Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Friday 20 May 2016

Léirmheasanna ar dhrámaí

Cascando
le Samuel Beckett
Pan Pan
Dearthóir seite/soilse: Aedín Cosgrave
Ainneoin gur dráma raidió é Cascando bhí an léiriú seo le clos, le feiceáil agus le brath in Amharclann Samuel Beckett i gColáiste na Tríonóide. Ghlac an slua páirt ann go deimhin. Ar theacht isteach duit tugadh Jubba dubh duit le caitheamh, fallaing thraidisiúnta ó Mharacó a bhfuil húda mór air.
Treoraíodh ansin sinn isteach i seomra dorcha go pasáiste cúng dorcha, duine i ndiaidh a chéile, ag siúl isteach i gcathair ghríobháin dorcha agus na ballaí agus an t-urlár clúdaithe le hábhar lonrach éigin, ceal solais gan mórán le lonrú acu. Díol suntais go raibh níos mó ná leathchosúlacht aige seo leis an gcathair ghríobháin ag Liam Mac Cóil mar a leag sé amach in Comhar é tá tamall ó shin.
Céard é Cascando? Dhá ghlór ag caint go híseal linn i gcluasáin phearsanta ag gach duine sa lucht féachana, siar is aniar eatarthu. Bhí sé deacair go maith na guthanna seo a leanúint, caithfear a rá agus a raibh ag tarlú timpeall ort.
Bhí mé féin dírithe ar an tsiúlóid agus timpeall linn ar chúinní, roinnt solais dírithe orainn as áiteanna i bhfad thuas anois is arís. Ansin ceol sách scanrúil torannach inár gcluasa agus scáileanna á bhfeiscint ar fud an bhaill, é deacair arís aird a choinneáil ar na guthanna féin. Is beag a chuaigh mé i ngleic leis an script ach siúlóid liom timpeall is timpeall ar chúinní sa scuaine, ag mothú go rabhamar ag teacht níos gaire don lár de réir a chéile. Ar deireadh an 20 duine againn ag ciorclú go mallchosach sa dorchadas, soilse aisteacha gach re seal, ansin scátháin go bhféadfaí breathnú tríothu agus leath eile an tslua a fheiceáil. Na guthanna agus a raibh ag tarlú timpeall orainn ag obair in éineacht anois is arís. An chéad ghuth ag trácht ar oscailt agus an dara ceann ar chríoch agus Woburn agus rudaí doiléire dothuigthe.
Thaitin sé liom bheith iomlán tumtha san eispéireas ach mhair sé beagán rófhada gan mórán éagsúlachta. Gan bhróga a bhíomar, leis, rud cheangail go dlúth muid leis an suíomh, a lig dúinn tadhaill leis an amharclann. Agus sinn faoi néal dorchadais agus ár gcluasa líonta le focail dhiamhra ba éasca na maidí a ligeann sruth agus tú féin a chailliúint ann fiú mura thuig tú brí an ruda.
Measaim go bhfuil roinnt mhaith níos mó drámaí le Beckett feicthe agam ná aon scríbhneoir eile? Cén fáth sin? Agus go leor acu sin i nGaeilge. Is dócha go bhfuil cineál de chultas tógtha timpeall ar an bhfear céanna agus i bhfírinne braithim deacair an dráma seo a mholadh ar an script ann, an léiriú iomlán a rinne rud suimiúil as.
Tá an léiriú seo de Cascando thart ach beifear ag súil le léirithe eile ó Pan Pan.
Who’s Afraid of Virginia Woolf?
le hEdward Albee
Cliar: Fiona Bell, Denis Conway, Mark Huberman agus Sophie Robinson
Amharclann an Gheata
 Dráma eile ar fad atá sa cheann seo. Tá an chaint agus an ghéire chainte ina lár istigh. Arís eile seit dheas ann, ceann galánta a chuireann teach ó na 1960 i gcuimhne duit, agus dráma a chuireann George agus Martha inár láthair. Beirt iad seo atá in gcónaí faoi scáil an tsaoil ollscoile, iad in adharca a chéile agus ag sáraíocht ar a chéile gan stad. Tá fáilte curtha acu roimh chúpla nua i bpobal na hollscoile deoch dheiridh na hoíche a ól ina dteach, chun donais a imíonn cúrsaí ansin.
 Nuair a tháinig an dráma seo chun ardáin i gcéaduair dúirt an New York Times faoi gur phléasc sin mar "stealth bomb on Broadway" agus gur leag sé "a brave new standard for truth-telling." Is cinnte go bhfuil gach aon rud sa dráma, an troid agus an t-imreas agus an t-uaigneas agus conas mar atá an duine ag dul i ngleic leis an saol iarbhír agus ólachán buile agus allagar agus naimhdeas eatarthu sin atá pósta.
Éiríonn go maith leis an gcliar ach seans nach bhfuil siad iomlán ar a gcompord leis ná lena chéile fós. Cruthaítear domhan inchreidte Meiriceánach na 60dí dúinn ach seans go gcuireann na blasanna nach bhfuil gan locht isteach ar chúrsaí anois is arís. Maith ar an iomlán ach cén fáth nach gcuirfeadh an geata rud éigin réabhlóideach ar fáil dúinn? Ceist an ghnó is cinnte.
 Ag oscailt Déardaoin 28ú Aibreáin(réamhléirithe roimhe sin)
.





No comments:

Post a Comment