FOCal
teastaíonn focal don mhothúchán seo
cá bhfuil an foclóirí a chuirfidh ar bhóthar mo leasa mé?
theastódh focal fada, ilshiollach
uaidh seo
é sínte fada ó thaobh go taobh leathanaigh nó fiú dá mbeadh
leath-
fhleiscín-deireadh-líne ann a léireodh gur deacair a theanntú
is a choinneáil
is sanas nach eol d'éinne
is go measfaí bunús lochlannach, gaelach, gallda, francach,
laidineach leis
toisc a aduaine a bheadh
is b'ionann ainmneach is ginideach is tabharthach is iolrach
dó
agus ba bhriathar é leis a bhféadfaí a athrú siar aniar chun
tosaigh agus a thabharfadh beachtú is mearthuiscint dúinn ar an móthú seo
tugaim iarracht faoi
GRÁin
No comments:
Post a Comment