Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Friday, 9 October 2015

Trí rud (Fíorscéal)

Tháinig Paddy K orm gan choinne
feadh na canálach
is mé ag meabhrú
ar dhán eipiciúil
mé ag fálróid abhaile déanach
Tá sé reoite ann
Paddy K cré-umha
ach sa doircheacht bhain sé léimín beag bídeach asam
cheapas gur duine a bhí romham
ní raibh ann ach file
dealbh
Chuaigh leis an gcanáil a thrasnú
gur tháinig bean fé mo dhéin
ón mbruach thall
ainneoin na doircheachta
lasadh a balcaisí oíche
faoi ghealra
ligeas di an loc a thrasnú
bheith béasach, laidhc
Ise: Looking for business?
Nach fileata
Nach gonta
Mise: No, thanks.
Ise: Just polite, then.
Mise: Ya, Good night.
D’fhan Paddy K ina thost
Bhí sé beagfhoclach riamh
Ach bhí tugtha aige dom
dá dheargainneoin féin
trí rud;

Siren. Imram. Is teacht slán.

Haikuanna

I
Ruaigeann file cat
Meamhlach sa bhánfhuacht luath
Siúd luchóg! Seanfhocal.
II
Gluaiseann glaise ghlas
Ón sliabh ard go farraige síos
Líonfar na sléibhte arís
III

Faiche lomtha thall
Rás caisearbhán, fás aon lae,
Is scaiptear síolta

2016 (ina dtagann Pearse ar ais chuig Éire na linne seo)

Tháinig Pearse ar ais inné,
ar an Dart is é ag teacht ó Bhré,
thuirling ansin i lár na cathrach
is d’iarr de dhaoine go briste stadach
cá raibh sé go díreach, cén tír í seo?
is d’fhreagair i mBéarlagair iad ar fad d’aon ghuth
go raibh a éide iontach
go raibh a raidhfil gan lucht
glacfaimid selfie, snapchat is beidh tú Facebooked
agus sháigh chuige selfie sticks
gur ghlacadar, na pricks, pix
Ar ndóigh Éire atá ann, an bhfuil cúpla euro uait?
As an bpic a ghlacadh, tá sé tuillte agat.
Níl ná é, ach abairse liom
Cén bhliain atá ann? Seo Polacht na hÉireann?
Gháir siad is chroith lámh leis is mhol go hard é
ach bhíodar ar fad bailithe leo roimh dheireadh an lae
cheistigh sé is cheistigh ach freagra ní bhfuair
gur bhuail sé faoi ar an gcoincréit fhuar
is caitheadh cúpla cent lena thaobh
is páipeár nuachta is thosaigh á léamh
The Irish Times 2016
100 bliain tar éis gur éag
Léigh sé is léigh sé go raibh a shúile greamaitheach glaeúil gliúláilte.
Ní fada gur tháinig tuiscint dó.
Éire mo chlann féin
2 for the price of one
a dhíol a máthair
€2 for a hostel?
Mór mo ghlóir
Will ya ever fuck off One Direction are like my life.
Na dathanna, na fuaimeanna, na cairteanna mótair
Sluaite ag léimneach, ag liúrigh ag trasnú an bhóthair
Is boladh géarmhilischorr aisteach sa tsráid.
Is léimeann Pearse in airde
é tagtha chuige féin
is d’aon mhórléimt amháin
caitheann féin faoi aercoach.
Smaoineamh fáin ar foluain ina intinn istigh

Seans gurbh fhearr 2116 féin.

Sunday, 27 September 2015

Croithigí Daoibh an Deannach le hAnis Mojgani athleagan Shake the Dust

Croithigí Daoibh an Deannach
le hAnis Mojgani

An ceann seo díreach, seo ceann do na cailíní ramhra
seo ceann do na deartháireacha óga,
seo do mheatacháin an chlóis scoile
is do mhaistíní na hóige a chráigh iad
d'iarbhanríon an debs, agus do lucht cispheile na gciseán
is do lucht ite cereals oíche is don seandream fáilteoirí doras tosaigh Aldi a oibreoidh choíche
croithigí daoibh an deannach

seo do na binsí agus do na daoine in airde orthu
do na tiománaithe bus a thiomáineann thar mhilliún iomainn bhriste
do na fir a chromann ar thrí phost díreach le go seasfaidh a bpaistí
do na scoláirí oíche agus rothaithe an mheán-oíche a thugann faoi eililt
croithigí daoibh an deannach

Seo dóibh siúd atá dhá bhliain d'aois is nach dtuigtear mar go labhraíonn siad idir Ghaeilge agus bhriathar Dé
croithigí daoibh an deannach

seo do bhuachaillí na ndeirfiúracha fíor fíorálainn
croithigí daoibh an deannach

do chailíní na ndeartháireacha atá ag dul le ceangal
do dhaoine cúthaileacha an chúinne sa rang corpoideachais agus iad siúd deich mbliana d'aois a bhfuil scáth orthu roimh cheathanna poiblí
do ghasúr síordhéanach an ranga mar go ndearmadaíonn sé cód a chealtáin
don chailín sin ar grá léi duine eile
croithigí daoibh an deannach

seo do na fir chrua a shantaíonn grá ach a thuigeann nach dtiocfaidh
dóibh sin a ndéantar dearmad orthu, an dream nach seasann leasuithe an fód dóibh
dóibh siúd a ndeirtear leo labhairt díreach nuair a labhraítear leo, is ansin ní labhraíonn éinne leo riamh. Labhair gach uile uair a seasann tú, le nach ndearmadóir tú féin.
Ná lig do nóiméad sleamhnú thart nach gcuireann i gcuimhne duit go mbuaileann do chroíse 100,000 uair sa lá agus go bhfuil do dhóthain galún fola ionat le haigéan a dhéanamh asat.

Ná bí socair go socródh na tuillte seo is go mbaileodh an deannach seo i do chuid féitheacha
Seo don phéidifilach aontumha a choinníonn air ag streachailt
Seo do na múinteoirí filíochta agus na daoine a théann ar saoire leo féin
Do na braonta allais ó liopaí Mick Jagger lasta agus don sciorta ar chromáin chasta Tina Turner ghasta, do na flaithis bheaga is chráite a bhfuil Tina tar éis taisteal tríothu
Seo do dhream na tuirse, lucht céapars, teaghlaigh na mbeidh riamh mar a bhí i nGlenrow, le dinnéaracha dea-dhéanta agus tuistí amhail Biddy is Miley.

Seo do lucht an bhiogóideachais
lucht an ghnéasachais
seo do na marfóirí
Seo do chait theach mór an phríosúin ag iompú ina slánaitheoirí agus don chaoi a dtagann earrach i ndiaidh an uile gheimhreadh
Duitse é seo.
Duitse é seo.

Déan cinnte go bhfuil tú bailithe leat faoin am a bhfilleann an t-iascaire
Mar, díreach ar nós an ghobadáin, freastalaím an dá thrá, agus chuile uair a scríobhaim, chuile uair a osclaím mo shúile duit gearraim uaim píosaí díom féin díreach le bronnadh ort.
Croith díot an deannach mar sin agus tabhair liom tú nuair a dhéanann, mar níor domsa riamh é seo.
An uile rud siar is aniar, soir is anoir, soir duitse é
Mar sin beir greim ar an gcruinne seo as a phionnaí éadaigh agus croith amach é arís is arís eile is léim ar barr, agus tóg ar spionn é agus nuair a léimeann tú de arís croith arís é mar is leatsa seo.

Déan cinnte gur fiú mo chuid focal, cinntigh nach díreach dán eile a scríobhaim é seo, nach díreach oíche eile a shuíonn go trom lastuas dínn uile. Siúil isteach ann, is sú isteach é, lig dó tuairteáil isteach trí hallaí do chuid lámh, ar nós na milliún bliain de na milliúin filí, ag cúrsaíl 'nós fola, 'pumpáil is ag cáibleáil, ag múnlú na beatha duit, ar chroith díot an deannaigh duit.

Mar sin nuair a bhuaileann an chruinne cnag ar do dhoras tosaigh, beir greim dhaingean ar an mbascrann agus oscail leat, ag rith amach ina lámha leathana fáilteacha sínte le do chuid lámh os do chomhair amach, barra do chuid méar ar crith, chuile sheans.

Thursday, 3 September 2015

An ndéanfaidh tú tinder liom?

An ndéanfaidh tú tinder liom?

Déanfaidh agus fáilte

Cailíní ar thaobh amháin den idirlíon agus na buachaillí ar an taobh eile

Sleaschéim trasna cúig, sé, seacht, aon, dó, trí, dó, dó, trí

Ar ais arís, ceathar, cúig, sé, seacht, a haon, dó, trí, a dó, dó, trí (as deich)

dearbhú agus diúltiú

luascadh luascadh timpeall an tí seachain na boird ná titigí
luascadh luascadh timpeall an ar ais abhaile a haon dó trí.

An ndéanfaidh tú tinder liom?

Déanfaidh agus fáilte.

Friday, 21 August 2015

Ar luas an Luas?

Ar luas an luas?
Luas an luas i do chluais
cloisir an luas id chluais go luath

ding ding

ding corcairscoilt bhleá cliath

Téann an luas ó dheas is thuas
an líne ghlas a deir gabh
an ceann ó dheas gan aon stró
ach stad roimh rua
tá bagairt ann a deir an slua

Eachtrannaigh, Éireannaigh, eachtráin, aeraigh
Scabhtaeirí, scéiméirí, amuigh ar an téirigh...
Oibrithe, iarOibrithe, ganOibrithe, inOíbrithe

Déagóirí leathólta ag leathithe a chéile
leathbhealach idir grá agus gá
an chéad stad eile Coill na Feá
seachain na glócoats
is cum seoladh bréige
123 An Bóthar Tréigthe
is fill abhaile luath

Ar luas an luas?
Luas an Luas
Ach níor luas luas an Luais i do chluais is gluaiseann
luas an Luais id chluais go luath

éist

ding ding

Saturday, 2 May 2015

Bailte in Éirinn

Liosta Bailte in Éirinn



Na Bailte in Éirinn a bhfuil níos mó ná 100 duine ina gcónaí iontu dar le daonáireamh 2002 i nGaeilge de réir na haibítre. Liosta de bhailte na hÉireann. List of Irsh-langauge names of towns in Ireland.

Abhóca Ailt an Chorráin Aird Mhór | An Aird Mhóir | An Aird Mhór | An Ard Mhór | An tArd Mór | Ard Mór An Baile Dubh | An Bhuaile Dhubh | Baile Dubh | Baile Uí Dhuibh | Béal Átha Duibh An Baile Gallda An Baile Gearr | Béal Átha Ghártha An Baile Mór An Baile Nua | An Baile Rua | An Bhuaile Rua | Baile an Róigh | Baile Reo | Baile Ró An Bháinseach An Bhlarna An Bhrosnach | Brosnach An Bhuiríos An Blaic | An Leon Dubh An Briotás | Briotás An Brú | Bruigh An Caisleán Riabhach An Carraigín | Na Carraigíní An Chabrach An Charraig | Carraig na Siúire An Cheapach Mhór | An Cheapaigh Mhóir | An Cheapaigh Mhór An Cheathrú Chaol An Chlais Mhór | Clais Mhór An Chloichín | An Cloichín | Na Cloichíní An Chreatalach | An Chreatalach Mhór An Clochán | Clochán Beadaí An Clochán | Tír Mhic Bhrain An Cnoc Álainn | An Lios Dearg | Belmont | Olltóir An Craoslach An Cromán An Daingean An Daingean | An Dún | An Dúnán | Dún | Dún Bleisce | Dún na hEisce | Dún Uí Mhaoilmhichíl | Dúna An Eaglais An Rampar | An Tóchar An tÁth Leathan | Áth Leathan | Béal an Átha Ard an Rátha Ard Fhearta Ard Fhíonáin Ard Sceach | Ard Scéithe | Ard Sciath Ardach Áth an Chóiste Áth an Choite Áth an tSléibhe Áth Choirc | Baile an Chaisleáin | Baile an tSeanchaisleáin | Baile Chaisleáin Chriofainn | Baile Chaisleáin Ó mBuí | Caiseal Dúna | Caisleán Boirne | Caisleán Dhún Dealgan | Ceathrú an Chaisleáin | Trodóg Áth Dara Áth Eascrach Áth na bhFuinseog | Áth na Fuinseoige | Tuaim Sruthra Baile Adaim | Baile Adáim | Baile Ádaim | Maigh Arnaí Baile an Átha | Béal an Átha | Béal an Fheá Baile an Átha | Béal an Átha | Béal an Fheá Baile an Bharúnaigh Baile an Bhrúnaigh | Baile Bhrún | Baile na mBrúnach Baile an Chaisil | Baile an Chaistil Baile an Chaisleáin Baile an Chartha Baile an Daighin Baile an Droichid Baile an Fhéaródaigh | Baile an Rodaigh | Baile an Róid Baile an Gharraí Baile an Gharraí Baile an Locha | Baile na Loiche Baile an Londraigh | Baile an Lóndraigh Baile an Mhóta Baile an Róba Baile an tSaghasaigh Baile an tSratha | Béal Átha an tSratha Baile Átha an Rí Baile Átha an Róine | Baile Ruáin | Baile Uí Ruáin Baile Átha Buí Baile Átha Fhirdhia Baile Átha hÚlla Baile Bachaille Baile Brigín Baile Chaisleáin an Róistigh Baile Chaisleáin Bhéarra Baile Choitín Baile Chonaill | Baile Uí Choinéil | Baile Uí Chonaill | Béal Átha Conaill Baile Cloch | Baile Cloiche | Baile na Cloiche | Bealach Cloiche Baile Coimín | Lios na mBeannacht Baile Deasumhan Baile Hac Baile Íomhair Baile Lifín Baile Mhic Íre | Baile Uí Mhic Thíre Baile Mhic Shíomoin | Baile na Síomonach | Baile Shíomoin | Béal Átha Síomoin Baile na Coille Baile na Martra Baile Réisc Baile Shéamais Dhuibh Baile Sonnáin | Baile Uí Sheanáin | Béal Átha Seanaidh Baile Trá Baile Uí Bheacháin | Baile Uí Mhacháin Baile Uí Chanáin Baile Uí Chléireacháin Baile Uí Choileáin Baile Uí Chonnmhaí Baile Uí Mhaolchaisil Baile Uí Mhatháin Balana Balla Bántír Béal an Dá Chab Béal an Mhuirthead Béal Átha an Fhóid Béal Átha an Ghaorthaidh Béal Átha an Tuair Béal Átha Beithe Béal Átha Beithe Béal Átha Chomair Béal Átha Fearnáin Béal Átha Grean Béal Átha hAmhnais Béal Átha hÉis Béal Átha Póirín Béal Átha Ragad Béal Tairbirt Bealach an Doirín Bealach Conglais Beannchar Beanntraí Beaufort | Lios an Phúca Biorra Bré Breacánach Brú Rí Buiríos Mór Osraí Buiríos Ó Luigheach Buiríos Uí Chéin Bun an Tábhairne Bun na hAbhann Bun na Leaca Cairlinn Cairthe | Carrach | Ceárach Caisleán an Dinigh Caisleán Eilís Caisleán Ghriaire Caisleán Ó Liatháin Caisleán Uí Chonaill Callainn | Callán Cam Eolaing Carn an Bhua Carn Domhnach Carraig Uí Leighin Cathair Chinn Lis Cathair Saidhbhín Ceann an Droichid Ceann Chlochair Ceann Poill Ceapach Choinn Cill Dhéagláin Cill na Mallach Claonadh Clárach | Clóirtheach Cluain Cluain an Róistigh Cluain Ard | Cluain Ioraird Cluain Bolg Cluain Bú Cluain Caoin Cluain Maine Cluain na Slí Cluain Tuaiscirt Cnoc na Muirleog Coill an Chollaigh Coill Dubh Collann Conaithe Conga Conmhaigh Creachmhaoil Crois Mhaoilíona Cromadh Cuan Bhaile na Cúirte Cuanach | Uí Chuanach Cúil Áine Cúil Dabhcha Cúil Ghréine Cúil Mhuine Cúirt Mhic Shéafraidh Cúl an Gharraí Daingean Uí Chúis Díseart Diarmada Doire an tSoirn Domhnach Bat Droichead an Chaisleáin Droichead an Chláirín Droichead Binéid Droichead na Bandan Droichead na Bríde Dún ar Aill Dún Ard Dún na Séad Dún Uabhair Eachroim | Eachroim (Béal Átha na Sluaighe) Eas Géitine Fiodh Alúine Gob an Choire Mainistir Laoise Mainistir na Búille Mainistir na Féile Mainistir Ó dTorna Muinchille Oileán Ciarraí Pointe na Síge