Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Monday 2 July 2018

Raidió Ráiméis eip 4 RnaL

(Táimid chun seansceitsí de chuid Raidió Ráiméis a fhoilsiú anseo. Seans go gcuirfear suim iontu nó gur féidir úsáid éigin a bhaint astu. Is féidir gur craoladh leaganacha de na sceitsí seo ar Raidió na Life nó ar Raidió na Gaeltachta cheana)

BBC David Attenborough

Eoin: Fáiltigí romhaibh isteach go dtí BBC Raidió Ráiméis, ag craoladh ar tonnfhad 106.4 ar fud an domhain, ó  kenshasi go dtí beirut, ó capetown go ballydehob.
Agus ag leanúint leis an tsraith Treibheanna an domhain beidh ár gcomhfhreagraí  David Attenborough, OBE, MBE MTV.com ag féachaint ar threibh faoi leith in Éirinn.
Andy: Grma Charles, táim ag dioscó áitiúil in Éirinn d'oíche mhór don treibhseo, oíche na hArdteiste. Nuair a thagann déagóirí in aois sa treibh seo, tugtar pointí dóibh agus rialaíonn sin cén treo a rachaidh siad sa saol.
Charles: Wow, nach simplí an tsochaí atá acu!  
David: Go deimhin Charles. Agus déanann siad adhradh fós ar an aon Dia amháin acu, an t-alcól. Oh feicim beirt óg ag tosú ar an gcúirtéireacht! Ó agus tá sé críochnaithe anois, maith thú Deco!  
Tá na fir óga meallta ag an bpeint oráiste a gcaitheann na cailíní.  
Eoin: Guthanna sa chúlra (yahouu, hup, hup, seisean an leaid ó jurassic park)
David: agus anois is onóir dom é seo a fheiceáil, tá an partybus tagtha,  
Andy: ta na fir ag canadh amhrán cogaíochta  anois ya, ya, ya , ya toure, kolo, kolo, toure. Caithfidh mé a adhmháil go bhfuil manna ársa an treibh seo tar éis dul i gcion orm - 'few naggins they said, be grand'. Charles, táim ag dul i gcóir kebab.
Scannán uáfais. An té nach bhfuil laidir….
(ceol scanrúil)
GUTHÚ: an geimhreadh seo, buailfidh tart thú
Andy: (caint) beidh ceann agat an mbeidh? beidh. beidh. beidh
G; marbh le tae
Andy: ól siar é, ní féidir liom
G: marbh gan é,
Andy: cá bhfuil sé imithe, caithfidh go bhfuil mála agat anseo in áit éign.(fuaimeanna fustrála) Barrys Lyons?
nó nó, nó Tetley.
G: an geimhreadh seo, cuir an citeal síos do Mharbh Gan Tae. (clic)
Seo fógra ó na bainc a scrios an tír
An bhfuil teach uait?
An bhfuil tú buartha nach bhfuil tú chun tosaigh sa property bubble is déanaí!
Bhuel Ceannaigh teach nach bhfuil tógtha fós i gCill Mhantáin!
Buartha nach mbeidh tú in íoc as?
Ceannaigh 3 theach!
Ardaíonn gach bád leis an taoide. Mura gceannaíonn tú teach, beidh tú literally faoi uisce.
Cén fáth go n-íocfá cíos i lár na cathrach nuair a d’fhéadfá teach breá a cheannach i mBaile Átha Cliath Thuaidh Thuaidh Thiar, Co. Chabhán?
Ar ndóigh déanfaimid seiceáil an-dian ar do chursaí airgid. LOL
Tabhair cuairt ar NegativeEquityPositiveBanter.ie!
Clár grinn DOB
leanúnachas: agus anois clár grinn faoi Dennis O’Brien  
Clár; Tá DOB an- Bííííííííííííííííííííííííííííííííp chuir sé bip sa bip, thóg sé bíp, ó bíp agus anois níl bíp ag bíp, an bípin bíp-adán
leanúnachas: Wow, bhí sé sin an f-bípin-ing greannmhar!
Uisce Éireann
(fuaim farraige/piseála/sruthlú leithris sa chúlra)
Anseo in UÉ taimid ag smaoineamh ortsa. Táimid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh uisce úr flúirseach agat, agus nach mbeidh tú faoi ghlas i do theach.
De bharr gur ortsa amháin atáimid ag smaoineamh, bheadh sé uafásach dá rachadh do theach trí thine.
Tá a fhios againn cá bhfuil cónaí ort, íoc do bhille.
(Amhrán) Uisce Éireann. íoc anois is ní mharóimid thú!
Raidió ráiméis
Duine ar an nguthán i gcóir duaise / comortais.
Daithí
is Daithí lán de bheocht agus an duine ar an nguthán ciún / duairc / gan
fuinneamh ar bith
Daithí, tá duine tar éis glaoch isteach don chomórtas nua!!
Iontach,
ar an líne anois, tá Seán i dTamhlacht. Seán táimid chomh sásta gur ghlaoigh tú
isteach, conas atá tú ar maidin???
Go breá
Iontach! Céard é do phlean don lá Seán?!
Obair
Obair! Wow! Iontach, hahahaha banter. Cén post atá agat Seán?
Slándáil
Slándáil, OMD Goa an bhfuil tú ar nós Batman, Seán haha?
Níl
haha. Bhuel Seán más féidir leat an t-amhrán seo a aithint ón gclip
leathshoicind seo, buafaidh tú an duais mhór!!
[Clip leathshoicind.]
Seán: Piano Concerto No.18 in B-flat major le Mozart.
OMD OMD Seán tá tú tar éis an duais mhór a bhuacaint, €17!! An é seo
an lá is fearr i do shaol?
(bualadh bos canned),(dundadehadhanat)
Céard a dheanfaidh tú leis an €17?
Fags agus cannaí. [crochann sé suas an guthán]
Eoin: Iontach, bhí an oireas sin ríméad air gur chuir se deireadh leis an nglaoch!
Andy: Ní shin an fáth...
Daithí: Go dtí an tseachtain seo chugainn, beimid Raidió ráiméiseach...
Andy: agus bíodh sibh raidió ráiméiseach!
Críoch

No comments:

Post a Comment