Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Monday, 16 May 2016

Aistriúchán - Jess Glynne - Hold My Hand Lyrics - Gaeilge

Seasta (anseo) i measc an tslua, ní fheicimse ach é
Cuir do lámha timpeall orm, beidh chuile rud OK
Rith mé thart sa seomra fuar, (is) rith mé thart liom féin
Seod iad do lámha timpeall orm, beidh chuile rud OK

Standing in a crowded room and I can't see your face
Put your arms around me, tell me everything's OK
In my mind, I'm running round a cold and empty space
Just put your arms around me, tell me everything's OK

[Pre-Chorus:]
Break my bones but you won't see me fall, oh
the rising tide will rise against them all, oh

Thug tú buile dom, ach ní leagfaidh buile mé, oh
Éireoidh an ghaoth (is) éireoidh sí arís mé, oh


[Chorus:]


Darling, hold my hand
Oh, won't you hold my hand?
'Cause I don't wanna walk on my own anymore
Won't you understand? 'Cause I don't wanna walk alone
I'm ready for this, there's no denying
I'm ready for this, you stop me falling
I'm ready for this, I need you all in
I'm ready for this, so darling, hold my hand


A stóirín, tóg mo lámh
Nach dtógfaidh tú mo lámh?
Ní theastaíonn uaimse siúl, anseo leat, riamh arís
Nár rith sé leat
Féach anois teastaíonn uaim grá,
Táim réidh dó seo, ní fiú a dhiúltiú
Táim réidh dó seo, táimse ag sleamhnú
Táim réidh dó seo, anois a theastaíonn tú
Táim réidh dó seo, nach dtógfaidh tú mo lámh?

(Bíonn) m’anam ina chíor thuathail is tusa gan mo thaobh
Abair liom go mbeidh tú ann is nach bhfágfaidh tusa riamh
Ag lorg beagáinín sosa dom is deir tú liomsa ‘scaoil!’
Is abair liom go mbeidh tú ann is nach bhfágfaidh tusa riamh

Soul is like a melting pot when you're not next to me
Tell me that you've got me and you're never gonna leave
Tryna find a moment where I can find release
Please tell me that you've got me and you're never gonna leave

[Pre-Chorus]


A stóirín, tóg mo lámh
Nach dtógfaidh tú mo lámh?
Ní theastaíonn uaimse siúl, anseo leat, riamh arís
Nár rith sé leat
Féach anois teastaíonn uaim grá,
Táim réidh dó seo, ní fiú a dhiúltiú
Táim réidh dó seo, táimse ag sleamhnú
Táim réidh dó seo, anois a theastaíonn tú
Táim réidh dó seo, nach dtógfaidh tú mo lámh?



[Chorus]

Ná habair liom
An mothú sin i m’aonar dom
Is ní fhanfaidh mise duit, mar d’fhan mé cheana duit,
Is duitse féin a thit
(is) tú le mo thaobh
Gan buairt ar bith agam sa saol
Nó ní fhanfaidh mise duit, níor lig mé cheana duit,
Is duitse féin níor thit

Don't wanna know
That feeling when I'm all alone
So please don't make me wait, 'cause I don't wanna break
And I don't wanna fall
When you're next to me
Can tell I'm not afraid to be
That you don't make me wait, and never let me break
You never let me fall

[Chorus]

Wednesday, 11 May 2016

Písíní de rudaí

Bhí sé ag dó na geirbe agam fáil amach ar chreid na daoine seo a ndúradh fúthu gur hechiceras iad, ar chreideadar féin go raibh sé sin fíor. Ní fhéadfaí ceist a chur orthu glan amach ós rud é go mbeadh a leithéid míbhéasach. Bhí ort dul timpeall air sa chaint. Tuigeadh dom tar éis go leor den chomhrá seachránach seo nach raibh aon bhean acu seo a cuireadh ina leith gur chailleacha iad ar an eolas go raibh aon chumhachtaí asarlaíochta acu, agus is cinnte nárbh eol dóibh go raibh ar a gcumas eitilt ag tráth éigin. Bhíodar ar fad tar éis a mheas gur duine eile a bhí sa chailleach. Tagann seo ar fad salach ar theoiric na hIníne Magaret Murray gur cultas réamhbheartaithe atá in asarlaíocht na caillí, comharba díreach ar adhradh na ndéithe págánacha agus iomaitheoir comhfhiosach na Críostaíochta. Ach a bhfuil aon bhunús leis an teoiric seo i bhfírinne? An tráth ba mhó gur creideadh san asarlaíocht ná an tráth a ndeintí na déithe páganacha a adhradh go hoscailte, rud is féidir le haon duine a léifidh An tAsal Órga le hApuleius a fheiceáil. Bhí piseoga eile againn, a bhí chomh suimiúil céanna a bheag nó a mhór. Mar shampla, creideadh go raibh bua ar leith ag an naoú páiste a rugtaí do bhean a raibh naonúr páiste ar bhuachaillí iad as a chéile, creideamh a bhí le fáil ar fud Andalucia. 

Nuair a d'fhéach mé amach tríd an bpoll ollmhóir aeir a bhí os mo chomhair amach, bhí mé in ann spota beag bán a fheiceáil trí mo chianghloiní. Bhí sé naoi éigin míle uaim i líne dhíreach. Is éard a bhí ann ná feirm darbh ainm an Cortijo del Inglés agus is ann a bhí cónaí ar Shasanach, nó Albanach ba chirte a rá. Ar uairibh thug fear an phoist a chuid litreacha siúd dom trí dhearmad, agus chonac ansin gur Mac an t-Sagairt a bhí air. Is dócha gurbh é an t-aon Bhéarlóir seachas mé féin a bhí ina chónaí sna hAlpujarras - nó a chónaigh ann riamh is dócha. Aon tráthnóna den bhliain dá dtogróinn é d'fhéadfainn breathnú ar an bpúir dheataigh ag éirí in airde óna theach agus a d'fhógair don saol mór go raibh a dhinnéar curtha síos.

Mac an t-Sagairt = Gaeilge na hAlban.


Ní hamháin gurbh lárionaid don oideachas reiligiúnach a bhíodh sna scoileanna ardeaglaise ach b'acadaimh iad leis. Acadaimh ina bhfaigheadh mic léinn oideachas ginearálta sna healaíona, snaheolaíochtaí agus san fhealsúnacht, idir Chríostaí agus phágánach. Mar a tharla sna mainistreacha, d'fhoghlaim daoine le bheith deabhóideach, ar ndóigh, agus d'fhoghlaim chomh maith le staidéar a dhéanamh ar na scrioptúir agus grá a thabhairt do Dhia; ach áiteanna ina bhféadfaí foghlaim faoin saol mór a bhí sna scoileanna, leis.

Ní shin le rá gur ghá go mbíodh an clár acadúil iontu dian nó liobrálach; ó thráth go chéile bhíodar neamhchothrom, nó dogmach agus bhíodar ag brath go mór ar chaighdeán na máistrí iontu.

Giotaí eile Gaeilge


Ach is é is suntasaí ar fad faoi, abair, an scannán Romeo and Juliet a tháinig amach le déanaí ná a éifeachtaí a labhraíonn an fhilíocht ann linn, agus déanann sí sin agus í á haithris faoi luas mór. Ní mhoillíonn Leonardo diCaprio le gur féidir leis pointe casta a chur i dtuiscint. Ní dhearna sé ach a chinntiú gur thuig sé féin an pointe agus ghlac leis gur leor a thuiscint féin leis an lucht féachana a thabhairt leis. Is é seo is gá do gach aisteoir a dhéanamh. Nuair a dhéanaimid staidéar ar scríbhinní Shakespeare ar an leathanach, ar mhaithe leis an léamh acadúil, is féidir go mbeidh gach cineál cabhrach de dhíth orainn. Go ginearálta léimid a chuid scríbhinní faoi litriú agus faoi phoncaíocht nua-aimseartha. Agus taitníonn eagráin, amhail eagráin Arden liom, a thugann nótaí sonraithe ag bun gach leathanaigh. Ach aon fhilíocht a chuirtear inár láthair ó bhéal - idir liric an amhráin agus an chaint thragóideach - is gá go dtiocfadh an pointe aisti trasna, mar a déarfá, gan aon tagairt siar. Ní féidir linne, mar lucht féachana, iarraidh ar na haisteoirí a gcuid línte a rá arís, nó iad a mhoilliú, nó a gcuid nótaí a roinnt linn. Ní mór dúinn greim a bhreith ar an míniú - nó méid suntasach go leor di - agus an dráma ar siúl. Is éacht teangeolaíochta agus filíochta nach beag é go dtéann Hamlet i bhfeidhm orainn fós 400 bliain tar éis a scríofa.


Ach ní daoine saibhre muid. Daoine a oibríonn, daoine gairmiúla iad mo theaghlach, idir fhir agus mhná, is ea, ná mná leis. Agus is beag rath a bhí ar lucht gairme sa leathchéad bliain ó cailleadh mo shin-seanathair. Níor ardaigh na tuarastail in éineacht leis an mboilsciú, tá luach an rúipí tar éis dul i laige go seasta nuair a chuirtear i gcomórtas leis an dollar é, agus an dream sin againn a mbíodh eastáit shuntasacha teaghlaigh againn, táid anois roinnte agus fo-roinnte ag gach glúin a thagann, is gach glúin acu sin níos mó ná an ceann a tháinig rompu.

Mar sin pé rud a raibh sé d'acmhainn ag mo shin-seanathair é a cheannach ní raibh ag mo sheanathair, agus pé acmhainn a bhí ag mo sheanathair, ní raibh ag m'athair féin agus nuair a tháinig an lá go rabhthas le mé a chur chun an choláiste, ní raibh aon airgead ann agus b'shin a raibh.


Giotaí aistriúcháin

Is iomaí réiteach a moladh do ghéarchéimeanna polaitíochta agus eacnamaíochta California. Seo ceann acu, éirí as úsáid an dollar agus aontas Airgeadaíochta Mheiriceá. Is simplí na hargóintí ar a shon. Deir an t-eacnamaí Paul Krugman, nuair a fhágann tír aontas airgeadra agus a hairgeadra féin a úsáid go dtugann seo an rogha di an t-airgeadra sin a dhíluacháil. Cuireann seo costas níos ísle ar tháirgí na tíre do thomhaltóirí timpeall na cruinne, a thugann seo borradh d'easportálacha agus do chruthú post ar deireadh thiar. Bíonn an borradh geilleagrach seo mar bhonn ag an bhfás. Maith go leor, ní faoi California a dúirt Krugman é sin. Dúirt sé faoin nGréig, faoi Éirinn is faoin bPortaingéil a dúirt sé é. Dá n-oirfeadh sé dóibh sin cad chuige nach bhfeilfeadh sé California. Is fearr na hargóintí ar son Caifornia an limistéar dollar a fhágail ná i gcás na hÉireann nó na Gréige. Ceann acu is ea go bhfuil California níos measa as.

Le blas ceart a fháil ar dheisbhéalaí Virgina Woolf, bheadh ort í a fheiceáil cruinnithe lena cairde féin. Ba nós rialta é ag cúigear nó seisear acu seo casadh lena chéile gach seachtain i ndiaidh dinnéir ina teach sise nó i tdeach a deirféár Vanessa, agus ba ghnách go mbíodh duine nó beirt den ghlúin óg i láthair. Ba sa ról sin dom a chuaigh mé scata babhtaí... Ba go neamhfhoirimiúil a bhí na socruithe, ach is maith athuig gach duine sprioc an choinne, is é sin comhrá a raibh tathag ann a bheith againn. Agus seo san intinn againn, ní bhíodh aon deochanna ar fáil ach caife, óir ba shóbráilte is ba stuama do dhaoine liteartha an t-am sin Is gearr a tuigeadh dom go raibh nádúr na na gcoirmeacha ceolfhorine sna comhráite seo. D'fhéadfaí a rá go gcuirtí scór ar fail nahc mór, mar gut na teamaí céanna a thainig aníos i gcónaí - an difear idir an ghlúin óg agus an tseanghlúin, an difear idir an péintéir agus an scríbhneoir, agus mar sin de.

Friday, 22 April 2016

Maidir le David Mamet agus Robert McKee

Maidir le A Letter from David Mamet to the Writers of The Unit agus The Real McKee Lessons of a screenwriting guru. Le Ian Parker sa New Yorker

Deir Mamet leo gur gá trí cheist a fhreagairt

1. Cad atá ó na carachtair?

2. Cad a tharlóidh mura bhfaigheann siad é?

3. Cén fáth go bhfuil sin ag tarlú anois?

Ag breathnú ar shraitheanna agus scannáin le cúpla lá dom feictear gur minic nach dtarlaíonn seo go rómhór sna foirmeacha sin atá bunaithe ar phlota i gcomórtas leis an píosaí sin scríbhneoireachta atá dírithe ar charachtracht agus atá níos ardintleachtaí.

Deir sé leo, ann, gur chóir eolas a choinneáil siar, is gur chóir don spreagadh ag carachtair a bheith ar an eolas ag an scríbhneoir, cé go bhfuil seans nach roinnfí leis an lucht féachana ariamh é. Comhairlíonn gan beirt charachtar a bheith ag caint faoin tríú duine a bheith againn-  cacamas atá ina leithéid dar leis.

Caithfear cinntiú gur rud físiúil atá á dhéanamh, is féidir cur síos a dhéanamh ar a bhfuil ar bun ag na carachtair lena lámha. Bímse ag scríobh sceitsí gairide don raidió agus tá an cur chuige seo an-éagsúil, bíonn ort rudaí a chur in iúl trí fhuaimeanna uaireanta nó trí mhíniú agus is deacair an set-up a dhéanamh go caolchúiseach mura bhfuil ach 35 soicind agat don sceitse. Don teilí is féidir a mhionsonrú go díreach a bhfuil ar bun acu.

Ba chóir a fhaifraí díot féin an bhfuil an radharc drámata agus an gcuireann sé an plota chun tosaigh. Comhairle é seo atá feicthe cheana áit éigin(againn?) ach ní cuimhin liom go díreach!

drama vs non drama - aon radharc nach bhfuil drámaíocht ann baintear é.

Is léir go mbíonn lucht an stáisiúin ag tathaint air rudaí a mhíniú, ach dar leis go millfeadh soiléiriú mar seo carachtair.

Agus daoine ag tosú amach, is dócha gur gá na radharcanna a scríobh leis an scéal a thuiscint agus ansin na radharcanna sin nach bhfuil drámaíocht iontu a bhaint. Ba chóir go mbeadh an lucht féachana ag dúil go mór lena dtarlóidh. Is ionann na mínithe "as you know" sin agus seafóid, ná déantar iad.

Tá scéal Robert McKee suimiúil agus is léir go bhfuil an-tuiscint aige ar cad is scéal maith ann agus conas é a spíonadh i mbealach a spreagfaidh suim. Cloistear a chomhairle ann ar céard is scéinséir ann ach feictear go bhfuil sé taobh le seifteanna. Taitníonn scéinséirí liom agus maidir le Robert McKee mar charachtar is léir gur seift é féin fiú amháin, agus seift sách suarach leis, an té nach bhfuil dírithe ar airgead ach ata tar éis an tsaoil, an saineolaí nár éirigh lena chuid scripteanna féin riamh.

Tá an drochthréith seo faoin scríbhneoireacht agus gur airgead bun agus barr an scéil le brath ar chomhairle Mamet chomh maith, agus nuair a fuaireas roinnt amach faoina chuid polaitíochta féin chuaigh sé dian orm éisteacht leis dá fheabhas an chomhairle(is Síonaí neamhcheisteach é)

Maidir le McKee insíonn sé an fhírinne le daoine, mura bhfuil an tallann acu níl sé acu, ní chuireann sé fiacail ann ach is ga cuimhneamh go mbaineann daoine taitneamh as a chúrsaí mar chaitheamh aimsire iontu féin. Is geall le monarcha scéalaíochta, scríbhneoireacht don scáileán atá ina chúrsa, a bhfuil 40,000 míle duine tar éis freastal air deirtear. Samhlaigh an t-airgead atá déanta aige as! (cosnaíonn an cúrsa suas le €1200 in aghaidh an duine... Seans go bhfuil suas le hioncam de €40 milliún tar éis a bheith ag an gcúrsa!!! Ach fear é seo nach bhfuil róluach aige ar airgead...)

Admhaíonn sé gur taispeántas an léachtóireacht seo agus go mbaineann sé taitneamh as sa tslí sin. Taitníonn an píosa faoi classical design liom, agus iarracht a dhéanamh domhain a chruthú a n-aithníonn tú an daonnacht chéanna iontu is a bhraitheann tú thart ort féin. Taitníonn an réimse leathan ábhar agus téacsanna agus scannáin a luaitear.

Is ealaín Mheiriceánach an scríbhneoireacht scáileáin, ach ealaín Mheiriceánach leis an tóir ar airgead, agus chuir seo as dom is mé ag léamh a chomhairle. Is léir go bhfuil fadhb agam glacadh le comhairle ó dhaoine nach n-aontaím leo go ginearálta ar cheisteanna an tsaoil!

Thursday, 21 April 2016

An Léirmheas nár mhaith leo go bhfeicfeadh sibh é "Ó Pheann an Phiarsaigh" dráma

Ó Pheann an Phiarsaigh

Noel Ó Gallchóir

Dráma Aonair


Tá fadhb mhór ann le léirmheastóireacht na Gaeilge. Bhíos i láthair ag an dráma Ó Pheann an Phiarsaigh agus ós rud é gur moladh go hard na spéire atá á fháil ag an dráma seo aon áit eile a fheicim, tá chomh maith agam lomchlár na fírinne a insint daoibh faoi. Níl an dráma seo go maith. Tá seans féin go bhfuil sé go dona agus go han-dona. Níor glacadh leis an léirmheas seo agus comhairlíodh dom gan a scríobh, dála an scéil.

Ar dtús báire, rudaí nach raibh neart ag an dráma orthu. Le fírinne bhí an suíomh an mhí-oiriúnach, halla cainte in UCD gan soilse cearta ná soilsiú agus an rud ar fad lasta ag solas an lae nuair is athléiriú staire atá i gceist leis an mórchuid. Deacracht ó thús agat.

Ar mo chéadsuí isteach dom bhí buairt ag teacht orm, áfach. Seit agus propanna a raibh cuma an-amaitéarach orthu. Mura féidir seit measartha gairmiúil a chur ar fáil(agus tuigim go bhfuil go leor drámaí nach féidir agus go leor fáthanna ann dó seo) is fearr dul le seit stílithe, mura féidir sin a dhéanamh ba leor seit measartha minimalist, is murar féidir sin ná bíodh aon rud ann. Mar a chéile le propanna. Agus an dráma ar siúl bhí nós aisteach ann léimt in airde ar na boscaí ag tráthaana éagsúla, rud nár chabhraigh in aon chor le hinchreidteacht an phíosa ná le húsáid an spáis ann.

De ghnáth diúltaím é nuair a deirtear liom go bhfuil drámaíocht na Gaeilge lag. Luaim roinnt drámaí maithe atá feicthe, cinn i nGaeilge, is cinn dhátheangacha ag grúpaí gairmiúla is amaitéaracha. Chuirfeadh an dráma seo mé ag machnamh ar an bhfreagra a thabharfainn air sin as seo amach. Bhí ÓPAP ina léachta staire gan ach cantaí fíorbheaga drámata caite tríd anseo is ansiúd. Ar éigean is féidir dráma a thabhairt air. Is trua sin mar léiríodh sna píosaí maithe go raibh mianach ann.

An t-aon chuid a raibh rud beag drámaíochta ann ná an chuid idir Eoghainín an nÉan agus a mháthair agus bhí óráid Uí Dhonnabháin Rossa spreagúil go leor. Seachas sin is mar léacht staire a bhí an rud ar fad, amhail is go rabhthas ag léamh ó leabhar staire. Agus is cinnte gur iomaí léacht agus rang ba shuimiúla ná seo a bhí agam óir ní raibh ann ach léamh neamhcheisteach nár bhain an scraith fiú amháin. An Piarsach mar laoch Gaelach gan smál. Léamh maith, sách fíor ach bheifeá ag súil le hanailís níos mine i bhfianaise an phléite ar fad atá ar siúl le blianta. Aon rud a deirtear linn sa dráma seo beidh siad ar eolas ag éinne a bhfuil níos mó ná leathspéis sa Phiarsach nó i stair na tíre acu.

Is deacair liom a chreidiúint gur cuireadh ceist ar dhaoine a thuigeann drámaíocht breathnú air le súil chriticiúil ag aon phointe. Ní féidir liom a chreidiúint go bhfágfaí an eitilt bhuile mhíchompordach timpeall an ardáin ann a d'fhág idir náire agus thrua ar an lucht féachana. Mura bhfuil tú go maith ag gluaiseacht ná déan iarracht ligeann ort gur éan tú.

Anois ní bhíonn saoi gan locht. Bhí mé féin i drámaí laga, go deimhin féin tá drámaí laga scríofa agus léirithe agam leis,ach ní dheachas ar chamchuairt leo timpeall na tíre.

Bhí an ceol taifeadta ina chrampa ar an rud ar fad agus é ag teacht isteach go rímhinic agus ba mhinic gur phíosaí nua-aimseartha nár shuí isteach sa dráma féin go rómhaith a bhí á seinm.

Tá an-mhianach ann, mar gur scríbhinní an Phiarsaigh atá i gceist, smaoiním ar na gearrscéalta agus ar na dánta agus scéal a shaoil, óráid Uí Dhonnabháin Rossa agus an forógra féin gan ach beagán a lua. Ach teipeann air dul i ngleic leo seo in aon bhealach atá drámata.

Ainneoin sin ar fhágáil an dráma dom bhraitheas go mbeadh mórán ar aon tuairim liom ach nach ndéarfaí sin ar eagla go maslófaí lucht an dráma. Ach ba fhuath liom go gceapfadh daoine gur seo amháin atá le fáil i ndrámaíochta Gaeilge. Tá mórán stuif maith ar siúl ag dreamanna agus le beagán comhairle bheadh an léiriú seo i bhfad níb fhearr.

Baintear an cúlra, baintear clócha dubh Mise Éire róshollúnta, ná déantar damhsa mura bhfuil scileanna damhsa agat, déantar iarracht an ceol a bhaint, déantar na léachtaí staire a bhaint, déantar iarracht an t-eolas seo a chur i dtuiscint trí dhrámaíocht éigin a thabhairt isteach, agus bíodh dinimic carachtair nó forbairt ann.

Déarfaidh roinnt go bhfuil sé seo ródhian ar fad, ach caithfear fírinne éigin a bheith ann sa saol seo. Cad is fiú a rá go raibh rud go maith má bhí náire ar leath den lucht féachana breathnú air, is cinnte go raibh is mise ann? Ní fiú faic é agus an t-aon toradh a bheidh air ná milleadh aon saghas ealaíne i nGaeilge.

(Dála an scéil dar le roinnt daoine ar labhair mé leo thaitin an seó leo a bheag nó a mhór, agus roinnt thaitin go mór leo, ní lia duine ná tuairim, ar ndóigh)




Thursday, 7 April 2016

The Art of Dramatic Writing le Lajos Egri

Tá beagán ráite i mórán focal ag Egri anseo. Dar leis go dteastaíonn premise nó réamhleagan d'aon phíosa drámaíochta, agus is dócha, uaidh sin, ó aon phíosa ealaíne ar bith. Ní mé an fíre é seo i gcás na hamharclannaíochta ná aon fhoirm eile ach is cinnte go gcuireann sé an cás go deas láidir. Tugann sé solaid an fhir atá ag obair is ag luain gan aon sprioc roimhe agus ceann an fhir atá ag rith thart i ndiaidh a chinn roimhe is deir sé go samhlófaí gealtachas leo mura mbeadh sprioc sainithe acu. Shamhlófaí cinnte. Fiafraíonn sé dínn ar bhealach, cad is cúis leis an ealaín? Cuireann d'fhainic orainn, leis, cúis a bheith léi.

Is breá liom an anailís aige a bhaineann siar an chaint agus cur síos néalmhar go bhfeictear bunús na ndrámaí. Braithim gur trua nár shuimigh sé King Lear mar "all that glisters is not gold", níor thapaigh sé an deis

Ní leor smaoineamh nó suíomh deir sé linn mar nach féidir dráma fada a chur ag snámh orthu sin amháin. Tugann réamhleagan doimhne do phíosaí is cinnte ach táim cinnte gur iomaí scríbhneoir a chur píosaí maithe díobh gan réamhleagan Egri mar atá leagtha amach anseo acu.

Ní leor mothúchán chomh maith deir sé, is dócha gur fíor seo, ach ar bhealach meascann 'réamhleagan' Egri leis an spreagadh i gcarachtair. Caithfidh spreagadh a bheith i ngach duine, níor ghá go mbeadh sé soiléir don léitheoir i gcónaí ach ba chóir go mbeadh sé ann agus é ag imirt tionchar ar ghluaiseacht an charachtair tríd an bpíosa, ar bhealach is amhlaidh is fearr é má tá an léitheoir dall air nó ar chuid de.

Teastaíonn sprioc uait deir sé linn, ceaichtín beag morálta nach mór nó go bhféadfá do dhráma a shuimiú i seanfhocal mar atá déanta aige. Tugann sé liosta dúinn a chuirfeadh seanfhocail na Gaeilge i gcuimhne do dhuine. Deir sé linn gur gá creidiúint sa téis nó sa réamhleagan. Arbh fhéidir gan creidiúint sa rud a scríobhann tú? Maidir le scéal an Diamond Necklace tugann sé cleas coitianta chun cuimhne, is é sin do chuid carachtar a bhrú trí pheannaid agus thiaráil le ceacht a mhúineadh dóibh, agus sa tslí sin don léitheoir.

Bhaineas sult ar leith as an gcaoi ar thug sé faoi thógáil scéal cúlra agus bóthar carachtrachta a leanúint. Measaim go seasfaidh seo liom in aon phíosa a bhreacfaidh mé feasta.