Brón ar an mbás. Duine fíorshuimiúil. Bhí roinnt comhráite iontacha agam leis in imeacht na mblianta (agus bhí sé breá sásta léirmheas dem chuid nach raibh moltach ar fad a phlé) Bhí a chuid drámaí/seónna/ceardlanna an-spreagúil ar fad agus thug sé ár ndúshlán ar bhealach an-ghlic le No Béarla, cé nár thuigeas i gceart ag an am é.
Chuir sé saothair dhúshlánacha dhátheangacha ar ardán san fhéile imill drámaíochta i BÁC, leithéidí Broken Croí/Heart Briste agus Bás Tongue a spraoi le teanga agus cumas an lucht éisteachta inti. Threabh sé gort nach raibh mórán eile ann agus thug faoi go nua-nósach dána.
Braithim féin eilimintí de Gaeilge Tamagotchi agus Arán agus Im is eile ag borradh aníos i nithe éagsúla a chruthaím. An bhéim aige arís is arís eile ar fhocail is iad a choinneáil beo nó a athbheochan, nithe a deineadh in Éirinn a bheith páirteach (idir éadaí agus seit), gné shearmanasach agus eile.
Suaimhneas síoraí dó.

No comments:
Post a Comment