Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday 14 August 2018

Eip 9 RnaG Raidió Ráiméis

(Táimid chun seansceitsí de chuid Raidió Ráiméis a fhoilsiú anseo. Seans go gcuirfear suim iontu nó gur féidir úsáid éigin a bhaint astu. Is féidir gur craoladh leaganacha de na sceitsí seo ar Raidió na Life nó ar Raidió na Gaeltachta cheana)

Daithí agus Daithí Oireachtas 1
A: Conas atá sibh, bhfuil sibh fós beo tar éis an Oireachtais?
E: Seolaigí bhur scéalta Oireachtais chugainn ar twitter!
A: Cén haischlib a úsáidimid?
E: Hmmmm #OireachtasNaGaeilge nah, ró fhada O-I-R na G?
A: hmmm OirnaG? Cad faoi OirG? OirG yeah sin haischlib foirfe don Oireachtas!
E: Táimid ag iarraidh bhur scéalta ar FAD a chloisteáil ón Oireachtas, agus ná déan
dearmad - #OirG!
Dí-Rialú ar Dhrugaí

Don't worry be happy, bob marley
Láithreoir: Tá aire na ndrugaí Aodh Ó Ruarán tar éis a fhógairt go mbeidh sé ag athrú stádas go leor drugaí go stádas dleathach, ina measc an raithneach. A Aire, cén fáth a bhfuil seo á dhéanamh agaibh?
AÓR: Bhuel taimid ag súil go gcinnteoidh seo go mbeidh páirtí an Lucht Oibre ag ardú sna pobalbhreitheanna. Má thuigeann tú mé?
Laithreoir: Gach seans go mbeidh tacaíocht ann dó seo mar tá fianaise ann go n-oibríonn seo ar leas an phobail go hidirnáisiúnta.
AÓR: Nó, nó ní thuigeann tú táim ag súil go mór leis an Ardfheis!

Enda: Hóhó Aodhó, is tú an buachaill!
Láithreoir: Gabh mo leithscéal an é sin an Taoiseach Enda Kenny i stiúdió na Dála leat? Aodh cad a deir tú leo sin a deir go scriosfaidh seo go leor saolta fud fad na tíre?
AÓR: Cad tá á rá agat arís? Here aon seans go mbeadh paicéad doritos agat? Ah Enda stop mise sa hotseat anseo.

Enda: Hotbox mar a déarfá.
Enda: Céard é sin? Dictaphone. pppfffffffffff!
Laithreoir: An féidir linn filleadh ar an bpríomhcheist, cad atá
AÓR/Enda: Dictaphone!(gáire gan stad)
Má cuireadh isteach ort ag aon cheann de na ceisteanna a ardaíodh sa mhír seo cuirtear fáilte romhat glao ar an líne teilifóin seo, 016798000, dealer oifigiúil an rialtais.
Siondróm iar-Oireachtais
(tick tock cloig) https://www.youtube.com/watch?v=BeEDQMLtyGY ash by the secession
Guth: Fógra Sláinte

An bhfuil sé deacair ort éirí ar maidin?

An bhfuil dóchas caillte agat?

An screadann tú hup scraitheachaí gan chúis?
Seans go bhfuil tu ag fulaingt le siondróm iar-Oireachtais
Buail isteach ar an ionad dian-chúram um shiondróm iar-Oireachtais, áit a n-aimseoidh
tú seomra ciún amhránaíochta, barrille le cúpla steip a dhéanamh air, agus go leor leor poitín.

Ná fulaing i d’aonar. Agus cuimhnigh: níl ann ach 350 lá go dtí an Oireachtas na
Samhna 2016.
Tá an fógra sláinte seo páirtmhaoinithe ag Oireachtas na Samhna teoranta.
Conchúr Ó Giollagáin ar Winning Streak
(ceol wining streak music)
Marty: Fáilte ar ais chuig Winning treak liomsa Marty Whelan. Tá Conchúr Ó Giollagáin, údar 'Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht' díreach ar tí an
roth a chasadh!
(flipf flipf flipf spin the wheel)
€1,000,000!!! Do-chreidte, comhghairdeas a Chonchúir, is miliúnaí anois thú! Anuas ar an gcarr, na laethanta saoire, an t-eitleán agus na carranna a bhuaigh tú sa chéad leath! Caithfidh go bhfuil ríméad an domhain ort!
Conchúr: Níl.
Marty: eeeeh, Níl tú sásta?
Conchúr: Níl in aon chor. Is dócha go gcuiseodh seo go leor fadhbanna dom. Bhí sé de cheart agam fanacht sa bhaile. Táim chun dul abhaile anois. Slán. Agus ná ceap go bhfuil aon seans go bhfuil mise a dhul ag íoc as mo cheadúnas teilfíse anois, ní thabharfainn an sásamh do ronán mac an iomaire, grúpcheannasaí, an b****d!
Marty: Cgl, bígí ag éisteacht le Desert Island discs an tseachtain seo mar tuigtear dom go mbeidh Conchúr Ó Giollagáin air, agus amhráin ábhairín gruama roghnaithe aige! Why does it always Rain On Me, Radiohead, agus an ceann is déanaí ó Adele!
Top 40 Oifigiúil Chorn Uí Riada

(Tá sé i gceist gur drochGhaeilge atá sa phíosa seo ar ndóigh!)

Ceol top 40 oifigiúil na hEireann
Fáilte isteach go dtí top 40 oifigiúil chorn uí riada, áit a mbeimid ag casadh na
t-amhráns is móire ó chorn uí riada!
Bangers ar nós “chaill mé mo mhac agus mo bhád” agus “A Mhuire cá bhfuil tú, tá cupán
tae uaim”.
Rrrrrrrrroimh a chasaim an chéad amhrán, seo blaiseadh den belter a bhí ag uimhir 1 an
tseachtain seo caite don 125ú seachtain as a chéile. Pumpáiligí an raidió suas
don cheann seo, Joe Einniú leis an BELTER Amhrán na hEascainne
Daithí agus Daithí Oireachtas 2
E: Go raibh maith agaibh ar fad as bhur scéalta Oireachtais a sheoladh chugainn ar twitter
ag úsáid an haishchlib.
A: Seo roinnt de na cinn is fearr - D’ól mé pionta le Rónán Mac A B ag 3 a chlog #ORG- iontach!

E: Agus ar fheabhas tá pictiúr leis an gceann seo - mé féin agus na lads #ORG - agus tá
an pictiúr ag loadáil anois...
A: hmmm...ceapaim go bhfuil siad ag imirt UFC...aaaagh! Daithí cad atá ag tarlú? Céard is ciall leis an bhfocal sin?
E: Rud ar bith, sin díreach damhsa na scuaibe meascaithe le twister measaim, ná bac.
A: Óicé!
E: Beimid ar ais an tseachtain seo chugainn le réamhléiriú ar Oireachtas na Nollag, ná caillígí amach air! Agus an féidir le daoine éirí as na piceanna sin a sheoladh chugainn ar snapchat le bhur dtoil!

No comments:

Post a Comment