Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Thursday 12 November 2015

Tuairimí

Roinnt smaointe

Léigh mé na gearrscéalta agaibh agus thaitin siad ar fad liom. Táim ag súil leis na teidil a chlos anois!

Scéal 1 an-deas, thaitin athrá na línte ag an tús agus ag an deireadh liom. Seans go mbeadh tuilleadh cúlra go maith, cé hí agus dá bhféadfaí bheith soiléir faoi sin sa chéád alt nó mar sin ach seans mar sin féin go bhfuil an scéal iomlán mar atá agus go gcabhraíonn loime leis.
Scéal 2

 An-mhaith agus suimiúil, díreach rud a rith liom an bhfuil an píosa “Bhí boladh uafásach tobac agus beorach ag teacht amach óna béal agus bhí a lámha súicheach.” róshoiléir(obvious)? An féidir an rud céanna a chur trasna gan a rá chomh neambhalbh sin? Measaim go gcabhródh sin leis. An píosa deiridh nílim cinnte an bhfuil sé soiléir go leor, cén rud a tharlaíonn i bhfírinne? Ceapaim go gcabhródh sé dá mbeadh beagán réamhmhacallú air agus an cur síos deiridh níos cinnte.

Scéal 3, an-mhaith agus an-leárgas tugtha ar an gcarachtar. Seans gur carachtar gan fód atá sa leaid, seans gur sin atá uait áfach. Díreach rud amháin a rith liom faoin gcéadalt,
“ba ró-mhilis a phóg” cuireann seo an chomhairle a léamar a dúirt gan aon rud a bhfuil taithí againn air a fheiceáil a scríobh. Baineann tú úsáid as teanga an-saibhir mar sin seans gur sin is fearr duit ach an bhfuil an chéad alt seo rómhilis ar fad mar chur síos, agus na nathanna ró-éasca duit? Seans go bhfuil uait corr nua a bhaint astu ach measaim go mbeadh sé suimiúil feiscint conas é sin ar fad a chur in iúl trí úsáid a baint as nathanna nach bhfacamar riamh cheana?

Níl anseo ach tuairimí agus i bfhírinne thaitin na scéalta ar fad liom, tá rud éigin spéisiúil/taitneamhach faoi gach ceann acu. Molaim an obair.

No comments:

Post a Comment