Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Wednesday, 26 November 2025

Cluichí Squid - Leagan Gaeilge a bhí ag Na Gaeil Óga

Sórtáil na Sliotair

Sprioc an chluiche Sórtáil na Sliotair ná na liathróidí daite go léir a aistriú isteach i mbosca faoi leith sula ndéanfaidh an duine eile é. Ach tá dúshlán ar leith ann... ní cheadaítear d'imreoirí ach lámh amháin a úsáid chun na liathróidí a aistriú. Caithfidh an lámh eile fanacht taobh thiar dá ndroim nó ina bpóca! Caithfidh imreoirí súil a choinneáil ar a gcéile comhraic freisin chun a chinntiú nach bhfuil siadsan níos tapúla ná iad féin. Is rás é – cé a shórtáilfidh na sliotair ar dtús!

 

Rásaí Craiceáilte

Sa chluiche seo, caitheann imreoirí fearas ar a gcloigeann a bhfuil liathróid ceangailte leis. Is gá dóibh rásaíocht a dhéanamh in aghaidh a chéile chun na scidilí a leagan. An sprioc: a bheith ar an gcéad duine chun na scidilí go léir a leagan. Tá riail chinnte amháin ann – níl cead agat cur isteach ar an bhfearas ar do chloigeann le do lámha. Caithfidh tú rásaíocht a dhéanamh in aghaidh an duine eile agus na scidilí go léir a leagan trí ghluaiseachtaí do chloiginn amháin. Éasca péasca? Fan go bhfeicfidh tú!

 

Túr an Teannais

Tá sprioc amháin ag iomaitheoirí sa chluiche Túr an Teannais: an túr is airde a thógáil le bloic adhmaid – taobh istigh den teorainn ama! De réir mar a éiríonn na bloic níos airde, méadóidh an teannas! D’fhéadfadh aon chinneadh mícheart sa tógáil tubaiste a chruthú! Tá 45 soicind ag na hiomaitheoirí chun a dtúr a thógáil, agus caithfidh sé fanacht ina sheasamh go ceann 15 soicind ina dhiaidh sin arís, nó ní ghlacfar leis an iarracht sin!

 

Búm na mBalún!

Seo cluiche lán le straitéis, luas, agus beagán craiceáilteachta! Caithfidh imreoirí an trealamh a chuirtear ar fáil a úsáid agus rás a dhéanamh chun a mbalúin féin a líonadh sula líonfar balúin na n-iomaitheoirí eile. An bhfuil sé éasca? Níl, ar ndóigh! Gheobhaidh imreoirí amach go gasta gur fíor-thástáil ar chothromaíocht agus seasmhacht é an cluiche seo: Níl sé éasca na balúin a líonadh! Teastaíonn meascán de straitéis agus deaslámhacht chun buachan!

 

Solas Dearg / Solas Glas

Tá cruinneas agus luas ag teastáil sa chluiche seo - an bhfuil tú sciliúil go leor? Rás ard-fhuinnimh atá ann. Tá an sprioc simplí ach thar a bheith spraíúil: pléasc an oiread balún agus is féidir trí sheasamh orthu fad atá an solas glas ar siúl, ach SULA lastar an solas dearg. Má phléascann tú balún agus an solas dearg lasta, cuirfear as an áireamh thú!

 

Ciúb an Airgid

Fáilte go dtí Ciúb an Airgid… sa chluiche seo beidh an bheirt iomaitheoirí a bheidh fágtha sa deireadh ag dul isteach i gciúb ina mbeidh guairneán gaoithe – agus é lán d’airgead tirim ag eitilt ina dtimpeall! Tá an misean soiléir: beir greim ar an oiread airgid agus is féidir laistigh den teorainn ama. Ach fan go fóill, tá deacracht bhreise ann... tá luach difriúil leis na dathanna difriúla atá ar na nótaí. Déanfar an tsuim airgid a bhaileoidh gach iomaitheoir a chomhaireamh, agus rachaidh an duais chuig an imreoir a mbeidh an tsuim is airde acu. Cé a gheobhaidh an t-airgead mór agus a rachaidh abhaile agus na pócaí lán?

Sunday, 12 October 2025

The Boy - Dhá dhráma Amharclann na Mainistreach

Bhí The Boy féin níos fearr ná an dara ceann. Is mó a thaitníonn stuif nua-aimseartha Marina Carr liom le fírinne. Suimiúil mar eispéireas, ach thar a bheith fada. Éasca bogadh thart go suíocháin dheasa san amharclann toisc nach raibh teach lán ann. Seanscéal agus go leor den mheirg bainte de ach tuilleadh Wd4 de dhíth...


Friday, 3 October 2025

Manchán Magan ar shlí na fírinne

Brón ar an mbás. Duine fíorshuimiúil. Bhí roinnt comhráite iontacha agam leis in imeacht na mblianta (agus bhí sé breá sásta léirmheas dem chuid nach raibh moltach ar fad a phlé) Bhí a chuid drámaí/seónna/ceardlanna an-spreagúil ar fad agus thug sé ár ndúshlán ar bhealach an-ghlic le No Béarla, cé nár thuigeas i gceart ag an am é.

Chuir sé saothair dhúshlánacha dhátheangacha ar ardán san fhéile imill drámaíochta i BÁC, leithéidí Broken Croí/Heart Briste agus Bás Tongue a spraoi le teanga agus cumas an lucht éisteachta inti. Threabh sé gort nach raibh mórán eile ann agus thug faoi go nua-nósach dána.

Braithim féin eilimintí de Gaeilge Tamagotchi agus Arán agus Im is eile ag borradh aníos i nithe éagsúla a chruthaím. An bhéim aige arís is arís eile ar fhocail is iad a choinneáil beo nó a athbheochan, nithe a deineadh in Éirinn a bheith páirteach (idir éadaí agus seit), gné shearmanasach agus eile.

Suaimhneas síoraí dó. 


Broadcaster and scríbhneoir Manchán Magan dies aged 55

Tuesday, 9 September 2025

The Weir / An Chora

Tá léiriú seo The Weir an-mhaith ar fad ainneoin suíocháin uachtar an Olympia a bheith thart ar 2km ón ardán. Bí ag caint ar 'Radharc Teoranta' mar a míníodh ar an suíomh ach bheifeá ag súil le caighdeán níos fearr ar €80+!

Script den scoth, Gleeson ina mháistir. Seit gan locht. Scéalta taibhsí a chuir drithlíní faitís lem mhuineál arís eile. Chreideas na scéalta cé gur thuigeas nach raibh fírinne ar bith iontu. Bhí léiriú Finbar beagán thar fóir b'fhéidir, nó an é gur fearr le lucht an Olympia deis gháire?

Deacair a chur i gcomparáid le léiriú na Mainistreach, go háirithe agus gan é chomh pearsanta céanna. Bhraith sé speisialta Gleeson agus Seán McGinley a fheiceáil ann. Conor McPherson féin a stiúraigh.


Tá leagan Gaeilge den dráma ann, An Chora atá air. Léirigh Aisteoirí Bulfin é. Tá an script agam má theastaíonn sé ó éinne.

Thursday, 3 July 2025

An Clò Mòr: Deireadh an bhóthair!

Fuair mé páirt i gclár teilifíse drámaíochta, An Clò Mòr (2023), agus craoladh an dara sraith ar BBC Alba ag tús na bliana 2024. Thaifead mé roinnt físeán faoin bpróiseas ar fad, leanaigí m'aistear thíos.

 
Rinne mé VLAG faoi mo thaithí ar An Clò Mòr dráma i nGaeilge na hAlban ar BBC Alba. Chaith mé 5 seachtaine go leith i nGaeltacht na hAlban ar Leódhas ⁊ na Hearadh Sa vlag tá meascán den taithí a bhí agam ar seit, mé ag cur eolas ar na hoileáin, mo thuras teanga ⁊ eile.
 
Mionsamhlacha áille ar Youtube!

an vlag iomlán ag an nasc seo. Vlag ar mo Youtube Léargas ar conas mar a d'éirigh liom ar sheit an chláir teilifíse An Clò Mòr (BBC Alba) agus an aithne a chuir mé ar na hoileáin ⁊ ar theanga eile nan Gàidheal. (⁊ féach ar na mionsamhlacha áille a rinne mé - youtúbáladóir den scoth mé anois.) Laidhc agus subscraidhb a chairde!)


Wednesday, 2 July 2025

Ní bhainfidh The Wake le Tom Murphy sa Mhainistir ón gcodladh muid (2016)

Ní hionann athbheochan agus rud maith i gcónaí. Tugann an athbheochan seo, mar chuid de chlár comórtha na hAmharclainne Náisiúnta, athléiriú ar shaothar a céadléiríodh in 1998. Cuireann an dráma Vera inár láthair, atá tar éis filleadh ar Éirinn ó shaol úr leathrúnda aici i Nua-Eabhrac. Tá sé lonnaithe sna nóchaidí agus tá a muintir, muintir O’Toole in adharca a chéile ag troid faoi óstán teaghlaigh a fágadh ag Vera féin. Níor chaith deartháireacha is deirfiúracha go maith le seanmháthair Vera ar chónaigh sí léi ar feadh na mblianta. Ní dúradar léi go raibh sí tar éis bháis go dtí go raibh an tsochraid imithe.

Aisling O’Sullivan(The Clinic) a ghlacann ról Vera, ach ó thús tá foilmhe éigin inti agus ní léir an mbaineann sin leis an aisteoireacht nó an script féin. Pé rud é ní thuigtear mianta Vera. Cuirtear í inár láthair mar bhean leathbhriste atá ag caoineadh an ama atá thart agus nuair a chasann sí ar fhear a mbíodh sí ag siúl amach leis agus í óg tosaíonn ráig saorghlanta di féin agus do mhuintir an bhaile. Brian Doherty a ghlacann ról Finbar, fear atá anois ina chónaí i raingléis de sheanteach. Is é an carachtar is mó a raibh dámh agam leis sa dráma agus an duine is ciallmhaire ar go leor bealaí cé gur bligeard críochnaithe agus meisceoir gan mhaith é ar an iomlán. Tá Henry (Frank McCusker) ina fhear rachmasach ach duine a bhfuil tuiscint agus grá collaí aige do Vera.

The cast of The Wake by Tom Murphy, directed by Annabelle Comyn.

Nuair a éiríonn leis an dráma agus an cliar socrú isteach ina rithim féin labhraíonn sé go ciúin linn faoi na rúin folaigh sin atá againn ar fad agus an choimhlint sin idir an mheasúlacht agus ár mianta bunaidh. Fágann nochtachas, gáirsiúlacht agus greann go bhfuil blas air agus fiacla a bhaineann plaic.

Tá radhairc áirithe ann, an tórramh féin measartha lag shíl mé agus téitear i bhfad fad scéil agus amhrán leis. Is fiú a chuimhneamh go maireann an dráma féin breis is 3 uair an chloig. Níor mhiste giotaí a bhaint.

An lucht is mó a gheobhadh slua reatha seans ná go bhfuil a leithéid feicthe againn cheana go minic. Braitheann an rud ar fad seanchaite fiú anois. Seans go raibh gearradh ann le linn bhlianta an Tíogair ach níl anois. Ceist don Amharclann Náisiúnta nárbh fhearr fáiltiú roimh ghuthanna úra agus léargais éagsúla?

Os a choinne sin cé go bhfuil an dráma féin an-fhada ní éiríonn sé leamh ariamh. Coinníonn sé aird an lucht féachana i gcónaí. Feictear an triúr lárnach ar an drabhlás, iad ag stopadh san óstán agus ag fáiltiú don saol mór breathnú orthu. Ní bhíonn a fhios agat cad a thitfidh amach. Ar an drochuair roghnaíonn na carachtair dul treo nach é is drámatúla in aon chor agus fágann gur liobarnach an deireadh a bhíonn leis. 

Tá an seit go maith, suitear muid isteach sa domhan trí bhrat réaltóg a chur os ár gcomhair a chuireann spéartha pice na tuaithe i gcuimhne dúinn. An t-óstán féin is féidir boladh an chaonaigh agus na taise a bhraith air beagnach.




 

 

 

 

 

 

 

Ní fhéadfainn gan a lua go bhfuil an greann dóite dorcha agus an tsáraíocht go rábach ann, agus murab ionann agus gnáthghreann na hamharclainne bainfidh seo gáire as an duine is soiniciúla amuigh.

Difríochta amháin idir seo agus leagan 1998, ná dath gruaige. Mionphointe shamhlófa ach ní hea agus baintear go mór den dráma dá bharr, rud a thuigfeá ach an dá leagan a chur i gcomparáid.

Beidh an dráma ar siúl ar phríomhardán na Mainistreach go dtí an 30ú lá Iúil (Ticéid ó €9 go costas i bhfad níos airde!)

Tuesday, 24 June 2025

An Phluais - The Cave le Kevin Barry

Comhrá den scoth mar is dual do Chaoimhín. Tommy Tiernan an-mhaith. Plé suimiúil ar thionchar na bhfón, gealtachas, cuimhní teaghlaigh is scéal fíorghreannmhar faoi réalta Hollywood as Uíbh Fhailí ina lár. Deireadh ábhairín lag agus an Garda gan a bheith chomh forbartha céanna mar charachtar.

N'fheadar ar deineadh dráma ar fad den phrós ar fusa a shamhlú i ngearrscéal nó nóibhille. Foroinneadh é ina 'chaibidlí' de shaghas a chuir crot leabhair air arís eile. Beckett ach fíorghreannmhar. Theip ar ar an bpíosa teacht le chéile ar deireadh. Seit iontach.

Seans go raibh mé beagán dian air thuas - Bhí sé uafásach te san amharclann! I mbeagán focal - an-ghreannmhar ar fad.