Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday 31 July 2018

Eip 7 RnaG Raidió Ráiméis

(Táimid chun seansceitsí de chuid Raidió Ráiméis a fhoilsiú anseo. Seans go gcuirfear suim iontu nó gur féidir úsáid éigin a bhaint astu. Is féidir gur craoladh leaganacha de na sceitsí seo ar Raidió na Life nó ar Raidió na Gaeltachta cheana)

 

Daithí agus Daithí: 45 soic

E: Fáilte ar ais go Daithí agus Daithí:
A: Ná déanaigí dearmad faoinár mórchomórtas Serial Killer Raidió Ráiméis, tá €5,000 le buachan!
E: Cé atá chun Serial Killer Raidió Ráiméis a aimsiú?
A: Daithí cad iad na leideanna go dtí seo?
E: Tá sé thart ar 5 throithe 9, gruaig dhorcha air agus tá tracksuit gorm nó dúghorm á chaitheamh aige.
A: Iontach agus abair céard is cóir déanamh má fheiceann sibh é!
E: Cuimhnígí, ná téigí suas chuige má tá sé foréigneach agus an-dainséarach.
sting: dddddáinséarach.
A: Tá sé tar éis seachtar a mharú go dtí seo!
sting: bbbbrúidiúil!
E: Glaoigí ar uimhir rúnda na ngardaí agus tabharfaidh na gardaí an duais mhór
daoibh!
 
Rugbaí 50

Tá sé seo dochreidte ar fad ar fad, cluiche ceannais rugbaí an domhain. Éire, a tháinig anseo tríd an gcúl-doras 2 phointe taobh thiar den Nua Shéalainn agus nóiméad fágtha.

Seo anois imirt dheiridh an chluiche, agus ní chreidim é, tá Paul O’Connell ag teacht ar an bpáirc i gcathaoir rotha agus fan soic, cé hé seo, Ronan O’Gara! Éire ar an ionsaí. Ní raibh éinne ag súil leis seo, 30 soicind ar an gclog, Éire ag dul chun cinn, agus titeann O’Gara isteach sa phóca. An féidir leis dropchúl a fháil chun corn an domhain a bhuachaint?! Seo hé, O’Gara!!

agus glacaimid sos beag fógraíochta Tv3


Is maith an t-anlann an tOcras 30 soic

Anlann álainn, an t-anlann is fearr, téann sé le gach rud!
Ocras - Déan cócaráil éasca le Ocras!
bean tí: “Thosaigh mise ag úsáid Ocras, anois tá sé ar nós go bhfuil grá ag mo pháistí dom arís!”
(Pic heinz athraithe go Ocras)
Canta: Is maith an t-anlann an tOcras
Ordaigh Ocras anois agus faigh paicéad ‘Beagán’ saor in aisce.
Bíonn blas ar an mbeagán!
Canta: Is maith an t-anlann an tOcras

Tuairisc speisialta: An Geata 80 soic
Eibhlín Ní Choisteala: Bhí conspóid i Ros na Mara inniu, áit ar osclaíodh geata nua. Linn ar an bhfón tá an comhairleoir áitiúil, Máire Ní Dhonncha, a Mháire céard é do mheas faoi ngeata seo?
Máire: Lá iontach é seo do Ros na Mara fhéin, dhon tír ar fad. Déanfaidh an geata an-difear, is féidir le muintir na háite é a oscailt agus é a dhúnadh. Ba mhaith liom tréaslú leis an gcoiste ar fad agus leis an bhfochoiste péinte a dhein scoth na hoibre. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an sagart a tháinig leis an ngeata a oscailt go hoifigiúil, agus fér plé dhó, dhún sé ina dhiaidh é. Go hoifigiúil.
Agallóir: Ach níl gach éinne sásta leis an ngeata tá Diarmuid Ó hEalaí, crank áitiúil, liom ar an líne, a Dhiarmuid níl tú sásta leis an ngeata?
Diarmuid: Níl mé pioc sásta, ní maith liom an geata, ní fheicim aon chall leis. Seo PC gone
mad a Eibhlín. Seo polasaithe Bhleá Cliath á mbrú orainne, ní raibh geata ann agus muid
óg ach bhíomar sásta. Tosaíonn an scéal le geata an chéad rud eile beidh gach éinne ag
díol hearóin leis na gasúir. Eibhlín an é sin atá uathu? Hearóin agus striapachas agus facebook.
Agallóir: Eh, grma a Dhiarmuid. Má theastaíonn tuilleadh eolais uaib, agus an scéal ag titim amach beo leanaigí muid ar an gcóras giolcaireachta áit a mbeidh muid ag tweetáil leis an haischlib #geataGate.

(geata ag dúnadh)

Daithí agus Daithí: 50

D: Fáilte ar ais chuig Daithí agus Daithí!

D: Tá duine ar an líne anois atá ar thóir serial killer raidió ráiméis chun €5,000 a bhuachaint. Cé atá ar an líne?
Glaoiteoir:  [FUAIM: guth “Saw”] (análú trom) An bhfuil sibh ag iarraidh cluiche a imirt?

D: haha ehhhmm (neirbhíseach) táimid ag imirt cluiche! An bhfuil tú tar éis serial killer Raidió Ráiméis a aimsiú?!
G: [FUAIM: guth “scream”] An maith libh scannáin uafáis?
D: ha ha tá tusa greannmhar! Cá bhfuil tú?

G: Cá bhfuil sibhse?
D: Táimid ag Raidió Ráiméis Towers, 27 Sráid Pharnell, Baile Atha…

D: Daithí STOP!

[FUAIM: Guthán crochta]

D: Daithí, is amadán thú! Ní iomaitheoir sa mhórchomortas a bhí ansin, b’shin Serial Killer Raidió Ráiméis!!! Agus anois… tá sé… ag teacht chugainn….

Guthú: Faigh amach céard a tharlaíonn le Daithí agus Daithí an Satharn seo chugainn, oíche Shamhna mwah hah hah hah hah




 

Wednesday 18 July 2018

Eip 4 RnaG Raidió Ráiméis

(Táimid chun seansceitsí de chuid Raidió Ráiméis a fhoilsiú anseo. Seans go gcuirfear suim iontu nó gur féidir úsáid éigin a bhaint astu. Is féidir gur craoladh leaganacha de na sceitsí seo ar Raidió na Life nó ar Raidió na Gaeltachta cheana)

Daithí agus Daithí (40 soic)
E: Fáilte ar ais, go dtí Daithí agus Daithí, tá comórtas nua againn, comórtas
charades!
A: Ceart go leor, seo uimhir a haon, agus mar leid is scannán atá ann.
E: Ar aghaidh leat Daithí.
(Soic ciúnais)
E: Haha, ceann an-éasca uait ansin Daithí, má tá an freagra agaibh seolaigí téacs
isteach.
E: agus an duais ná dhá thicéad chuig an bpictiúrlann!
A: Daithí an féidir linn dul go dtí an phictiúrlann?
E: Ní féidir, tuigeann tú go bhfuil mé ag siúl amach le Sorcha, níl an t-am agam
crochadh amach a thuilleadh.
A: Oh, hahah, má tá éinne sa bhaile ag iarraidh dul go dtí an phictiúrlann liom nó
má tá cara tar éis tú a sháigh sa droim, cuirigí téacs isteach.

El websumito (20 soic)
Bem-vido en El websumito!
para
-El blue sky thinking
-Los cloud storageE e

-Muchos Muchos wifi                                                                          
Ar nós na gcomhlachtaí teicneolaíochta eile is ar fad is comhlacht Éireannach é
Websumit... ar mhaithe le cúrsaí cánach.
Sceilg Mhichil (40 soic)
[FUAIM: Cantaireacht manach, faoileáin, farraige]

Ab: In ainm an athair, an mhic agus an spiorad naofa, baochas mór le Dia sna hárda go
bhfuilimid manaigh bailithe, ar an láthair shíochánta, spioradálta so Sceilg Mhichíl.

[FUAIM: light sabers, seans amhrán the dark lord]

Ab: Lúcáis, tá do dhaid anseo…

Lúcás: Ugh,

Daid! Bíonn tú i gcónaí ag cur náire orm os comhair na manach eile.

Darth Vader: (guth DV) Tá cogadh intergalachtach ar bun agus caithfidh tú teacht liom.

Ab: Gabh mo leithscéal tánn tú ag cur isteach ar an áit naofa so.

Darth Vader: Ná bí buartha, fuaireamar cead speisialta, ón taobh dorcha, Ciarraí, Jedi Deenihan.
(agus brón orm faoin damáiste nuair a bhí mé ag leaindeáil sa DeathStar)

Rugbaí (30 soic)
Heave

Rugbaí

Ná cailligí amach ar an sladmhargadh ag Leithrisí Labhráis, mar cheiliúradh ar
Chorn an Domhain. Is cuma más prop nó hook thú, uimhir a haon nó uimhir a dó

Urraitheoir neamhoifigiúil leithreas fhoireann rugbaí na hÉireann
Ó féach ar an leithreas úd, úd sin rud a tharlaíonn i rugbaí.
Leithrisí Labhráis ag tacú leatsa is tú ag brú, ar an leithreas.

Heave






Pioc do Ride (1.30 )

Láithreoir:
Fáilte isteach go dtí Pioc do Ride, inniu beidh Enda ó Mhaigh Eo linn.

Enda:
Is mise Enda agus is maith liom peil agus austerity

Láithreoir:
Beidh Enda ag roghnú cailín álainn amháin ó Lucinda, Joan nó Mary-Lou díreach
trí bhreathnú ar a gcarranna. Ar dtús, Enda cad a cheapann faoina carr Lucinda?

Enda:
Sách coimeádach, tá cuma an-deas air ar an taobh amuigh, breathnóidh mé faoin
mbonnet, fan soic, níl aon inneall ann níl sé ag dul in aon áit, ní féidir liom ainm an chairr a fhuaimniú fiú, Renault?

Láithreoir: Renua. Ar aghaidh linn go dtí carr MaryLou.

MaryLou:
Níl cuma chomh snaziáilte ar an gceann seo, rachaidh mé ar chúl go dtí an boot, hmm tá sé faoi ghlas d’fhéadfadh aon rud a bheith istigh ansin, tá amhras orm faoin gceann seo.

Láithreoir:
Anois carr Joan!

Enda: Deas compordach, is léir go gcaitheann sí a lán ama ann, ó an-úsáideach tá escape hatch ar a bharr, tá inneall breá mór ann is léir gur breá léi cumhacht agus is féidir liom mé
féin a shamhlú ag stiúradh an chairr seo.

Láithreoir:
Ok Enda, tá freagra uaim, cé a roghnóidh tú?

Enda:
Táim chun dul mé le Joan.

Láithreoir:
Joan is fútsa atá, an rachaidh tú i gcomhrialtas le Enda nó an roghnóidh tú an dearbhán
€250,000 milliún ón IMF?

Leanúnachas: Más mian leat fáil amach conas mar a éiríonn le hEnda agus Joan, bígí linn tar éis an olltoghcháin!

 

Thursday 12 July 2018

Eip 3 RnaG Raidió Ráiméis

(Táimid chun seansceitsí de chuid Raidió Ráiméis a fhoilsiú anseo. Seans go gcuirfear suim iontu nó gur féidir úsáid éigin a bhaint astu. Is féidir gur craoladh leaganacha de na sceitsí seo ar Raidió na Life nó ar Raidió na Gaeltachta cheana)

1Raidió Ráiméis
E: Fáilte isteach chuig Daithí…1
A:…agus Daithí!
E: Inniu ar an gclár beimid ag déanamh rud speisialta.
A: Bíonn muid i gcónaí ag caint faoi rudaí tábhachtacha anseo ar nós celebs agus faisean, ach inniu beimid ag caint faoi rud an-tábhachtach, sin géarchéim na dteifeach atá ag teacht isteach san Eoraip.
E: Agus tá Adnan linn ar an líne!
A: Conas mar a bhí do sheachtain?
Adnan: Bhí sé a lán scanrúil, bhí mé agus mo pháistí ag siúl agus ag siúl gan a lán bia agus gan a lán codladh agus bhí sé deacair mór.
A: Wow agus cé hé an celeb is fearr leat?
Adnan: Cad?
E: Tuigimid go bhfuil tú in Calais na Fraince faoi láthair, conas atá sé?
Adnan: Níl aon leithrisí, níl aon bhia, tá sé uafásach. Tá muid ag fanacht i bpuball amuigh faoin aer agus go leor daoine tinn.
A: Ya so like, dhá réalta as cúig?
E: Chuala sibh anseo ar dtús é ná téigí ar saoire go Calais.

Fógraí báis
Cailleadh Puff Daddy aréir, nó P Diddy mar is fearr aithne air ina theach cónaithe sna Hollywood Hills, lámhach é taobh amuigh dá theach é tar éis rap battle ghairid, cuirfear thall é, in áit bláthannaí a thabhairt, is féidir síntiús a dhéanamh le Bad Boy records.
Clár na Gaeilge
Leanúnachas RnaG: De bharr aiseolas a dúirt nach raibh ár ndóthain cláracha faoin nGaeilge againn tá an clár nua seo ann anois i Sceideal an Fhómhair, 3 uair an chloig lomalán le Gaeilge!
Agallóir: Fáilte isteach go clár na Gaeilge. Inniu beimid ag plé an Caighdeán Oifigiúil, bás na nGaeltachtaí, agus bás na Gaeilge féin. Pádraig abair liom, liom céard é an scéal leis an nGaeilge?
Pádraig: Bhuel tá an Ghaeilge ag dul ar gcúl, dying out mar a déarfá.
Agallóir: Suimiúil, abair liom tuilleadh faoi sin.
Pádraig: Ya, tá daoine like speaking i bhfad níos mó English agus ag mixeáil sentenc-eachaí.
Agallóir: Tá, is fíor duit, agus rinne tú féin díreach ansin agus céard atá chun happenáil anois, meas tú?
Pádraig: I think go n-aontóidh tú that Irish has just now completely died out.
Agalloir: Indeed it has, Patrick, well that’s all we have time for, goodbye and blessings.
Na fógraí báis - fógra eile báis
Cailleadh Sorcha Ní Mhurchú nó Sara Bear mar is fearr aithne uirthi bás ina teach cónaithe ar maidin, tar éis tinnis ghairid. D’ól sí like 18 jagerbomb aréir agus like bhí sí go hiomlán ag fáil bháis ar maidin. Agus mura bhfuair sí bás ag an bpóit is cinnte go leagfaidh an náire í nuair a fheicfidh sí na selfies sin ar fad a bhí á bpóstáil aici chuig facebook agus ní snapchat mar a cheap sí.
Tuigtear nach mbeidh ach fáilte roimh theaghlach sa teach, agus iarrtar ar dhaoine in áit bláthannaí a thabhairt síntiús de domino’s pizza a bhreith leo.
Peig: an Ceoldráma
Guthú eipiciúil: Tar éis trí bliana ar an West End, agus 4 Tony’s buaite, ina measc ‘Best Misery Theatre’ seo daoibh Peig: an Ceoldráma
Guthú: Cailín óg atá ag iarraidh éalú ón oileán...
Amhrán 1: (I dreamed a dream)
Táim im aonar ar an mBlaoscaoid
uaigneas orm
ar an diabhal oileán seo
Guthú: lean í ar a turas spleodrach ar thóir clú agus cáile
Amhrán 2: (A whole new world, Alladin)
Táim i Nua-Eabhrac (A whole new world)
táim ag canadh ar broadway is réalta mé
Is cuma faoi bhéaloideas, dún do bhéaloideas
ach fós táim uaigneach, …(ag athrú ina caint anseo) cén fáth go mbraithim uaim an t-oileán agus Pádraig, Pádraig?
Guthú: Leathbhunaithe ar an bhfíorscéal (le Ceol ó Andrew Lloyd Webber) agus an móramhrán idirnáisiúnta ‘Tá siad beo’.
amhrán 3: (frozen, let it go)
fillte, anseo, is cónaím leo (conceal, don’t feel)
tá na blaoscaoid beo
Tá siad beo, tá siad beo
fanfaidh mé anseo go deo,
Tá siad beo, tá siad beo
ná himigh tusa a stór
is cuma liom
céard a déarfaidh siad fúm
lig dóibh caint orm
beidh mé ar an ardteist go buan
Guthú: Le Twink i bPáirt Peig, agus Elmo ó Love Hate mar Phádraig, ná caill mórdhráma Fringe an Oireachtais.