Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Monday, 14 December 2015

Inimirce agus teifigh san Eoraip

Tá an dá thaobh ar an mbád agus an dá thaobh ar an scéal leis.

Dá gcreidfeá lucht na heite deise bheadh i do chroí istigh gur slua gioblach de Mhoslamaigh chraosacha gan mhaith a alpfaidh siar thú i do chodladh Críostúil duit atá ar nuachtáin na hEorpa le seachtainí. Os a choinne sin dá bhfíorófaí focail na heite clé boige bogásaí chreidfeá gur truán bocht gach teifeach nach féidir déanamh gan liobrálaigh an Iarthair a bheith ag cur a mbundún dearg amach ag cabhrú leis agus gur chóir do gach duine eile ar domhan teacht abhus agus cur fúthu linne, ar an tolg sa seomraí suí, tuigeann tú.

An chéad dream acu sin ní smaoineoidh siad meandar ar na teaghlaigh atá i mbaol báis agus atá faoi anró is chruatan. An dream eile ní luafaidh siad ar ndóigh gurbh é deireadh an bheartais chéanna, dá dtabharfaí é chun críche ar fad é, go lonnófaí an uile mhac máthar de thíortha iomlána ón Afraic, cuid mhór den Áis, agus áiteanna eile nach iad anseo san Eoraip. Rud nach mbeadh chun ár leasa, ná a leas siúd acu oiread.

Is dána an té, agus is fuar an croí chuile sheans, nach ndeachaigh pictiúr ríbhrónach Alan Kurdi, é báite, bídeach, bithleochaileach, i bhfeidhm air. Mar sin féin nach i dtosach na haicíde is fusa a leigheas, agus nach i mball na haicíde leis? Ní fiú míochaine dá fheabhas mura bhfeidhmíonn sé ar chúis an angair. Cloisim ansin gurbh fhearr an uile phingin a chaithfear ag cur caoi ar chórais na dtíortha as a bhfuil na truáin seo ag teitheadh, ná cent rua anseo. Nach bhfágfadh sin go mbáfar is go mbascfar is go mbrisfear idir an dá linn iad siúd atá tar éis triail orainn as tíortha i bhfad i gcéin?

Cuimhnigh leis gurb iad seo lucht rachmais a dtíortha féin, cuid mhór, daoine a raibh de ghus agus de ghustal acu sleamhnú thar teorainn amach. Fágann sin gur fágadh ina ndiaidh daoine níos anróití arís. Titeann an dualgas orainn mar sin dul i ngleic le bunfhadhbanna na dtíortha sin, cobhsaíocht pholaitiúil a chur sa treis, cinnteacht soláthar bia agus dí agus mar sin de.

D’fhógair an rialtas in Éirinn go gcuirfí slí ar fáil do 4,000 duine agus is cosúil go mbeidh buiséad ar leith ag dul leis an líon seo ach mar is eol dúinn is fusa go mór briathar ó bhéal ná lámh as póca. Tá a fhios sin go dóite ag éinne a fhaireann lucht ceannais a deir ar leibhéal íseal éigin na síceolaíochta nach cuma má bheidh dearmad déanta ar Alan Kurdi beag nuair a thitfidh amach i gceann trí bliana nár cuireadh ach a leath den tsuim a gealladh ar fáil. Tharla cheana.

Cá bhfuil an fhírinne más ea agus cá bhfuil an freagra deas tomhaiste críochnúil? Ní hann dó ar an drochuair, amhail gach rud a chuirtear faoi shúil an mhiondearcáin; tá cúrsaí níos casta ná mar a shíltear. Is eagal le daoine a aithint go minic gur áit éigin sa lár atá an fhírinne, áit éigin idir seafóid na heite deise faisistí agus ráiméis na heite clé is amaidí. Dá dtógfaí gach duine isteach a mbeadh bheith istigh uathu, chuirfí sinn féin amach faoin doirteadh. Ar an taobh eile den scéal bhainfí cuid dár ndínit mar dhaoine daonna mura ndéanfaimid iarracht cuid mhór níos mó ar son an dreama sin atá tar éis an oiread sin cogaíochta agus cos ar bolg agus scrios ar chathracha agus sceon ar chlanna a sheasamh. Mar sin glactar le go leor acu ach réitigh an bhunfhadhb thall.

Amhail an báidín atá ag treabhadh na dtonn go tréan thall chuig oileán iathghlas seo na naomh is fearr a bheith ina lár istigh ná ag aon cheann dá dhá fhoirceann. Is lú seans titim i bhfarraige uaidh seo. Seachain a ghob is fainic an tsuíóg. Is socra go mór anseo é ina chorplár istigh. Buail fút.


Saturday, 12 December 2015

Obair gharbh

(obair ullmhúcháin d'aiste an méid seo thíos, gan aon slacht air, is fearr amuigh anseo é ná lobhadh leis go digiteach ar mo ríomhaire glúine.)

 Na tréithe is suntasaí i bhfilíocht Shomhairle Mhic-Gill-Eain

trí chineál dáin ag Somhairle

grá, polaitiúil, cogadh, eorpach/cummanach.

stuif polaitiúil ábhar ciotach, rófhollasach, ródhthracht i mbun chraobhscaoileadh an deá-scéala

beirt bhan i dánta d'eimhear, nessa ní shé, ciméra de na mna éagsúla dar thug se grá

chuir somahirle milleán air fein nach ndeacaigh sé le troid a chur ar Franco agus b'shin an fáth nach n-éireodh lies leis an mbean.

Ard-Mhusaeum na h-Eireann
gaoid - smál

ag déanammh brachaidh
ní dhearna mise ach rud ar bith ach ardmhusaem na heireann

( is suntasach seo na haiteanna a bhfuil comharthaí dátheangacha éigin iontu, rud a théanna i bhfeidh ar thíortha a cheile na Breathnaigh agus Albanaigh, rud a luaitear inniu. glaschú

arís eile tá teipthe air mar a theip sa roghainn, ach is ann dó fós, samhlaim go dtagraíonn seo do lucht na réabhlóide síoraí a chreideann i dtólamh go bhfuil siad ar leac na réabhlóide, rud ar léir ar pholaitíocht an linne seo fiú amháin. Ós rud é gur ann don lucht oibre is ann don seans go mbeidh réabhlóid ann arís agus níos  bualadh ar  Conghaile, cé gur bhá

bua na teipe, laochra a chur i gcomórtas le laochra a chuid scéalta féin. gafa amach is amach le samplaí roimhe sa  dan A' Bhuaile Ghréine

Lia Fáil áit a n'insealbhítí ríthe á nascadh leis an nglantóir sráide, ach tá níos mó ná sin ann cinnte mar gur ghlantóir sráide a bhí in Ó Conghaile féin, post a bhí ag a dheartháir agus ag a athair leis. Is tríd an obair seo a tháinig forbairt ar an mbaint a bhí aige leis an gceardchumannachas.



A' Bhuaile Ghréine

Déanann sé a ghrá a cur i gcomparáid le banlaochra an traidisiúin bheil

Deirdre- thit i ngrá le Naoise, chuir an rí ruaig uirthi, maraíodh Naoise,

Úna Nic Dhiarmada tinn le grá, tomás níor lig a muintir dó í a phósadh, Áth an Donóige, tháinig an teachtaire ansin

agus cinn na stair leis, bean Mhic Ghille Bhríghde
ach an bhfuil an iomad ann, nach bhféadfadh gur duine ann féin í, nach leor liodan de phearsana le cur síos uirthi?

is ionann í agus Deirdre, Maud Gonne, cailíní as na hamráin, Una Thomáis Láidir ach ní leor iad le cur síos ar áilleacht s'aici seo. Chuirfeadh sé an dan díreach ag feidhmiú di, le go bhfeádfadh sé an uile áilleacht a bhí ann riamh a cheapadh ann chomh maith le súáilcí thíortha na hEorpa.

Ach ní eisean aon cheann d'fhir na mban sin, Naoise, nó Tomás Ua Custi nó Bertrans nó Fionn mór no Diarmad. tá air bheith ag breacadh filíochta agus áilleacht seo na n-áilleacht a fhoirfiú agus a choinneáil ann di.

Ta leugach age arís anseo.

Ban-Gháidheal

frithghiúdachas ann

sclábhaíocht a bhfuil seantaithí againn uirthi ó scéalta na hÉireann An Braon Broghach

frithreiligiúnda, airiím seo mar rud polaitiúil. cumannach

Labhair t'eaglais chaomh
mu staid chaillte a h-anma thruaigh
agus leag an cosnadh dian
a corp gu sámhair dhuibh an uaigh

agus tá ráite ag d'eaglais, maidir lena hanama caillte truamhéilacha agus dísligh an luain gan stad a copr
isteach i sícháin dhibh na huaighe.

nach fiú faic na fírde focail na heaglaise,

gur ghuigh daoien chun dé arán a thabhairt dóibh ach nár tugadh gr ghuigh siad chun Stailín agus gur tugadh dhá thrucail chucu., scéal apacrafúil

Hallaig
an fia, mar atá is coin is madaidhean-allaidh,

Aisling agus Tóir An Slánú i bhFilíocht Shomhairle MhicGill-Eain an sagart Máire Ní Annracháin

cosúlachtaí suntasacha idir seo agus coilltean ratharsairm  tógtha leis na huirlisí céanna

cónascadh na staire agus na meitifisice, anáil na staire ann

ach ga le nóta mínithe, ní féidir é a thuiscint gan cuid mhór a bheith ar eolas agat faoi, faoi stair na haite agus stair ghinearálta na hAlban,

cruthaíonn an dán réiteach trí úsáid a bhaint as teanga fhileata an simri láithreahc agus fháistineach, agus an paradacsa go bhfuil an t-olc féin páirteach sa slánú(bua na teipe, íobairt fola lucht 1916)

an fhís agus an tóir an dá phríomstráitéis a ndéanann sé dul i ngleic leis an olc,
samhlaoid na coille mar eochair. dhá choil atá ar ratharsair inniu, toradh ar shlad an phladóra,

tagairt do chomhthíos na coille giuise,(ce gur uirthi seo atá Coilltean Ratharsair bunaithe) ní gairdín aoubhnis Pharthais anois í ach coill an pohlandóra,

Uaibhreach a nochd na coilich ghiuthais
ag gairm air mullach Chon an Rá
díreach an druim ris a' ghealaich -
chan iadsan coille mo ghráidh.

Is coill fhiáin í coill Hallaig

alt le John MacInnes 1975 for the landscape is a Gaelic Landscape. Yet equally palapble is the Romantic sensibility of the poem... Through his genius, both the Gaelic sense of landscape, idealised in terms of society, and the Romantic sense of communion with Nature, merge in a single vision, a unified sensibility.

Is í an mheafaireacht, thar aon rud eile, atá i gceist, ach feicfimid nach í na mheafaireacht amháin a dhéanann an bheart.

Is mar mheafar a chuirtear inar láthair ar dtús báire é.

's tha mo ghaol aig Allt Hallig
'na craoibh bheithe, 's bha i riamh...

tha i 'na beithe, 'na calltuinn
'na caorunn dhíreach sheang úir...

tá an meafar agus an dán nasctha ar fad leis an stair,

comhairle mháir ní ainnn maidir le haimsirí na mbriathra, an al agus an af a nascadh le chéile, tá sruth ama ann mar sin dar léi agus is cinnte go bhfuil seo ann, ach gan bheith mar leitheoir an bhfuil seans go nglacfaí leis mar aimsir ar leith. Tá a leithéid tugtha faoi deara agam agus mé ag déanamh iarrachta you an Bhéarla a aistriú cé gur 'you' tríd síos a bheadh i ndan is féidir leis a athrú

creideann an phearsa go bhféadfaí an foréigean agus an scrios a chur ar ceal lena macasamhail d'fhoiréigean. Cuireann sé a mhuinín sa ghrá, a mharóidh an fia ama. rud aisteach e seo bu os cionn le gnáth smaonte faon ngra, , sainráiteas hallaig og bhfuil na t-olc mar chuid den slánú, éirí amach

is fia an ama a mharófar. Ta fia eile aige i gCoin is Madaidhean alla atá n os cionn ar fad le fia Hallaig, anseo is a ghrá atá ann.

thig peilear á gunna Ghaoil
's buailear am fiadh a tha 'na thuaineal
a' snótach nan láraichean feóir;

Ó Coill go Barr Ghéaráin
Somhairle MacGill-Eain
Na Danta maille le haistriúcháin Ghaeilge le Paddy Bushe

sa réamhfhocal le Seamus Heaney(nach léir gur aistriúchán é)

"bhí sé...teanntaithe idir nua-aoiseachas agus an traidisiún"

ardstíl urlabhra chomh sean le Hóiméar

"I bhfilíocht MhicGill-Eain, fíoras fisiciúil is ea an taobh tíre agus tá gné mheitifisiciúil leis chomh maith. Na crainn bheithe i Hallaig', mar shampla go príomha is beitheanna geala iad ag fás i ngleann uaithne áilelacht choscrach ag baint leo, ciúin agus aonrach"

"níos uilí ná a lonnaíocht san am i láthair"

Hallaig

'Tha tìm, am fiadh, an coille Hallaig’

Tha bùird is tàirnean air an uinneig
trom faca mi an Àird an Iar
’s tha mo ghaol aig Allt Hallaig
’na craoibh bheithe, ’s bha i riamh

Uaibhreach anochd na coilich ghiuthais
a’ gairm air mullach Cnoc an Rà,
dìreach an druim ris a’ ghealaich –
chan iadsan coille mo ghràidh.

Tha iad fhathast ann a Hallaig,
Clann Ghill-Eain ’s Clann MhicLeòid,
na bh’ ann ri linn Mhic Ghille Chaluim:
chunnacas na mairbh beò.

’s nuair theàrnas grian air cùl Dhùn Cana
thig peilear dian à gunna Ghaoil;

’s buailear am fiadh a tha ’na thuaineal
a’ snòtach nan làraichean feòir;
thig reothadh air a shùil sa choille:
chan fhaighear lorg air fhuil rim bheò.

Tha tím am fiadh, an coille Hallaig,

cumtha ag an am céanna dar le
draíocht, meafar, crainn ag glacadh áit a sheanmhuintire, crainn dhúchasacha,fís osnádúrtha a bhí aige
pearsantachtaí na talún baineann, flúirseacht, torthúlacht baineann. combhá an dúlra, tá fís aige, déanann iarracht an fia a mharú.

is le foréigean a dhéanann sé sin

tá na daoine beo sna crainnte a a mbíodh a dtithe, fanfaidh somhailre orthu filleadh air mura bhfilleann rachaidh sé an fia a mharú


Coin is Madaidhean Allaidh
madraí allta á leanúint a chuid dánta gan scríobh go bhfuil siad ag teacht le hionsaí a dhéanamh air sin a chumhachtach is atá a ghrá. agus iad ag leanúint a ghrá, sin an spreagadh aige agus a ghrá a leanúint  gan stad ná staon
an fia seo is

"fiadh do bhóidhche ciúine gaolaich,'

tá na madraí, tírdhreach scéiniúil, sceirdiúil atá ann, fuil agus colg, ocrach, sléibhte crochta, lomáin chrua, tafann agus búireanna na gcon i gcluas an fhile. Cuing agus dualgas na cruthaíochta agus na filíochta. Ta an brú seo air , ach fágann go millfidh madraí seo na hionspráide an rud a dtugann se gra dó.

Yet each man kills the thing he loves,
By each let this be heard,
Some do it with a bitter look,
Some with a flattering word,


Mar a bhí ag Wilde i bhfad roimhe seo i Ballod of Reading Gaol.

 


an féidir gur na madraí céanna a dhéanann file as déanann siad fear ródhíocasach, rósmaointeach as agus is ea sin a mhilleann an grá air?

An Roghainn
Choisich mi cuide ri mo thuigse
an fíor do bhfuil do ghrá le pósadh

tá bé nó neach éigin ag siúl leis agus tugann seo cead dó caint air seans.


bacann se an mothúchán ata ag éirí an, tá fhios agam gur fíor cén mhaith dom bréag a rá

Ciamar a smaoinichinn gun glacainn
an rionnag leugach óir,
gum beirinn oirre 's gun cuirinn i
gu ciallach 'na mo phóc?

Cha d' ghabh mise bás croinn-ceusaidh.
an éiginn chruaidh na Spáinn
is ciamar sin bhiodh dúil agam
ri aon duais úir an dáin?

ach dá mbeadh an rogha arís aige léimfeahd sé, is cosúil gur cúraí teaghlaigh a choinnigh siar é, ach is fusa briathar ná comhlíonadh.



500-850 dál riata

le chéile ansin ó 850 go 1200 ach hibrideach

1200 go 1650 ghaelú na halban

ó 1650 ar aghaidh scrios ar an gcultúr ar an da chuid ag bogadh óna chéile,

wilson mcleod divded gaels

beag ón treimhse sin a phléann le tuairimí daoine faoina chéile,

dearthár mór agus deir sé nach gcabhraíonn sin, ach ar ndóigh déarfadh,

cóilíniúil, gur deacair glacadh leis

cúige cultúrtha

coiste in 1805 a dúrit go raibhadar tráth nach mór mar an tír chéanna, fíric atá folaithe go hiomlán ar mhuintir na hÉireann inniu

an 16ú céad déag, an Gael cuanreubtha

go raibh na Gaeil ann roimh na hÉireannaigh

go bhfuil difear idir lucht léinn agus an gnáthdhuine

agus ta na traidisiúin phobail níos faide óna cheile

Seán Mac Guaire mar chóilíneacht thar sáile


Máire Ní Annracháin The Highland Connection: Socttish Reverberations in Irish Literary Identity


affinities in time and space

mother-country/daughter country, cultural continuum, culture province, coloniser / colonised.[i] Irrespective of one’s preferred model, by the start of the twentieth century the two poetic traditions had diverged


Sorley McLean’s ‘Hallaig’, whose iconic status is even higher than Ó Ríordáin’s ‘Adhlacadh mo Mháthar’, creates a small miracle with its salvific reversal of the norm, telling of a vision of the people of the  Isle of Raasay who had been cleared from their land and were now long dead. They are seen alive in the very trees that supplanted them:
’s tha mo ghaol aig Allt Hallaig
’na craoibh bheithe, ‘s bha i riamh. . . .
tha i ’na beithe, ’na calltuinn,
’na caorunn dhìreach sheang ùir. . .
Chunnacas na mairbh beò.
 (and my love is at the Burn of Hallaig, / a birch tree, and she has always been /. . . she is a birch, a hazel, a straight slender young rowan / . . . the dead have been seen alive)[ii]


. Tá an argóint ann gur cuireadh a lán a bhféadfaí a chur in iúl tríd an meafar tríd an domhan eile.

Nar tharla se ach le déanaí go raibh tuiscintí meafracha bualte anuas ar neacha osnádúrtha.

glanadh ar shíul na nArdchríoch


1981 educaton (scotland) act gur aithníodh an gaidhlig go hoifigiúil
1777 highland (gaelic ar dtús) society of london.

cin na héireann nasctha níos mó leis an náisiúnachas

Mod a tosaíodh sa bhliain 1892 in Oban

new gaels tar éis 2000 r nós na nuachainteoirí

2006 ar an meánscoil a tosaíodh i dtús ama.


Sorley Maclean's answer to Job

Máire Ní Annracháin

cloch a fhágáil ar charn, one of humanity's enduring responses ahas been to produce text.
níos mó anois na riamh cheana ce nach litríocht a thuilleadh í.
wisdom literature


go ndéantar iompú bun o scionn ar an rud gaelach go mbeadh an trídhreach faoi bhláth agus ceannaire ar fónamh.

tha mo ghaol aige allt Hallaig...
tha i na beithe, na calltuinn,
'na caoruinn dhíreach sheang úir...
chunnacas na mairbh beó.


dar léi gur iarracht é seo ar an talamh bánaithe agus bás an duine a athrú ina rud olc ar fad ach go dteipeann ar an bhfís


luaitear na scéálta traidisiúnta nuair a a sheoltaí laoch óg le gníomartha gaisce a dhéanamh i dtíotha i bhfad as, an Ghréig agus an Spáinn agus go mbíonn grá ar a fhilleadh dó da thoradh.

ach in An Roghainn

Ciamar a smoinichinn gun glacainn
an rionnag leugach óir,
...
Cha d'ghabh mise bás croinn ceusaidh
an éiginn chruaidh na Spáinn

(bhfuil seo iomarcach? á chur féin i gcomparáid le hÍosa? Is dóigh liom go bhfuil.

is ciamar sin a choinnichinn
ri beithir-theine ghráidh?
the tunderboplt of love (caor thintrí)



Gaoir na h-Eórpa
simplí ag an tús

a nighean a chúil bhuidhe, throm-bhuidh ór-bhuidh,
fonn do bhéoil-sa 's gaoir na h-Eórpa


ach is an grá a bhuann ar deireadh

cha bhiodh masladh ar latha-ne searbh 'nad phóig-sa
arís eile is tábhachtaí an grá dó ná an rud polaitiúil

ceist an ghrá agus ceist pholaitiúil eorpach le hais a chéile.


Tha an saoghal fhathast álainn /ged nach eil thu ann.'

léiríonn sé gur theip féinfhuath go pointe nach raibh ann ach sríobh.


Caor thine- beothir-theine

an grá mar ghalar

Níor shearbh masla ár laethanta phóg i do bhéal

a' bhrúid 's am meáirleach air ceann na h-Eórpa
's do bheul-sa uaill-dhearg san t-seann óran?

Clár na comharsheilbhe : forógra Pháirtí na gCumannach aistriúchan Gaeilge Pairt c na hé

Marx agus Engels gur púca, nó taibhse, hobgoblin an Bhéarla


tá sé ag rá go mbéarfaidh grá na mna seo bua ar bhochtaineacht na mná seo.

"long nan Daoine gu daors' a mhór-shluaigh"

Seo an dearcadh polaitiúil gurb ionann gan cloí le cummanachas agus bheith daor.

Stailíneach a bhí ann go dtí lár na 1940dí








Monday, 7 December 2015

Tocasaid 'Ain Tuirc le Donnchadh MacGilliosa

Cnuasach gearrscéalta é seo a rianaíonn scéal ghrúpa de charachtair ghreannmhara óga atá in adharca le húdaráis scoile, lena chéile agus lena saol féin. Cé gur gearrscéalta a thugtar orthu agus a thugaimse, leis, tá tréithe áirithe den úrscéal ag roinnt leis an gcnuasach seo chomh maith. Leanann snáithe áirithe ó scéalta isteach ina chéile anseo is ansiúd agus bíonn na carachtair chéanna le feiceáil ó thús deireadh an leabhair, i suímh éagsúla agus ó thráth go chéile.
Ar an gcéad léamh duit is deacair aon téama faoi leith a bhrath air ach gur casadh nua ar scéalta faoin gcineál saoil atá ag leaideanna atá ag freastal ar an scoil maille le daba mór seanscéalaíochta agus ruainne beag fantaisíochta caite ar a mbarr. San iomlán tá 16 scéal ann mar atá thíos. Athraíonn na carachtair róil agus na scéalta á gcur dínn againn; uaireanta is an príomhcharachtar atá i gceist, uaireanta eile níl i gceist le duine ach mioncharachtar.
Is cur chuige an-suimiúil atá in úsáid do na gearrscéalta seo, agus is ceann é nár tháinig mé air go dtí seo. Tá bearna mhór ann ó thaobh scéalta na Gaeilge nach bhfuil forbairt mar seo déanta abhus fós. Cuirtear na carachtair inár láthair lena leasainmneacha. Tá tábhacht ar leith ag baint leis na leasainmneacha sa chnuasach seo agus go leor de na scéalta ainmnithe astu, go deimhin.
  1. Bàrdachd Mhurchaidh Bhig
  2. An Tocasaid
  3. Dòmhnall Iain
  4. A' Chliutag
  5. Am Bromaire Mòr
  6. 'Sport'
  7. Calum Iain Thormoid
  8. Cock of the Walk
  9. Na Brògan Donna
  10. Iain Geur
  11. Cailean Mi Fhìn
  12. Am Fear Nàimhdeil, Neimheil
  13. A' Tilleadh
  14. Turas Thormoid a Sgoil Steòrnabhaigh
  15. An Sleapan
  16. An Sleapan A-Rithist
An t-údar
Is as Nis i Leòdhas do Dhonnchadh MacGilliosa. Rugadh ann é sa bhliain 1941 ach tá sé lonnaithe i Londain le tamall de bhlianta.[1] Bhí sé mar mhac léinn in Ollscoil Obar Dheathain agus bíonn sé ag plé le múinteoireacht agus garraíodóireacht i Londain.
Tháinig an cnuasach seo amach sa bhliain 2004, an leabhar a scríobh sé roimhe ná Thall 's A-Bhos (1991), a raibh an-tóir air, is cosúil, ar leabhar é a scríobh sé in éineacht lena leathbhádóir Leodhasach Calum Greum. Is aistriúcháin ar ghearrscéalta as gach cearn den domhan a bhí sa leabhar seo. Is féidir gur thug an cur chuige seo blaiseadh ar éagsúlacht gearrscéalta dó, mar is cinnte go bhfuil stíleanna éagsúla á gcleachtadh aige anseo.
Tá Nis féin agus Leodhas le sonrú go tréan ar an leabhar seo, sa Ghaeilge ann agus sna scéalta féin.
Na scéalta
Bàrdachd Mhurchaidh Bhig
Tosaíonn cúrsaí le Bàrdachd Mhurchaidh Bhig. Caitheann Tormod nó An Tocasaid, a bhfuil léamh agus scríobh aige ó bhí sé trí bliana d'aois lá faoin dtor, ní fada an léimt go leithéidí mhargadh muc Gharumna Uí Chonaire. Seo scéal simplí faoi dhaltaí scoile, ar nós go leor de na scéalta sa chnuasach.
Tá deacracht ag Tormod leis an scoil toisc a éasca atá. Carachtar ar leith is ea é agus mínítear dúinn mar a scríobh sé a chéad leabhar The Social Life of the Starling gan ach dhá bhliain déag aige. Is sampla é Tormod den rud normálta(an ginias scoile) a bhfuil taithí againn ar fad orthu ach é éirithe dochreidte ar fad (ginias os cionn cáich). Tá go leor samplaí den chineál seo ruda tríd síos. Castar orainn Tormod cúpla babhta eile chomh maith agus is é is lárnaí ar fad ann is dócha. Is éasca a shamhlú gur fíordhaoine iad seo ach de réir a chéile tuigtear dúinn nach eachtraí fírinneacha amháin atá ag titim amach agus iad sa timpeall.
An Tocasaid
Sa dara scéal seo ar Thormad, faightear amach conas mar a cumadh a ainm. Mar atá ráite, tá na hainmneacha fíorthábhachtach sa chnuasach seo, rud a bhaineann le scitsifréine ainmneolaíoch na nGael, seans. Daoine a mbíonn scata ainmneacha; cearta agus pearsanta, oifigiúla is neamhoifigiúla, gaelacha agus gallda ag gach mac máthair againn.
"Tormod Beag, Tormod Beag againn fhìn, Tormod Noraidh, Norman McLeod One, mac Thormaid 'Ain Tuirc, an donas beag ud, am bastard na bids' ud, am balach gòrach, an dòlas duin' ud... ...agus a bhàrr orra sin uile, quintisentially and perenially an Tocasaid agus Tocasaid 'Ain Tuirc." (lch 18)
Cad a chuireann an liosta seo i gcuimhne dom ach liostaí fada Titley? Is dóigh liom go bhfuil ceist á cur tríd síos ar céard is ainm dúinn i bhfírinne agus leasainmeacha, ainmneacha ceanna, masluithe agus eile in úsáid ag daoine éagsúla. Feictear anseo, chomh maith, an códmheascadh ar mhaithe le grinn agus tugtar faoi deara gurb é an reacaire atá á chleachtadh, rud nach bhfuil le feiceáil chomh minic sin i litríocht na Gaeilge, seachas saothair Shéamais Mhic Annaidh, is féidir.
Titeann Tormod isteach i hoigiséad atá ar chúl an halla spóirt agus greamaíonn an t-ainm de. I Nis beidh cuimhne air go deo, deirtear linn, de thoisc an ruda neafaisigh seo. Deirtear linn gur cailleadh a athair sa chogadh ar H.M.S. Forfar a chuaigh go tóin poill sa bhliain 1940, is fiú a lua gur rud é seo a tharla sa saol iarbhír. Scéal simplí atá anseo ach go bhfuil macallaí bróin sa chúlra ann agus tuiscint ann leis. Tá an scríbhneoireacht breá ealaíonta agus an chiall a bhain mise as ná go maireann cuimhne ar dhaoine ina ndiaidh go fiú is más cuimhne nach bhfuil iomlán dílis don duine féin.
Castar orainn Tormod arís sa scéal Cock of the Walk, áit a mbíonn imreas idir é is Am Pluicean, ach ar deireadh is é Am Pluicean a obann an troid. Cuirtear scata scéalta draíochtacha a insíonn seanmháthair Tormod leis inár láthair mar ghearrscéalta iontu féin, an dá cheann seo a leanas ina measc.
Am Fear Nàimhdeil, Neimheil
Dúisíonn bróga draíochta, coisbhirt a bhfuil caint acu, an Sgeilbheag a rá go bhfuil duine ag bagairt air. Tagann neach de chineál éigin agus bíonn ina chogadh dearg acu ar feadh i bhfad ach tugann an Sgeilbheag na sála leis ar deireadh. Scéal simplí atá anseo atá ar nós na seanscéalta, ceann a bhaineann úsáid as na trí fhocal chosúla a thosaíonn ar an litir chéanna, is a bhaineann earraíocht as ruthaig anseo is ansiúd, agus tá seantaithí againn ar a leithéid. Is scéal é atá go mór faoi thionchar na scéalta dúchais.
'Duine dorch, balbh, molach, molanach, mùdanach, nach do rinn gàire riamh' 
Chuirfeadh sé liostaí an Titlígh i gcuimhne duit athuair chomh maith. Scéal é seo nach dtarlaíonn an oiread sin ann agus a bhaineann úsáid as múnlaí sean-aimseartha na scéalaíochta. Ní dóigh liom go seasfadh sé leis féin mar scéal aonair, i bhfírinne níl ann ach radharc de na scéalta faoi Sgeilbheag.
Iain Geur
Tosaíonn an chéad scéal eile agus Sgeilbheag tinn tuirseach tar éis a ghreadta, feiceann fear ag teacht faona dhéin. Ar nós go leor de na seanscéalta tá an tomhas ina chuid dhílis den scéal seo. Mar is eol dúinn bhíodh an traidisiún béil an-tógtha leo. Feictear iad i litríocht atá ábhar seanchaite anois, i roinnt de dhrámaí thús na hAthbheochana agus i gcnuasaigh amhail an chinn le Seán Ó hEochaidh.
Tosaíonn na bróga ag tabhairt cúnaimh do Sgeilbheag agus é ag iarraidh dúcheisteanna an fhir a réiteach. Bíonn an bheirt acu ag sáraíocht ar a chéile sa tslí seo, cuireann an Sgeilbheag ceann chuige ach tá an freagra ag Iain Geur cheana agus cuirtear ceist eile air. Ar deireadh buaileann An Sgeilbheag ar aghaidh gan spéis a bheith aige sa chluiche a thuilleadh agus leanann Iain Geur é ar an mbóthar ag iarraidh é a mhealladh le tomhais níos fusa. Tugann sé aon tomhas amháin eile do Sgeilbheag, an seancheann úd 'Ní trom leat é, ach tá sé ort mar sin féin' tugann Sgeilbheag liodán de fhreagraí samplacha, an tart, an t-ocras, an dithneas ach ar deireadh is a ainm atá ann. Ansin tugann Sgeilbheag s’againne faoi deireadh nach raibh Iain Geur tar éis a ainm a iarraidh air nó an raibh tart nó ocras air agus imíonn sé leis. Damnaíonn Iain é, mar a dhamnaigh gach duine roimhe mar dhuine a bhí tiubh sa cheann. Agus sin sin.
A'Chliutag
Sa scéal brónach seo dírítear ar a'Chliutag nach nglacfaí leis san arm, ach duine é a chaitheann go cóir leis na buachaillí a bhfuil aithne á cur againn orthu de réir a chéile. Mínítear dúinn faoin mbealach a mbíonn náire orthu nach bhfuil eolas maith acu ar an mBéarla. Tosaíonn an rang agus an múinteoir féin ag gáire faoin mbealach a fhuaimníonn sé 'demon'  rud a chuirfeadh 'Fotters' Ghleann Easna Sheáin Mhic Mhathúna i gcuimhne duit. Faightear amach ansin gur briseadh a'Chliutag as a phost as buille a tharraingt ar shaoiste a bhíodh ag spochadh as buachaillí na Gàidhlig, rud a nascann iad.
Fadhb shíoraí litríocht na dteangacha mionlaithe áfach, róthrácht ar an teanga ina bhfuil sí á scríobh. Déarfadh duine le dearcadh eile gur léiriú é seo ar an gcineál saoil a bhíonn ag an dream a labhraíonn an teanga dhúchais i dtír a bhfuil an meon iarchóilíneach go tréan i réim ann. Cuirtear an teachtaireacht trasna go cúramach mar sin féin agus níl praeitseáil le brath air.
Turas Thormoid a Sgoil Steòrnabhaigh
Sa scéal seo faightear litir scoile ag gearán nach bhfuil an t-uasal McLeod ag freastal ar scoil, is deir seanathair an bhuachalla go bhfuil sé in Éirinn. Tá sé, is cosúil, ag scoil cheoil Willie Clancey, áit a bhfuil Séamus Ennis agus ceoltóirí eile agus an-spraoi aige agus go leor á fhoghlaim aige.
Insíonn Willie Clancy féin le Norman faoi shreangscéal a mhíníonn an drochnuacht dó. Cuireann seo muid ag ceistiú ansin an bhfuil an scéal seo fíor in aon chor? Seo an cineál amhrais a bhíonn i gceist le roinnt mhaith de na scéalta, ní féidir talamh slán a dhéanamh de bhriathra an reacaire ná cinn na gcarachtar féin.
Nuair a fhilleann sé beartaítear go mb'fhearr go rachadh sé chun na scoile i Steòrnabhagh ar feadh tamaill, go dtabharfadh seo deis dó marcanna maithe a fháil sna scrúduithe. Deir Tormod go rachaidh sé ar feadh seachtaine. Téann sé ann agus is deas leis an áit gona shiopaí breátha agus radhairc úra agus mar sin de, ach tugann sé faoi deara go bhfuil seanchancráin sa scoil a thugann léasadh agus leadradh do pháistí bochta na scoile, rud nach raibh taithí aige féin air cheana.
Déantar cur síos ar chailín beag gleoite ann a raibh gruaig uirthi "a bha mar an t-òr mas urrainear sin a ràdh mu dheidhinn tè à air an robh falt cho dubh, (lch 114) tá an scríbhneoireacht seo chomh deas sin go measaim go ngoidfidh mé é! Bíonn sé ag pleidhcíocht ach ní bhíonn sé sásta glacadh le buillí, agus tosaíonn ar rann maslach a rá faoin múinteoir a chuireann le ceangal é. Imíonn an máistir ar lorg cabhrach agus deir cailín beag poimpéiseach leis go bhfuil rud olc ceart déanta aige.
"that was very wrong, very very wrong"
Ós duine síochánta é imíonn leis, filleann abhaile ar an mbus agus filleann ar Choinneach a deir leis go bhfuil cabhair uaidh ó tá mórán le déanamh. Is dócha go n-aithníonn sé nach n-oireann an scoil dó faoin am seo.
An Sleapan A-Rithist
Tugann an scéal deireanach seo Tormod agus Sleapan le chéile den chéad uair. Deirtear linn nach dtaitníonn ach b'fhéidir triúr ar chlár na cruinne leis an Sleapan.
Tá na tréithe a bhí le sonrú sna scéalta roimhe seo ar fad le brath sa scéal deiridh seo; an tuath faoina cuid móna, an saol sa Ghàidhealtachd agus an dúchas, an Tocasaid go dána in airde ar Chlach an Truiseil.
Feiceann an Sleapan rud éigin ar bharr na cloiche móire airde seo agus téann ann le fiosracht. Thuas ar an mórghallán seo, arís sinn nascatha leis an timpeallacht agus leis an dúchas, tá carachtar eapainmneach an chnuasaigh. Taitníonn sé leis ar an gcéad amharc agus seo mar a chastar an Tocasaid ar an Sleapan. Fásann cairdeas mór idir an bheirt agus is iomaí uair iad ag taisteal chun a chéile. Agus seo ag tarlú feictear beannachtaí sa chaint acu, agus léamha salm agus tionchar sin an reiligiúin go tréan ar an leabhar arís.
Fágann deireadh an scéil, agus an leabhair, muid le radharc den Sleapan in eaglais le solas á líonadh, ansin dúisíonn sé agus déanann iarracht ciall a bhaint as a bhfuil feicthe aige. Mar atá an leabhar ar fad, is idir an rud fíor agus rud aislingeach atáimid agus tionchar an leabhair mhaith le brath arís anseo. An dánaíocht ón údar atá ann nod do líne úd na mbuachaillí scoile "agus ansin dhúisigh mé, ní raibh ann ach brionglóid, bhí mé déanach don scoil"? Tá an chríoch sa scéal seo doiléir ach déanann sé na snáithe éagsúla as na scéalta ar fad a fhí le chéile in aon taipéis amháin, dá dhoiléire é.
Ar an iomlán
Tugadh an-mholadh don chnuasach seo.“Gaelic literature as it ought to be!” [2] Cé nach mbeinn inniúil ar bhreith a thabhairt air sin i bhfianaise m'easpa eolais ar a litríocht trí chéile is cinnte go n-aontóinn leis an méid seo “This writer displays the gifts of a true storyteller”[3] Is scéalaí cumasach é gan amhras ach is nós liom gan gearrscéalta a léamh in ord, seo an chéad uair ar theip an cur chuige sin orm, bhí orm roinnt scéalta a athléamh nó léimt siar le cinntiú go raibh an scéal agam i gceart. Caithfear a léamh ó thús go deireadh.
Deirtear chomh maith go bhfuil na scéalta " humorous, quirky and, above all, highly entertaining."[4] Ní deacair gur i gcoinne an imeartais ach ní hiad is spéisiúla liom toisc go mbítear ag plé le go leor téamaí, suíomh agus cur chuige traidisiúnta a bhfuil seacht sram na seanaoise orthu, go fiú is má tá leagan éigin nua ar chuid acu.
Dar le roinnt meabhraíonn an ton aisteach scéalta ón traidisiún meascaithe le hábhar Beckett. Is deacair liom glacadh leis an méid seo. Más aon rud bhí an leabhar foclach bríomhar agus annamh go raibh loime Beckettúil ag roinnt leis.
Deirtear go bhfuil tionchar na nGael agus na nUigingeach le brath ar na scéalta seo. Braitheann Aonghas MacNeacail glórtha Uigingeacha "breathing and pulsing smartly through this book." Is cinnte go bhfuil dúchas na nGael ann ach ní mór dom admháil nár bhraitheas tionchar Lochlannach air. Is féidir gur locht ar an léitheoir seo a bhí ann. Déanann MacNeacail trácht ar chisil ann agus tagairtí folaithe a bheith sna scéalta chomh maith le tionchar an Bhíobla a bheith air. Tá sé sin ann go cinnte, tá domhan ar leith cruthaithe anseo, agus é iomlán inchreidte.
Scéalta réadúla nó leathréadúla an mhórchuid acu go mbuailtear linn an tsraith nach bhfuil san fhíordhomhan beag ná mór, is iad sin; Na Brògan Donna, Iain Geur, Cailean Mi Fhìn, Am Fear Nàimhdeil, Neimheil, A' Tilleadh.
Ó am go chéile bhraitheas go raibh roinnt de na carachtair gan fód, na cinn a bhí sáite sa traidisiún ach go háirithe, mar a bheifeá ag súil seans. Roinnt eile fós is carachtair iad a bhfuil taithí againn orthu cheana agus níor cuireadh an oiread sin leo, carachtair éagsúla an ranga a bhí i ngach rang ó tosaíodh ar scoileanna.
Tá filíocht ann cinnte agus cuimsíonn seo rannta áille mórchúiseacha go rannta beaga seafóide a spochann as daoine. Tugann sé le fios gur rud iomlán nádúrtha é a bheith tógtha leis an bhfilíocht agus go mbeadh ról aige sa saol laethúil. Tá bleaisteanna filíochta ó thús deireadh agus í ina dlúthchuid d'eachtraí agus d'atmaisféar an leabhair. Tugann na dánta le fios go bhfuil na carachtair fréamhaithe sa dúchas, is go bhfuil diabhlaíocht agus dánacht ag baint leo. Tá rud eile ann chomh maith áfach. Cé gur maith liom an fhilíocht agus go gcuireann sé leis an leabhar ar an iomlán is deacair liom an rian den rómhaoithneachas agus den rómhistéiriú ar Ghaeil agus ar Ghaeilgí, a bhaineann leis seo. An rud nach maith liom ná go mb'fhéidir go bhfuiltear ag tabhairt le fios go bhfuil tuiscint ar leith agus thar na bearta ag Gaeil toisc gur filí mistéireacha de chuid an cheo iad, agus ní dócha go bhfuil seo níos fíre ná mar a bheadh i gcás teanga ar bith.
Insítear na scéalta mar a bheadh scéal á reic, beagán neamhfhoirimiúil ó thráth go chéile, píosaí beaga Béarla anseo is ansiúd[5], ar son an ghrinn go minic, agus le ruthaig scéalaíochta i roinnt áirithe acu.
Deirtear linn go bhfuil Gàidhlig Leòdhais le braith ar leithéidí bhoill' (lch. 45), 'doras a' bhùird-isein' (lch. 47), 'chan urra dhòmhs' a ràdh' (p. 118), 'cha robh 'n còrr ac' air fhaicinn' (lch. 61), 'cleachdt'' (p. 61), [6] agus is cinnte go bhfuil canúint i bhfeidhm sa chaint agus go leor focal litrithe i mbealach ar leith ar fud an bhaill.
Tá an comhphobal tuaithe le brath go mór ar na scéalta seo, a bhfuil níos mó ná leathchosúlacht aige leis na comhphobail thuaithe agus imeallacha a bhfuil taithí againn orthu i saothair Uí Chadhain, Uí Conaire, Mháire agus eile.
Ní luaitear go sonrach, ar feadh m'eolais, na tréimhsí lena mbaineann na scéalta ach braitear orthu gur dtiteann siad amach thart ar an am a raibh an t-údar ar aois scoile. Luaitear H.M.S. Forfar a bádh sa bhliain 1940. Déanaim amach ar an gcaoi sin gur scéalta iad a fhaigheann a gcuid tinfidh ó chuimhní scoile MhicGilliosa. Déantar neartú ar an tuairim seo leis na noda sochtheangeolaíocha, staire, agus cur chuige múinteoireachta atá le feiscint atá iontu.
Tá fantaisíocht ann leis, agus draíocht, mar atá sna scéalta dúchais Gaeilge cé go mb'fhéidir go bhfuil an cur síos anseo níos giorra don réalachas draíochtúil ná draíocht an bhéaloidis, ó am go chéile.
Tá rian éigin de Just William agus de shoineantacht Lake Wobegon Gharrison Keillor ar na scéalta scoile chomh maith. Tá na carachtair ar fad beagán méadaithe, beagan as alt agus beagán corr.
Ar an iomlán is cnuasach fíorshuimiúil é seo a bhriseann múnla na ngearrscéalta traidisiúnta trí rith isteach ina chéile go mór, é dea-scríofa, le carachtair shuimiúla shamhlaíocha ó scéal go chéile, agus tá an greann caolchúiseach ina orlaí tríd. Dúradh cheana go raibh againn anseo "a splendid storyteller, fluent, celebratory, accomplished." An bua is mó a bhraithim air ar fad ná an léargas úr, an blas aisteach ar an rud a bhfuil seantaithí againn air agus sin is mó a fhanann liom i ndiaidh a léite.
Foinsí
[2] Ronald Black, The Scotsman Newspaper, 2 Meitheamh 2004
[3] Aonghas MacNeacail, The Herald, 2 Lúnasa 2004
[4] Aonghas MacNeacail Márta, 2004
[5] 'Against all expectations, bhuannaich am Pluicean coconut."
[6] http://www.dasg.ac.uk/corpus/textmeta.php?text=203&uT=y Digital Archive of Scottish Gaelic 


Wednesday, 2 December 2015

Peter Gallo: Dánlann Dhughláis de hÍde, Baile Atha Cliath, 08 Deireadh Fómhair- 03 Nollaig 2014

Is maith an t-ionad Dánlann de hÍde, díseart beag ciúnais scread luchóige ó ghleo

Shráid Thobar Phádraig. Seomra mór, uaimh chliniciúil a bhfuil urlár suimint is ballaí

bána faoi ailtireacht gan rómhaise.

Taispeántas mílítheach é seo ón oibrí sóisialta síciatrach as Vermont. Dathanna donna

is faon, ábhar garbh miotalach, ábhar aimsithe is bruscar, canbhás stápláilte,

peintéireachtaí doiléire, focalbhunaithe. Íostachas a scaiptear fíorchorruair do ghreann

nó do chleas beag. Péinteáil neamhcháiréiseach agus is té na súl grinn a bhainfidh

adhmad as cuid mhór den taispeántas.

Taispeántas pearsanta é seo a bhfuil an dorchadas ina orlaí tríd. Tá mothú stoite agus

buairt le sonrú ar fud an bhaill. An tsnaidhm a bhfuil téad, paipéar donn agus

leathanaigh eolais an druga frithdhúlagair prozac ceangailte istigh ann. Dol an

chrochta a thugann sé le fios. An píosa 'Thanatos' duairc ach gan aon rófhorbairt ar an

duairceas.

Anseo is ansiúd tá raiteas polaitiúil. Imlíne de mhadra cáiliúil éigin cartúin nach féidir

linn a thabhairt chun cuimhne go díreach, éadach greamaithe le stáplaí, ainm ina lár

istigh; intifada. An de fhonn baint siar as daoine seo? Ráiteas ar an gcodarsnacht idir

an rud gleoite agus an rud fuilteach, ach céard é?

An chuid is fearr go minic ná na focail féin, an t-imeartas a théann leo, 'art'. Níl

fíneáltacht ag baint leis an taispeántas áfach, ní mian leis sásamh a chur ar fáil. Tá

boirbe agus gontacht aeistéitiúil ag roinnt leis.

'Je Me Souviens' ola ar chúdach leabhair aimsithe, na focail droim ar ais, spásáil is cló

ríaisteach, beagnach doléite i ngeall air. Tá 'Friendship & Modernism' cumasach,

friendship na lámhscribhneoireachta thuas agus modernism le réaduchtachas nua-

aimseartha.

Píosa brea cumasach is ea 'heart attack', croí teasctha, leathchruinneas anatamaíochta,

agus crágáil péinteála, é ceangailte le dhá cheallra, a thabharfaidh turraing dó. Uaine

sa chúlra ar phíosa miotail rocaigh.

Ach píosaí eile, ní chuireann leis. Maide leadóg boird le péint dhubh is leathiarracht ar

chruth éigin air. Céard is ciall leis? An cuma? Is eagal liom nach bhfreagraíonn an

taispeántas ceachtar den dá cheist. An chuid is measa de athdhearbhaíonn sé tuairim

an tslua gur teach fuar an ealaín nua-aimseartha don duine gan cara sa chúirt. Iarrann

an taispeántas an-fhoighne go deo, an dtabharfadh sé pobal leis?

An chuid is fearr fágfaidh sé daoine ag ceistiú an tsaoil níos mó agus an bealach a

bhfuil sé líonta le buairteanna agus ceisteanna leathfholaithe. Ar an iomlán, faraor,

teipeann ar shaothar Gallo an gailearaí féin a líonadh.

Thursday, 19 November 2015

1 Áiseanna Deiseanna Foghlamtha Gaeilge: do Chonradh na Gaeilge 2015

Irish language learning resources 2015 


Cúrsaí/Courses
Now You're Talking - youtube https://www.youtube.com/watch?v=7nz--LpYC30&list=RD7nz--LpYC30#t=12
BBC Giota Beag http://www.bbc.co.uk/irish/articles/view/625/english/
Independent http://www.independent.ie/life/family/learning/learn-irish-with-liam-o-maonlai-26460087.html  free online course with PDFs and MP3s for download.
RTÉ’s multimedia course Turas Teanga (www.rte.ie/tv/turasteanga) remains a popular choice for intermediate level learners.
Aip
Duolingo
Ar líne/Online
Gmail, Twitter, Facebook all have at least desktop version available in Irish/ ar fáil i nGaeilge
Bank of Ireland ATMs
http://indigenoustweets.com/ga/ - all tweets in Irish/all Irish blogs too.
Facebook group called "Gaeilge Amháin" 6,000+ members, mad craic.
Foclóirí/Dictionary
www.teanglann.ie - great dictionary resources, grammar, sound files
Abair.ie – An amazing voice synthesiser for Irish text. Can help train you in your pronunciation.
TV/Teilifís/Raidió
TG4 http://www.tg4.ie/ Tg4 – Ireland’s Irish language TV station. Watch TV shows originally in Irish! Check out the Ros na Rún page (and click “Féach ar” [watch]) to watch a soap opera entirely in Irish!
Raidió na Gaeltachta - http://www.rte.ie/rnag/
RnaG – Ireland’s main Irish language radio station that you can listen to live. This is the best way to hear what the language actually sounds like! The entire page is in Irish, but click on “RnaG beo” (beo=live) link beside the radio image in the top-right to open up the stream.
Raidió na Life http://www.raidionalife.ie/
Raidió Rírá http://www.rrr.ie/ pop music
Publications/Foilseacháin
http://beo.ie/
Beo! is a monthly magazine made accessible by its interactive glossaries which enable the reader to click on difficult phrases and get an English language translation.  wide range of articles
Tuairisc - online paper http://tuairisc.ie/
Nós - http://nos.ie/ - online magazine
Wednesdays Irish Independent insert –Seachtain
Cén áit le dul? Places to go
Conradh na Gaeilge, 6 Harcourt Street - bookshop, bar, An Siopa Leabhar, Club Chonradh an Gaeilge
An Ciorcal Díospóireachta https://www.facebook.com/anciorcal debating group
Turas treoraithe timpeall na cathrach a dhéanamh leo as Gaeilge -tours in irish https://www.facebook.com/maitiu.tours?fref=ts
An Béal Bocht - oíche shóisialta- social/music/poetry night check out facebook
GaelGÁIRÍ- stand up as Gaeilge.
Siopa beag Gaelchultúr ar Shráid an Chláraigh
Óga Yóga- Yoga in Irish
Áras Chrónáin - Irish language centre in Clondalkin
Ciorcal comhrá TCD sa Bhutrach gach Céadaoin Irish conversation circle in Buttery in TCD on Wed.
An t-Ionad Buail isteach, Connolly Books, Barra an Teampaill gach Aoine idir 1.00 is 4.00 i.n. Fridays between 1 and 4 in Temple Bar.
Central Hotel, Exchequer st (Cén Ghaeilge atá air?) gach satharn ag a 1.00 a clog i.n. Saturdays
Bíonn ciorcal cómhra eile sa Czech Inn (Sráid Essex) oíche Dé Mháirt @ 7pm freisin. Conversation circle in pub Tues.
Tá thart fá 35 mhaidin chaife trí Ghaeilge sa liosta ag an nasc seo  - coffee mornings
http://nasclegaeilge.org/maidineacha-caife/ .  
Teach Tabhairne Molloys sraidbhaile Thamhlacht chuiile Deardaoin ag a 8 a clog



Saturday, 14 November 2015

Sonnet le David Wheatley agus The Bridge le Tom Pickard aistrithe go Gaeilge,

An Droichead
Tom Pickard
Chuimil sí a ghualainn
lena sciorta agus í ag dul thairis
agus chuir beoir ar an mbord
nár íoc sé as. Níor aithin éinne,
a saoiste fiú. Nuair a cheannaigh sé ceann eile
le nóta cúig euro, thug sí briseadh as deich dó.
Agus é ag fanacht sa charr fada basctha
trasna ó fhuinneog chuntar an bhia
bhailigh sí gloiní agus chuir snas ar na boird
le ceirt fhliuch, scuab a cuid gruaige, scáthán
idir seilfeanna an bhiotáille
agus smear beoldath trasna a béal.
Chomhairigh fear an tí an t-airgead tirim agus bhreac nótaí
ar chúl mataí beorach a bhí greamaithe taobh thiar den scipéad.
Ag tiomáint dóibh trí na bruachbhailte brádándaite
thit an chathair léi fúthu.
Pháirceáladar faoin droichead
agus d’amharc isteach san uisce crón.
Tá triocha nóiméad agam sula n-aithneoidh sé imithe mé.

D’ardaigh an teasaire buí-chuirtín d’fhómhar-aer timpeall orthu
iad ag grá-focáil lena gcuid éadaí orthu
i gcúl an chairr fhada, saothar anála ar an inneall.
Ainmhí fada aonair ag bogadh thart faoi charnán cótaí.
Lena monarchana tréigthe
agus a longchlósanna druidte bhuail an abhainn
a cuid cromán in éadan na gcéanna tite,
in éadan na sleamhnán a bhí díomhaoin, is in éadan chnámharlaigh na stáitsí lastais.
Blocanna árasán de shíor i dtreo an imill ar an mbruach thall.
Roinnt fuinneoga dorcha, roinnt lasta:
bean ag glanadh gréithre agus fear ag cócaráil suipéir dhéanaigh
Soilsí ó theilí teilgthe ar dhallóg dhúnta.
D’fhéach sé in airde ar an droichead a thrasnódh sé lá arna mhárach
ag dul ó dheas, ar thoir poist, ar thóir saoil.
Rachainn leat dá bhféadfainn.





Thursday, 12 November 2015

Tuairimí

Roinnt smaointe

Léigh mé na gearrscéalta agaibh agus thaitin siad ar fad liom. Táim ag súil leis na teidil a chlos anois!

Scéal 1 an-deas, thaitin athrá na línte ag an tús agus ag an deireadh liom. Seans go mbeadh tuilleadh cúlra go maith, cé hí agus dá bhféadfaí bheith soiléir faoi sin sa chéád alt nó mar sin ach seans mar sin féin go bhfuil an scéal iomlán mar atá agus go gcabhraíonn loime leis.
Scéal 2

 An-mhaith agus suimiúil, díreach rud a rith liom an bhfuil an píosa “Bhí boladh uafásach tobac agus beorach ag teacht amach óna béal agus bhí a lámha súicheach.” róshoiléir(obvious)? An féidir an rud céanna a chur trasna gan a rá chomh neambhalbh sin? Measaim go gcabhródh sin leis. An píosa deiridh nílim cinnte an bhfuil sé soiléir go leor, cén rud a tharlaíonn i bhfírinne? Ceapaim go gcabhródh sé dá mbeadh beagán réamhmhacallú air agus an cur síos deiridh níos cinnte.

Scéal 3, an-mhaith agus an-leárgas tugtha ar an gcarachtar. Seans gur carachtar gan fód atá sa leaid, seans gur sin atá uait áfach. Díreach rud amháin a rith liom faoin gcéadalt,
“ba ró-mhilis a phóg” cuireann seo an chomhairle a léamar a dúirt gan aon rud a bhfuil taithí againn air a fheiceáil a scríobh. Baineann tú úsáid as teanga an-saibhir mar sin seans gur sin is fearr duit ach an bhfuil an chéad alt seo rómhilis ar fad mar chur síos, agus na nathanna ró-éasca duit? Seans go bhfuil uait corr nua a bhaint astu ach measaim go mbeadh sé suimiúil feiscint conas é sin ar fad a chur in iúl trí úsáid a baint as nathanna nach bhfacamar riamh cheana?

Níl anseo ach tuairimí agus i bfhírinne thaitin na scéalta ar fad liom, tá rud éigin spéisiúil/taitneamhach faoi gach ceann acu. Molaim an obair.