Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Wednesday 2 December 2015

Peter Gallo: Dánlann Dhughláis de hÍde, Baile Atha Cliath, 08 Deireadh Fómhair- 03 Nollaig 2014

Is maith an t-ionad Dánlann de hÍde, díseart beag ciúnais scread luchóige ó ghleo

Shráid Thobar Phádraig. Seomra mór, uaimh chliniciúil a bhfuil urlár suimint is ballaí

bána faoi ailtireacht gan rómhaise.

Taispeántas mílítheach é seo ón oibrí sóisialta síciatrach as Vermont. Dathanna donna

is faon, ábhar garbh miotalach, ábhar aimsithe is bruscar, canbhás stápláilte,

peintéireachtaí doiléire, focalbhunaithe. Íostachas a scaiptear fíorchorruair do ghreann

nó do chleas beag. Péinteáil neamhcháiréiseach agus is té na súl grinn a bhainfidh

adhmad as cuid mhór den taispeántas.

Taispeántas pearsanta é seo a bhfuil an dorchadas ina orlaí tríd. Tá mothú stoite agus

buairt le sonrú ar fud an bhaill. An tsnaidhm a bhfuil téad, paipéar donn agus

leathanaigh eolais an druga frithdhúlagair prozac ceangailte istigh ann. Dol an

chrochta a thugann sé le fios. An píosa 'Thanatos' duairc ach gan aon rófhorbairt ar an

duairceas.

Anseo is ansiúd tá raiteas polaitiúil. Imlíne de mhadra cáiliúil éigin cartúin nach féidir

linn a thabhairt chun cuimhne go díreach, éadach greamaithe le stáplaí, ainm ina lár

istigh; intifada. An de fhonn baint siar as daoine seo? Ráiteas ar an gcodarsnacht idir

an rud gleoite agus an rud fuilteach, ach céard é?

An chuid is fearr go minic ná na focail féin, an t-imeartas a théann leo, 'art'. Níl

fíneáltacht ag baint leis an taispeántas áfach, ní mian leis sásamh a chur ar fáil. Tá

boirbe agus gontacht aeistéitiúil ag roinnt leis.

'Je Me Souviens' ola ar chúdach leabhair aimsithe, na focail droim ar ais, spásáil is cló

ríaisteach, beagnach doléite i ngeall air. Tá 'Friendship & Modernism' cumasach,

friendship na lámhscribhneoireachta thuas agus modernism le réaduchtachas nua-

aimseartha.

Píosa brea cumasach is ea 'heart attack', croí teasctha, leathchruinneas anatamaíochta,

agus crágáil péinteála, é ceangailte le dhá cheallra, a thabharfaidh turraing dó. Uaine

sa chúlra ar phíosa miotail rocaigh.

Ach píosaí eile, ní chuireann leis. Maide leadóg boird le péint dhubh is leathiarracht ar

chruth éigin air. Céard is ciall leis? An cuma? Is eagal liom nach bhfreagraíonn an

taispeántas ceachtar den dá cheist. An chuid is measa de athdhearbhaíonn sé tuairim

an tslua gur teach fuar an ealaín nua-aimseartha don duine gan cara sa chúirt. Iarrann

an taispeántas an-fhoighne go deo, an dtabharfadh sé pobal leis?

An chuid is fearr fágfaidh sé daoine ag ceistiú an tsaoil níos mó agus an bealach a

bhfuil sé líonta le buairteanna agus ceisteanna leathfholaithe. Ar an iomlán, faraor,

teipeann ar shaothar Gallo an gailearaí féin a líonadh.

2 comments:

  1. Pictiúr agat den Je Me Souviens droim ar ais?

    ReplyDelete
  2. an bun-alt anseo https://nuaealain.wordpress.com/comortas-scribhneoireachta-2014/buaiteoiri-2014/leirmheas-le-eoin-p-o-murchu/

    ReplyDelete