Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday 3 July 2018

Raidió Ráiméis eip 6 RnaL

(Táimid chun seansceitsí de chuid Raidió Ráiméis a fhoilsiú anseo. Seans go gcuirfear suim iontu nó gur féidir úsáid éigin a bhaint astu. Is féidir gur craoladh leaganacha de na sceitsí seo ar Raidió na Life nó ar Raidió na Gaeltachta cheana)

Raidió Ráiméis

Daithí agus Daithí prank calls (tá Daithí agus Daithí go hainnis ag prank calls)
Fáilte isteach go dtí Daithí, agus Daithí!
Agus inniu beimid ag déanamh prank calls!
Bhíomar ag éisteacht le go leor djs astráileacha ag déanamh prank calls, cheapamar gur
smaoineamh iontach a bhí ann!

Glaoch 1:
Fear an bhainc: Hello, seo Banc na hÉireann
Eh, is mise Batman. Haha prank.
Fear an bhainc: Ok. An é seo Daithí agus Daithí leis na prank calls arís? Caithfidh
mé obair...
Hahahahaha cheap sé gur batman a bhí ionam!
Anois, táimid chun glaoch ar Shíle Ní Chonchúir, ceannaire Raidió Ráiméis, a bhfuil a
mac tinn san ospidéal.
Bhfuil tú cinnte go bhfuil a mac tinn?
Oh ya, an-tinn.
Seo chun a bheith iontach Daithí.
Hello, an é sin Síle?
Díreach ba mhaith liom a rá go bhfuil do mhac Séamus tar éis bás a fháil.
Síle: Oh, nó, Séamas. Céard? Bhí sé go breá ar maidin. Ó mo dhia, cé hé seo? (ag
caoineadh)

Seo Batman.

Fliúit an Easpaig
Anseo ag Beoir na Life, tógaimid ár gcuid ama… rudaí a rá.
Faigh blas ar ár mbeoir is nuaí, Fliúit an Easpaig.
Bhí mo shinsheanmháthair ag obair leis an gcomhlacht.
Agus ar thaobh mo mháthair bhí mo shinsinseanuncail ann chomh maith, ní haon iontas
é gur... alcólaí mé.

Tógaimid an t-uisce díreach ón bhfarraige agus ní dhéanaimid aon rud leis. Sin an fáth go
bhfuil blas chomh sainiúil, salanniúl ar ár mbeoir.

Tá ár gcuid barraí ar fad géinathraithe- genetically modified -duitse go speisialta.

Ar fáil in eischeadúnais ar €17.90.
Agus na hoícheanta ag éirí fuar coinnigh te agus cuir fliúit an Easpaig isteach i do
Bhéal.

Taobh na Tíre

Cian- B’shin an rian is deireanaí ó Kangeroo Motel, ón lipeád Pungent Artifacts,
Nílimm cinnte an bhfeadfaí ceol a thabhairt air ach creidim go ndearna sé
fuaimeanna an amhráin sin trí bhréagáin óna oige a chaitheamh síos an
staighre agus ag ar pogostick. Ar ball seinnfidh mé an rian HimLiM JamJamBrigade
ón albam Do bhíosa seal in Hitlers Army.

Ach roimhe san, seo amhrán den scoth anois, darbh ainm Is binn béal ina thost, ciúnas álainn, maireann an ceann seo 70 nóiméad..

Agus seó hé anois, éist leis ansan, wow, iomlán ciúin.

Andy: Caithfidh tú bheith níos commercial.

Cian: Cuimhnigh, ní gá, seo Raidió na Gaeltachta.
Lucht reatha

Ah hi John!
Dave! Tú ag dul ag rith chomh maith?
Ya, ya díreach ag ullmhú do 5k na hoifige ag deireadh na míosa.
Iontach, maith an fear, mise ag déanamh Ironman an tseachtain seo chugainn.

Ya, maith thú féin, mise ag smaoineamh ar an maratan mí Dheireadh Fómhair.

Ó an maratón, ya cheap mé go raibh sin saghas leamh, mise ag déanamh, Hell and
Back, 20k, léimt thar sconsaí, lámhacán faoi shreangán deilgneach, snamh trí
uisce fuar agus puiteach agus ansin ionsaíonn siad thú le bata adhmaid. Craic
Iontach.

Ó Hell and Back? Cineál funrun, maith an fear, mise ag díriú ar Seacht lá sa
Sahara mar a tharlaíonn, samhradh seo chugainn, seacht maratón sa bhfásach
faoin ngrian. Agus ansin déanann tú arís é droim ar ais le 70 kilos ag crochadh
ó do shrón.
Ok, só ar aghaidh linn ag rith anois?
Oh eh actually tá mo hammer ag cur as dom.
Ye tá mo Achilles cineál pianmhar. Piontaí?

Piontaí!
Daithí agus Daithí
Fáilte ar ais go Daithí agus Daithí.
Tá drochnuacht againn.
Caithfimid fágáil mar ná thaitin ar bprankcalls le ceannaire an staisiúin cé go bhfuil
fhios againn go raibh siad an-ghreannmhar!
Fógra ón stáisiún: Dúirt an BAI nach bhfuil siad ag iarraidh go gcloisfidh aon duine
Daithí agus Daithí ar aer riamh arís. Mar sin tá siad ag bogadh chuig RnaG.




No comments:

Post a Comment