Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday 31 October 2017

Ding





Pléigh ‘Ionad an duine i gcruinne chruálach gan bhrí’ ag díriú isteach ar eispéireas an duine aonair, agus tú ag déanamh mionanailíse ar ghearrscéal ar bith atá ar an gcúrsa.
Leagan amach
Réamhrá
Réadúlacht na Scríbhneoireachta
An Scéal Féin
Alt Deiridh an Scéil
An Scéal Droim ar Ais
Conclúid
Leabharliosta
Iarnótaí
Réamhrá
Eiseamláir d’ionad an duine i gcruinne chruálach gan bhrí’ é an scéal Ding, scéal a bhfuil an bás agus an col ina n-uiscí faoi thalamh go smior ann.  Is féidir a rá, leis, go ndíríonn an scéal isteach ar eispéireas an duine aonair go paiteanta, níl ach an reacaire Éamonn ag caint sa scéal ar fad nach mór, cé is moite de chríoch mheitifisiciúil an phíosa. Toisc gur féidir tuiscintí áirithe éagsúla a bhaint as an scéal agus go bhfuil roinnt míshoiléire agus an-chuid íogaire cainte ann is gá dúinn é a léamh agus teacht ar thuiscint faoina dtarlaíonn ann go baileach.[1], [i]
Réadúlacht na Scríbhneoireachta
Sa ghearrscéal máistriúil seo ó pheann Mhic Mhathúna faightear léargas ar scoth a phinn ó thaobh an tslí a ndéanann sé ionramháil leis an gcaint is an cur síos readúil a bhfuil an iliomad mionsonraí bainteach leis is cabhraíonn sé linn an domhan seo a shamhlú ós ár gcomhair amach.
Luann sé an iliomad carranna; Volvo, Granada is an Range Rover, is cur síos beacht ar ionramháil an foghlaimeora leis, scuaid na bpóilíní a bheith ar aire, Yamaha is a chicthosaitheoir is an scóig.[2]
Luaitear an Grove Hotel, beár óstáin ar nós gach beár ostáin tuaithe is tá sé líonta le carachtair réadula; Rodney Bacastle na gcapall, an chaint ar an bhfíon geinéabha, gin is an fhuinneog bay[3], focail Bhéarla ag tabhairt chaint an phobail chomhaimseartha chugainn go beo beathach.
Agus an t-athair ag caint tráchtar ar na crainn is is léir an tuiscint gheár atá ag Mac Mathúna ar ghnóthaí den tsórt seo, toisc a ghléineach is a mhionshonraíoch is atá an cur síos. Tá galar na gcrann, galar na leamhán Dúitseach[4] luaite, chomh maith le feabhas an leamháin mar chuailí fáil. Luaitear nósanna aisteacha an athar agus sin againn é ina steillebheatha ós ár gcomhair.
Tá an chosúlacht ar na hainmneacha gur as deisceart na tíre dóibh, cinn a thabharfadh Gaeltachtaí Chiarraí i gcuimhne do dhuine, ach is áitainmneacha iad a cumadh leis an gcuma sin a chur ar an scéal. Tá an Caol Dubh, an abhainn, geall le bheith ina carachtar sa scéal seo, is bagartach mar a dhéanann sí a lubarnaíl síos chun farraige. Cabhraíonn Paróiste na Scríne, An Fear Bréige, Maolas, Droicheadh an Aimhirgidin, Tigh Downey, an avenue[5] is na sloinnte muintir Hallissey, is na Donnabhánaigh le domhan iomlán inchreidte a chruthú. Domhan atá gan trua, gan taise mar a tharlaíonn.
Luaitear an Rayburn cineál cócaireáin nó sorn is an tslí gurbh fhearr ola nó téamh láranch. Déantar caint sa Ghrove ar lágar agus toitíní carroll a chabhraíonn linn an suíomh a shamhlú gan móran deacrachta. An Kerry Hobby[6], is léir tuiscint ar shaol na tuaithe agus déanann seo iomlánú ar dhomhan an scéil dúinn. Tugtar sprid do theicneolaíocht an bháis toisc a chasta is atá an cur síos, leictreachas phas-dúbailte, an luibhicíd Paraquat is an tarbh charolais. Arís eile is leir lámh an duine a thuigeann cúrsaí feirme go maith le domhan fairsing réadúil a chur ós a gcomhair gona theicneolaíocht bhásmar.
Luaitear biorán is cíochbheart as Béarla[7] toisc go mbaineann seo leis an máthair, níl sise tugtha don tseannósmhaireacht ar nós an athair agus is réadúil an ionramháil a dhéantar orthu.
Tugann leithéidí “wet cold spiral, due to exposure” is an dairy[8] tathag is téagar don scéal. Is deacair do dhuine gan creidiúint ann. Cabhraíonn an uile rud anseo le cruthú na cruinne dearóile inchreidte, agus is seoigh a éiríonn le Mac Mathúna sa méid seo.
An Scéal Féin
Tosaíonn an scéal le halt gleoite deá-dhéanta. Níl a fhios againn gur máthair an reacaire atá i gceist, is éiríonn leis an scéalaí sinn a tharraingt isteach ina ghrá di, cé nach dtuigimid gur ghaolta iad. Is deas mar a chruthaítear domhan inchreidte.
‘Dar le cách d’fhéadfadh sí a rogha rud a dhéanamh le héadaí; dar liomsa d’fheadfadh sí a rogha rud a dhéanamh’
Tá an t-athrá seo iontach rithimiúil is bogaimid linn isteach sa scéal go beo. 
Sa dara alt feictear tús chúbláil na máthar; tá cara rúin uaithi.  Feictear tús choimpléasc Éideapúis[9] ‘leis an ngrian ag taitneamh trína grúna aniar.’ Is léir go bhfuil rud beag den anghrá aige dá mháthair. Is iomaí cosulacht idir Ding agus Scéal Éideapúis.[10][ii] Má bhreathnaímid ar scéal Éideapúis, is léir gur againn arís eile duine agus a ionad i gcruinne chruálach gan bhrí. Imríonn an saol a cruálacht ar Éideadpús is déantar iarracht é a mharú ag an athair, is é ag súil go bhfaighidh se bás ar thaobh sléibhe, tógann seo an tslí go ligeann Éamonn dá athair féin bás a fháil ar an leac. Sa dá scéal feicfimid clanna saibhre, ríthe i scéal Éideapúis agus feirmeoirí móra in Ding. Tragóid is ea scéal Éideapúis agus is léir an bhaint idir seo agus deireadh an scéil s’againne. Luaitear tragóid ag críoch Ding. Níl i ndeireadh thragóid Éideapúis ach bás agus is amhlaidh ag deireadh Ding. Is maith mar a ionramhálann Mac Mathúna an macallú a dhéanann sé in Ding ar an mbunscéal agus baineann sé adhmad nua as go cinnte. Má sheinntear scéal Éideapúis droim ar ais tosaíonn sé le deáthús, mar go raibh deacracht ag a thuistí páiste a bheith acu agus láidríonn seo an tuiscint gur thóg Mac Mathúna cuid mhaith ionspráide ó scéal Éideapúis.[11] 
Nuair a thosaíonn an chaint ar ghalar na leamhán deirtear  ‘Tá an t-am istigh do na leamháin go léir’ agus go mbeidh a ndóthain adhmaid ann do chónra do gach éinne in Éirinn.
‘An dtaitneodh babhta scoilte leat?- dingeanna nua agam. Ar chualais riamh “ding de féin a  scoilteann an leamhán”?’
Tá caint bhlasta curtha i mbéal an athar ag Mac Mathúna, seanfhocail is foirmeacha táite ina n-orlaí trithí. Tuarann rá doracha seo bás an athar, ach ann féin tá sé fíordheas mar dheismireacht.[12]
Tá an t-ól ina chuid lárnach den scéal seo, is sa teach tábhairne a chaitear an chuid is mó den am sóisialta, agus bíonn an t-athair níos foreigní is é ‘ar na stártha’. An tslí go bhfuil ar Éamonn aiste a scríobh ar an ód mar fhoirm filíochta, dearbhaíonn seo dúinn go bhfuil sé ina aonar amach is amach, cé go bhfuil an t-athair ag tabhairt drochíde don mháthair ní féidir leis éalú ó ghnáthchúraimí na scoile. Arís feictear iompar ionramhálach na máthar nuair a deir sí go bhfuil cara rúin uaithi athuair, ansin deir sí rud fíorshuntasach.
‘Is é rud is mó atá ag déanamh tinnis dom ná go maróidh an t-ól oíche éigin é’[13]
Bagairt uaithi atá anseo, teachtaireacht fholaigh uaithi don mhac ag rá leis an t-athair a mharú. Is nuair a fhiafraíonn an mac conas, luann sí i mbealach ceilte conas go bhféadfaí é a dhéanamh
‘Uaireanta bíonn an droichídín creathánach á thaibhreamh dom.’
Is é seo a chuireann síol an mharaithe ann agus a spreagann é le hiarracht a  dhéanamh a athair a mharú, agus is maith mar a thuigeann sí seo. Is léir anseo an domhan cruálach gan bhrí, an mháthair ag cur air an t-athair a mharú i nganfhios dó féin fiú.
‘Gheal an lá orm, is dorchacht orm, mé ródhéanach don scoil. Bhuail sí isteach chugam le cupán tae, súil dhubh uirthi’
Is maith atá an chodarsnacht seo i dtacar na ndathanna tógtha agus suíomhann sé an mac i ndomhan duairc dorcha, is bagairt an fhoréigin ann go seasta. Dá éis sin cuireann Éamonn borradh ina bhícéips le hiarracht aisteach éigin a mháthair a mhealladh beagán. Is léir arís an chruinne gan bhrí anseo, mac a ghránn máthair aige. Arís eile feictear an t-anghrá seo ar, áit a mbíonn ‘ingne daite mo mháthar go teann ar an roth’.[14] Is deacair gan léamh fallach a dhéanamh air seo.
Arís eile deir an mháthair go bhfuil sí buartha go bhfuil an t-athair ar tí a mharaithe le ragairne. Luann sí plúchadh, agus shamhlófá go bhfuil sí ag tabhairt roghanna éagsúla don mhac de shlite lena bhféadfadh sé a athair a mharú. Ainneoin seo ligeann sí uirthi go bhfuil sí ar buile amach is amach leis nuair a thugann sé le fios go mb’fhéidir go maródh sé é. Scéiméir gan puinn scrupall atá inti agus imríonn sí a tionchar ar mhianta is ar mhothúcháin a mic.
Tagann cor sa scéal nuair a mhaslaíonn Éamonn a athair;
‘Agus fuairis oideachas maith’
Fuair is nára maith agat.’
Tugann an t-athair léasadh d’ Éamonn is imíonn sé ar strae isteach i roscchoill mar a chaitheadh sé a óige. Seo an t-aon áit a mothaíonn sé ar a chompord ann toisc a bhagrach is a neamhthrócaireach is atá an saol thart air. Nuair a fheiceann an mháthair an cruth atá air is nuair a mhíníonn sé gur thit sé deir sí;
‘Tá na t-ionú ann deireadh a bheith le titim sa teach seo’
Is ionann seo agus rá go follasach leis an mac an t-athair a chriogadh. Ansin déanann Éamonn iarracht an t-athair a scaoileadh isteach sa Chaol Dubh. Éiríonn le peann Mhic Mhathúna an pár a athrú ina íomhá ghléineach den droichead.
‘Ghluais sé thar an droichead creathánach, siúl mearbhlach faoi a bhain lúbadh diamhair as na cleitheacha láir faoi mar a bheadh griogadh na cinniúna.’
Tá an caighdeán cumadóireachta scothach ar fad i mo thuairim. Feictear mac na soineachtachta ina chadhain aonraic, níl cara rúin ar bith aige, seo aonarán, imeallaithe ag a athair is olc-chluiche buailte air ag a mháthair. Tógann teicneolaíocht an bháis isteach in umar na gruamachta is na haimléise sinn. Téann Éamonn is sinn ar bhóthar a aimhleasa seisean. Nuair a thiteann sé síos an tobar is léir go bhfuil scéal an bháis ag teacht chun críche, pé acu athair nó mac a mharófar. Deirtear linn anois go mbíonn an t-athair ag caitheamh oícheanta i dteach an bhainne. Tagann tábhacht nach beag air seo nuair a thuigeann an léitheoir ag deireadh fáth seo na n-oícheanta bainne.[15] Tugann an mháthair le fios anois go bhfuil an ghealach air, ag saighdeadh Éamoinn chun a mharaithe toisc go bhfuil sé sceimhlithe faoi.
Nuair a thagann an mac ar mháthair s’aige leathnocht ag scuabadh a cuid gruaige is léir don léitheoir mí-oiriúnacht an chaidrimh. Tuigeann an mháthair seo agus cé gur í is sine is is cumhachtaí ar fad as an mbeirt acu ligeann sí dó grá a bheith aige di.  Is léir méar an choil ar an gcaidreamh is an mac ag gáire go míchompordach faoi na ‘cíocha clóchasacha gan smig fúthu’.[16] Ansin deir sí leis nach fiú mórán measa a bheith aige ar an scoil toisc gur aige a bheidh feirm mhór na 660 acra feasta. Is ionann seo agus an buachaill a scaradh óna aon taca eile dar liom. Deir sí leis nach bhfuil aon tábhachtach leis an oideachas, a thógann cruinne gan bhrí chun cuimhne láithreach. Déanann sí iarracht, leis, cleamhnas a dhéanamh dó mar is mian léi féin é, níl neart aige ar chúrsaí a shaoil féin fiú.
Ansin tógann Éamonn sólaistí chuig an athair atá amuigh ag gearradh. Baineann an sliocht seo agus ní ba luaithe maidir leis an rud céanna macalla as dán clúiteach Uí Éanaí Digging (Ag Baint)[17] is casann sé ar a cheann é i gceart, ní meas atá ann don charachtar athartha ach lombhinb is fuacht gan cheilt.
‘D’fhéadfadh mo sheanathairsa níos mó móna a ghearradh in aon lá
Ná aon fhear eile ar phortach Toner
Uair amháin, d’iompraíos buidéal bainne dó
Corcáilte go tútach le páipéar. Righnigh sé in airde
Len é a ól, is chrom isteach air láithreach bonn
Ag eangú is ag slisniú go néata, ag caitheamh scraitheanna
Thar ghualainn leis, ag baint níos doimhne is níos doimhne
I gcóir na clochmhóine. Ag baint.’

I ndiaidh seo atá príomheachtra an scéil;
‘Ní foláir nó bhog a chos an crann mar chomh luath is a chuir sé a lámh isteach, dhún béal na scoilte air de phlab is d’fháisc air. Chuala cnámha a láimhe á mbriseadh mar uibheacha is gach aon bhéic as ag gearradh an aeir i mo thimpeall.
‘Sheinn siad orm, léan orthu!’
Is téann an mac ar seachrán ar an Yamaha ar fud na dúiche, ina aonar is ní léir dáiríre aon chaidreamh daonna a bhualadh leis. Is deas liom an líne ‘isteach sa scoilt a bhíodar ag féachaint, amhail is go raibh rún mór le ligean ag an adhmad leo.’[18] Is léir anseo rún folaithe an mhic is anbhás an athar is brúidiúlacht an tsaoil, cé nár mharaigh Éamonn é go díreach, lig se dó bas anróiteach a fháil ar an leaca.
Tiontaíonn an mháthair ar an mac tar éis na heachtra seo áfach, tuigeann sí gur é a mharaigh é, agus dealraíonn se go bhfuil fearg uithi nó ar a laghadh go bhfuil sí ag ligean uithi gur feargach atá sí.
‘Is tú mac d’athar, gan aon dabht, stuacach nuair is mian leat é.’
Is;
‘Mar a leagtar an crann is ann a bhíonn na slisneacha.’[19]
Is deir sí seo le binb is le magadh, cé go raibh sí tar éis an mac a bhrú chun a  dhéanta is olc léi an fhírinne ó go bhfuil sé tarlaithe b’fhéidir. Smaoinníonn Eamonn ar ‘sás a dhéanta a chuimnigh ar’ ach teipeann air na focail a rá léi. Mar bharr ar an donas tarlaíonn Éamonn ar a mháthair is Joe Hasset atá tar éis luí lena chéile, is faigheann amach gur caidreamh seanbhunaithe é. Deir an mháthair le Joe
‘Joe, tá rud amháin ag déanamh tinnis dom faoi.’
….go maróidh sé féin
Ar an Yamaha, oíche éigin,’
Seo díreach an tógáil cainte Ciarraíoch a d’úsáid sí nuair a chuir sí brú ar Éamaonn an t-athair a mharú agus is cosúil go bhfuil sí ag iarraidh an brú céanna a chur ar Joe anois.
‘Ansin go mall mall bhraitheas mo dhomhan ag bogadh, ag casadh is ag imeacht ina bhulla báisín buile síos craos an tobair sin, aghaidh Debbie, dingeanna m’athar, gineanna bándearga, mo pháirceanna, mo bhrionglóidí, gach uile rud á scaoileadh faoi duibheagán.’[20]

Siod é an abairt is fearr a chuimsíonn a bhfuil sa cheist thuas, tá domhan Éamoinn ina chíor thuathail, tá an taon rud ar thug seo grá di anois, is le tamall, ag luí le fear úr, is tá gach cosúlacht ar an scéal gur ag iarraidh é a mharú atá sí.
Imíonn Eamonn faoi dhéin theach an bhainne is faigheann stór an athar ann, is tuigeann sé cúrsaí anois san aistriú paraidíme seo. Thuig a athair féin go raibh caidreamh rúin ar bun ag a bhean chéile is b’shin a chúisigh a oícheanta thíos ansin.[21] Luaitear an iliomad rudaí ata stóráilte ann agus go sonrach ar deireadh, gránghunna a bhfuil ‘dóthain piléar d’arm fear ann’[22]
Ansin críochnaítear an scéal leis an alt deiridh úd nach somhinithe dó. Is ionann an scéal seo agus máistir ag cruthú domhain uafásaigh dúinn. Is féidir a rá go cinnte gur chruinne chruálach gan bhrí atá ann. Is eispéireas Éamoinn, aonarán atá tréigthe ag athair is máthair, atá go mór i dtreis ann, eispéireas lán dóláis ar deacair aon chríoch eile a shamhlú leis ach a bhás féin, dá lámh féin nó b’fhéidir ag Lámh Joe. Is ionann Éamonn agus ding a scoilteann a athair, ní foláir cuimhneamh gur lig sé do bás a fháil is dá bhri sin tá sé ar aon chruas is ar aon chruálacht leis is leis an máthair ach ding é i gcluiche na máthar fosta agus is measa fós é seo toisc gur í amháin ar domhan a thugann sé grá di.
Alt Deiridh an Scéil
 Is é an t-alt deiridh an t-alt is tábhachtaí sa scéal ar fad ar ndóigh, gan é a thuiscint níorbh fhiú dúinn iarracht a dhéanamh aon mheabhair nó mothú a bhaint as an scéal ar chor ar bith. Ach an Éamonn atá ag caint nó reacaire anaithnid é atá ag coimheád Éamoinn?
Tá sé á thaibhreamh dom nach bhfuil sa saol ach tragóid teilifíse. Tá dhá shlí ann chun tragóid teilifíse a sheinm – ar aghaidh nó droim ar ais. Is fearr liomsa droim ar ais é, mar sa tslí sin críochnóidh tú i gcónaí le tosach maith.’
 Deir sé linn go gcaithfear an scéal a thuiscint droim ar ais.  Is gá sin a dhéanamh agus fiúntas na coda seo a phlé, an gcuireann sé leis an scéal nó an mbaineann sé uaidh? An é go bhfuil sé ag iarraidh orainn an scéal a bhaint anuas is é a chur le chéile droim ar ais le teacht ar mhórfhírinne de chuid na cruinne cruálaí seo, sé sin gur séanadh na fírinne an t-aon slí leis an mbrón a chosc nó an díreach píosa samhailteach, taibhseach gan chiall atá i gceist aige?

An Scéal Droim ar Ais
Má sheinnfimid an scéal droim ar ais mar a luaitear is é an chríoch ata ann ná radharac na máthar san Aifreann, ag an bpointe úd nach raibh a fhios againn gur mháthair Eamoinn atá ini, mar sin tá Mac Mathún ag iarraidh orainn dearmaid a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha faoin saol iarbhír anróiteach uafásach seo is tabhairt faoin gcur i gcéill. Dar leis is é sin an tslí sin fearr le críoch shona a bheith agat.  Diúltaíonn Mac Mathúna don chruinne chruálach gan bhrí trí aisling nó brionglóid a bheith aige, ach ar ndóigh tuigtear gur bréag atá sa bhrionglóid agus gur aisling gan fíorú a bheidh sa taibhreamh.  Níl sé ag rá gur an fhírinne atá ann, tá sé ag rá go séantar an fhírinne nuair is róshearbh di, agus tá seo á dhéanamh aige i gcomhthéacs ailt thaibhsigh na críche. Críoch le domhan Éamoinn ding.

Conclúid
Tá léirithe agam gan aon phioc amhrais go bpléann Ding le ‘Ionad an duine i gcruinne chruálach gan bhrí’ …[is] eispéireas an duine aonair’ Mathún de chuid na cumadóireachta é Mac Mathúna agus seoid den litríocht Ghaelach an scéal duairc seo.

Leabharliosta

1.      Heaney, Seamus. Death of a Naturalist (Bás Nádúraí), 1966.

2.      Mac Mathúna, Seán. Ding, An Comhlucht Oideachais, Baile Átha Cliath, 1983.

3.      Sophocles. (Aistrithe ag David Grene) Oedipus the King (Éideapús Rí), University of Chigaco Press, Chicago, 1991.

Iarnótaí


[1] Aithnímse gur féidir roinnt léamha éagsúla a dhéanamh ar an téacs seo ach ní luafaidh me anseo ach an ceann is mó a cheapaim féin a bheith I gceist. Is é is dóchúla ar fad dar liom, cé nach é is soiléire. (Féach iarnóta a haon le mo thuiscitn ar an scéal a fháil)
[2] An squad, an Kickstarter, is Throttle an Bhéarla.

[3] Báfhuinneog i nGaeilge.
[4] Galar na nDutch elm mar atá sa téacs.
[5] Ascaill na gaeilge.
[6] Peata capaillín.
[7] clip is bra.
[8]‘bís fhuacht fhliuch, i ngeall ar nochtadh’ agus teach an bhainne is ciall dóibh seo as Gaeilge.
[9] lch. 209. Ding.
Is gá finscéal Éideapúis a thuiscint go maith, i mo thuairim, is léir gur ag tagairt don choimpléasc Eideapúis atá Mac Mathúna, ach sa bhreis air sin braithim go bhfuil sé ag tagairt do bhunscéal Éideapúis leis. (Féach iarnta a dó)
[11] Tuairim phearsanta é gur thóg Mac mathuna ionspraid ó Scéal Éideapúis, braithim go bhfuil an oiread sin cosúlachtaí eatarthu gur gá seo a thuiscint go sonrach g®á don mháthair is bás ar thaobh sléibhe. Is féidir go bhfuil dul amú orm, áfach.
[12] Tógann sé seanfhocal an Bhéarla (The apple doesn’t fall far from the tree chun cuimhne agus feileann seo g maith don chaidreamh idir mac is  athair is don tslí a bhfuil dúl mhór ag an athair san crainn)(Nasc seo leis an gceann eile is leis an nGaermánis)

[13] lch 212
[14] lch. 216
[15] Tuigtear ag deireadh gur ag iarraidh éalú ón máthair atá i gcaidreamh rúin atá sé.
[16]  Lch. 221.
[17] Sliocht aistrithe agam féin. Seo thíos an bundán Béarla.

My grandfather could cut more turf in a day
Than any other man on Toner's bog.
Once I carried him milk in a bottle
Corked sloppily with paper. He straightened up
To drink it, then fell to right away
Nicking and slicing neatly, heaving sods
Over his shoulder, digging down and down
For the good turf. Digging.

Ó Death of a Naturalist (Bás Nádúraí) (1966) le Seamas Heaney.
[18] Lch. 227.
[19] Tógann seo seanfhocal na Gearmáinise ‘der Apfel fellt nicht gerne weit vom Baume’ chun cuimhne. Is ann do leaganacha den rá seo sa Ghaeilge is sa Bhéarla araon.
[20] Déann an focal seo ‘duibheagán’ suimú ar an saol sa scéal seo, duibheagán gan ghrinneal atá lán den chruálacht gan bhrí.
[21] Tuigtear nach ag déanamh leithscéil i leith iompar an athar sa scéal seo atáim.
[22] Spreagann seo sinn le smaoineamh ar dhíoltas éigin a d’féadfadh teacht ó Éamonn nó tubaiste bhrónach, ar nós na gceann a bhfuil trácht cloiste againn ar an teilifís orthu.


[i] Creatlach an Scéil
Tosaíonn an scéal agus bean san aifreann, is téann sí agus fear nó buachaill ag tiomáint. Aithníonn sé marc ar mhuinéal s’aici, cuirtear ar shúile na léitheoirí go bhfuil caidreamh foiréigeanach idir an bhean seo agus a fear céile. Ansin deirtear linn gur máthair an phríomcharachtair atá i gceist (roimhe seo cheapamar gur chailín dá chuid a bhí inti[i], Imíonn an insint ar aghaidh de léim ansin is déantar cur síos ar athair Éamoinn agus an dúil atá aige sna crainn. Éiríonn teannas eatarthu nuair a thráchtar ar an máthair.
Dá éis imeacht an athar ag ól deir an mháthair le hÉamonn go bhfuil cara rúin uaithi agus deir sí go bhfuil buairt uirthi go maróidh an t-ól oiche éigin e. Tugann an t-athair léasadh don mháthair aris. Teann mac is máthair ar thuras gluaisteáin is insíonn an mháthar d’Éamonn arís go gceapann sí go maróidh sé féin, is deir Émaonn go maróidh sé féin é.
Anisn éiríonn ina raic eadarthu athuair is tugann an t-athair greadadh dó le ceanrach. Bíonn Éamonn iomlán tógtha lena áthair a ghlacadh de dhroim an tsaoil ach ní éiríonn leis go fóilleach. Tagann Éamonn isteach lá agus bíonn a mháthair nocht ina seomra codlata. Ansin téann Éamonn chun na háite a bhfuil an t-athair ag leagan crann. Trí thimpiste dúnann cos an chrainn ar lámh an athar is imíonn Éamonn le fóirithint a fháil. Déanann an mac athmhachnamh ar an gceist is imíonn leis.
Aimsítear corpán an athar ar an leaca mar a raibh sé. Déanann an mháthair an teach a athchóiriú ach tagann amhras uirthi faoi ról Éamoinn i gcás an athair. Dúisítear Éamonn d’aithle sin is feiceann go bhfuil Joe Hassett tar éis luí lena mháthair is go raibh caidreamh rúin ar bun acu le tamall.
Téann Éamonn ar mire ansin is téann faoi dhéin theach an bhainne is aimsíonn stór mór bia roimhe ann, agus na bunriachtanais le go bhféadfadh duine maireachtáil ann. Ag earr an scéil ar fad, labhraíonn duine, ní fios an é Éamonn atá i gceist nó mór-reacaire atá lonnaithe taobh amuigh de, is deir go gceapann sé gur tragóid teilifíse atá sa saol agus go bhfuil dhá shlí leo sin a sheinm. Deir sé gur fearr í a sheinm droim ar ais, mar sa tslí sin go gcríochnaítear ar deá-scéal.

[ii] Scéal Éideapús Rí

De réir mhiotaseolaíocht na Gréige ba mhac do Laius agus Jocasta é Éideapús. Rinneadh tuar go maródh an mac fear céile Jocasta agus go bpósfadh sé í.  Le hiarracht a dhéanamh cosc a chur ar an tairngreacht cheangail Laius rúitíní a mhic le chéile le nach bhfeáfadh sé lámhacán a dhéanamh is thug sé do shearbhónta leis lena é a thréigean ar shliabh a bhí i bhfoisceacht don teach.

Rinne an searbhónta tuisceanach an leanbh a thabhairt d’aoire ó Chorinth is tógann clann ríoga ann é is baisteann siad Éideapús air i ngeall ar na díobhálacha atá ar a rúitíní (Tagann an focal éidéime (agus an leagan Béarla oedema) ón bhfocal Gréigise céanna d’ at οδημα, nó oedēma.)   Nuair a fhaigheann Éideapús amach go mb’fhéidir nach iad a thuismitheoirí bitheolaíocha déanann iarracht teitheadh ón rud atá tuartha dó .i. go maróidh sé a athair is go bpósfaidh sé a mháthair. Casann sé ar a fhíorathair i nganfhios dó agus comhlíonann sé an tairngreacht dá ainneoin féin.

Roghnaíonn muintir Thebes  Éadopús mar rí orthu ansin is pósann sé an bhanríon Jocasta ar baintreach í anois. Nuair a thagann an fhírinne chun solais ag deireadh an scéil is iomaí bas a chúisíonn cás cráite s’acu is ní bhíonn ach tocht ag páistí na beirte gaolta; Eteocles agus Polynices, is éiríonn ina raic eatarthu is maraíonn siad a cheile is cuireann Antigone lámh ina bás féin.

Tuesday 24 October 2017

Plé ar INTUITIVE GAELIC COMPUTING TERMINOLOGY A critique of, and an alternative to, the official Irish Gaelic terminology, Ciarán Ó Duibhín



Tá roinnt téarmaí atá in úsáid aige atá deacair go maith le tuiscint. Mórchuid na dtéarmaí nua i mBéarla bíonn siad sách soiléir don té gan aon eolas acu ar an tseirbhís. Is fíor gur minic do na cinn i nGaeilge a bheith doiléir go leor. Mar sin féin tá a lán leaganacha sa liosta seo nach gcuireann leis an tsoiléireacht. Ba chóir do na téarmaí ar fad a bheith intuigthe don ghnáthGhaeilgeoir dar liom.
Eochair – ceart aige
Cad is ‘continuity Gaelic’ ann?
Ríomhchlár – an-seanbhunaithe, ní athróinn é. ‘Oideas’ = smaoineoinn ar ‘bia’
Slánfhoclacht = níos fearr do ‘word wrap’ ach fós féin níl sé an-soiléir
Tá a phointe faoi shanas ‘and may no longer mean what it (etymologically) says’ an-bhailí ar fad.
Bíonn d’ádh nó de mhí-ádh orm cúram téarmaí nua a chumadh a bheith orm ó thráth go chéile. Agus muid ag cumadh téarmaí nua do leithéidí whatsapp/gmail is minic a chuardaím lgh wikipedia i roinnt mórtheangacha Eorpacha Fr, Sp, Gr le feiceáil cad a bhíonn acu (Béarla go mionminic). Sách minic bíonn míniú simplí ar an gcoincheap acu nó rud timchainteach.
‘Some effort has also been devoted to providing terms which could be used in Scotland as well’ ní cur chuige maith é seo dar liom, b’fhearr díriú ar na téarmaí is fearr a thuigfeadh an Gaeilgeoir.
Pause = seas      = go maith, simplí agus intuigthe
cash machine afh: inneall airgid (tá ‘tobar airgid’ cloiste agam air seo!)
Is dócha gur fearr ‘ríomh-inneall’ mar théarma, ach tá ‘ríomhaire’ seanbhunaithe faoi seo.
Níor thaitin a mholadh do ‘decryption’ liom: dí-dhiamhrú- shamhlófá gur fantaisíocht atá i gceist agus ní ‘criptiú’ atá in úsáid ar sheirbhísí go leor cheana.
‘the computer is down’ — ‘tá an t-inneall i laige’ - níl seo oiriúnach, bheifeá ag éirí buartha faoin ríomhaire bocht.
hardware afh: an bhfuil ‘inneallra’ róghinearálta? Tá. Is dócha go bhfuil ‘crua-earraí’ féin róchosúil leis na crua-earraí a gheofá i siopa crua-earraí ach is é sin atá in úsáid go mion minic cheana.
My Documents icon: Deántús  -Ní thuigfeadh daoine seo, ‘Doiciméid’ ann le fada an lá agus ar go leor suíomh/clár/aipeanna éagsúla. Ní gá é a athrú.
password afh: eochair-fhocal, focal rúnda - Tá siad seo mí-oiriúnach. Tá dhá leagan sa treis cheana ‘focal faire’(ceann dúchais) agus ‘pasfhocal’ (níos idirnáisiúnta). Roghnaímis eatarthu.
install: lonnaigh – Tá sé níos fearr ná ‘suiteáil’ nach dtuigtear ach atá in úsáid sna leaganacha logánaithe mar atá. Níorbh aon dochar fáil réidh le suiteáil. Theastódh rud eile de bhreis ar ‘lonnaigh’ uaim, cad faoi ‘bunaigh’?
waste afh: cunamar - Níl sé seo coitianta go leor mar fhocal agus is é  ‘conamar,’ an leagan sa CO. Níl fadhb ar bith leis an leagan a bhíonn in úsáid go dtí seo.

Cad is ‘continuity Gaelic’ ann? Luann sé san alt í.
Tá dul amú air leis an gcáineadh sílim. Ní dócha go raibh éinne ag iarraidh é seo a dhéanamh ''designing a Gaelic terminology to facilitate the English speaker with a Gaelic dictionary rather than the Gaelic speaker." Níl ann ach go bhfuil na téarmaí á gcumadh mar fhreagra ar liostaí Béarla (cá hiontas sin agus an Béarla chomh mór sin chun tosaigh ó thaobh téarmaí ríomhairí. Ba chóir ar ndóigh aird níos mó a thabhairt ar na leaganacha atá ag teangacha eile. Rud eile de, cabhraíonn cosúlacht fhoirmiúil an leagan a bhuanú má bhíonn sé soiléir gur do théarma amháin beacht a fhreagraíonn sé.