Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday 21 May 2019

Oireachtas na Samhna

Foilsíodh seo ar Meoneile cheana

Mura raibh tú ag príomhfhéile na nGael cheana nó más seo an 30ú uair duit dul ann beidh giota comhairle ag Eoin P. Ó Murchú duit!

Beidh féile na bliana seo ar siúl 28 Deireadh Fómhair – 1 Samhna san Óstán Citywest, i dTeach Sagard, Co. Bhaile Átha Cliath.
1. Tá an fhéile seo ann ó 1897, tráth ar tionóladh imeacht leathlae sa Rotunda i mBaile Átha Cliath. Bunaíodh an fhéile ar Eisteddfod na Breataine Bige, féile litríochta, ceoil agus cur i láthair.
2. Deirtear go mbíonn isteach nó amach ar 10,000 duine ag steipeáil, ag stéabháil is ag seafóid leo le linn na féile. Bímis leo!
3. Níl aon bhaint ag an bhféile le hOireachtas Éireann cé go mb’fhéidir go bhfeicfidh tú polaiteoirí ag póirseáil na hallaí ag iarraidh dea-thoil a chothú i measc na nGael.
4. Beidh gach duine a bhí ar TG4, RnaG, RnaL, RFáilte, NÓS, Meon Eile, Tuairisc.ie, Beo.ie, Amárach, Foinse, SeanFoinse, Lá agus gach mórmheán agus mionmheán riamh ann. Glac féinín le gach duine acu! Agus labhair le cailíní agus buachaillí aimsire TG4!
5. Tá aip ann dó sin. Faigh an aip! Bealach iontach atá ann cinntiú go mbeidh tú ar an eolas faoi na himeachtaí is ansa leat agus is féidir tráthchlár pearsantaithe a chruthú duit féin!
6. Bíonn Oireachtais eile ann i rith na bliana ach i bhfírinne is é seo an mórcheann acu!
7. Breathnaigh ar chluiche na n-ógfhoirne ag Na Gaeil Óga, an t-aon chumann CLG lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht sa tír!
8. Déan cinnte go dtugtar cuireadh ar ais chuig seomra mór-amhránaí ar an sean-nós duit, is ann a bhíonn an dea-phoitín!
9. Nuair a thugtar cuireadh amach chun damhsa ag Pádraig Ó Sé i dtús na hoíche tuig gur na damhsóirí ar an sean-nós atá i gceist aige, ar dtús, ní fada uait do sheal! Bainfear sceilpeanna as na cláir nach bhfacthas a leithéid ariamh cheana. Hup scraitheachaí! Mic oscailte Chlub na Féile? Hup an baile s’againne!
10. Má tá an-iomad spraoi ag baint lena leithéid i féidir soipriú isteach i gceann de na seisiúin amhránaíochta séimhe a bhíonn ar siúl áit éigin eile ag an am céanna.
11. Má chiceáiltear amach ó chlub na féile agus ón ionad ar fad thú go luath san oíche, tuig go mbíonn oicheanta fada fadálacha ag dul ar aghaidh i gclubanna oíche fud fad lár na cathrach agus eile i mBAC. Seans go mbeidh rath níos fearr i gCoppers ort?
12. Cuir aithne ar dhuine eigin ó Raidió na Gaeltachta, mura ndúisíonn tú ar maidin agus leathchuimhne agat bheith ag windeáil Máirtín Tom Sheáinín an oíche roimhe, an féidir bheith muiníneach go rabhais ag an Oireachtas in aon chor?
13. Cuir aithne ar dhuine éigin atá ag fanacht san óstán féin, cinnteoidh seo go mbeidh uimhir an tseomra ar eolas agat agus tú ag iarraidh sleamhnú isteach i mbeár an óstáin (an áit is déanaí a fhanann ar oscailt go minic). Seans go bhfaighfeá bricfeasta ar an gcaoi seo chomh maith…
14. Nuair atá an slua ar fad ag imeacht le báiní ar aghaidh leat amach ar an úrlár damhsa. Déan iarracht anois, roimh dhul duit, cúpla steip cheart a fhoghlaim, seofal haon, seofal dó, seofal haon dó trí!
15. Beidh lucht grinn ag déanamh GaelGÁIRÍ oíche Dé Sathairn ag 10.30pm (beidh mise ann).
16. Más féidir in aon chor moltar go mór duine ó TG4 a shifteáil. Cuirfidh seo go mór le d’eispéireas Oireachtais.
17. Deán cairdeas le duine a bhfuil seomra acu san ionad atá lan le spraoi, alcól agus leaba chompordach mura féidir tacsaí a fháil nuair a thiteann do chodladh ort!
18. Caithfear cúpla cleas a mheabhrú do Chorn Uí Riada, an mórchomórtas amhránaíochta ar an seannós. Breathnaigh ar liosta na n-iomaitheoirí agus féach cá bhfuil na daoine is mó a bhfuil spéis agat iontu, déan iarracht freastal orthu sin, ná fág ach nuair atá cead sin a dhéanamh. Cuimhnigh go mbíonn an comórtas seo sách fada agus is deacair suí ann don rud ar fad, déan lánchinnte a bheith ann do dheireadh an chomórtais nuair a ghlaofar ar ais na hamhránaithe áfach. Déanfar iarracht an córas marcála a mhíniú duit ach déarfar leat chomh maith go bhfuil claonadh ag moltóir x i gcoinne chanúint y, tar éis an tsaoil tabharfaidh tú faoi deara nach bhfuil meabhair ná mothú le baint as cinntí na moltóirí dóibh sin againn atá dall ar ealaín dhubh na hamhránaíochta seo.
19. Aimsigh eachtrannach le Gaeilge, dá aistí an tír is ea is fearr é, táid ann ach teacht orthu!
20. Déan grandslam an Oireachtais is é sin comhrá (nó póg) a bheith agat le duine as na Gaeltachtaí móra ar fad. Duais aitheantais speisialta ag dul dóibh sin a n-éiríonn leo na Gaeltachtaí níos lú a ‘bhailiú’ chomh maith!
21. Téigh chuig sceitsí grinn iontacha M’umbro Top.
22. Shifteáil Rónán Mac Aodha Bhuí.
23. Téigh go dtí an seisiún foclóireachta. Leadránach a deir tú? Nach Gaeilgeoirí sinn! Is ann a bheidh an t-allagar agus an troid gan amhras!
24. Ná dearmadaigh go mbaineann BÁC úsáid as an euro, tabhair leat roinnt mhaith airgid óir ní fada a ídítear é agus tú ag casadh ar go leor seanchairde agus cairde nua ag an mbeár.
25. Feicfidh tú na Gaeil ar fad ann. Chuile sheans nach bhfeiceann tú iad ó cheann ceann na bliana ach bíonn coinne agat bualadh leo ag an Oireachtas, gan choinne.
26. Cóisir bhréaghléasta na mac léinn – téigh chuige seo má tá tú gléasta d’Oíche Shamhna agus más mac léinn thú.
27. Cóisir bhréaghléasta na mac léinn – fan glan air seo mura mac léinn thú. Más seanduine cantalach thú, seans go bhfuil sé ina am luí má fheiceann tú bumbóg ollmhór ag cur deireadh le grandslam an Oireachtais le súmaire fola as Rann na Feirste.
28. Ní gan chúis a thugtar Ólachtas na Gaeilge go leathmhagúil ar an bhféile seo, bí ciallmhar agus fan i do sheasamh don oíche ar fad trí phiontaí uisce a ól go tráthrialta le linn na hoíche. Is tú a bheidh buíoch den chomhairle seo ar maidin!
29. Déan gach iarracht freastal ar na comórtais lúibíní, agallaimh bheirte agus na hamhráin saothair. Is foirmeacha dúchais grinn, amhránaíochta agus diabhlaíochta iad seo. Is ann a fheicfidh tú spórt agus spraoi agus magadh faoi gach duine ar chlár na cruinne.
30. Bíodh céilí agat i gcamper van. Má tá an deis ann, is fiú go mór é. Táim fós ag insint scéalta faoin oíche sin agam.
31. Freastal ar na seastáin, áit a mbíonn na heagraíochtaí Gaelacha ar fad agus meascán mearaí de dhaoine eile, triaileacha do Ros na Rún, na Gardaí Síochána, cluichí, seoltaí leabhar, t-léinte agus míle rud eile.
32. Mura féidir bheith i láthair ná bí buartha mar go mbeidh na meáin Ghaeilge (agus Bhéarla go pointe) ag clúdach nach mór gach rud a bheidh ag titim amach. Ainneoin sin is fiú go mor bheith i láthair!

1 comment: