Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Thursday 21 April 2016

An Léirmheas nár mhaith leo go bhfeicfeadh sibh é "Ó Pheann an Phiarsaigh" dráma

Ó Pheann an Phiarsaigh

Noel Ó Gallchóir

Dráma Aonair


Tá fadhb mhór ann le léirmheastóireacht na Gaeilge. Bhíos i láthair ag an dráma Ó Pheann an Phiarsaigh agus ós rud é gur moladh go hard na spéire atá á fháil ag an dráma seo aon áit eile a fheicim, tá chomh maith agam lomchlár na fírinne a insint daoibh faoi. Níl an dráma seo go maith. Tá seans féin go bhfuil sé go dona agus go han-dona. Níor glacadh leis an léirmheas seo agus comhairlíodh dom gan a scríobh, dála an scéil.

Ar dtús báire, rudaí nach raibh neart ag an dráma orthu. Le fírinne bhí an suíomh an mhí-oiriúnach, halla cainte in UCD gan soilse cearta ná soilsiú agus an rud ar fad lasta ag solas an lae nuair is athléiriú staire atá i gceist leis an mórchuid. Deacracht ó thús agat.

Ar mo chéadsuí isteach dom bhí buairt ag teacht orm, áfach. Seit agus propanna a raibh cuma an-amaitéarach orthu. Mura féidir seit measartha gairmiúil a chur ar fáil(agus tuigim go bhfuil go leor drámaí nach féidir agus go leor fáthanna ann dó seo) is fearr dul le seit stílithe, mura féidir sin a dhéanamh ba leor seit measartha minimalist, is murar féidir sin ná bíodh aon rud ann. Mar a chéile le propanna. Agus an dráma ar siúl bhí nós aisteach ann léimt in airde ar na boscaí ag tráthaana éagsúla, rud nár chabhraigh in aon chor le hinchreidteacht an phíosa ná le húsáid an spáis ann.

De ghnáth diúltaím é nuair a deirtear liom go bhfuil drámaíocht na Gaeilge lag. Luaim roinnt drámaí maithe atá feicthe, cinn i nGaeilge, is cinn dhátheangacha ag grúpaí gairmiúla is amaitéaracha. Chuirfeadh an dráma seo mé ag machnamh ar an bhfreagra a thabharfainn air sin as seo amach. Bhí ÓPAP ina léachta staire gan ach cantaí fíorbheaga drámata caite tríd anseo is ansiúd. Ar éigean is féidir dráma a thabhairt air. Is trua sin mar léiríodh sna píosaí maithe go raibh mianach ann.

An t-aon chuid a raibh rud beag drámaíochta ann ná an chuid idir Eoghainín an nÉan agus a mháthair agus bhí óráid Uí Dhonnabháin Rossa spreagúil go leor. Seachas sin is mar léacht staire a bhí an rud ar fad, amhail is go rabhthas ag léamh ó leabhar staire. Agus is cinnte gur iomaí léacht agus rang ba shuimiúla ná seo a bhí agam óir ní raibh ann ach léamh neamhcheisteach nár bhain an scraith fiú amháin. An Piarsach mar laoch Gaelach gan smál. Léamh maith, sách fíor ach bheifeá ag súil le hanailís níos mine i bhfianaise an phléite ar fad atá ar siúl le blianta. Aon rud a deirtear linn sa dráma seo beidh siad ar eolas ag éinne a bhfuil níos mó ná leathspéis sa Phiarsach nó i stair na tíre acu.

Is deacair liom a chreidiúint gur cuireadh ceist ar dhaoine a thuigeann drámaíocht breathnú air le súil chriticiúil ag aon phointe. Ní féidir liom a chreidiúint go bhfágfaí an eitilt bhuile mhíchompordach timpeall an ardáin ann a d'fhág idir náire agus thrua ar an lucht féachana. Mura bhfuil tú go maith ag gluaiseacht ná déan iarracht ligeann ort gur éan tú.

Anois ní bhíonn saoi gan locht. Bhí mé féin i drámaí laga, go deimhin féin tá drámaí laga scríofa agus léirithe agam leis,ach ní dheachas ar chamchuairt leo timpeall na tíre.

Bhí an ceol taifeadta ina chrampa ar an rud ar fad agus é ag teacht isteach go rímhinic agus ba mhinic gur phíosaí nua-aimseartha nár shuí isteach sa dráma féin go rómhaith a bhí á seinm.

Tá an-mhianach ann, mar gur scríbhinní an Phiarsaigh atá i gceist, smaoiním ar na gearrscéalta agus ar na dánta agus scéal a shaoil, óráid Uí Dhonnabháin Rossa agus an forógra féin gan ach beagán a lua. Ach teipeann air dul i ngleic leo seo in aon bhealach atá drámata.

Ainneoin sin ar fhágáil an dráma dom bhraitheas go mbeadh mórán ar aon tuairim liom ach nach ndéarfaí sin ar eagla go maslófaí lucht an dráma. Ach ba fhuath liom go gceapfadh daoine gur seo amháin atá le fáil i ndrámaíochta Gaeilge. Tá mórán stuif maith ar siúl ag dreamanna agus le beagán comhairle bheadh an léiriú seo i bhfad níb fhearr.

Baintear an cúlra, baintear clócha dubh Mise Éire róshollúnta, ná déantar damhsa mura bhfuil scileanna damhsa agat, déantar iarracht an ceol a bhaint, déantar na léachtaí staire a bhaint, déantar iarracht an t-eolas seo a chur i dtuiscint trí dhrámaíocht éigin a thabhairt isteach, agus bíodh dinimic carachtair nó forbairt ann.

Déarfaidh roinnt go bhfuil sé seo ródhian ar fad, ach caithfear fírinne éigin a bheith ann sa saol seo. Cad is fiú a rá go raibh rud go maith má bhí náire ar leath den lucht féachana breathnú air, is cinnte go raibh is mise ann? Ní fiú faic é agus an t-aon toradh a bheidh air ná milleadh aon saghas ealaíne i nGaeilge.

(Dála an scéil dar le roinnt daoine ar labhair mé leo thaitin an seó leo a bheag nó a mhór, agus roinnt thaitin go mór leo, ní lia duine ná tuairim, ar ndóigh)




No comments:

Post a Comment