Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Saturday, 2 May 2020

An Ponc Faon Gorm

Ceann de na píosaí cainte is fearr liom ná Carl Sagan agus an Ponc Faon Gorm (The Pale Blu Dot) 

Rinne mé leagan Gaeilge, seans go dtaitneoidh sé libh. (Breathnaígí air le ríomhaire glúine agus le cluasáin más féidir!)





'Ón bpointe faire seo i bhfad as, seans go ndéarfá nach ní inspéise an Domhan. Ach ní hamhlaidh an scéal dúinne. Féach arís an ponc úd. Sin an áit seo. Sin ár mbaile. Sin sinne. Áit a bhfuil gach éinne a dtugann tú grá dóibh, gach éinne a bhfuil aithne agat orthu, gach éinne ar chuala tú trácht orthu riamh, gach duine daonna dá raibh riamh ann, chaitheadar a saol anseo. Gach aon rud a chúisigh áthas nó fulaingt sa duine, na mílte de reiligiúin dhóchasacha, idé-eolaíochtaí agus teagaisc eacnamaíocha, gach sealgaire agus soláthraí, gach laoch is gach cladhaire, gach duine a chruthaigh agus a scrios sibhialtachtaí, gach rí agus tuathánach, gach lánúin óg ghrámhar, gach athair is máthair, gach páiste lán dóchas, gach ceapadóir agus gach taiscéalaí, gach múinteoir moráltachta, gach polaiteoir cam, gach mór-réalta, gach ceannaire ró-ard, gach naomh is gach peacach i stair ár speicis – ar cháithnín deannaigh ar foluain i nga gréine.

Ardán an-bheag is ea an domhan sa chomhthéacs ollmhór cosmach. Cuimhnígí ar na haibhneacha fola atá doirte ag a liacht sin ginearál agus impire glórmhar ionas go bhféadfaidís a bheith ina gceannairí seal ar chuid bhídeach de phonc. Smaoinígí ar an gcruálacht gan stad atá imeartha ag dream a chónaíonn i gcúinne amháin den phicteilín seo orthu sin a chónaíonn i gcúinne eile, dreamanna ar deacair aon difear eatarthu a aithint. Nach minic acu míthuiscint, nach mór an fonn maraithe orthu, nach teasaí a bhfuath. Tugann an ponc seo de sholas faon dúshlán an bhuaileam sciath sin ar fad, ár mórchúis gan chúis, agus, leis, tugann dúshlán na seafóide sin a bhíonn orainn, seafóid a cheapadh go bhfuil tosaíocht éigin ag an duine sa chruinne seo.

Dúradán uaigneach is ea ár bpláinéad san olldorchadas cosmach thart timpeall orainn - san ollfhairsinge seo - níl rud ar bith a thugann le fios go dtiocfaidh cúnamh ó áit éigin eile le muid a shábháil orainn féin. Ar feadh ár n-eolais, ár ndomhan féin an t-aon phláinéad a bhfuil aon ní beo le fáil air. Níl aon áit eile, sa ghearrthréimhse pé ar bith, a bhféadfadh ár speiceas dul ar imirce ann. Cuairt a thabhairt? B’fhéidir é. Cónaí? Ní go fóill. Más olc maith linn é, don am i láthair is ar thalamh an domhain is gá an fód a sheasamh.

Dúradh cheana go mbaineann an réalteolaíocht an mórtas dínn agus go gcuireann sé lenár gcarachtar mar dhaoine. Seans nach fearr mar léiriú ar bhaois agus ar éirí in airde an duine dhaonna ná an íomhá seo dár ndomhan bídeach i bhfad as. Dar liomsa, treisíonn sé an dualgas atá orainn plé go cineálta lena chéile agus a chinntiú go gcaomhnóidh muid agus go léireoidh muid meas ar an bponc faon gorm, an t-aon bhaile a bhí riamh againn.'


Focail: Carl Sagan Ceol: Vangelis (ón tsraith teilifíse Cosmos) Leagan Gaeilge: Eoin P. Ó Murchú 
Foilsíodh leagan den aistriúchán seo in Irisleabhar Mhá Nuad sa bhliain 2019. Míle buíochas le hEmma Ní Chearúil as cúnamh agus moltaí go leor. Is le Carlsagan.com an chuid is mó den fhíseán. Bhain mé úsáid as an mbogearra saor in aisce Openshot chun an t-iomlán a chur le chéile. Tá fotheidil san fhíseán féin thuas, mar eolas!