Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Wednesday 1 July 2020

‘Caithigí Uachtar Gréine’ le Mary Schmich agus Baz Luhrmann

Leagan Gaeilge: Cormac Breathnach agus Eoin P Ó Murchú

A dhaoine uaisle, a mhuintir na bliana 2020, caithigí uachtar gréine.

Dá mbeadh píosa amháin comhairle le tabhairt agam do gach duine agaibh don todhchaí, an rud a bheadh ann ná uachtar gréine a chaitheamh.

De bharr obair eolaithe is eol dúinn go bhfuil buntáistí fadtéarmacha ag an uachtar gréine, ach an chuid eile de mo chomhairle, níl aon bhunús léi ach mo thaithí sheachránach féin. Seo chugaibh anois an chomhairle chéanna.

Bain taitneamh as cumhacht agus áilleacht na hóige, ó na bac, ní thuigfidh tú cumhacht agus áilleacht na hóige go dtí go mbeidh siad imithe uait. Ach glac uaim é, i gceann 20 bliain breathnóidh tú siar ar ghrianghrafanna díot féin agus cuimhneoidh tú ar bhealach nach féidir leat a thuiscint anois na deiseanna iontacha a bhí romhat agus cé chomh hálainn is a bhí tú. Níl tú chomh neamhcool is a shíleann tú.

Ná bí buartha faoin todhchaí, ná bí buartha, bíodh a fhios agat go bhfuil an bhuairt seo chomh húsáideach céanna le hiarracht suimeanna matamaitice a réiteach trí ghuma a chogaint. Gach seans nár bhuail fíorthrioblóidí saoil leat fós, na trioblóidí sin a fhágfaidh i do staic thú ar a 4 a chlog tráthnóna leamh Dé Máirt éigin. Déan rud amháin gach aon lá a scanraíonn tú. Croch suas é is can amach!

Ná bí ar nós cuma liom le croíthe daoine eile, agus ná glac leo sin a bhíonn míchúramach le do chroí féin. Tabhair aire do d’fhiacla. Ná cuir d’am amú le héad. Uaireanta is ag ceann an ráis a bheidh tú, uaireanta eile ar gcúl. Is fada an rás é agus ar deireadh níl ann ach tú féin. Cuimhnigh ar na rudaí deasa a deirtear leat, dearúd na masluithe; má éiríonn leat sa mhéid sin, inis dom conas. Coinnigh do chuid seanlitreacha grá, caith amach aon seanráiteas bainc. Déan síneadh. Ná mothaigh ciontach mura bhfuil a fhios agat cad ba mhaith leat déanamh sa saol... an dream is suimiúla a bhfuil aithne agam orthu ní raibh a fhios acu agus iad scór bliain d’aois cad a dhéanfaidís sa saol, iad sin is suimiúla ar fad agus iad daichead níl a fhios acu fós cad ba mhaith leo déanamh. Is fearrde thú bainne. Caith go deas le do ghlúine, braithfidh tú uait iad agus iad imithe.

B'fhéidir go bpósfaidh tú, b'fhéidir nach bpósfaidh, b'fheidir go mbeidh clann ort, b'fhéidir nach mbeidh, b'fhéidir go scarfaidh tú in aois do dhá scór bliain, b'fhéidir go ndéanfaidh tú damhsa an dreoilín ar cheiliúradh ceithre scór do phósta. Pé rud a dhéanfaidh tú ná bí rómholtach ná rócháinteach leat féin, baineann an t-ádh le haon rogha a dhéanann tú sa saol agus leis an rogha a dhéanann aon duine eile. Bain taitneamh as do chorp; bain úsáid as i ngach slí gur féidir leat. Ná bíodh eagla ort roimhe agus ná smaoinigh ar thuairimí daoine eile faoi. Is é an uirlis is fearr dealbh is déanamh a bheidh agat choíche. Bí ag damhsa, fiú mura bhfuil aon áit eile agat len é a dhéanamh ach do sheomra suí féin. Léigh anois go cúramach na treoracha, fiú mura leanann tú iad. Ná caith do shaol ar Instagram, an t-aon rud a thiocfaidh as ná go mothóidh tú gránna.

Cuir aithne ar do thuistí, ní bheadh a fhios agat cathain a bheidh siad imithe uait go deo. Bí go deas le do mhuintir, is iad is mó a nascann leis an am atá caite thú agus is iad sin is mó a sheasfaidh leat amach anseo. Tuigeann tú go dtiocfaidh is go n-imeoidh cairde, seachas an líon beag sin acu gur chóir greim a choinneáil orthu. Oibrigh go crua leis na bearnaí tíreolaíocha agus saoil eadraibh a líonadh, mar de réir mar a théann tú in aois, is ea is mó a theastaíonn an dream sin a raibh aithne agat orthu agus tú óg. Cónaigh i gcathair Bhaile Átha Cliath ar feadh seala, ach fág sula ndéanfaidh sé crua thú. Cónaigh i gCathair na Gaillimhe seal eile, ach fág sula ndéanfaidh sé bog thú. Téigh ag taisteal. Glac le roinnt fíricí dosheachanta, rachaidh praghasanna in airde, toghfar polaiteoirí cama, rachaidh tusa féin in aois agus nuair a tharlóidh sin smaoineoidh tú faoin am sin a raibh tú féin óg. An t-am a raibh praghasanna réasúnta, polaiteoirí iontaofa agus go raibh meas ag óg ar aosta. Bíodh meas agatsa ar aosta. Ná bí ag súil go dtacóidh éinne leat. Seans go bhfuil meall mór airgid sa bhanc agat, seans gur milliúnaí do chéile, ach ní bhíonn a fhios agat go deo cathain a d’imeodh sin ar fad. Ná déan an iomarca pleidhcíochta le do chuid gruaige, nó faoin am a mbeidh tú meánaosta beidh gruaig an tseanduine ort. Bí cúramach cé na daoine a gceannóidh tú comhairle uathu, ach bí foighneach leo siúd a chuireann í ar fáil, saor in aisce.

Maoithneachas atá ann comhairle a thabhairt. Nuair a thugann duine comhairle is bealach atá ann dóibh a stair féin a thógáil amach as bosca bruscair na gcuimhní, na píosaí is gránna di a chlúdach le péint úr agus athchúrsáil a dhéanamh ar an iomlán le gur mó an luach ar an leagan dá stair féin a thugtar mar chomhairle.

Ach glac uaim é faoin uachtar gréine.




Leagan Gaeilge: Cormac Breathnach | Eoin P Ó Murchú
Glór agus físeán: Eoin P Ó Murchú
Eagarthóireacht fuaime: Emma Ní Chearúil
Fotheidil Ghaeilge ar fáil - brúigh 'cc' ar an bhfíseán!  
Bunlitir: Mary Schmich
Buncheol: Everybody's Free (To Feel Good) le Rozalla Ceol: Wear Sunscreen le Baz Luhrmann.
Míle buíochas le: Ciara Ní É ó REIC Ciarán Mac Fhearghusa ó Óga Yóga Sean T. Ó Meallaigh Tomaí Rua Ó Conghaile Kneecap Lucht Féile na Gealaí Físeáin bhreise taifeadta i mBÁC le linn dianghlasála. Gearrthóga eile ó pexels agus pixabay. Deilbhín an fhíseáin ó kissclipart.com https://www.kissclipart.com/protector...