Foilsíodh seo ar Meoneile cheana
Mura raibh tú ag príomhfhéile na nGael cheana nó más seo an 30ú uair
duit dul ann beidh giota comhairle ag Eoin P. Ó Murchú duit!
Beidh féile na bliana seo ar siúl 28 Deireadh Fómhair – 1 Samhna san Óstán Citywest, i dTeach Sagard, Co. Bhaile Átha Cliath.
1. Tá an fhéile seo ann ó 1897, tráth ar tionóladh imeacht leathlae
sa Rotunda i mBaile Átha Cliath. Bunaíodh an fhéile ar Eisteddfod na
Breataine Bige, féile litríochta, ceoil agus cur i láthair.
2. Deirtear go mbíonn isteach nó amach ar 10,000 duine ag steipeáil, ag stéabháil is ag seafóid leo le linn na féile. Bímis leo!
3. Níl aon bhaint ag an bhféile le hOireachtas Éireann cé go
mb’fhéidir go bhfeicfidh tú polaiteoirí ag póirseáil na hallaí ag
iarraidh dea-thoil a chothú i measc na nGael.
4. Beidh gach duine a bhí ar TG4, RnaG, RnaL, RFáilte, NÓS, Meon
Eile, Tuairisc.ie, Beo.ie, Amárach, Foinse, SeanFoinse, Lá agus gach
mórmheán agus mionmheán riamh ann. Glac féinín le gach duine acu! Agus
labhair le cailíní agus buachaillí aimsire TG4!
5. Tá aip ann dó sin. Faigh an aip! Bealach iontach atá ann cinntiú
go mbeidh tú ar an eolas faoi na himeachtaí is ansa leat agus is féidir
tráthchlár pearsantaithe a chruthú duit féin!
6. Bíonn Oireachtais eile ann i rith na bliana ach i bhfírinne is é seo an mórcheann acu!
7. Breathnaigh ar chluiche na n-ógfhoirne ag Na Gaeil Óga, an t-aon chumann CLG lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht sa tír!
8. Déan cinnte go dtugtar cuireadh ar ais chuig seomra mór-amhránaí ar an sean-nós duit, is ann a bhíonn an dea-phoitín!
9. Nuair a thugtar cuireadh amach chun damhsa ag Pádraig Ó Sé i dtús
na hoíche tuig gur na damhsóirí ar an sean-nós atá i gceist aige, ar
dtús, ní fada uait do sheal! Bainfear sceilpeanna as na cláir nach
bhfacthas a leithéid ariamh cheana. Hup scraitheachaí! Mic oscailte
Chlub na Féile? Hup an baile s’againne!
10. Má tá an-iomad spraoi ag baint lena leithéid i féidir soipriú
isteach i gceann de na seisiúin amhránaíochta séimhe a bhíonn ar siúl
áit éigin eile ag an am céanna.
11. Má chiceáiltear amach ó chlub na féile agus ón ionad ar fad thú
go luath san oíche, tuig go mbíonn oicheanta fada fadálacha ag dul ar
aghaidh i gclubanna oíche fud fad lár na cathrach agus eile i mBAC.
Seans go mbeidh rath níos fearr i gCoppers ort?
12. Cuir aithne ar dhuine eigin ó Raidió na Gaeltachta, mura
ndúisíonn tú ar maidin agus leathchuimhne agat bheith ag windeáil
Máirtín Tom Sheáinín an oíche roimhe, an féidir bheith muiníneach go
rabhais ag an Oireachtas in aon chor?
13. Cuir aithne ar dhuine éigin atá ag fanacht san óstán féin,
cinnteoidh seo go mbeidh uimhir an tseomra ar eolas agat agus tú ag
iarraidh sleamhnú isteach i mbeár an óstáin (an áit is déanaí a fhanann
ar oscailt go minic). Seans go bhfaighfeá bricfeasta ar an gcaoi seo
chomh maith…
14. Nuair atá an slua ar fad ag imeacht le báiní ar aghaidh leat
amach ar an úrlár damhsa. Déan iarracht anois, roimh dhul duit, cúpla
steip cheart a fhoghlaim, seofal haon, seofal dó, seofal haon dó trí!
15. Beidh lucht grinn ag déanamh GaelGÁIRÍ oíche Dé Sathairn ag 10.30pm (beidh mise ann).
16. Más féidir in aon chor moltar go mór duine ó TG4 a shifteáil. Cuirfidh seo go mór le d’eispéireas Oireachtais.
17. Deán cairdeas le duine a bhfuil seomra acu san ionad atá lan le
spraoi, alcól agus leaba chompordach mura féidir tacsaí a fháil nuair a
thiteann do chodladh ort!
18. Caithfear cúpla cleas a mheabhrú do Chorn Uí Riada, an
mórchomórtas amhránaíochta ar an seannós. Breathnaigh ar liosta na
n-iomaitheoirí agus féach cá bhfuil na daoine is mó a bhfuil spéis agat
iontu, déan iarracht freastal orthu sin, ná fág ach nuair atá cead sin a
dhéanamh. Cuimhnigh go mbíonn an comórtas seo sách fada agus is deacair
suí ann don rud ar fad, déan lánchinnte a bheith ann do dheireadh an
chomórtais nuair a ghlaofar ar ais na hamhránaithe áfach. Déanfar
iarracht an córas marcála a mhíniú duit ach déarfar leat chomh maith go
bhfuil claonadh ag moltóir x i gcoinne chanúint y, tar éis an tsaoil
tabharfaidh tú faoi deara nach bhfuil meabhair ná mothú le baint as
cinntí na moltóirí dóibh sin againn atá dall ar ealaín dhubh na
hamhránaíochta seo.
19. Aimsigh eachtrannach le Gaeilge, dá aistí an tír is ea is fearr é, táid ann ach teacht orthu!
20. Déan grandslam an Oireachtais is é sin comhrá (nó póg) a bheith
agat le duine as na Gaeltachtaí móra ar fad. Duais aitheantais
speisialta ag dul dóibh sin a n-éiríonn leo na Gaeltachtaí níos lú a
‘bhailiú’ chomh maith!
21. Téigh chuig sceitsí grinn iontacha M’umbro Top.
22. Shifteáil Rónán Mac Aodha Bhuí.
23. Téigh go dtí an seisiún foclóireachta. Leadránach a deir tú? Nach
Gaeilgeoirí sinn! Is ann a bheidh an t-allagar agus an troid gan
amhras!
24. Ná dearmadaigh go mbaineann BÁC úsáid as an euro, tabhair leat
roinnt mhaith airgid óir ní fada a ídítear é agus tú ag casadh ar go
leor seanchairde agus cairde nua ag an mbeár.
25. Feicfidh tú na Gaeil ar fad ann. Chuile sheans nach bhfeiceann tú
iad ó cheann ceann na bliana ach bíonn coinne agat bualadh leo ag an
Oireachtas, gan choinne.
26. Cóisir bhréaghléasta na mac léinn – téigh chuige seo má tá tú gléasta d’Oíche Shamhna agus más mac léinn thú.
27. Cóisir bhréaghléasta na mac léinn – fan glan air seo mura mac
léinn thú. Más seanduine cantalach thú, seans go bhfuil sé ina am luí má
fheiceann tú bumbóg ollmhór ag cur deireadh le grandslam an Oireachtais
le súmaire fola as Rann na Feirste.
28. Ní gan chúis a thugtar Ólachtas na Gaeilge go leathmhagúil ar an
bhféile seo, bí ciallmhar agus fan i do sheasamh don oíche ar fad trí
phiontaí uisce a ól go tráthrialta le linn na hoíche. Is tú a bheidh
buíoch den chomhairle seo ar maidin!
29. Déan gach iarracht freastal ar na comórtais lúibíní, agallaimh
bheirte agus na hamhráin saothair. Is foirmeacha dúchais grinn,
amhránaíochta agus diabhlaíochta iad seo. Is ann a fheicfidh tú spórt
agus spraoi agus magadh faoi gach duine ar chlár na cruinne.
30. Bíodh céilí agat i gcamper van. Má tá an deis ann, is fiú go mór é. Táim fós ag insint scéalta faoin oíche sin agam.
31. Freastal ar na seastáin, áit a mbíonn na heagraíochtaí Gaelacha
ar fad agus meascán mearaí de dhaoine eile, triaileacha do Ros na Rún,
na Gardaí Síochána, cluichí, seoltaí leabhar, t-léinte agus míle rud
eile.
32. Mura féidir bheith i láthair ná bí buartha mar go mbeidh na meáin
Ghaeilge (agus Bhéarla go pointe) ag clúdach nach mór gach rud a bheidh
ag titim amach. Ainneoin sin is fiú go mor bheith i láthair!