clann ríoga ann é is baisteann siad Éideapús air i ngeall ar na
díobhálacha atá ar a rúitíní (Tagann an focal éidéime (agus an leagan
Béarla oedema) ón bhfocal Gréigise céanna d’ at οἴδημα, nó oedēma.) Nuair
a fhaigheann Éideapús amach go mb’fhéidir nach iad a thuismitheoirí
bitheolaíocha déanann iarracht teitheadh ón rud atá tuartha dó .i. go
maróidh sé a athair is go bpósfaidh sé a mháthair. Casann sé ar a
fhíorathair i nganfhios dó agus comhlíonann sé an tairngreacht dá
ainneoin féin.
This comment has been removed by a blog administrator.
ReplyDelete