Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Friday 20 May 2016

Go raibh Lá Star Wars leat!

Is dócha go bhfuil an scannán Star Wars is déanaí feicthe ag mórán chuile dhuine sa réaltra faoin am seo. Shaothraigh The Force Awakens(TFA) breis is 2 bhilliún dollar agus é sna pictiúrlanna. Molaimid go mór dul ag breathnú air mura bhfuil sé feicthe agat cheana! Léigh ár léirmheas faoi anseo http://nos.ie/cultur/scannain/failte-ar-ais-star-wars/
Bheartaíomar breathnú ar na rudaí ar féidir linn a bheith ag súil leo ón gcéad scannán eile sa tsraith.
An stiúrthóir iontach úd ó scannán deiridh J.J. Abrams beidh sé anois mar léiritheoir feidhmeach agus tabharfar ról an stiúrthóra do Rian Johnson a stiúraigh an scannán amtaistil Looper. Is beag atá ar eolas againn faoi scéal Eipeasóid VIII ach cuimhnigh gur beag a dúradh linn faoi TFA sula raibh sé sa phictiúrlann. Is é is dóichí go léimfidh an scannán ar aghaidh chuig mórscéal éigin eile i saol na gcarachtar ar chuireamar aithne orthu i TFA.
Tá go leor ceisteanna ag dó na geirbe againn maidir leis na carachtair chéanna, an gcabhróidh Luke le Rey bheith in Jedi, céard a dhéanfaidh Finn agus é saor anois ón First Order, cén chríoch a bheidh ar Kylo Ren agus cé hiad tuistí Rey? Táthar ag súil go mbeidh carachtair Mark Hamill, Carrie Fisher, Daisy Ridley, John Boyega, agus Domhnall Gleeson ann chomh le roinnt aisteoirí úra, Benicio Del Toro agus Laura Dern.
Tuigtear dúinn go mbeidh dhá ionad in Éirinn in úsáid sa scannán. Agus piceanna den seit ag Ceann Sibéal sa Ghealtacht i gContae Chiarraí don scannán úr ag scaipeadh le tamall tháinig an scéal amach go bhfuiltear le taifead ag Ceann Mhálanna i dTír Chonaill chomh maith. Tá cealla na manach a bhí le feiceáil ag deireadh an scannáin dheireanaigh tógtha ar an mórthír anois. Seans go raibh baint aige seo leis an gcaoi a raibh raic ann an uair dheiridh nuair a rinneadh taifead ar an Sceilig.
Táthar ag súil chomh maith le Rogue One: A Star Wars Story a bheidh linn i Mí na Nollag. Seach-scannán é seo, sé sin ceann nach mbaineann go dlúth leis na príomhcharachtair. Suimiúil go leor is cosúil go mbeidh bean ag glacadh an phríomhróil ann arís. Cuireadh an fógra seo dó amach le déanaí agus ar nós TFA tá cuma fhísiúil, mhealltach ar an domhan seo agus thar a bheith eipiciúil leis! https://www.youtube.com/watch?v=Wji-BZ0oCwg
Díreoidh an scannán seo ar ghrúpa de na reibiliúnaigh atá ar misean le pleananna an Death Star a ghoid. Anois agus Disney thart, beifear ag bleán na bó áirithe seo go síoraí seasta agus muid ag súil le Episode VIII i Mí na Nollag 2017 agus Episode IX sa bhliain 2019. Is deacair gearán a dhéanamh áfach más rud é go mbeidh scéalta mealltacha sna scannáin eile seo chomh maith. Nára fad uainn iad agus go raibh an fórsa leat inniu, agus gach lá.




No comments:

Post a Comment