Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Thursday 12 July 2018

Eip 3 RnaG Raidió Ráiméis

(Táimid chun seansceitsí de chuid Raidió Ráiméis a fhoilsiú anseo. Seans go gcuirfear suim iontu nó gur féidir úsáid éigin a bhaint astu. Is féidir gur craoladh leaganacha de na sceitsí seo ar Raidió na Life nó ar Raidió na Gaeltachta cheana)

1Raidió Ráiméis
E: Fáilte isteach chuig Daithí…1
A:…agus Daithí!
E: Inniu ar an gclár beimid ag déanamh rud speisialta.
A: Bíonn muid i gcónaí ag caint faoi rudaí tábhachtacha anseo ar nós celebs agus faisean, ach inniu beimid ag caint faoi rud an-tábhachtach, sin géarchéim na dteifeach atá ag teacht isteach san Eoraip.
E: Agus tá Adnan linn ar an líne!
A: Conas mar a bhí do sheachtain?
Adnan: Bhí sé a lán scanrúil, bhí mé agus mo pháistí ag siúl agus ag siúl gan a lán bia agus gan a lán codladh agus bhí sé deacair mór.
A: Wow agus cé hé an celeb is fearr leat?
Adnan: Cad?
E: Tuigimid go bhfuil tú in Calais na Fraince faoi láthair, conas atá sé?
Adnan: Níl aon leithrisí, níl aon bhia, tá sé uafásach. Tá muid ag fanacht i bpuball amuigh faoin aer agus go leor daoine tinn.
A: Ya so like, dhá réalta as cúig?
E: Chuala sibh anseo ar dtús é ná téigí ar saoire go Calais.

Fógraí báis
Cailleadh Puff Daddy aréir, nó P Diddy mar is fearr aithne air ina theach cónaithe sna Hollywood Hills, lámhach é taobh amuigh dá theach é tar éis rap battle ghairid, cuirfear thall é, in áit bláthannaí a thabhairt, is féidir síntiús a dhéanamh le Bad Boy records.
Clár na Gaeilge
Leanúnachas RnaG: De bharr aiseolas a dúirt nach raibh ár ndóthain cláracha faoin nGaeilge againn tá an clár nua seo ann anois i Sceideal an Fhómhair, 3 uair an chloig lomalán le Gaeilge!
Agallóir: Fáilte isteach go clár na Gaeilge. Inniu beimid ag plé an Caighdeán Oifigiúil, bás na nGaeltachtaí, agus bás na Gaeilge féin. Pádraig abair liom, liom céard é an scéal leis an nGaeilge?
Pádraig: Bhuel tá an Ghaeilge ag dul ar gcúl, dying out mar a déarfá.
Agallóir: Suimiúil, abair liom tuilleadh faoi sin.
Pádraig: Ya, tá daoine like speaking i bhfad níos mó English agus ag mixeáil sentenc-eachaí.
Agallóir: Tá, is fíor duit, agus rinne tú féin díreach ansin agus céard atá chun happenáil anois, meas tú?
Pádraig: I think go n-aontóidh tú that Irish has just now completely died out.
Agalloir: Indeed it has, Patrick, well that’s all we have time for, goodbye and blessings.
Na fógraí báis - fógra eile báis
Cailleadh Sorcha Ní Mhurchú nó Sara Bear mar is fearr aithne uirthi bás ina teach cónaithe ar maidin, tar éis tinnis ghairid. D’ól sí like 18 jagerbomb aréir agus like bhí sí go hiomlán ag fáil bháis ar maidin. Agus mura bhfuair sí bás ag an bpóit is cinnte go leagfaidh an náire í nuair a fheicfidh sí na selfies sin ar fad a bhí á bpóstáil aici chuig facebook agus ní snapchat mar a cheap sí.
Tuigtear nach mbeidh ach fáilte roimh theaghlach sa teach, agus iarrtar ar dhaoine in áit bláthannaí a thabhairt síntiús de domino’s pizza a bhreith leo.
Peig: an Ceoldráma
Guthú eipiciúil: Tar éis trí bliana ar an West End, agus 4 Tony’s buaite, ina measc ‘Best Misery Theatre’ seo daoibh Peig: an Ceoldráma
Guthú: Cailín óg atá ag iarraidh éalú ón oileán...
Amhrán 1: (I dreamed a dream)
Táim im aonar ar an mBlaoscaoid
uaigneas orm
ar an diabhal oileán seo
Guthú: lean í ar a turas spleodrach ar thóir clú agus cáile
Amhrán 2: (A whole new world, Alladin)
Táim i Nua-Eabhrac (A whole new world)
táim ag canadh ar broadway is réalta mé
Is cuma faoi bhéaloideas, dún do bhéaloideas
ach fós táim uaigneach, …(ag athrú ina caint anseo) cén fáth go mbraithim uaim an t-oileán agus Pádraig, Pádraig?
Guthú: Leathbhunaithe ar an bhfíorscéal (le Ceol ó Andrew Lloyd Webber) agus an móramhrán idirnáisiúnta ‘Tá siad beo’.
amhrán 3: (frozen, let it go)
fillte, anseo, is cónaím leo (conceal, don’t feel)
tá na blaoscaoid beo
Tá siad beo, tá siad beo
fanfaidh mé anseo go deo,
Tá siad beo, tá siad beo
ná himigh tusa a stór
is cuma liom
céard a déarfaidh siad fúm
lig dóibh caint orm
beidh mé ar an ardteist go buan
Guthú: Le Twink i bPáirt Peig, agus Elmo ó Love Hate mar Phádraig, ná caill mórdhráma Fringe an Oireachtais.


 

No comments:

Post a Comment