Minimal Human Contact (le Moglaí Bap, Naoise Ó Cairealláin)
Aisteoireacht iontach ó Sheán T. Ó Meallaigh, scríbhneoireacht chraicneach a léiríonn arís eile gur meán cumarsáide agus ealaíne lándlisteanach í Gaeilge Bhéal Feirste. Seit mealltach, fuinneamh buile, príomhcharachtar mealltach agus gránna in éineacht. Seomra mór Smock Alley lán go doras gach oíche arís eile.
Fortheidil - b'fhearr i bhfad iad ná aistriúchán comhuaineach a bheith á ndéanamh i gcluasáin.
A Misanthrope le Molière
Ba dhóigh leat i dtosach gur tróp gan chúis na dúblóga rímeacha a bheith ann ach chuir siad leis an ngreann. Comhlacht teic, saol grá agus leathair, gné idirghníomhach fíormhaith inar bhain an lucht féachana úsáid as ár bhfóin póca a thaitin go mór liom.
Bhí an amharclann millteach te - rud a tharla in Amharclann na Mainistreach le déanaí i gcás The Cave le Kevin Barry. Tá an t-athrú aeraide ann, agus ba bheag cabhair na gaothráin fhuartaithe féin.
Athleagan seachas aistriúchán atá ann, ar ndóigh.
THE PILLOWMAN le Martin McDonagh
Dráma fíordhorcha ar fad. Réimeas ollsmachtach, leanbh ar strae agus marfóir sa timpeall. Deartháir, mí-úsáid.
Roinnt de na haisteoirí beagán níos laige ná an chuid eile. Cumhacht na scéalaíochta, cúram agus sprioc an scríbhneora.
Bhí cúpla deoch agam roimh réidh - drochsmaoineamh, ní éasca plota a leanúint agus an t-ól istigh.
Féile Imill Dhún Éideann (Seóanna iomadúla)
Chonaic mé 14 seó i 30 uair an chloig ag féile Imill Dhún Éideann. Tá dearmad déanta agam ar a leath cheana féin!
No comments:
Post a Comment