Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Wednesday 7 March 2018

Canúint réigiúnach



1. Cad a shíleann sibh de chomhairle an teoiricí aistriúcháin Clifford E. Landers i dtaca le canúint réigiúnach/shóisialta?
'Any rendering of source-language dialect that consciously or unconsciously evokes an existing target-language dialect is probably self-defeating. ... Substitution of an ‘equivalent’ dialect is foredoomed to failure. The best advice about trying to translate dialect: don’t.'
(Literary Translation: 117.)

Caithfidh mé a rá go n-easaontaím go mór le Landers. Is minic go mbaintear feidhm as canúint chun rud éigin a léiriú faoi charachtar. D’fhéadfaí a bheith ag tabhairt le fios gur eachtrán ceart é an duine, gur as ceantar eile ar fad é nó í nó go mbaineann siad le haicme ar leith daoine. Má tá a leithéid i gceist sa bhuntéacs, ba chóir iarracht a dhéanamh teacht ar chanúint nó ar chur chuige a thabharfadh an rud céanna le fios. Faillí is ea a fhágáil ar lár.

2. An aontaíonn sibh le comhairle Landers i dtaobh friotal seanda a aistriú?

' ... the translator of a new English version of Don Quixote might wonder whether the title character and his faithful squire should speak modern or 17th-century English, whether to translate dialogue into today’s English or to retain the supposedly ‘quaint’ nature of early 17th-century Spanish. A red herring if ever there was one. In Cervante’s time, 17th-century Spanish was not quaint, it was the everyday language. The original readers of Quixote in no way perceived the speech of the characters as archaic or antiquated, even if today’s native in Madrid or Santiago may. Therefore, translate Don Quixote into a contemporary, albeit not slangy or faddish, English.'

Is fíor dó is dócha. Creidim gur éirigh le leagan Ua Laoghaire de Don Cíochótae toisc gur scríobhadh é i nGaeilge an lae inniu. Spreagtar ceist, áfach, ar chóir Shakespeare a aistriú ón mBéarla a bhí go Béarla an lae inniu? Sílim gur fiú, cé nach n-aonaítear liom go minic. Is minic gur deacair bun nó barr a dhéanamh den chaint sna drámaí Béarla.

No comments:

Post a Comment