Dublin Murders, a thiarcais.
Thosaigh cúrsaí agus é an-spéisiúil mealltach, d’éirigh cúrsaí breá
casta agus bhí mistéirí go leor ann. Faraor géar bhí críoch na sraithe
thar a bheith míshásúil. Bailigh leat anois más mian leat millteoirí
scéil a sheachaint! Ar an gcéad dul síos caithfidh mé a rá gur thaitin a
lán rudaí faoin gclár liom. An aisteoireacht, an t-atmaisféar, Bleá
Cliath mar a bhí i ré an tíogai. Go deimhin bhaineas sult as an gcuid is
mó den tsraith. Ach ní an deireadh! Bhí an mhistéir lárnach faoi mharú
Katie an-suimiúil agus thaitin an casadh gleoite ann liom. Ní raibh
críoch shásúil leis an mistéir mhór. Scéal eile ar fad an bheirt a
d'imigh ar strae sa choill a bhí mar chúlra le scéal mharú in Éirinn in
2008
Cé gur breá liom scéalta osnádúrtha bhraith sé an-aisteach gur chúis
osnádúrtha ar fad, ba chosúil, a bhí leis ar deireadh. Bhraitheas nár
deineadh aon réamhullmhú ceart a thabharfadh le fios go raibh cúis
osnádúrtha le himeacht na beirte. Tá an tsraith bunaithe go dílis ar dhá
leabhar de chuid Tana French mar sin dealraíonn sé nach réiteofar
mistéir Adam i sraith a dó, má fheicfear riamh í.
Cad sa diabhal a bhí ag tarlú le Cassie nó Lexie, arbh é an méid a
tugadh sa chlár deiridh sin an míniú iomlán? Is é sin gur bhuail duine
fánach le duine ar an mbus a shíl gur duine eile a bhí inti agus gur
thosaigh sí ag ligean uirthi gurbh í a bhí ann - craiceáilte! Ba chosúil
go raibh deireadh an scéil sin tugtha ag na léiritheoirí ag deireadh na
sraithe, ach gan aon réiteach ar an scéal i bhfírinne. Ní hé go
gcuireann scéalta gan chríoch chinnte isteach orm - ach má tá clár faoi
mhistéir gan réiteach á stiúradh agat shamhlófá go réiteofaí an mhistéir
lárnach go sasúil. Tuigim go bhfuil na sraitheanna bunaithe ar leabhair
agus go bhfuil gach seans ann go bhfuil an mhistéir curtha i láthair ar
bhealach faoi leith sa leabhar a d’fhágfadh an chríoch sásúil. Tá
críoch na sraithe teilifíse chomh míshasúil sin go molfainn go láidir do
dhaoine gan tosú ag breathnú uirthi dá barr.
Más ea seo an deireadh a bheadh scríofa agam féin do Dublin Murders. Tá
an-bhrón orm a dhaoine gairmiúla iontacha ar fad a bhí bainteach leis
an leabhar agus leis an gclár ach bhí an iomad bearnaí ann ar deireadh -
bhí orm clabhsúr éigin a fháil dom féin! Táim cinnte go bhfuil míle is
aon locht air seo ach ainneoin sin is uile reitítear an mhistéir ann!
Tagann Robert (Killian Scott) ar ais chuig na tochailteoirí sa choill ag
ceapadh gur ag iarraidh clabhsúr atá sé. Feiceann Robert is é óg lucht
chainsaw agus clippers. Feicfimid é i bhflashback ag tógáil shears as
set ina gharáiste féin, in aice le chainsaw (ar mhaithe le base a
thógáil sa choill leis an mbeirt eile) Feicimid go raibh Adam cráite ag
Paul agus Jamie. Goideann siad a bhróga fiú agus cuireann Paul air iad.
Imíonn siad leo, Rob ar a dtóir agus sánn sé duine acu trí thimpiste.
Ansin sánn sé an duine eile chomh maith lena choinneáil ina thost.
Déanann sé iarracht an chuma a chur air gur ionsaíodh é féin agus
baineann a thleine agus gearrann poill ann, tógann na bróga ar ais ach
sula mbíonn deis aige é féin a chlúdach le fuil tagann na rockers air.
Feiceann siad go bhfuil an bheirt maraithe aige ach tá eagla orthu a rá
leis na gardaí mar go bhfuil a fhios ag Adam gur éignigh siad an cailín
agus ceapann siad nach gcreidfdh na gardaí iad - teitheann siad as an
bhforaois leis na corpáin agus cuireann sé iad níos faide ar aghaidh sa
choill - agus téann go deireadh an scannáin sa phictiúrlan. Tagann na
Gardaí ar Adam agus gan na corpáin in aon áit. Téann muid ar ais chuig
an dig ansin agus tá Adam anois ar an eolas faoina bhfuil déanta aige.
Déanann sé leithscéal agus brostaíonn i dtreo a chairr agus cuma
bhuartha air. Tá na tochailteoirí tagtha anois agus iad ag baint
scraitheanna - glaoitear isteach an saoiste - We’ve found something’ -
cut go Adam ag tiomáint leis, athraíonn an chuma bhuartha atá air go
cuma na geilte, loinnir an oilc ina shúile aige agus tuigimid anois
nárbh aon bhotún é. Feicimid trí flashbacks gur sheol na tuisti as baile
é toisc go raibh eagla air roimhe, feicfimid radharc a thugann le fios
gur mharaigh sé buachaill eile sa scoil chónaithe, agus tiomáineann sé
thar fhógra mór a deir HE RISES