Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Wednesday, 11 November 2026

Ceisteanna coitianta faoin Hiphap Gaelach amárach!

 Tusa: Cén fáth gur chóir dom dul?

Tá oíche lasta romhainn!


An chéad ghig ag LIMONEAD in Éirinn. Rapálann sí i nGaeilge na hAlban.


CAILÍN LOFA - caol díreach ó Nua-Eabhrach.

Tá na t-léinte CAILÍN feicthe agat.

Bí linn don dánacht, dalbacht agus dea-vaidhbeanna. 

 

An Hip-Hap Gaelach Tickets, Thursday, November 12 • 7:30 PM - 11 PM |  Eventbrite 


Tusa: An bhfuil tú cinnte gur chóir dom dul?


Blue Niall - tá a chuid méimeanna feicthe agat, éist anois lena chuid liricí!


Tusa: Dhera sílim gurbh fhearr liom féachaint ar Aperitif sa bhaile?


Bhuel an gcreidfeá go mbeidh Cúán de Búrca ar an láthair le hHH.

Seans go socróidh sé coinne duit.

Nárbh fhearr é sin ná suí sa bhaile ag caoineadh uisce do chinn leat féin?


Tusa: Ach níl aithne agam ar éinne eile a bheidh ag dul?


Beidh fáilte romhat fós! Labhróidh mise leat ar feadh 30 soicind ar a laghad.


Tusa: Tá eagla orm nach mbeidh iompar poiblí ann?


Tá an stailc ar ceal! Comhghairdeas leis na hoibrithe.

Beidh an luas, busanna, traenacha ag dul isteach sa chathair fós

Seans gur gá siúl beagán leis an Soundhouse a bhaint amach,

tabhair go leor ama duit féin.


Tusa: An Soundhouse? Cá bhfuil sé sin?


Cé Eidin - Ar na céanna, achar beag gairid ó Shráid Uí Chonaill


Tusa: Cén uair a thosóidh sé?


Doirse óna 730 Seó óna 8pm.

Tá clár lán againn mar sin beimid ag tosú ar an bpointe boise.


Tusa: Dhera nílim cinnte go dtaitneoidh hiphap liom?

 

Beidh beagán filíochta ann freisin. Fan go bhfeice sibh a bhfuil ag

Padaí de Cléir dúinn! Cuirfidh Ciara Ní É cló nua ar fad uirthi féin.

Táimid ar tinneall le héisteacht le Mory, duine de na chéad Ghaelrapálaithe.

Bí réidh do línte líofa uirbeacha James Shannon


>10 dticéad fágtha!


(Ticéid mac léinn iad ach tá cead ag éinne iad a cheannach anois)

 

 

No comments:

Post a Comment