Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Monday 7 December 2015

Tocasaid 'Ain Tuirc le Donnchadh MacGilliosa

Cnuasach gearrscéalta é seo a rianaíonn scéal ghrúpa de charachtair ghreannmhara óga atá in adharca le húdaráis scoile, lena chéile agus lena saol féin. Cé gur gearrscéalta a thugtar orthu agus a thugaimse, leis, tá tréithe áirithe den úrscéal ag roinnt leis an gcnuasach seo chomh maith. Leanann snáithe áirithe ó scéalta isteach ina chéile anseo is ansiúd agus bíonn na carachtair chéanna le feiceáil ó thús deireadh an leabhair, i suímh éagsúla agus ó thráth go chéile.
Ar an gcéad léamh duit is deacair aon téama faoi leith a bhrath air ach gur casadh nua ar scéalta faoin gcineál saoil atá ag leaideanna atá ag freastal ar an scoil maille le daba mór seanscéalaíochta agus ruainne beag fantaisíochta caite ar a mbarr. San iomlán tá 16 scéal ann mar atá thíos. Athraíonn na carachtair róil agus na scéalta á gcur dínn againn; uaireanta is an príomhcharachtar atá i gceist, uaireanta eile níl i gceist le duine ach mioncharachtar.
Is cur chuige an-suimiúil atá in úsáid do na gearrscéalta seo, agus is ceann é nár tháinig mé air go dtí seo. Tá bearna mhór ann ó thaobh scéalta na Gaeilge nach bhfuil forbairt mar seo déanta abhus fós. Cuirtear na carachtair inár láthair lena leasainmneacha. Tá tábhacht ar leith ag baint leis na leasainmneacha sa chnuasach seo agus go leor de na scéalta ainmnithe astu, go deimhin.
  1. Bàrdachd Mhurchaidh Bhig
  2. An Tocasaid
  3. Dòmhnall Iain
  4. A' Chliutag
  5. Am Bromaire Mòr
  6. 'Sport'
  7. Calum Iain Thormoid
  8. Cock of the Walk
  9. Na Brògan Donna
  10. Iain Geur
  11. Cailean Mi Fhìn
  12. Am Fear Nàimhdeil, Neimheil
  13. A' Tilleadh
  14. Turas Thormoid a Sgoil Steòrnabhaigh
  15. An Sleapan
  16. An Sleapan A-Rithist
An t-údar
Is as Nis i Leòdhas do Dhonnchadh MacGilliosa. Rugadh ann é sa bhliain 1941 ach tá sé lonnaithe i Londain le tamall de bhlianta.[1] Bhí sé mar mhac léinn in Ollscoil Obar Dheathain agus bíonn sé ag plé le múinteoireacht agus garraíodóireacht i Londain.
Tháinig an cnuasach seo amach sa bhliain 2004, an leabhar a scríobh sé roimhe ná Thall 's A-Bhos (1991), a raibh an-tóir air, is cosúil, ar leabhar é a scríobh sé in éineacht lena leathbhádóir Leodhasach Calum Greum. Is aistriúcháin ar ghearrscéalta as gach cearn den domhan a bhí sa leabhar seo. Is féidir gur thug an cur chuige seo blaiseadh ar éagsúlacht gearrscéalta dó, mar is cinnte go bhfuil stíleanna éagsúla á gcleachtadh aige anseo.
Tá Nis féin agus Leodhas le sonrú go tréan ar an leabhar seo, sa Ghaeilge ann agus sna scéalta féin.
Na scéalta
Bàrdachd Mhurchaidh Bhig
Tosaíonn cúrsaí le Bàrdachd Mhurchaidh Bhig. Caitheann Tormod nó An Tocasaid, a bhfuil léamh agus scríobh aige ó bhí sé trí bliana d'aois lá faoin dtor, ní fada an léimt go leithéidí mhargadh muc Gharumna Uí Chonaire. Seo scéal simplí faoi dhaltaí scoile, ar nós go leor de na scéalta sa chnuasach.
Tá deacracht ag Tormod leis an scoil toisc a éasca atá. Carachtar ar leith is ea é agus mínítear dúinn mar a scríobh sé a chéad leabhar The Social Life of the Starling gan ach dhá bhliain déag aige. Is sampla é Tormod den rud normálta(an ginias scoile) a bhfuil taithí againn ar fad orthu ach é éirithe dochreidte ar fad (ginias os cionn cáich). Tá go leor samplaí den chineál seo ruda tríd síos. Castar orainn Tormod cúpla babhta eile chomh maith agus is é is lárnaí ar fad ann is dócha. Is éasca a shamhlú gur fíordhaoine iad seo ach de réir a chéile tuigtear dúinn nach eachtraí fírinneacha amháin atá ag titim amach agus iad sa timpeall.
An Tocasaid
Sa dara scéal seo ar Thormad, faightear amach conas mar a cumadh a ainm. Mar atá ráite, tá na hainmneacha fíorthábhachtach sa chnuasach seo, rud a bhaineann le scitsifréine ainmneolaíoch na nGael, seans. Daoine a mbíonn scata ainmneacha; cearta agus pearsanta, oifigiúla is neamhoifigiúla, gaelacha agus gallda ag gach mac máthair againn.
"Tormod Beag, Tormod Beag againn fhìn, Tormod Noraidh, Norman McLeod One, mac Thormaid 'Ain Tuirc, an donas beag ud, am bastard na bids' ud, am balach gòrach, an dòlas duin' ud... ...agus a bhàrr orra sin uile, quintisentially and perenially an Tocasaid agus Tocasaid 'Ain Tuirc." (lch 18)
Cad a chuireann an liosta seo i gcuimhne dom ach liostaí fada Titley? Is dóigh liom go bhfuil ceist á cur tríd síos ar céard is ainm dúinn i bhfírinne agus leasainmeacha, ainmneacha ceanna, masluithe agus eile in úsáid ag daoine éagsúla. Feictear anseo, chomh maith, an códmheascadh ar mhaithe le grinn agus tugtar faoi deara gurb é an reacaire atá á chleachtadh, rud nach bhfuil le feiceáil chomh minic sin i litríocht na Gaeilge, seachas saothair Shéamais Mhic Annaidh, is féidir.
Titeann Tormod isteach i hoigiséad atá ar chúl an halla spóirt agus greamaíonn an t-ainm de. I Nis beidh cuimhne air go deo, deirtear linn, de thoisc an ruda neafaisigh seo. Deirtear linn gur cailleadh a athair sa chogadh ar H.M.S. Forfar a chuaigh go tóin poill sa bhliain 1940, is fiú a lua gur rud é seo a tharla sa saol iarbhír. Scéal simplí atá anseo ach go bhfuil macallaí bróin sa chúlra ann agus tuiscint ann leis. Tá an scríbhneoireacht breá ealaíonta agus an chiall a bhain mise as ná go maireann cuimhne ar dhaoine ina ndiaidh go fiú is más cuimhne nach bhfuil iomlán dílis don duine féin.
Castar orainn Tormod arís sa scéal Cock of the Walk, áit a mbíonn imreas idir é is Am Pluicean, ach ar deireadh is é Am Pluicean a obann an troid. Cuirtear scata scéalta draíochtacha a insíonn seanmháthair Tormod leis inár láthair mar ghearrscéalta iontu féin, an dá cheann seo a leanas ina measc.
Am Fear Nàimhdeil, Neimheil
Dúisíonn bróga draíochta, coisbhirt a bhfuil caint acu, an Sgeilbheag a rá go bhfuil duine ag bagairt air. Tagann neach de chineál éigin agus bíonn ina chogadh dearg acu ar feadh i bhfad ach tugann an Sgeilbheag na sála leis ar deireadh. Scéal simplí atá anseo atá ar nós na seanscéalta, ceann a bhaineann úsáid as na trí fhocal chosúla a thosaíonn ar an litir chéanna, is a bhaineann earraíocht as ruthaig anseo is ansiúd, agus tá seantaithí againn ar a leithéid. Is scéal é atá go mór faoi thionchar na scéalta dúchais.
'Duine dorch, balbh, molach, molanach, mùdanach, nach do rinn gàire riamh' 
Chuirfeadh sé liostaí an Titlígh i gcuimhne duit athuair chomh maith. Scéal é seo nach dtarlaíonn an oiread sin ann agus a bhaineann úsáid as múnlaí sean-aimseartha na scéalaíochta. Ní dóigh liom go seasfadh sé leis féin mar scéal aonair, i bhfírinne níl ann ach radharc de na scéalta faoi Sgeilbheag.
Iain Geur
Tosaíonn an chéad scéal eile agus Sgeilbheag tinn tuirseach tar éis a ghreadta, feiceann fear ag teacht faona dhéin. Ar nós go leor de na seanscéalta tá an tomhas ina chuid dhílis den scéal seo. Mar is eol dúinn bhíodh an traidisiún béil an-tógtha leo. Feictear iad i litríocht atá ábhar seanchaite anois, i roinnt de dhrámaí thús na hAthbheochana agus i gcnuasaigh amhail an chinn le Seán Ó hEochaidh.
Tosaíonn na bróga ag tabhairt cúnaimh do Sgeilbheag agus é ag iarraidh dúcheisteanna an fhir a réiteach. Bíonn an bheirt acu ag sáraíocht ar a chéile sa tslí seo, cuireann an Sgeilbheag ceann chuige ach tá an freagra ag Iain Geur cheana agus cuirtear ceist eile air. Ar deireadh buaileann An Sgeilbheag ar aghaidh gan spéis a bheith aige sa chluiche a thuilleadh agus leanann Iain Geur é ar an mbóthar ag iarraidh é a mhealladh le tomhais níos fusa. Tugann sé aon tomhas amháin eile do Sgeilbheag, an seancheann úd 'Ní trom leat é, ach tá sé ort mar sin féin' tugann Sgeilbheag liodán de fhreagraí samplacha, an tart, an t-ocras, an dithneas ach ar deireadh is a ainm atá ann. Ansin tugann Sgeilbheag s’againne faoi deireadh nach raibh Iain Geur tar éis a ainm a iarraidh air nó an raibh tart nó ocras air agus imíonn sé leis. Damnaíonn Iain é, mar a dhamnaigh gach duine roimhe mar dhuine a bhí tiubh sa cheann. Agus sin sin.
A'Chliutag
Sa scéal brónach seo dírítear ar a'Chliutag nach nglacfaí leis san arm, ach duine é a chaitheann go cóir leis na buachaillí a bhfuil aithne á cur againn orthu de réir a chéile. Mínítear dúinn faoin mbealach a mbíonn náire orthu nach bhfuil eolas maith acu ar an mBéarla. Tosaíonn an rang agus an múinteoir féin ag gáire faoin mbealach a fhuaimníonn sé 'demon'  rud a chuirfeadh 'Fotters' Ghleann Easna Sheáin Mhic Mhathúna i gcuimhne duit. Faightear amach ansin gur briseadh a'Chliutag as a phost as buille a tharraingt ar shaoiste a bhíodh ag spochadh as buachaillí na Gàidhlig, rud a nascann iad.
Fadhb shíoraí litríocht na dteangacha mionlaithe áfach, róthrácht ar an teanga ina bhfuil sí á scríobh. Déarfadh duine le dearcadh eile gur léiriú é seo ar an gcineál saoil a bhíonn ag an dream a labhraíonn an teanga dhúchais i dtír a bhfuil an meon iarchóilíneach go tréan i réim ann. Cuirtear an teachtaireacht trasna go cúramach mar sin féin agus níl praeitseáil le brath air.
Turas Thormoid a Sgoil Steòrnabhaigh
Sa scéal seo faightear litir scoile ag gearán nach bhfuil an t-uasal McLeod ag freastal ar scoil, is deir seanathair an bhuachalla go bhfuil sé in Éirinn. Tá sé, is cosúil, ag scoil cheoil Willie Clancey, áit a bhfuil Séamus Ennis agus ceoltóirí eile agus an-spraoi aige agus go leor á fhoghlaim aige.
Insíonn Willie Clancy féin le Norman faoi shreangscéal a mhíníonn an drochnuacht dó. Cuireann seo muid ag ceistiú ansin an bhfuil an scéal seo fíor in aon chor? Seo an cineál amhrais a bhíonn i gceist le roinnt mhaith de na scéalta, ní féidir talamh slán a dhéanamh de bhriathra an reacaire ná cinn na gcarachtar féin.
Nuair a fhilleann sé beartaítear go mb'fhearr go rachadh sé chun na scoile i Steòrnabhagh ar feadh tamaill, go dtabharfadh seo deis dó marcanna maithe a fháil sna scrúduithe. Deir Tormod go rachaidh sé ar feadh seachtaine. Téann sé ann agus is deas leis an áit gona shiopaí breátha agus radhairc úra agus mar sin de, ach tugann sé faoi deara go bhfuil seanchancráin sa scoil a thugann léasadh agus leadradh do pháistí bochta na scoile, rud nach raibh taithí aige féin air cheana.
Déantar cur síos ar chailín beag gleoite ann a raibh gruaig uirthi "a bha mar an t-òr mas urrainear sin a ràdh mu dheidhinn tè à air an robh falt cho dubh, (lch 114) tá an scríbhneoireacht seo chomh deas sin go measaim go ngoidfidh mé é! Bíonn sé ag pleidhcíocht ach ní bhíonn sé sásta glacadh le buillí, agus tosaíonn ar rann maslach a rá faoin múinteoir a chuireann le ceangal é. Imíonn an máistir ar lorg cabhrach agus deir cailín beag poimpéiseach leis go bhfuil rud olc ceart déanta aige.
"that was very wrong, very very wrong"
Ós duine síochánta é imíonn leis, filleann abhaile ar an mbus agus filleann ar Choinneach a deir leis go bhfuil cabhair uaidh ó tá mórán le déanamh. Is dócha go n-aithníonn sé nach n-oireann an scoil dó faoin am seo.
An Sleapan A-Rithist
Tugann an scéal deireanach seo Tormod agus Sleapan le chéile den chéad uair. Deirtear linn nach dtaitníonn ach b'fhéidir triúr ar chlár na cruinne leis an Sleapan.
Tá na tréithe a bhí le sonrú sna scéalta roimhe seo ar fad le brath sa scéal deiridh seo; an tuath faoina cuid móna, an saol sa Ghàidhealtachd agus an dúchas, an Tocasaid go dána in airde ar Chlach an Truiseil.
Feiceann an Sleapan rud éigin ar bharr na cloiche móire airde seo agus téann ann le fiosracht. Thuas ar an mórghallán seo, arís sinn nascatha leis an timpeallacht agus leis an dúchas, tá carachtar eapainmneach an chnuasaigh. Taitníonn sé leis ar an gcéad amharc agus seo mar a chastar an Tocasaid ar an Sleapan. Fásann cairdeas mór idir an bheirt agus is iomaí uair iad ag taisteal chun a chéile. Agus seo ag tarlú feictear beannachtaí sa chaint acu, agus léamha salm agus tionchar sin an reiligiúin go tréan ar an leabhar arís.
Fágann deireadh an scéil, agus an leabhair, muid le radharc den Sleapan in eaglais le solas á líonadh, ansin dúisíonn sé agus déanann iarracht ciall a bhaint as a bhfuil feicthe aige. Mar atá an leabhar ar fad, is idir an rud fíor agus rud aislingeach atáimid agus tionchar an leabhair mhaith le brath arís anseo. An dánaíocht ón údar atá ann nod do líne úd na mbuachaillí scoile "agus ansin dhúisigh mé, ní raibh ann ach brionglóid, bhí mé déanach don scoil"? Tá an chríoch sa scéal seo doiléir ach déanann sé na snáithe éagsúla as na scéalta ar fad a fhí le chéile in aon taipéis amháin, dá dhoiléire é.
Ar an iomlán
Tugadh an-mholadh don chnuasach seo.“Gaelic literature as it ought to be!” [2] Cé nach mbeinn inniúil ar bhreith a thabhairt air sin i bhfianaise m'easpa eolais ar a litríocht trí chéile is cinnte go n-aontóinn leis an méid seo “This writer displays the gifts of a true storyteller”[3] Is scéalaí cumasach é gan amhras ach is nós liom gan gearrscéalta a léamh in ord, seo an chéad uair ar theip an cur chuige sin orm, bhí orm roinnt scéalta a athléamh nó léimt siar le cinntiú go raibh an scéal agam i gceart. Caithfear a léamh ó thús go deireadh.
Deirtear chomh maith go bhfuil na scéalta " humorous, quirky and, above all, highly entertaining."[4] Ní deacair gur i gcoinne an imeartais ach ní hiad is spéisiúla liom toisc go mbítear ag plé le go leor téamaí, suíomh agus cur chuige traidisiúnta a bhfuil seacht sram na seanaoise orthu, go fiú is má tá leagan éigin nua ar chuid acu.
Dar le roinnt meabhraíonn an ton aisteach scéalta ón traidisiún meascaithe le hábhar Beckett. Is deacair liom glacadh leis an méid seo. Más aon rud bhí an leabhar foclach bríomhar agus annamh go raibh loime Beckettúil ag roinnt leis.
Deirtear go bhfuil tionchar na nGael agus na nUigingeach le brath ar na scéalta seo. Braitheann Aonghas MacNeacail glórtha Uigingeacha "breathing and pulsing smartly through this book." Is cinnte go bhfuil dúchas na nGael ann ach ní mór dom admháil nár bhraitheas tionchar Lochlannach air. Is féidir gur locht ar an léitheoir seo a bhí ann. Déanann MacNeacail trácht ar chisil ann agus tagairtí folaithe a bheith sna scéalta chomh maith le tionchar an Bhíobla a bheith air. Tá sé sin ann go cinnte, tá domhan ar leith cruthaithe anseo, agus é iomlán inchreidte.
Scéalta réadúla nó leathréadúla an mhórchuid acu go mbuailtear linn an tsraith nach bhfuil san fhíordhomhan beag ná mór, is iad sin; Na Brògan Donna, Iain Geur, Cailean Mi Fhìn, Am Fear Nàimhdeil, Neimheil, A' Tilleadh.
Ó am go chéile bhraitheas go raibh roinnt de na carachtair gan fód, na cinn a bhí sáite sa traidisiún ach go háirithe, mar a bheifeá ag súil seans. Roinnt eile fós is carachtair iad a bhfuil taithí againn orthu cheana agus níor cuireadh an oiread sin leo, carachtair éagsúla an ranga a bhí i ngach rang ó tosaíodh ar scoileanna.
Tá filíocht ann cinnte agus cuimsíonn seo rannta áille mórchúiseacha go rannta beaga seafóide a spochann as daoine. Tugann sé le fios gur rud iomlán nádúrtha é a bheith tógtha leis an bhfilíocht agus go mbeadh ról aige sa saol laethúil. Tá bleaisteanna filíochta ó thús deireadh agus í ina dlúthchuid d'eachtraí agus d'atmaisféar an leabhair. Tugann na dánta le fios go bhfuil na carachtair fréamhaithe sa dúchas, is go bhfuil diabhlaíocht agus dánacht ag baint leo. Tá rud eile ann chomh maith áfach. Cé gur maith liom an fhilíocht agus go gcuireann sé leis an leabhar ar an iomlán is deacair liom an rian den rómhaoithneachas agus den rómhistéiriú ar Ghaeil agus ar Ghaeilgí, a bhaineann leis seo. An rud nach maith liom ná go mb'fhéidir go bhfuiltear ag tabhairt le fios go bhfuil tuiscint ar leith agus thar na bearta ag Gaeil toisc gur filí mistéireacha de chuid an cheo iad, agus ní dócha go bhfuil seo níos fíre ná mar a bheadh i gcás teanga ar bith.
Insítear na scéalta mar a bheadh scéal á reic, beagán neamhfhoirimiúil ó thráth go chéile, píosaí beaga Béarla anseo is ansiúd[5], ar son an ghrinn go minic, agus le ruthaig scéalaíochta i roinnt áirithe acu.
Deirtear linn go bhfuil Gàidhlig Leòdhais le braith ar leithéidí bhoill' (lch. 45), 'doras a' bhùird-isein' (lch. 47), 'chan urra dhòmhs' a ràdh' (p. 118), 'cha robh 'n còrr ac' air fhaicinn' (lch. 61), 'cleachdt'' (p. 61), [6] agus is cinnte go bhfuil canúint i bhfeidhm sa chaint agus go leor focal litrithe i mbealach ar leith ar fud an bhaill.
Tá an comhphobal tuaithe le brath go mór ar na scéalta seo, a bhfuil níos mó ná leathchosúlacht aige leis na comhphobail thuaithe agus imeallacha a bhfuil taithí againn orthu i saothair Uí Chadhain, Uí Conaire, Mháire agus eile.
Ní luaitear go sonrach, ar feadh m'eolais, na tréimhsí lena mbaineann na scéalta ach braitear orthu gur dtiteann siad amach thart ar an am a raibh an t-údar ar aois scoile. Luaitear H.M.S. Forfar a bádh sa bhliain 1940. Déanaim amach ar an gcaoi sin gur scéalta iad a fhaigheann a gcuid tinfidh ó chuimhní scoile MhicGilliosa. Déantar neartú ar an tuairim seo leis na noda sochtheangeolaíocha, staire, agus cur chuige múinteoireachta atá le feiscint atá iontu.
Tá fantaisíocht ann leis, agus draíocht, mar atá sna scéalta dúchais Gaeilge cé go mb'fhéidir go bhfuil an cur síos anseo níos giorra don réalachas draíochtúil ná draíocht an bhéaloidis, ó am go chéile.
Tá rian éigin de Just William agus de shoineantacht Lake Wobegon Gharrison Keillor ar na scéalta scoile chomh maith. Tá na carachtair ar fad beagán méadaithe, beagan as alt agus beagán corr.
Ar an iomlán is cnuasach fíorshuimiúil é seo a bhriseann múnla na ngearrscéalta traidisiúnta trí rith isteach ina chéile go mór, é dea-scríofa, le carachtair shuimiúla shamhlaíocha ó scéal go chéile, agus tá an greann caolchúiseach ina orlaí tríd. Dúradh cheana go raibh againn anseo "a splendid storyteller, fluent, celebratory, accomplished." An bua is mó a bhraithim air ar fad ná an léargas úr, an blas aisteach ar an rud a bhfuil seantaithí againn air agus sin is mó a fhanann liom i ndiaidh a léite.
Foinsí
[2] Ronald Black, The Scotsman Newspaper, 2 Meitheamh 2004
[3] Aonghas MacNeacail, The Herald, 2 Lúnasa 2004
[4] Aonghas MacNeacail Márta, 2004
[5] 'Against all expectations, bhuannaich am Pluicean coconut."
[6] http://www.dasg.ac.uk/corpus/textmeta.php?text=203&uT=y Digital Archive of Scottish Gaelic 


No comments:

Post a Comment