Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday 13 February 2018

Léirmheasanna Drámaí: CLASS agus The Approach

CLASS, Amharclann na Péacóige, tá an léiriú seo thart.
Cuinniú idir tuismitheoirí atá tar éis scarúint ó chéile agus múinteoir rómhacanta a
mic ar mian leis saol a chuid daltaí a athrú. AisNahc bhfuiteoireacht chumasach, seit
an tseomra ranga go hinchreidte gona shuíocháin bheaga dhaite. Carachtar an
mhúinteora rud beag easnamhach. Greann tríd síos, cé gur féidir a bhraith gurb
iad na tuistí gan oideachas sprioc an ghrinn rómhinic. Léiriú a thugann léargas inspéise ar
dheacrachtaí daoine dul i ngleic le córas nach bhfuil mórán muiníne acu as.
Réaltaí: ***
The Approach, le Mark O’Rowe, go dtí 24 Feabhra, Project Arts.
Scéal triúr ban.  Léiriú ar mar a dtiteann caidrimh cairdis agus grá as a chéile agus muid ag dul in aois.
Comhrá nádúrtha mar bhonn leis an rud ar fad, cé nach éasca i gcónaí carachtair an triúir a aithint ó chéile.
Meallann an dráma thú isteach leis an gcomhrá agus an anailís ar chaidrimh, geallann sé duais duit ar
deireadh nach dtugtar. Tathag agus drámaíocht féin in easnamh ar an scéal.
Réaltaí: **

No comments:

Post a Comment