Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Wednesday 21 July 2021

Padraig Ó Snodaigh á chur faoi agallamh ag Máire Ní Annracháin maidir leis an bhfoilsitheoir Coiscéim.

(Crochaim an t-agallamh anseo le go mbeidh teacht air. Rinne mé an t-agallamh seo a thras-scríobh sa bhliain 2015 agus ós rud é gur tháinig dream ó Leabharlann UCD chugam sa bhliain 2021 á lorg, 6 bliana tar éis dom an obair a dhéanamh shíleas gur den chríonnacht é a shábháil anseo. Más mian leat go mbainfinn an t-ábhar abair liom)


Agallamh le Pádraig Ó Snodaigh, Coiscéim


Cén fáth gur díríodh aird ar fhilíocht ach go háirithe? Is dóigh liomsa go raibh sé soiléir ag cuntas na bpinginí, go raibh cailliúint/cailleadh/caithfear, go raibh sé chomh mion leis sin. D’aithin siad tábhacht na filíochta go ginearálta mar theoiric agus mar aidhm agus mar chur chun cinn na Gaeilge. Is dóigh liomsa, is baolach, nár thuig a bhunús acu an fhilíocht in aon chor, agus b’fhéidir gur saol aduain nach raibh intomhaiste a bhí ann dóibh, I mean sin mise ag smaoineamh ar a son. An chúis gur bhunaigh mé Coiscéim ná as fearg, a great fáth. Bhunaigh mé Coiscéim tar éis cruinniú fada cantalach gearánach casaoideach ar Bhord Chlódhanna Teoranta, bhíos mar chathaoirleach ar Chlódhanna Teoranta. Sin an imprint ag Conradh na Gaeilge agus d’athbheoigh mé é nuair a bhíos mar Uachtarán ar an Chonradh. Clódhanna Teoranta a bhí mar phríomfhoilsitheoir na Gaeilge, fadó, fadó, fadó in old Gods’ time.

Bhí roinnt daoine míshásta leis an dul chun cinn, go raibh an iomarca airgid á chaitheamh. Deineadh gearán liomsa go raibh airgead á chailliúint agus dúirt mise ‘níl airgead á chailliúint, tá airgead á chaitheamh agus muna bhfuil Bord na Gaeilge sásta déileáil linn go cothrom (rud nár dhein) sin cúis agóide, ní cúis gearáin liomsa’ ach lean cruinniú callánach go dtí meán-oíche agus cuireadh síos rún foirmeálta nach bhfoilseofaí filíocht a thuilleadh. Dúirt mise rud éigin ar nós ‘Oh dear’, saghas Béarla a bhí ann, agus dúirt mé glacfaidh mé leis seo mar vóta mímhuiníne ionamsa agus an toradh a bheas ar an vóta mímhuiníne sin, tá mé tar éis na vótaí a chomhaireamh i m’aigne cheana féin, tá fhios agam go n-éireoidh libh, siúlfaidh mise agus tógfaidh mé na leabhair atá, na láimhscríbhinní atá anso, go bhfuil mise freagrach iontu agus foilseod féin iad anois. Dúirt mé liom fhéin, now, d’oscail tú do bhéal caithfidh tú beart a dhéanamh dá réir agus gan pingin dá laghad ins an tigh. So do ghlaoigh mé ar an honest protestant Risteard Ó Glaisne agus dúirt mé le Risteard ‘An dtabharfaidh tú míle punt dom?’, 'Ó tá fhios agat conas mar atá mo chuid airgid, is féidir liom cúig chéad a thabhairt duit anois agus tógfaidh sé b’fhéidir seachtain cúig chéad eile a fháil mar beidh orm scaireanna a dhíol', 'Sin grand', agus dúirt sé ‘Cén fáth go bhfuil an t-airgead uait, muna bhfuil sin ródhána? Uaim a rá, ceist a chur ort, ‘Ó, chun leabhair a fhoilsiú’, ‘Ó, tá sin go hiontach agus sa chás sin beidh admháil ag teastáil uaim mar tá fhios agam nach bhfeicfidh mé an t-airgead riamh arís’. Agus tharla sé sin is dócha 1982.

Bhuel thosnaigh mé ag foilsiú le filíocht, is dócha de bharr na filíochta, de bharr an seasamh a ghlac Bord Chlóanna Teoranta ag an am nach bhfoilseofaí filíocht a thuilleadh. Bhí roinnt ábhar glactha agamsa, roinnt filíochta, cheap mé go mba chóir dom é a fhoilsiú pé ar bith agus bhí sé ar láimh agam ach bhí iris fealsúntachta ar láimh agam chomh maith, mé fhéin agus Tomás Mac Síomóin ag an am, ceann nár éirigh leis, ach d’fhoilsigh mé filíocht gan amhras, ón tús. Bhí úrscéal ag an am san chomh maith agus is dócha leabhar Tráth na gCeist. Ach tá filíocht láidir ins an... roinnt céadta leabhar filíochta, is dócha, níor dheineas cuntas orthu tá, b’fhéidir 1,200 leabhar foilsithe ó shin, so tá filíocht láidir mar aonad, níl sé ina aonar. Is dócha sa deireadh thiar nach féidir ins an saol foilsitheoireachta feidhmniú i ndáiríre le coiste, caithfidh, i mo thuairim, gealt a bheith ann chun é a dhéanamh, ní féidir le coiste a leithéid a dhéanamh.

Bhuel nuair a bhunaíos Coiscéim, nuair a chinn mé tabhairt faoi, fuaireas iasacht airgid ó Risteard, ach níor lorg sé aon scvae ná say ná níor bhrúigh sé é féin ar an chomhlacht ná ar an tionscnamh. Tháinig sé chugam uair nó dhó le leabhar, ach mar a dhéanfadh údar ar bith. Ní raibh sé ag trialadh buntáiste a bhaint as an ról a bhí aige i mbunú an chomhlachta. Ach go bunúsach is mise Coiscéim. Tá an mac is sine agam mar, tugann sé bainisteoir air féin ach, stocálann sé na leabhair agus déanann sé gearánta le daoine nach dtugann deontais agus mar sin de agus tá sé, is dócha, ana-thábhachtach, tógann sé a lán den obair phraiticiúil ach an obair eagarthóireachta nó a leithéid, ó thaobh dlí de is comhlacht teoranta é agus na scairshealbhóirí ná mé fhéin agus mo bhean chéile Clíodhna agus caithfear cuntas iniúchta a chur ar fáil gach bliain agus mar sin de ag léiriú 'dé mhéad a chaill mé. So i ndáiríre níl aon struchtúr más é sin atá i gceist ag éinne, níl struchtúr ag Coiscéim.

Ó thaobh airgid agus maoiniú is ról airgid Coiscéim tá sé ana-dheacair freagra a chur air sin mar níl struchtúr cuí intuigthe, intomhaiste ann ach braitheann ráta foilsithe na leabhar i ndáiríre ar, níos mó ar na deontais atá ar fáil, agus ní fhaighimse mo dhóthain, ní fhaighimse mo sciar, ní fhaighimse mo chothrom ó na hinstitiúidí in aon chor ach fós féin, de bharr is dócha nach bhfuil aon airgead ag dul domsa as an gcomhlacht, gur féidir, tá mise ar phinsean le fada. Tá mé ag brath ar Áis go príomha mar áisíneacht dáileachán na leabhar mar atá gach foilsitheoir ach tá sé seafóideach go bhfuil muid go léir taobh le rep amháin, sin uile atá ag Áis, don tír ar fad. Déanaim iarracht na leabhair a dhíol go díreach ag ócáidí seolta. So níl struchtúr ar leith, agus nuair is féidir liom ócáidí... agus braitheann sin cuid áirithe ar phearsantacht na n-údár chomh maith.

Bhí pointe amháin go raibh suas le 400 leabhar curtha agam go dtí an Irish Times, is d’éiríos bréan de is lá amháin do chonaic mé Banville ar an stad bus agus of course he was... bhí seisean mar eagarthóir litríochta ag an am agus dúirt leis 'Cén fáth nach bhfoilsíonn tú aon léirmheas? Caithfear go raibh leabhar amháin cuibheasach maith ina measc san ar fad?' Of course ní raibh tuairim dá laghad aige mar ní dóigh liom gur chleacht sé Gaeilge riamh. 'Ó cuir chugam iad más ea'. So ar feadh 100 leabhar eile chuir mé chuige iad leis an toradh céanna. Tá sé uafásach. Tá an domhan mar chuid de dhomhan foilsiú an Bhéarla, amhrasach faoin nGaeilge de bharr go bhfuil siad aineolach ar an nGaeilge, ceapann siad, tá mé ag trialadh a bheith deas ag an bpointe seo, ceapann siad nach fiú, nach bhfuil maitheas, agus nach cóir an Ghaeilge a chur san áireamh ar aon leibhéal le Béarla agus nach bhfuil ann ach tokenism ina meon agus gur leor Lá ‘le Pádraig b’fhéidir, trí lár, trí falla atá ana-dheacair briseadh tríd. Tá sé óicé má thagann tú go dtí páipéir i Sasana nó i Meiriceá go n-aithníonn tú a leithéid ag teacht, ach braithimse nach bhfuil siad chomh dona in Albain, mar shampla, Scotland on Sunday agus páipéirí mar sin, braithimse go bhfuil fáilte, cuid de sin seans go mbraitheann sé le clú Sorley MacLean.


An chonstaic is mó is dócha ná nach bhfeiceann na daoine na leabhair mar thús, an dara rud ná nach bhfaigheann siad aird mar ba chóir agus téann cuid de sin ar ais go dtí struchtúr ag Bord na Gaeilge nó Bord na Leabhar Gaeilge mar a bhí, Foras na Gaeilge, Clár na Leabhar Gaeilge mar atá, níl fhios agam, táthar ag déileáil le daoine atá ag coimeád struchtúr ina seasamh gur Filistínigh iad agus tig liom iad a ainmniú duine ar dhuine más gá, thar ghlúinte, mar sin a théann isteach le struchtúr státseirbhísiúil mar atá ann. Bhíos mar clerk san ESB ar feadh 13 bliana déag, tá fhios agam go rímhaith cé chomh seasc is atá an rud, an struchtúr, mar níl feidhm i ndáiríre leis ach chun píosaí páipéir a phiocadh suas i ndiaidh na ndaoine atá ag déanamh na hoibre. Is dócha go bhfuil mé ag rá gur jab aonair a lán agus conas tú fhéin, muna bhfuil an saghas sin pearsantachta agat, tú fhéin a dhíol, tú fhéin a bheith os comhair an phobail, ag díol do chuid leabhar agus níl mé éifeachtach, thuigeas sin, in aon chor, ins an domhan san.


'dé mhéad? Ní bhrisfí síos, is dócha 1,200 leabhar, teideal leabhar, foilsithe. Tá 100 leabhar filíochta ina measc, ní hiad an móramh ná aon rud mar sin. Tá fhios agam, sampla beag nó rud éigin, an comórtas ag Michael Hartnett i mbliana, bhí, is dócha, 14 iarratas déag istigh air, agus ó Coiscéim a tháinig gach ceann acu.

So ba ríléir go raibh géarghá ar ball le struchtúr cosúil leis an Áis agus bhí dul chun cinn á dhéanamh ag Áis ag pointe amháin mar bhí, an áit a thosnaigh mise ag ceannach leabhar ná as siopa taistil a bhí ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a tháinig go dtí scoileanna agus mar sin de. Cheannaíos Cathal Ó Sandair, abair, agus mé 13, 14, 15 go hiontach, na leabhair san, is cuimhin liomsa fear nár labhair Gaeilge riamh liom as scoil, dúirt sé ‘Look at that, big book on Parnell and it’s only 5 shillings, going to go home and see if I can get that money’. Ní raibh fhios agam go raibh Gaeilge aige fiú amháin ach an siopa leabhar so a bhí ag taisteal, do chuir struchtúr maorlathasúil na hÁise an “Wanderly Wagon” den bhóthar agus measaim gur chéim mhór ar gcúl ó thaobh dháileadh na leabhar Gaeilge mar níl aon fháilte romhainn, i ndáiríre, ins na siopaí mar níl siad in ann déileáil le Gaeilge, níl dóthain Gaeilge ag na húinéirí nó ag na foirne de ghnáth. Tá siopa leabhar sa Daingean, tá siopa leabhar i mBéal Feirste, tá siopa leabhar i mBaile Átha Cliath, trí cinn gur féidir liom brath orthu, an rud ab éasca, an chéim chun tosaigh ab éasca agus inbhainte amach, indéanta, i ndáiríre ná “Wanderly Wagon”, díol na leabhar díreach agus bheith os comhair an phobail chomh minic agus is féidir leis na leabhair agus leis na húdair. Tá sé dochreidte nuair is féidir leat dul i dteagmháil le pobal chun freastal, tá fhios agam an taobh eile, chuaigh mise chun filíocht a léamh ar Bhóthar na Seanchille uair amháin b’fhéidir 1975 nó mar sin bhí guns and drums and dangerous toys cuibheasach gníomhach ag an am ach dúirt mise 'Mr Don Cíochótae will go involved in that' agus fógraíodh an chéad léamh filíochta i nGaeilge ar Bhóthar na Seanchille, rud nárbh fhíor, bhí ceann ann i 1909 is dócha. So fograíodh é seo anyway agus chuala mé, chonaic mé ar an Shankill Bulletin agus chuala mé ar an raidió áitiúil agus chuaigh mé amach and there I was, and there I was, and there I could still be, oiread agus duine amháin níor tháinig so fuair mise mo fhreagra.

Ó thaobh dátheangachais, níl mé báúil leis in aon chor ach d’úsáid mé roinnt dáchanúnachais ar ndóigh atá ana-thábhachtach, níor dheineas dóthain de, sé sin an caidreamh le Gaeilge na hAlban, tá sin ríthábhachtach dom, níor dheineas dóthain de go fóill agus ó thaobh cé chomh mí-éifeachtach is atá mé, tá mé ag trialadh leabhar a fháil ó Oileán Mhanann le deich mbliana ach ní raibheas riamh ar oileán Mhanainn so ní féidir liom an bheirt údar atá i gceist a bhualadh, but léiríonn sin an aidhm atá agam maidir le dáchanúnachas ach dátheangachas is another one, trítheangachas óicé.

Tá fhios agam na teipeanna, you know, tarlaíonn siad minic go leor, agus cuireann siad díoma ort ach nuair a éiríonn le hócáidí agus éiríonn leo níos minicí ná mar a chéile, chíonn tú go bhfuil tú ag dul i bhfeidhm. An é seachtain ó shin nó coicís ó shin? Bhíos i gCorca/Ciorcal Dhorcha ins an scoil ina raibh Not with Myles, bhí seisean ar meisce an oíche sin. Bhí seilf álainn déanta ag siúinéir áitiúil do Mhaidhc Dainín Ó Sé ins an scoil ina raibh sé, is do bhí mise ann chun cóip de gach leabhar le Maidhc Dainín a bhronnadh ar an scoil agus a leithéid d’ócáid, bhí sé dochreidte, lean sé ar feadh cúpla uair an chloig, ceoltóirí, óráidí, adhmholadh.

An teicneolaíocht nua níl mé in ann déileáil leis, ní phléim leis, beagnach in aon chor, mar a deir mé go minic tá badhró agus teileafón agam agus sin an méid ó thaobh teicneolaíochta. Tá réabhlóid ag tosnú agus níl mé istigh ar an réabhlóid so tá mé ag cailliúint, ach, cuid áirithe tiocfaidh an réabhlóid suas liom ródhéanach is dóigh liom.

Cad é an rud is mó a bhfuil mé bródúil as? Ní dóigh liom gur féidir a leithéid de cheist a fhreagairt go héasca. Tá mé ana-bhródúil gur éirigh liom an méid a dhein go n-uige seo, go n-uige seo! Níl mé críochnaithe go fóill, níl mé ach 80 bliain d’aois, tá an domhan san, domhan na scríbhneoireachta is foilsitheoireachta, nuair a phósannn siad mar sin, is féidir bheith ag maíomh faoi scéal, scéal, scéal, faoi chaidreamh, faoi chomhbhá agus faoin tuiscint, má thuigim i gceart é, go bhfuil maitheas déanta. Tá mé an-dóchasach as ár scríbhneoirí.

No comments:

Post a Comment