Ní hionann athbheochan agus rud maith i gcónaí. Tugann an athbheochan seo, mar chuid de chlár comórtha na hAmharclainne Náisiúnta, athléiriú ar shaothar a céadléiríodh in 1998. Cuireann an dráma Vera inár láthair, atá tar éis filleadh ar Éirinn ó shaol úr leathrúnda aici i Nua-Eabhrac. Tá sé lonnaithe sna nóchaidí agus tá a muintir, muintir O’Toole in adharca a chéile ag troid faoi óstán teaghlaigh a fágadh ag Vera féin. Níor chaith deartháireacha is deirfiúracha go maith le seanmháthair Vera ar chónaigh sí léi ar feadh na mblianta. Ní dúradar léi go raibh sí tar éis bháis go dtí go raibh an tsochraid imithe.
Aisling O’Sullivan(The Clinic) a ghlacann ról Vera, ach ó thús tá foilmhe éigin inti agus ní léir an mbaineann sin leis an aisteoireacht nó an script féin. Pé rud é ní thuigtear mianta Vera. Cuirtear í inár láthair mar bhean leathbhriste atá ag caoineadh an ama atá thart agus nuair a chasann sí ar fhear a mbíodh sí ag siúl amach leis agus í óg tosaíonn ráig saorghlanta di féin agus do mhuintir an bhaile. Brian Doherty a ghlacann ról Finbar, fear atá anois ina chónaí i raingléis de sheanteach. Is é an carachtar is mó a raibh dámh agam leis sa dráma agus an duine is ciallmhaire ar go leor bealaí cé gur bligeard críochnaithe agus meisceoir gan mhaith é ar an iomlán. Tá Henry (Frank McCusker) ina fhear rachmasach ach duine a bhfuil tuiscint agus grá collaí aige do Vera.

Nuair a éiríonn leis an dráma agus an cliar socrú isteach ina rithim féin labhraíonn sé go ciúin linn faoi na rúin folaigh sin atá againn ar fad agus an choimhlint sin idir an mheasúlacht agus ár mianta bunaidh. Fágann nochtachas, gáirsiúlacht agus greann go bhfuil blas air agus fiacla a bhaineann plaic.
Tá radhairc áirithe ann, an tórramh féin measartha lag shíl mé agus téitear i bhfad fad scéil agus amhrán leis. Is fiú a chuimhneamh go maireann an dráma féin breis is 3 uair an chloig. Níor mhiste giotaí a bhaint.
An lucht is mó a gheobhadh slua reatha seans ná go bhfuil a leithéid feicthe againn cheana go minic. Braitheann an rud ar fad seanchaite fiú anois. Seans go raibh gearradh ann le linn bhlianta an Tíogair ach níl anois. Ceist don Amharclann Náisiúnta nárbh fhearr fáiltiú roimh ghuthanna úra agus léargais éagsúla?
Os a choinne sin cé go bhfuil an dráma féin an-fhada ní éiríonn sé leamh ariamh. Coinníonn sé aird an lucht féachana i gcónaí. Feictear an triúr lárnach ar an drabhlás, iad ag stopadh san óstán agus ag fáiltiú don saol mór breathnú orthu. Ní bhíonn a fhios agat cad a thitfidh amach. Ar an drochuair roghnaíonn na carachtair dul treo nach é is drámatúla in aon chor agus fágann gur liobarnach an deireadh a bhíonn leis.
Tá an seit go maith, suitear muid isteach sa domhan trí bhrat réaltóg a chur os ár gcomhair a chuireann spéartha pice na tuaithe i gcuimhne dúinn. An t-óstán féin is féidir boladh an chaonaigh agus na taise a bhraith air beagnach.
Ní fhéadfainn gan a lua go bhfuil an greann dóite dorcha agus an tsáraíocht go rábach ann, agus murab ionann agus gnáthghreann na hamharclainne bainfidh seo gáire as an duine is soiniciúla amuigh.
Difríochta amháin idir seo agus leagan 1998, ná dath gruaige. Mionphointe shamhlófa ach ní hea agus baintear go mór den dráma dá bharr, rud a thuigfeá ach an dá leagan a chur i gcomparáid.
Beidh an dráma ar siúl ar phríomhardán na Mainistreach go dtí an 30ú lá Iúil (Ticéid ó €9 go costas i bhfad níos airde!)