Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday 11 June 2013

Písín próis

Thug an ghrian geábh domhain órga isteach trí shlataí coincréide na hollscoile ag aibhsiú na mac léinn ina nduine is ina nduine de réir an chloig gur líon a niamhracht an t-urlár ar fad.

'It did in me bollocks!' Anois seo chugaibh príomhcharachtar an sceitse seo, PD. Ciúnaigh tú féin ansin a mhac.

Fake-Bréagfhear

Féach is bréagfhear é
cén fáth gur grá leat é
is do bhí an locht orm féin
tabhairt go fíochmar fé
agus más díreach cluiche é
cad chuige caoineadh

deirtear liom gur chóir tú a dhearmadú

(leathaistriú beag ar an amhrán Fake leis na Frames)

Dáinín

Inis scéal dom
a chumainn
nach ann ach
leathscéal
is béadsa
splanctha i do
dhiaidh

Mála Duitse

Tá a bhfuil ann de rudaí áille sa mhála seo duit a ghrá
Chuile bhláth cumhra, gach scáth fionnuar
Is milse a bhfuil ann ná a bhfuil de mhilseacht sa chruinne uile
is is gleoite agus is glaine, is gléine, is mó, is deise, is tarraingtí
is saibhre, is scothaí(mas focal sin a stór) is fearr,
sea is fearr a bhfuil istigh anseo ná aon ní
miotalach lonnrach, aon áras fairsing, aon fhaiche mhín
aon impireacht cheansa, aon phóigín dá fheabhas is dá mhilse
agus tá a bhfuil agam thíos istigh agus
leis, breis, tuilleadh is níos mó ná sin arís
níos suaithinsí, níos dochreidte, níos croíspreagthaí, níos cuimsithí
ná eachra buille álainn gona gcosa in airde
gealadhram, drugaí an tsaoil seo is an tsaoil eile
níl farraige níos doimhne, níl tobar níos úire
níl ithir níos doinne, níl oighear níos trédhearcaí
níl duine níos suáilcí
ach i ndiaidh sin is uile is mé á iompar chugat
chailleas é, is faoina mheáchan aisteach
thit sé go grinneall
is d'imigh as

Blag úr

Breacfad roinnt de na scríbhninní fánacha úd atá caite timpeall mo shaoil ar bhlúiríní páir.

Písín

Lig do ski
i mBanladheis
nó i mBanglachlé

Blúirín

Gach réalta sa spéir
gach speirm sa seamhan
chuile ghráinnín gainnimh
ar aon tráth. 

Ní raibh
áireamh orthu. 

Níor mhatamaiticeoir é ach thuig 
sé go raibh an uimhir mór

Dán - Gan Teideal

feicim tú fós
sa gheansaí teann gorm
le brón id ghnúis
mé do do thógáil amach sa ghairdín cúil
le tú a  mhealladh
feicim d'aghaidh
is í lán díot
d'anam
d'íogaire, do leochaile
táim fós ag iarraidh tú
a mhealladh, a bhréagadh
sa ghairdín cúil sin
ach is im ghnúis féin a fheicim an brón
táim fós ag iarraidh tú a bhréagadh
chun suain
ach tá an lá ag teacht
an fiú codladh

Ingneachán Éadromchosach

(do Nioclás Mac Liam as an tinfeadh)

Mo cheol thú a chaitín
a shiúlann fiar mo chosáin
i dtreo chúl an gharraí go maorga

mo ghrá go daingean thú
a phuiscín riabhaigh
nochtann tú dom do
bhánbhrollach le crónachán

mo chroí thú a phangúir
leath-riastaí
ó a ingneacháin éadromchosaigh
choinnneodh a bhfuil de chaithníní
gáis in aer íor na spéire
in ard airde spéire tú

is éadrom do choischéim
ach is éadroime
mo choiscéim féinig
i ngeall air.