Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Wednesday, 23 March 2022

Sliocht as Tinte na Farraige Duibhe á léamh ag an aistritheoir

Seo sliocht as Tinte na Farraige Duibhe á léamh agamsa. Tá an leabhar féin ar fáil ó Leabhar Breac Ceannaigh an leabhar!

Taifeadadh é seo mar chuid den tsraith Teachtaireachtaí ar @raidionalife

Ba bhreá liom leagan closleabhair a chur amach uair éigin (ach sílim go bhfuil cleachtadh de dhíth orm!) An chaibidil á léamh agam

Seod é an clár ar a bhfuil Tinte, ó 7.15 nó mar sin ar aghaidh. Éist anseo: leis an gClár Teachtaireachtaí (Téama 'Oíche')

 Gach ceart ar cosaint. Seo an sliocht ón gcéad Chaibidil:

 


 

“Tá sé sin craiceáilte. Níl seans ar bith go n-éireoidh leis.” Phrioc Sál an tine le maide. D’fhéach sé na spréacha ag éirí san aer i dtreo an phláinéid dheirg a líon an spéir os a gcionn.
“Fan go gcloisfidh tú an scéal ar fad,” arsa Ríosa. “Lean ort, a Shabhair.”
Bhain Sabhair gal as a thoitín. Leis an lámh eile, chaith sé cloch chruinn in airde san imtharraingt lag, agus ghlac de phlab ina bhois í. Bhí an triúr acu suite i gciorcal timpeall ar thine bheag: Sál, Ríosa agus Sabhair, é ina chlapsholas ar Roghail, an ghealach bheag ba bhaile dóibh. Go hard, bhí an pláinéad dearg, Na Hasta, ag breathnú anuas ar an triúr mar a bheadh súil mhór spéire ann.
Lig Sabhair sruth deataigh as a bhéal. Ghlac sé anáil eile, rinne casacht bheag agus thosaigh arís, “Tá sé an-simplí. Fuair mé scéala. Beidh an obair sa mhianach ag teacht chun deiridh an tseachtain seo agus tá an roicéad lastais deireanach le fágáil maidin amárach féin. Gnáthroicéad lastais a bheidh ann, ceann féinstiúrtha ... gan foireann. Ní gá dúinn ach léimt ar bord — agus amach linn sa spás mar a bheadh piléar ann. Fágaimis an chloch shuarach seo inár ndiaidh sula bhfaighidh an chóilíneacht bás thart timpeall orainn.” 


“Nach mbeidh an tslándáil ar an raon roicéad an-dian?” arsa Sál. “Ní éireodh libh dul thairsti.”
“Fágaigí cúrsaí slándála fúmsa,” agus chaith Sabhair smuga mór seile isteach sa tine.
“Agus cé sa diabhal a stiúrfaidh an roicéad, má éiríonn linn dul isteach ann ar chor ar bith ... tusa an ea?” a d’fhiafraigh Sál. Bhain Sabhair gal eile as a thoitín agus theann sé a ghreim ar an gcloch, “Mhínigh mé é seo ar fad cheana. Roicéad féinstiúrtha a bheidh ann. Ní bheidh deacracht ag Ríosa an inchinn shaorga a dhíchumasú agus tabharfaidh an ríomhaire stiúrtha chuig an stáisiún spáis muid. Beidh deiseanna go leor sleamhnú isteach sa stáisiún féin nuair a thiocfaidh muid chomh fada leis. Ní bheidh aon súil acu go mbeidh duine ar bith ar bord, mar sin ní bheidh siad dár lorg.” 


“Ó, togha uilig,” arsa Sál. “Ní fheicimse go mbeidh gá agaibh liomsa, mar sin. Is cuma liom má chuirtear ar ais isteach sa phríosún sibh nó má fhaigheann sibh bás amuigh sa spás, ach ó mo thaobhsa de, ní theastaíonn uaim baint ná páirt a bheith agam leis an tseafóid seo.”
Sheas Sabhair go tobann. “Bhfuil a fhios agat, a Sháil, is cladhaire thú. DJ dioscó.” Rinne sé gáire searbh. “Beidh tusa sáinnithe ar an gcloch seo go brách na breithe.”
“Teastaíonn uaimse fágáil chomh maith le duine ar bith,” arsa Sál gan breathnú ar Shabhair. “Ach ní ar an mbealach sin, agus ní leatsa.” 


“A Sháil, gabh i leith.” Rug Ríosa greim ar a lámh. “Caithfidh tú teacht in éineacht linn. Ná fan go dtí an nóiméad deireanach. Is gearr nach mbeidh saol ar bith agat anseo.”
Sheas Sál agus tharraing sé a lámh ó ghreim Ríosa. Thiontaigh sé ón tine chnámh agus bhreathnaigh amach ar an gcathair. Bhíodar ar mhullach cnoic amuigh san fhásach, achar beag taobh amuigh de phríomhchathair na cóilíneachta. Bhí soilse geala na cathrach ina loinnir ar bhrat dubh an fhásaigh fúthu. Nach brónach an radharc é, a smaoinigh Sál. Tógadh an triúr acu ar an ngealach seo, sa chathair sin thíos, ach bhí leath na cathrach tréigthe anois, agus na daoine a bhí fágtha, bhíodar ag déanamh tréaniarrachta í a fhágáil chomh luath agus ab fhéidir, sula dtitfeadh an chóilíneacht ar fad as a chéile ina raic ainrialach. Ach ní raibh sé chomh héasca sin. Bhí praghas na dticéad i bhfad ró-ard agus ba bheag duine a bhí fágtha a raibh dóthain airgid acu le héalú.

“Seo, gabh i leith uait, a Sháil.” Rinne Sabhair iarracht gáire geal a dhéanamh. “Beidh gá leat, gan amhras.” Bhain sé gal mhór as a thoitín. “Sé an chaoi a bhfuil sé, ní éireoidh liom an tslándáil a chur ó mhaith, tuigeann tú, gan méarlorg duine éigin atá glan, duine éigin nach bhfuil a chuid sonraí ag na póilíní.”
“Ó, tuigim anois thú,” agus lig Sál osna.
“A Shabhair!” bhí Ríosa ina seasamh anois. Chas sí chuig Sál, “Ní mar sin atá sé ar chor ar bith, a Sháil. Caithfidh tú teacht linn. Táimse ag iarraidh go dtiocfaidh tú in éineacht linn.”
“Mar sin atá sé, gan amhras!” arsa Sabhair. “Tarlaíonn go bhfuil tú úsáideach dúinn agus má tá splanc céille ar bith ionat tapóidh tú an deis agus í agat.” 


“Ní hea in aon chor!” arsa Ríosa agus í ag siúl timpeall na tine i dtreo Shabhair.
“Ná cuir do chuid cainte amú, a Ríosa.” Chas Sál ar ais chun na tine. Bhí Sabhair agus Ríosa ar aghaidh a chéile anois agus amharc dubh á thabhairt ag an mbeirt ar a chéile. Ní raibh Ríosa ach leath chomh hard le Sabhair ach bhí a lámha fáiscthe ina ndoirne lena taobh aici. “Ná bac leis, a Ríosa,” arsa Sál arís. “Tuigim cúrsaí anois, ní rachainn leis an dearg-amadán sin pé scéal é. Ná bac leis.”
“Sea, ná bac leis,” arsa Sabhair. “Is léir gur cladhaire thú, a Sháil, agus is maith a bheidh sé tuillte agat buinneach dhearg an bháis a chac asat ar an ngealach shuarach seo.” Chaith sé an chloch amach sa dorchadas agus shiúil sé leis go sciobtha, síos an learg ghéar i dtreo na cathrach.
“A Shabhair, in ainm Dé, tar ar ais,” a ghlaoigh Ríosa ina dhiaidh ach freagra ní bhfuair sí.
Chualadar trost Shabhair ar ghaineamh an bhóthair agus ansin thit ciúnas ar an oíche. Bhí an tine ag cnagarnach léi go fóill, spréacha á ligean chun na spéire aici.
“Tá sé ina chac agat anois,” arsa Ríosa agus lig osna. “Ní raibh sin stuama.”
“Cad a rinne mise?” 


“Bhuel, níl críochnaithe aige sin leatsa go fóill,” arsa Ríosa. “Tá eagla orm, a mhic ó, nach bhfaca tú a dheireadh go fóill. Íocfaidh tú as.” D’fhéach Ríosa agus Sál ar Shabhair ag imeacht uathu, agus nuair a d’imigh sé as radharc, thosaíodar féin ar an mbóthar, iad ag imeacht tríd an meathdhorchadas ar ais chuig an gcathair. 


Bhí an tine chnámh thart ar thrí chiliméadar ón gcathair agus shiúladar an chuid is mó den tslí ar ais gan focal eatarthu. Bhí an oíche meirbh fós agus bhí tormán na cathrach le cloisteáil i bhfad ar shiúl. Duine dainséarach é Sabhair, a smaoinigh Sál, agus chuir sé eagla air go raibh Ríosa ag coinneáil a chomhluadair go fóill. D’fhéach sé síos ar Ríosa lena thaobh fad a bhíodar ag siúl. Bhí sí gléasta i seanchulaith spáis dhubh a bhí teann ar a colainn, rud a chuir cuma sheang shlachtmhar uirthi. Ach ní raibh Sál meallta aici. Bhí sí beag agus leochaileach i gcónaí. Ansin chuimhnigh sé ar a cuid oibre.
Bhí Ríosa ag reic drugaí sna clubanna oíche agus ba é Sabhair a bhí á soláthar, é mar shaoiste aici ar bhealach. Bhí Sál ag obair mar DJ sna clubanna céanna, agus ba mhinic a d’fheiceadh sé an foréigean a bhain leis an saol sin. Bhí Ríosa sáite i gceartlár gach ruda. Ba chuma leis cad a dhéanfadh sí chun a cuid a shaothrú, ach na daoine a raibh lámh acu sa saol sin bhí siad contúirteach, éigiallta. Agus bhí Sabhair i measc an dreama ba mheasa acu. 


Ach cad a d’fhéadfadh sé a dhéanamh? Ba gheall le deartháir le Ríosa é Sál. Bhí aithne acu ar a chéile ó bhíodar an-óg; ba ar an tsráid chéanna gar don mhianach a tógadh iad. Bhí cónaí orthu le chéile anois, an bheirt acu in árasán beag i lár na cathrach. Ó am go ham, agus iad fós ina ndéagóirí, ba leannáin iad, ach níor mhair sé sin i bhfad riamh. Bhídís ag argóint agus bhídís in adharca a chéile. Iad le chéile lá amháin agus scartha an chéad lá eile, bhíodar ann agus as, arís agus arís, agus faoi dheireadh thiar, rinneadar socrú de chineál. Anois, agus le fada, ba dhlúthchairde iad agus b’in an méid. Fuair Sál amach go luath nach bhféadfadh sé rud ar bith a rá le Ríosa. Bhuel, d’fhéadfadh sé a rogha ruda a rá léi, ceart go leor, ach ní éistfeadh sí leis. 


Ach níor chóir dósan a bheith ag seanmóireacht pé scéal é. Bhí seisean gafa sa domhan céanna, nach mór — na clubanna céanna, an saol céanna. Ach DJ maith a bhí ann, bhí a fhios aige sin, agus ba é sin an t-aon dóchas a bhí aige. Bhí na clubanna gnóthach go fóill beag, cé go raibh an chuid eile den chathair bánaithe. Daoine óga a bhí fágtha den chuid ba mhó toisc gurbh iad an dream ba bhoichte. Theastaigh uathu éalú ón gcruachás ina raibh siad, agus bhí a ndúil sa damhsa agus sa spraoi istoíche ag éirí níos tréine de shíor, agus bhí Sál ag baint clú amach dó féin ag casadh na gceirníní dóibh.
Dá dtabharfadh duine éigin ón taobh amuigh aird air, duine éigin ó na clubanna móra ar cheann de na stáisiúin spáis, cuir i gcás, b’in an bealach ab fhearr a bheadh aige imeacht ón gcloch seo, i bhfad níos fearr ná síob mhídhleathach a ghlacadh ar roicéad lastais in éineacht leis an ngamal sin, Sabhair. Chaithfeadh sé labhairt le Ríosa, ní raibh a fhios aige conas, ach chaithfeadh sí é a thuiscint, chaithfeadh sí é a chreidiúint. D’imeoidís ón ngealach seo ar bhealach éigin eile, d’imeoidís ó Roghail. Ní raibh i bplean Shabhair ach lámh a chur ina mbás féin. 


Shroich siad na ráillí ar imeall na cathrach agus stad siad ag an bhfál ard a sheas idir an chathair agus an fásach. D’fhéach Ríosa suas ar Shál agus bhí miongháire ar a haghaidh aici. Lonraigh solas dearg an phláinéid mhóir ina súile. “An bhfeicfidh mé ag an gclub thú?”
“Feicfidh, cinnte,” ar seisean. “Caithfidh mé ceirníní a fháil ón árasán ach ní bheidh mé i bhfad.” D’fhéach sé uirthi agus í ag dreapadh thar na bhfál agus ag imeacht isteach sa chathair i dtreo an chlub. Caithfidh mé labhairt léi, a dúirt sé leis féin arís. Léim sé thar an gclaí ansin agus thosaigh ag imeacht síos an bóthar i dtreo an árasáin. 


Bhí an bóthar lasta ag solas na bhfógraí neoin a bhí ar crochadh ó shreanga idir na foirgnimh arda. Bhíodar ar siúl i gcónaí agus iad ag caochaíl leo, cé go raibh na siopaí a bhí á bhfógairt acu dúnta anois. Bhí Sál faichilleach agus é ag gluaiseacht trí na sráideanna folmha. Bhí sé rud beag níos lú ná an gnáthdhuine ar Roghail agus bhíodh sé cúramach agus é amuigh ar na sráideanna istoíche. Ó thaobh a mhéide de, bhí Sabhair ar nós an tromlaigh, ach ba de sheansliocht a bhain leis an ngealach é, sliocht a d’fhás ard san imtharraingt lag leis na céadta bliain anuas, ach ba go gairid sular rugadh é a tháinig tuismitheoirí Sháil go Roghail, as pláinéad a bhí i bhfad ar shiúl, agus mar sin, cosúil le Ríosa, bhí sé beagán níos lú. Bhí sé gléasta mar ba nós leis, gruaig bearrtha go gearr agus éadaí loma dubha. Ní raibh aon chuma air gur duine saibhir a bhí ann. Ní shílfeadh éinne go raibh rud ar bith luachmhar á iompar aige, rud ar bith ab fhiú a ghoid, ach fós féin, bhí an ghadaíocht agus an choiriúlacht ag éirí níos coitianta, lá i ndiaidh lae, i gceantracha tréigthe na cathrach go háirithe, agus shiúil Sál leis go sciobtha nó gur shroich sé a shráid féin.

 

*** 


—D’fhéach sé in airde ar na réaltaí agus ar fhíor na spéire. Bhí an gaineamhlach ag oscailt amach roimhe agus chonaic sé solas an raoin roicéad beagán ó dheas ón áit ar a raibh sé ag díriú.


Monday, 3 January 2022

Tráma an Drochshaoil

Is aiste ollscoile í seo a leagas isteach roinnt blianta ó shin. Tá easnaimh agus lochtanna éagsúla uirthi dá réir (agus tá na tagairtí sách lag).

Eoin P. Ó Murchú


‘Tabhair dúinn inniu ar n-arán laethúil’ a deir an Callanánach ina amhrán ‘Na Fataí Bána’. Athraíonn seanphaidir Mhatha ina himpí chráite ar bhia i bhfianaise an dáin. Tá an t-éadóchas agus cinniúnachas go trom anuas air. ‘Agus ar ndóigh b'aoibhinn dhúinn dhá bhfaigheadh muid bás.’ An bás an t-aon sólás a bheadh acu. 


Is féidir a aithint ar véarsaí deireanacha an dáin, scór acu nach mór, gona dtagairtí cráifeacha iomadúla, gur de dhlúth agus d’inneach Éire na linne an reiligiún, é fite fuaite trí shaol na cosmhuintire. Cé go bhfuil imir den dóchas trí na véarsaí seo, i mbeatha shíoraí an Chaitliceachais, éadóchas is láidre ann. San impí chráite sin ar arán faightear léargas ar a léirítear faoin Drochshaol sna dánta seo: an t-ocras, an creideamh agus Dia.


Is cruinne géarchéim chothaithe a thabhairt ar an tréimhse úd 1845-51 ina bhfuair breis agus milliún duine bás. Téann roinnt chomh fada le breith Tim Pat Coogan agus baisteann cinedhíothú air. Pé téarma a thugtar air ba é an tubaiste ba mhó i stair na hÉireann é agus tá a rian le brath ar ghnéithe éagsúla de shochaí chomhaimseartha na tíre.


Is beag fianaise atá againn ar anam an choitinn le linn an Drochshaoil dar le Fionntán de Brún. Ní haon iontas seo dáiríre.


Languages spoken by subaltern, lower-class, or otherwise marginalized communities have been especially prone to invisibility because of the nature of the historical record.


Filíocht an 19ú haois


Níl an oiread sin filíochta nó amhrán ar marthain. Tá cúiseanna go leor leis seo. Bhí na Gaeil imeallaithe, gan léamh ná scríobh ag an gcuid ba mhó acu. I gcás ábhar a cumadh nó a scríobhadh ba éasca a chailliúint le himeacht na mblianta. Seans go bhfuil baint ag an tráma féin leis. Is eol dúinn go leanann tost trámaí móra, mar a phléifear ar ball.


Cuid mhór den fhianaise atá againn is ó lámh Mhic Dhomhnaill a thagann sí. Trí dhán a scríobh Aodh Mac Domhnaill ar an Drochshaol ‘Milleadh na bPrátaí, ‘Agallamh idir Aindrias Ó hÉigeartaigh agus an Bard um Mheath na bPrátaí’ agus ‘Ceol na mBacach’. Chuaigh sé le múinteoireacht agus é ina fhear óg. Scarann sé sin é ón aicme is ísle ar fad. Bhí sé fostaithe ag an Home Mission of the Synod of Ulster ar feadh tréimhse. Íocadh é as ranganna nár múineadh agus d’éirigh aighneas eatarthu. Seans gurbh é seo an chúis lena dhéine a bhí sé ar an eaglais ina chuid saothar. Bhí sé fostaithe ag Robert MacAdam chomh maith agus é ag plé le lámhscríbhinní dó. Ainneoin é a bheith níos fearr as ná an mhórchuid is i dTeach na mBocht a shéalaigh sé ar deireadh.


Ceist a rithfeadh le duine, b’fhéidir, ná cé dó a raibh sé ag scríobh? Cuid den mhíniú a thugann Colm Beckett air sin ná gur ‘ghlac Mac Domhnaill air féin bheith ina urlabhraí agus ina chomhairleoir don phobal - pobal ar ndóigh nárbh eol dóibh gurbh ann dó!’


Milleadh na bPrátaí


Breathnóimid i dtosach ar ‘Milleadh na bPrátaí’. I réamhrá An Drochshaol: Béaloideas agus Amhráin (ADS) deirtear gur coinníodh faoi rún é. Ábhar geise a bhí san amhrán. Feictear a leithéid go minic agus tarlúintí trámacha ag goilliúint ar phobail.


Feictear ann an Drochshaol ag cur as do gach n-aon. ‘Níl duine den dáil gan cháin gan donas gan dít’. Feictear ansin glór an dáin ag rá go bhfuil siad in adharca le lucht an Bhéarla. ‘Faoi chogadh lucht Béarla a sháraigh orainn le dlí.' Cé gur eol dúinn gur aithin cainteoirí Gaeilge iad féin mar phobal ar leith i ngeall ar an teanga a labhair siad níl an oiread sin samplaí mar é le fáil san fhilíocht atá faoi thrácht.


Sa dara véarsa is ag caitheamh i ndiaidh na laochra a bhí atá an file; ‘Mac Cumhaill is mac Dáire is ní áirím Conchúr an rí, Cú Chulainn, Conall Cearnach’ (aithnítear gur carachtair fhicseanúla iad) agus deirtear nárbh fhada ‘go gcarnfaí Bhullaí sa ngríb.’ Tá an maoithneachas aitheanta ag roinnt mar thréith atá go tréan sna hÉireannaigh. Tá an cuimhneamh siar seo le sonrú ar go leor den fhilíocht ón ré.


‘Ach ó d'imigh gan dáil na táinte a chleacht inár dtír’. Tráchtar ar ainmhithe a bheith imithe agus ganntan ina n-áit agus gan fuaim ar bith a bheith le clos. ‘Ní chluintear in áltaibh cárlach is ceiliúr ar chraobh’. Is féidir é seo a léamh mar mheafar den spórt agus den spraoi a bheith imithe as an saol nó ar bhealach níos simplí fós mar thagairt don líon mór ainmhithe fiáine agus éisc a itheadh ag an am. 


Baintear úsáid as an gcéad phearsa iolra. Feictear gné náisiúnta ann, leis, ‘ár dtír’ agus ‘Oileán na Naomh’, ‘i gcrích Fáil’. Luaitear fir is mná scafánta a bheith thíos leis. Luaitear ‘mná is leinbh na cích’ agus ‘bacach ar shráid’. Ba iad na boicht ba mheasa as ós rud é gur ar an bpráta amháin a bhí siad ag brath den mhórchuid. Sa tagairt do ‘mná is leinbh na cích' ní fhaightear léargas ach ar chuid den scéal. Tá cuntais éagsúla ar bhreitheanna seachanta sa taighde is déanaí, linbh a thabharfaí ar an saol murach an ganntan bia agus cruatan saoil. Níl aon léiriú ar an iarmhairt seo san fhilíocht ón 19ú haois.


Luaitear ansin an phlá a tháinig ar na prátaí agus is féidir le ‘díomhaoin dubh díth’ feidhmiú mar thrácht ar an bpráta féin nó ar mhuintir na tíre. Déantar iarracht déanamh amach cárbh as don phlá. Ní hiontas seo nuair a chuirtear sochaí na hÉireann ag an am i gcuimhne. Sochaí fhíor-reilgiúnda, phiseogach, neamhliteartha a bhí inti nach raibh mórán de chur amach aici ar an eolaíocht. Leagtar an locht ar an daonáireamh a thionscan an bhanríon, ar mhallacht an Phápa, ar shárú aithne na naomh agus ar ‘thámhaibh eile ón ngaoth’.


An Protastúnachas faoi ndear milleadh na bprátaí. Táthar ag súil go bhfeicfear Seán Buí á leagan á lár. Is léir anáil throm na heaglaise agus pearsana iomadúla éagsúla luaite sa véarsa deiridh, gné a thagann chun tosaigh go mion minic, glór an dáin ag impí orthu fóirithint orthu. ‘An tAthair is Banríon Fhlaitheas na Naomh/Peadar 's a' Papa/Pádraig is Easpaig an tsaoil.’


Is ó na Spáinnigh a thiocfaidh an chabhair. ‘Go dtige na Spáinnigh le prátaí chugainn arís.’ Níl sé seo ag teacht leis an tuiscint atá ar an bpráta sa dán 'An Dara hAgallamh idir Andrias Ó hÉigeartaigh agus an Bard um Mheath na bPrátaí', áit a dtráchtann Mac Domhnaill ar 'Bháitéirín gránna Ó Raghailligh' agus gur ní as tíortha coimhthíocha, gur gallda an rud é an práta. Luaitear, leis, in Fealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill gur shíl na seandaoine gur imigh an neart as na fir ó d’éirigh daoine as arán an heorna móire a ithe, rud atá bun os cionn ar fad le moladh i ‘Na Fataí Bána’ a fheicfear thíos. Tráchtann Peadar Ó Gealacáin ar mhatalang an Ocrais Mhóir sa dán ‘Laoi cascartha na bpotátaí’. Deir sé ann go raibh ‘ár saorbharr breá séanmhar i lámha an éaga’ agus chaoin sé nach bhféadfadh aon rud teacht ina áit: ‘Fíon Spáinneach, beoir ársa nó tea glan/Ní áirím gur sású sin d’aon neach’ Arís eile leagtar béim ar thábhacht na bprátaí.


Ceol na mBacach


Maidir le ‘Ceol na mBacach’ agus ‘Milleadh na bPrátaí’ deir Cormac Ó Gráda ‘dánta is ea iad seachas amhráin, nár eascair as tradisiún an phobail agus nach raibh ina gcuid de’.


Tugann faisnéis ó Pheadar Ó Gealacáin cúlra an dáin ‘Ceol na mBacach’ dúinn. Is cóir a lua nach bhfaightear pictiúr iomlán sa dán féin. Gan an t-eolas cúlra is mar achasán ginearálta ar uabhar agus ar easpa féile na cléire a léifí an dán. Déanann an cúlra focasú ar áit agus ar eachtra faoi leith. Is deacair a dhéanamh amach cé a bhí mar phobal léitheoireachta Mhic Dhomhnaill ach dá léifeadh Gael léannta as cuid eile den tír an tuairisc, an dtuigfí na tagairtí nach mínítear glan amach? Ní bheinn chomh cinnte sin. Ar an mbonn sin seans nach féidir a áiteamh go bhfaightear léiriú ar an eachtra seo thíos san fhilíocht seo ón 19ú haois. Ní san fhilíocht don eolas ach sna foinsí a théann léi. Seans go ndéarfaí nach bhfuil ansin ach séimeantaic ach ní hea dar liom, dá dtarlódh gan an t-eolas cúlra againn ní bhfaighimis léiriú leath chomh maith ar thréimhse an Ocrais Mhóir sa dán seo.


Chinn Bord Sláinte Bhéal Feirste go bhfostófaí fir aclaí stuama le bacaigh a bhailiú agus a chur sa seanphríosún The House of Correction. An mana a bhí os cionn dhoras an tí ná ‘within amend, without beware.’ Mana a chuirfeadh mana a crochadh os cionn geata eile i gcuimhne do dhuine, b'fhéidir.


Bhí plód bochtán feicthe ag Mac Domhnaill ag teacht go Béal Feirste in 1847 agus thug sé faoi deara gur chaith chaith údaráis an bhaile go cruálach leo. Cuireadh 800 acu in uaigh ag Baile na mBráthar taobh amuigh de limistéar an bhaile. Cainteoirí Gaeilge a bhformhór. Bheartaigh an chléir go gcuirfí an dream sin a bualadh ag an bhfiabhras in aon áit amháin le nach leathfadh an fiabhras. Is féidir rian an tseicteachais ag éirí as seo a fheiceáil sa chéad véarsa. Cuimhnítear gur bhain cuid den chreideamh Protastúnach leas as an Ocras Mór chun cur lena líon. Le cois, ar an iomlán ba iad na Caitlicigh ba mhó a bhásaigh agus a thug báid dhubha an eisimirce orthu féin. Ina choinne sin bhí Protastúnaigh eile ag fóirithint ar lucht an ocrais.


In Ar Thargair Cholmcille mhic Féilim maíonn Mac Domhnaill gur thuar Colm Cille ‘[g]o mbeadh earráid i slí na cléire’. In ‘Ceol na mBacach’ luann sé ’S go n-imeodh an crábhadh go huile ón gcléir.’ I líne 12 feictear ‘scanradh an Indian Meal’ agus go bhfuil an grá imithe ón tír. Tagann sé seo leis an méid atá sna tuairiscí béaloidis. Bhí náire ar leith ag baint leis an Indian meal, mar a bhí leis an súp agus Teach na mBocht.


Tráchtar chomh maith ar thairngreachtaí, téama coitianta sna dánta seo. Léiriú é seo ar a thábhachtaí a bhí tairngreachtaí sa saol an t-am sin. Is leor breathnú ar chás Pastorini, nó Charles Walmesley mar a bhí air ó cheart, ainm nach gcuirfeá an mhuinín chéanna ann ó thaobh an todhchaí a thuar, b'fhéidir. Sa tréimhse roimh an Drochshaol is eol dúinn go mbíodh leabhar Phastorini á léamh go forleathan. In 1771 a rinne sé na tairngreachtaí agus bhídís á múineadh sna scoileanna scairte.


Léiríonn línte 25-28 tábhacht na heaglaise sa tsochaí. Tá tagairtí don Bhíobla ina n-orlaí tríd, mar atá sna dánta seo ar fad. Deir sé go bhfuil an eaglais ag sárú bhunphrionsabail a gcreidimh féin. ‘Ar neamhchead d’Eoin ’s do litir Naomh Pól/Don tSoiscéal, don Ord is Eipistil Naomh Séam’.


Feictear íomhá anróiteach de dhaonra na hÉireann. Daoine nach bhfuil cuma ná caoi ar a n-éadaí agus gan rud ar bith a choinneodh teas leo, iad cosnochta, á gcaitheamh isteach i dTeach na mBocht, áit nach dtabharfaí deoch ná bia dóibh go bhfaighidís bás. Nuair a fhéachtar ar fhírinne na heachtra ní fheictear iomlán an scéil sa dán; bhí beatha áirithe á tabhairt do na bochtáin istigh. Áitíonn de Brún gur idé-eolaíocht Victeoiriach atá le feiceáil in iompar the House of Correction agus go gcuireann Mac Domhnaill ina choinne.


Lochtaíonn Mac Domhnaill na hEaspaig anseo a rá nach ligfidís do mhanaigh a bheith ag beathú an tréad agus go lochtóidís na bochtáin as galair a bheith orthu. Lochtaíonn sé fimínteacht na heaglaise, a rá go ndiúltóidís d’Eoin Baiste féin dá bhfeicfidís é mar tá na bochtáin. Is fiú an chuid seo a léamh agus muid ag cuimhneamh ar an gcloch sa mhuinchille a bhí ag Mac Domhnaill don chléir de bharr conspóid a bhain leis an Home Mission.


Tá teanga an reiligiúin go trom ar an véarsa deiridh. Áitíonn glór an dáin nach peaca é a bheith bocht. Tugann an méid atá ann le fios gur chas an chléir a ndroim ar an seang i rith an Drochshaoil. Maítear ann gur ó na boicht a tháinig Mac Dé agus nach suáilce é a bheith gafa le bród nó le seoda.


Na Fataí Bána


Is fiú a lua go raibh an Callanánach ina shuí go te agus go raibh oideachas air. Arís eile fágann a shuíomh sa tsochaí é scoite amach ón dream is measa as ar fad.


Caitheann Ó Callanáin sé véarsa ag moladh na bhfataí bána. Arís eile léiríonn an dán seo cé chomh tábhachtach is a bhí an práta in Éirinn an tráth úd. Is eol dúinn go raibh sciar an-suntasach ag brath ar an bpráta amháin mar bhia. Dar le roinnt tuairiscí bhí an planda le feiceáil ag fás fud fad na tíre. Sa dán moltach seo faightear tuiscint ar ról an phráta i saol na tíre. Is geall le hamhrán grá do dhuine nó d’áit é i dtosach.


Ní hamháin gur bia é an práta a d’óirfeadh do gach duine cuireann sé deá-cháilíochtaí dearfacha iomadúla eile ina leith. Deirtear go mbíodh spórt agus siamsa agus rince acu in aice leo. Is féidir a thuiscint uaidh seo gur thit an tóin as pléaráca agus an bia fíorghann. Deirtear go n-ití iad ar maidin is istoíche. An dream ba bhoichte, go minic ní bhíodh aon rud eile acu leo, an salann féin fiú.


Faightear léargas ar fhlúirse na bprátaí roimh an Drochshaol in An Drochshaol: Béaloideas agus Amhráin. Is féidir go bhfuil beagán áibhéile i gceist anseo i bhfianaise ar tharla i rith an Drochshaoil. Deirtear go raibh an oiread sin fataí ann go rabhadar á gcaitheamh uathu agus gur shíl roinnt gur mhallacht ó Dhia teip na bhfataí ar an duine as an bhflúirse a bhronn sé orthu a chaitheamh i vásta.


Tráchtar ansin ar na hiarmhairtí a bhí ann; an t-ospidéal, an poorhouse agus an phraiseach bhuí. Cuirtear corpáin inár láthair agus déantar cáineadh ar lucht rachmais. Deir sé nach bhfuil muinín acu ach i nDia agus go bhfuil na Sasanaigh ag caitheamh go sprionlaithe leo. Labhraíonn sé ar thithe a raibh suas le hochtar ag cur fúthu ann agus gan ach duine amháin ag obair iontu. Léiriú é seo ar dhaonra na hÉireann a bhí tar éis fás go rábach, bunaithe, cuid mhór, ar bharr an phráta.


Fiafraíonn sé den lucht éisteachta cé a cheannódh braillín don ‘fhear a sínfear/Tobac na píopaí ná cónra cláir.’ Is eol dúinn go raibh adhlacadh na marbh i measc na gcleachtas cultúrtha ar tháinig athrú air le linn an Drochshaoil, tá cuntais ar uaigheanna scaipthe ar fud an dúthaigh i gcuntais bhailithe Uí Ghráda. Léiríonn leithéidí Caitheamh Aimsire ar Thórraimh go mbíodh an-tarraingt ag na Gaeil ar thórraimh agus go raibh cultúr caoineacháin agus cluichí forbartha timpeall ar an mbás. Le linn an Ghorta Mhóir ní fhéadfaí na mairbh a adhlacadh mar ba nós roimhe sin.


Tráchtar ar fhlúirse an bhia agus an dí atá ar fáil do na huaisle agus nach bhfuil trua ná taise acu don fhear bocht. Tarraingítear ar íomhánna ifreannda don té nach roinneann a chuid. Arís eile breathnaítear siar agus caitear i ndiaidh laethanta órga Ghairdín Pharthais ‘nuair a bhí an bheatha ag fás dóibh ar bharr an chrainn’. Léiríonn tagairtí iomadúla don reiligiún cé chomh cráifeach is a bhí an pobal, agus léiríonn líon na meafar agus na dtógálacha a bhfuil sé in an tarraingt orthu a inmheánaithe a bhí an Chríostaíocht i gcultúr na nGael. Féach an tÁibhirseoir, an Díle, an Slánaitheoir agus Jonas gan ach fíorbheagán a lua. Is féidir an tagairt bhíobalta do na loibhreacáin a léamh mar mheafar a sheasann do bhochtáin na tíre. Ag druidim le deireadh impíonn sé ar Dhia iad a bheathú arís mar a dhéanadh fadó.


Tá áitithe ag roinnt gur líon cráifeacht phaiseanta an bhearna a d’fhág tréigean na Gaeilge. Léiríonn na dánta seo cuid eile den scéal: bhí an chráifeacht go tréan sna Gaeil le linn an Drochshaoil, sular imríodh tionchar an tráma ar fad orthu. Dar le hEmmet Larkin gur chúisigh an t-athrú teanga paisean faoi leith don Chaitliceachas. Áitíonn sé gur líon ceartchreideamh Caitliceach an folús a d’fhág imeacht na Gaeilge. Má bhí gné amháin den chultúr le tréigean, ghéarófaí ar ghné eile de.


Tá ton cinniúnaíoch le sonrú ar an véarsa deiridh. Tá an chéad líne úd truamhéileach ‘Tabhair dúinn inniu ar n-arán laethúil’. 


Dán eile le Peatsaí Ó Callanáin ná ‘Stáid an Fhir Fholaimh’. Dán gairid é seo a thugann le fios gur dona cás an fhir fholaimh ach gur measa fós an fear tinn. Leagann sé amach

an difear idir saibhir agus daibhir agus deir gurbh fhearr leis bheith idir eatarthu.

Gnéithe nach bhfeictear i bhfilíocht na tréimhse


Dhá ghné ar deacair a thuiscint i gceart ó staidreamh easnamhach na linne ná an t-athrú teanga agus na hathruithe sa chleachtas reiligiúnda. Is minic a shamhlaítear gur thosaigh meath na Gaeilge i gceart le teacht an Ghorta. Mar sin féin is fiú a thabhairt faoi deara go raibh géarú ag teacht ar thiontú ar an mBéarla ag tarlú roimh an Drochshaol - ó thús 1800.


Tá luach ar a bhfuil sa leabhar An Drochshaol: Béaloideas agus Amhráin toisc gur bailíodh na giotaí ann sna ceantair ba mhó a bualadh le linn an Drochshaoil. Luaitear ann gur údair gan léamh ná scríobh a chum iad. Cé go mb’fhéidir nár chóir an luach chéanna a leagan ar fhianaise ón mbéaldoideas, i gcás na Gaeilge níl mórán eile ina háit againn, i ngeall ar a imeallaithe a bhí cainteoirí na teanga an tráth úd. Ní miste a chuimhneamh gur bhailigh Roinn Bhéaloideas Éireann formhór an ábhair faoi drochshaol sna 1930dí, beagnach 100 bliain tar éis na tubaiste titim. Lagaíonn sé seo a iontaofacht ar ndóigh.


Na téamaí coitianta a fheictear do Ó Gráda ná seirbhe agus éadóchas, buíochas as an mbeagán, cráifeacht shimplí, seicteachas na linne, cáineadh ar Dhlí na mBocht, gur thoil Dé é lobhadh an phráta, fearg le lucht airgid agus cumhachta. Aithníonn sé nóta apacailipteach sna píosaí. Meabhraíonn ceann an titim daonra. Deir sé go bhfuil suíomh agus comhthéacs áitiúil seachas réigiúnach nó náisiúnach i gceist leo. Tá beagnach gach téama acu sin le brath ar na dánta ar fad atá pléite thuas.


Is fiú na dánta a chur i gcomparáid leis na blúiríní béaloidis. Maidir leis an mbéaloideas sroicheann sé ‘réimsí atá ceilte ar an taifead oifigiúil’. Leis, faightear ann léargas eile ar fad, é i bhfad níos pearsanta, níos logánta. Léargas a bhaineann le baile fearainn amháin agus le sinsir an fhaisnéiseora de ghnáth. Tá sé suntasach gur chruinne an t-ábhar béaloidis Gaeilge dar le hÓ Gráda, go háirithe nuair a chuimhnítear a laghad de staraithe móra na hÉireann, mar dhea, nach bhfuil léamh na Gaeilge acu.


Tá réimsí áirithe d’uafáis an Drochshaoil nach bhfeictear beag ná mór sna dánta atá pléite thuas. Tá tuairiscí ann go ndeacaigh roinnt le canabalacht le linn an Drochshaoil. Níl aon amhras ach gur tharla uafáis iomadúla mar í ar fud na hÉireann. Ní fhaightear trácht sa bhéaloideas ar bhoilg shéidte agus ar chreatlaigh loma dar le hÓ Gráda. Tá cúiseanna iomadúla leis na bearnaí follasacha seo mar a phléifear ar ball. Ní fhaightear léargas orthu seo sna dánta ach oiread. In The End of Outrage Post-Famine Adjustment in Rural Ireland tugtar cuntas ar mharú brúidiúil a tharla in 1846, marú a raibh cnámh spairne faoi thalamh mar chúis leis. Spreag ainnise an Drochshaoil brúidiúlacht mar é ar fud an oileáin ach ní fheictear sin san fhilíocht atá faoi thrácht.


An tAistriú Teanga


Faoi 1830 measadh go raibh idir 3 agus 4 mhilliún cainteoirí Gaeilge ann, an méid ba mhó a bhí ariamh ann. Ainneoin sin is ag dul i laghad mar chéatadán den daonra iomlán a bhí lucht na Gaeilge. 


Ní fheictear dom go bhfaightear léiriú sa fhilíocht thuas ar an aistriú teanga. Seans nach gcuirfeadh sé seo aon iontas orainn óir is dócha gur Ghaeilgeoirí nach raibh ar tí aistriú go Béarla lucht cumtha amhrán agus dánta. Ní rud é an t-aistriú a tharla thar oíche ach oiread.


Tugtar forléargas an-mhaith ar an chúrsaí teanga sa ré sin in An Irish-Speaking Island. Faightear ann spléachadh ar an bhforbairt atá déanta ar cheisteanna taighde le dornán blianta. Maítear gur amharc de Fréine athuair ar an gcoilíneachas agus ar na cúinsí ar chaith na Gaeil féin a dteanga in aer agus an tionchar a bhí aige sin ar fheidhmiú a sochaí. Déanann Wolf cíoradh ar áiteamh Emmet Larkin maidir le hathrú ó thaobh an reiligiúin. Tarraingíonn Wolf an tsochtheangeolaíocht chomhaimseartha isteach sa scéal chomh maith agus diúltaíonn méid áirithe do choincheap na bhfórsaí ón taobh amuigh amháin a bhí ag cuimilt le Gaeilgeoirí na hÉireann, agus leagtar béim níos mó ar thábhacht an idirphlé chomhráitigh, ar an gcaidreamh idir tuismitheoirí agus leanaí agus ar líonraí urlabhra.


Tá téis nua curtha chun tosaigh ag Tomás Mac Síomóin ina leabhar The Broken Harp, Identity and Language in Modern Ireland. Dar leis go raibh gné ghéiniteach i gceist leis an tráma a chuaigh ó ghlúin go glúin le linn an drochshaoil. Mar thacaíocht luann sé fionnachtana san eipigéineolaíocht, go háirithe: an tslí ar féidir le timpeallacht ainmhithe a gcuid DNA a athrú. Luann sé go sonrach turgnamh ina dtugtar turraing leictreach do luchóga an t-am céanna a scaoiltear boladh seirise. Nuair a shaolaítear luchóga óga na luchóg seo bíonn scanradh orthu roimh an mboladh seirise cé nach boladh é a bhí faighte acu féin ariamh agus nach raibh siad i mbroinn an tráth ar scaoileadh an boladh go fiú. Cuireadh eolas DNA ar aghaidh nach mbaineann go sonrach le DNA na dtuistí. Cé go bhfuil dealramh leis an turgnamh seo de bharr gur le mamaigh a rinneadh agus gurb eol dúinn go mbíonn tionchar ag gortaí ar pháistí an duine a théann tríothu seans nach leor an míniú a thugtar le dearbhú dúinn gur seo a tharla i gcás an Drochshaoil. Argóint mhealltach í áfach. Más féidir eagla roimh bholadh faoi leith a thabhairt le hoidhreacht, an bhféadfaí eagla roimh fhuaimeanna ar leith, nó teanga ar leith a thabhairt ó ghlúin go glúin? Ar leor pian agus náire an Drochshaoil le nasc chomh diúltach sin a chruthú le teanga? Ní heol dúinn fós. D’fhéadfaí an t-aistriú teanga agus cultúir a leagan ar mheicníochtaí eile mar atá déanta ag de Fréine.


Seo an méid a deir de Fréine in The Great Silence:


The situation leading to the abandonment of Irish was traumatic, and the way in which the shift was implemented indicates an emotionally shocking experience. There are a number of points worth considering in this connection: 1. It is not unknown for linguistic groups who switch languages to forget, or to deny, that they ever spoke the original language


Deir de Fréine chomh maith go raibh an t-aistriú cultúir chomh trámach sin gur tháinig anóime dá thoradh, gur thit comhdhéanamh na sochaí as a chéile. Is éard is anóime ann ná gan threoir mhorálta a bheith á tabhairt ag an tsochaí don duine aonair. Tagann córais creidimh salach ar a chéile agus fágtar go mbriseann naisc shóisialta idir an duine agus an comhphobal. Sa duine aonair is féidir go dtiocfaidh easpa cumais páirt a ghlacadh i suímh normatacha ina dhomhan sóisialta, tagann de sin go mbristear an fhéiniúlacht shóisialta ina smidiríní agus go ndiúltaítear do luachanna a nglactaí leo go traidisiúnta.


Tá léiriú áirithe air seo sa mhéid seo: ‘Níl ceol in aon áit ná suim ina dhéanamh.’ Tá a mhacasamhail le feiceáil i gcuntas a bailíodh i Rann na Feirste ar an Drochshaol ‘D’imigh an spórt agus an caitheamh aimsire. Stad an fhilíocht agus a‘ ceol agus a‘ damhsa’. Má stop na gnéithe taitneamhacha seo den chultúr chomh maith le gnéithe den adhlacadh is éasca a shamhlú go raibh tionchar trom ag an Drochshaol ar gach uile ghné de shaol sóisialta na ndaoine.


Rinneadh nasc idir a gcultúr féin agus bochtaineacht mhillteanach, bochtaineacht a d’fhágadh ocras chomh géar sin go dtabharfadh sé a mbás. Ceap magaidh a bhí i gcainteoirí Gaeilge. Baineadh úsáid as an lámh láidir agus bataí scóir chun clann a chur ón nGaeilge. Nuair a tharla a t-aistriú níor ghlac sé níos mó ná glúin le páistí a fhágáil dubh in aghaidh na Gaeilge. Ní fheicim a rian seo sna dánta thuas. Ar ndóigh is é an coilíniú a chinntigh go raibh an pobal Gaelach brúite basctha. Ar léamh na ndánta seo thuas ba dhóigh leat gurbh iad lucht Béarla amháin ba chúis leis an aistriú teanga. Is é an pobal féin a roghnaigh cúl a thabhairt lena dteanga, go fiú más faoi chois an coilíneachais a bhíodar. Is cinnte nach bhfuil aon bheith istigh do thuairim chaolchúiseach mar sin san fhilíocht seo. Go deimhin is beag aitheantais a thugtar go bhfuil an t-athrú ag tarlú in aon chor.


I gceantar faoi leith i dTír Chonaill is iad na daoine sin a rugadh idir 1833-66 a thóg a bpáistí le Béarla. An Ghaeilge an mháthairteanga a bhí acu. Chuir an t-athrú seo deireadh le dátheangachas a bhí seasmhach roimhe sin.


Ba chóir a aithint, leis, nach féidir leis an dánta seo léargas iomlán na tréimhse a thabhairt. Scríobhadh ag an am iad mar sin ní raibh de bhuntáiste ag lucht a gcumtha agus a scríofa go bhféadfaidís breathnú siar ar a dtáinig ina ndiaidh.


Gnéithe gan Léiriú


Pointe suntais a fheictear nuair a chuirtear na dánta agus na blúiríní béaloidis in ADS le hais a chéile ná gur pearsanta go mór na scéalta béaloidis. Rud é seo a mbeifí ag súil leis de bharr stair na dtéacsanna éagsúla seo. Mar sin féin is i dtéarmaí ginearálta a labhraíonn guthanna na ndánta linn, ní bhraitear ar a léamh, gan eolas cúlra agat, go léiríonn siad uafáis an drochshaoil chomh mór céanna. Tá foirmiúlacht i bhfad níos mó ag baint le dán ná mar atá ag roinnt le caint a taifeadadh, ar ndóigh.


Tá uafáis go leor nach bhfeictear aon tuairisc orthu sna dánta. In ADS tá scéal uafar faoi chur na mbeo ag Stiofán Ó hEalaoire. Chuirtí an té nach mbeadh marbh ach a bheadh gairid dó isteach san uaigh go bhfaigheadh sé bás thíos ann. Agus féach an méid a bhí le rá ag seanfheirmeoir in aois a 85 bliana ó na hOidhrí ‘dá neosfainn dhuitse cá bhfuil uaghanna daoine atá curtha... ní raghfá thar doras amach istoíche’. Deirtear linn gur cailleadh dhá chéad duine le hais an bhóthair sa Daingean freisin.


Gach seans go mbaineann sé le constaicí fhoirmlí filíochta na haoise, ach is pearsanta agus is uafásaí go mór na cuntais béaloidis. Ag breathnú dúinn ar na léaráidí a rinne James Mahony de chuid de na truáin don Illustrated London News, feictear íomhánna d’ainnise nach bhfuil léiriú uirthi sna dánta ón tréimhse chéanna.


Conclúid


Fianaise bhearnach neamhiomlán den Drochshaol a léirítear i bhfilíocht Ghaeilge na 19ú haois. Ní hiontas é ós rud é gur ar an bpobal neamhliteartha ba mheasa a thit crann an mhí-áidh agus gurbh as an bpobal céanna na cainteoirí Gaeilge. Tá laincisí mheán na filíochta le cur san áireamh chomh maith, tá na dánta ag teacht le riachtanais a linne ó thaobh foirme, móitífeanna agus scéalaíochta, taibhsítear dom. Fágann sin ar fad nach bhfaightear ach cuid de scéal an Drochshaoil iontu. Cé go bhfuil na tuairiscí béaloidis níos dírithe ar eachtraí a thit amach i gceantar faoi leith, ní deacair scáil an amhrais a chaitheamh orthu ar chúiseanna go leor.


Cé go bhfuil glór an phobail sin ba mhó a d’fhulaing an tOcras le clos sna blúiríní scaipthe seo a tháinig aníos chugainn, gach seans go bhfuil an glór sin as a riocht sna samplaí fánacha atá againn. Ní fheictear dom go bhfuil trácht ar na huafáis ba mheasa iontu acu oiread, an chanablacht mar shampla. Rud é a tharla agus is cinnte go scaipfeadh scéalta faoi, méid áirithe. Seans go bhféadfaí cuid den dearmad seo a leagan ar fhéinchinsireacht ach fágann laghad an ábhair, ar an iomlán, dóchúlacht ard gur easpa ábhair nó foinsí is cúis le go leor de na bearnaí. Ní féidir a bheith cinnte ach oiread go bhfuil na dánta nó na hamhráin seo ionadaíoch ar fhilíocht na linne.


Seans gur fíor do Ó Gráda nuair a deir sé go mb’fhéidir gur úrscéal nó dráma is fearr a léireodh scéalta agus dán phobal an Drochshaoil. Maitear easpa ábhair, bearnaí agus neamhiomláine i saothar ealaíne.


Nuair a aistríodh an Bíobla go hIonúitis deirtear gur cuireadh ‘rón’ in áit ‘uan’ sa nath ‘uan Dé’. Ní raibh taithí ag na hIonúitigh ar chaoirigh ná ar uain ach bhíodh róin go flúirseach timpeall orthu. Dá mbeadh aistritheoirí Bhedell ag feidhmiú 200 éigin bliain níos déanaí, timpeall ar am an Drochshaoil, arbh fhéidir go rithfeadh sé haistritheoir forásach éigin ‘práta’ a chur in ionad ‘arán’ sa rá Gaeilge, ‘Tabhair dúinn inniu ar n-arán laethúil’? Is cinnte gur túisce a thuigfeadh gnáthphobal Chríoch Fáil an Drochshaoil meafar an phráta ag an am sin. Níl ann ach cur i gcás, áfach, tuigim gur rídhócha fós gur ‘arán’ a roghnófaí.


Pé in Éirinn é ba chuma mar nach bhfreagrófaí impí úd an Challanánaigh ná na milliún mar é, ann nó as don fhocal arán nó práta. Níor éisteadh lena nguí; níor tugadh an bia agus ba é an bás an t-aon sólás a bhí acu.


Leabharliosta


de Brún, Fionntán, (2010) Filíocht Aodha Mhic Dhomhnaill (1802-1867): ag cur focal Gaeilge ar an naoú haois déag, FILÍ & FILÍOCHT, Éigse Cholm Cille, Doire.


de Fréine, Seán, (1978) The Great Silence: a study of a relationship between language and nationality, Corcaigh, Mercier.


Gerber, John J. Macionis, Linda M. (2010) Sociology (7th Canadian ed.). Toronto, Pearson Canada.


Ó Gráda, Cormac, (1994) An Drochshaol: Béaloideas agus Amhráin, Baile Átha Cliath, Coiscéim.


Ó Gráda, Cormac, (2015) Eating People Is Wrong, and Other Essays on Famine, Its Past, and Its Future, Princeton University Press.


Ní Mhunghaile, Lesa, (2015) The Irish language in County Meath, 1700-1900 Meath. History and Society. Interdisciplinary essays on the History of an Irish County, Baile Átha Cliath, Geography Publications.


Mac Síomóin, Tomás, (2014) The Broken Harp, Identity and Language in Modern Ireland, Nuascéalta Teoranta.


Slomanson, Peter, (2012) On the Great Silence: A Gap in Irish Historiography and Consequences for Language Education in Ireland, Nordic Irish Studies The Rest Is Silence, Dalarna University Centre for Irish Studies.


Mac Suibhne, Breandán, (2017) The End of Outrage Post-Famine Adjustment in Rural Ireland, Oxford University Press, Oxford.


Ó Súilleabháin, Seán, (1980) Caitheamh Aimsire ar Thórraimh, An Clóchomhar, Baile Átha Cliath.


Ó Tuathaigh, Gearóid, (2015) I mBéal an Bháis: The Great Famine and the Language Shift in Nineteenth-Century Ireland, Ireland's Great Hunger Museum.


Wolf, Nicholas, (2014) An Irish-speaking Island – State, Religion, Community, and the Linguistic Landscape in Ireland, 1770-1870, Wisconsin, University of Wisconsin Press.


Wednesday, 21 July 2021

Caoilfhionn Nic Pháidín á cur faoi agallamh ag Máire Ní Annracháin maidir leis an bhfoilsitheoir Cois Life.

(Crochaim an t-agallamh anseo le go mbeidh teacht air. Rinne mé an t-agallamh seo a thras-scríobh sa bhliain 2015 agus ós rud é gur tháinig dream ó Leabharlann UCD chugam sa bhliain 2021 á lorg, 6 bliana tar éis dom an obair a dhéanamh shíleas gur den chríonnacht é a shábháil anseo. Más mian leat go mbainfinn an t-ábhar abair liom)


Agallamh: Caoilfhionn Nic Pháidín

Is dócha gur mé fhéin agus an Dr Seán Ó Cearnaigh a chuir Cois Life ar bun sa bhliain 1996 ach gan dabht do bhí an bheirt againn ar bhealaí éagsúla ag plé le cúrsaí foilsitheoireachta roimhe sin agus go háirithe sna blianta beaga roimhe sin do bhíomar ag plé le foilsitheoireacht leabhar faoi bhrat Comhar Teoranta mar do bhí deich mbliana caite agamsa i mbun eagarthóireachta ar an iris agus ag plé le gnóthaí a bhain le Comhar, agus ag tráth áirithe theastaigh uathu cúpla leabhar a fhoilsiú nó do bhí an smaoineamh againn go bhféadfaí a leithéid a dhéanamh agus bhíos fhéin agus Seán ag plé leis ach fé bhrat Comhar ba saghas, cad a thabharfainn air, mionghéag den ghnó a bhí ann agus bhí fonn orainn go háirithe leabhair faoi leith, do theastaigh uaimse eagrán de Séadna a chur amach a bheadh dírithe go háirithe ar an óige is a bheadh deas tarraingteach agus mar sin de agus theastaigh uainn ealaín dhaite a chur ann agus é a phriontáil daite rud a bhí thar a bheith costasach ag an am san agus ar ndóigh, ní hé is nach raibh spéis ag Comhar ann ach níorbh acmhainn do Comhar a bheith ag plé leis sin más ea do shocraíomar go mbunóimis ár ngnó fhéin seachas a bheith díreach ag plé le, a bheith mar eireaball ar ghnó eile agus a bheith ag plé le coistí a raibh spriocanna agus rudaí eile ina gceann acu, so sin é a bhí i gceist leis an gcomhlacht a bhunú mar níor theastaigh uainn a bheith ag plé le cúrsaí airgid agus le clódóirí is mar sin gan struchtúr ceart comhlachta a chur ann agus, bhí sé i gceist againn ón tús, is dócha, saghsanna éagsúla foilsitheoireachta a dhéanamh agus an chéad dá leabhar a chuireamar amach ab ea Séadna agus Dúchas na Gaeilge le Maolmhaodhóg Ó Ruairc so bhí sé i gceist againn, méid áirithe, díriú ar chúrsaí acadúla freisin ach is dócha go bhféadfaí a rá gur foilsitheoirí ginearálta muid, go mbímid ag plé le nithe éagsúla, le cúrsaí litríochta, cúrsaí faisnéise, cúrsaí acadúla agus beagán áirithe teideal do dhaoine óga, ceann nó dhó sa bhliain, b'fhéidir.

[2.13]

Do cheapamar ag an am san nach n-éireodh linn an obair a theastaigh uainn a dhéanamh, a dhéanamh i gcomhar le haon cheann de na comhlachtaí a bhí ann ag an am, mar is dócha go raibh, bhí sórt comhthéacs na foilsitheoireachta beagán éagsúil ag an am sin, is dócha, bhuel bhí Sáirséal agus Dill imithe b'fhéidir le deich mbliana nó cúig bliana déag roimhe sin, dhúnadar san in 1981 is dóigh liom, agus do bhí Cló Iar-Chonnacht ann, bhíodar san réasúnta nua ach is plé den chuid is mó le hábhar Gaeltachta agus le ceol a bhí siad agus tá an dá ghné sin fós ana-láidir ina gcuid foilseachán. Bhí An Clóchomhar ann ach dírithe ar na leabhartha taighde agus acadúla agus laistigh de mhúnla faoi leith bhí an chuma chéanna orthu agus theastaigh uainn ón tús is dócha díriú air, bhíomar ag féachaint ní hamháin ar ábhar na leabhar ach ar dhearadh agus chur i láthair na leabhar freisin mar do bhí sórt cúlra áirithe agamsa ins an obair sin mar chaitheas cúpla bliain ag obair, nuair a thosaigh mé ag obair, bhíos ag obair sa Ghúm agus do bhí tuiscint, ní thabharfainn tuiscint ana-dhomhain, ach tuiscint cuibheasach fairsing agam ar na gnéithe éagsúla de ghnó na foilsitheoireachta agus bhíomar ag iarraidh leabhartha a chur ar fáil a bheadh tarraingteach agus mealltach agus a mbeadh caighdeán ard cur i láthair ag baint leo.

Bhuel do cheapamar go raibh saol na foilsitheoireachta i nGaeilge cuibheasach bríomhar, cé go raibh an bhéim ar fad ag an am agus méid áirithe go fóill ar tháirgeadh ábhar, go háirithe an uair sin agus bhí cúis ana-phraiticiúil leis mar do bhíodh scéimeanna, an scéim deontais ag an am san bunaithe go huile is go hiomlán ar líon na bhfocal sa leabhar, agus do bhí daoine ag comhaireamh na bhfocal ins na leabhartha go dtí lár na nóchaidí, adéarfainn, do bhí an córas céanna fós i bhfeidhm más ea dá gcuirfeadh údar úrscéal ar fáil a raibh céad míle focal ann ní raibh aon eagarthóir chun é sin a a ghearradh siar mar bhí níos mó airgid le gnóthú as leabhar mór toirtiúil ná as leabhar beag bídeach agus do bhí an bhéim, bhí an-iomarca béime ar an ábhar a chur idir dhá chlúdach agus, bhíos chun a rá, é a chur amach, é a chur i gcló b'fhéidir, agus tá an-chuid gnéithe eile ar gá agus ar chóir cúram a dhéanamh dóibh ar nós na margaíochta agus poiblíocht agus mar sin agus tá easnamh, is fíor go bhfuil easnamh ana-mhór sa réimse sin, bhí agus tá, tá go fóill.

[4.51]

Do tháinig athruithe cinnte is dócha go rabhadar san ag eascairt go príomha as na hathruithe sochtheangeolaíochta a bhaineann le cúrsaí na Gaeilge féin mar nuair a chuireamarna chuige i dtosach báire do bhí ag an am san, do bhí an litríocht, abair, i gceartlár na gcúrsaí tríú leibhéal, do bhí caighdeán réasúnta maith ag céimithe áirithe a bhí ag teacht amach agus do bhí daoine in ann, abraimis sa dara bliain, sa tríú bliain, bhí daoine inniúil ar úrscéalta cearta a léamh. Nuair a deirim ceart, níl a leithéid de rud is ceart is mícheart i gcúrsaí liteartha ach úrscéalta, b'fhéidir le struchtúr nach mbeadh loighciúil nó réadúil ar fad, agus bunaithe ar chúrsaí teanga a bheadh cuibheasach saibhir agus bhí daoine sásta an dua agus an dúshlán sin a chur rompu féin ach de réir mar a chuaigh an t-am ar aghaidh, mar is eol do chách tá an scéal sin athraithe, tá cúrsaí litríochta, cúrsaí léitheoireachta imithe ar gcúl go mór, agus tá na caighdeáin Ghaeilge, mar gheall ar go bhfuil níos daoine ag dul ar an tríú leibhéal, is athrú sóisialta é sin, cinneadh atá déanta agus atá go maith ar a lán lán bealaí, ach déanaim amach go bhfuil saothrú na Gaeilge ar ardréim thíos leis sin, cuid mhaith. Más ea do bhí, tá sé níos deacra in aghaidh an lae margadh a aimsiú do shaothair mhaithe liteartha go háirithe, bhuel, is dócha, prós agus filíocht, ach go háirithe sa phrós.

Bhuel is dócha i gcúrsaí na Gaeilge caithfear a aithint ó thús aimsir na hathbheochana ní rud nua é seo, ó thús aimsir na hathbheochana tá saothrú na litríochta comhaimseartha agus foilsitheoireacht na Gaeilge cónasctha go huile is go hiomlán leis na margaí oideachais tríd is tríd. Má chuireann tú iad san go leataobh fiú amháin le tacaíocht stáit is ar éigean gurbh fhiú do scríbhneoirí a bheith ag scríobh ná do fhoilsitheoirí a bheith ag foilsiú, ní ceist airgid amháin é, ach mara gceannóidh ach 90 duine úrscéal conas is féidir an cás a dhéanamh gur chóir dúinn é sin a dhéanamh. Nárbh fhearr don duine b'fhéidir just é a scríobh agus é a fhágaint ar an mbord. Tá an cheist sin ann, do bhí sé i gceist nuair a bhí an t-Athair Peadar ag iarraidh leabhartha a fhoilsiú. Is dóigh liom gur léigh mé in Fáinne an Lae 1898 go ndúirt Conradh na Gaeilge go mbeidís sásta an bille cló a ghlanadh do pé leabhar, Séadna nó pé leabhar ach nach nglanfaidís aon bhille dó ina dhiaidh sin mara mbeadh an leabhar ar chúrsa éigin. So tá an dá rud, agus tuigim go huile is go hiomlán go mbaineann ollscoileanna le traidisiún i bhfad níos leithne agus níl aon locht ar chúrsa Gaeilge b'fhéidir nach mbeadh ag plé beag ná mór leis an bhfichiú haois ach ag an am céanna ní mór margadh éigin a bhaint amach. Ní haon chabhair é, ní haon tseirbhís é d'údair na Gaeilge leabhar a fhoilsiú agus dul ar ais go dtí an t-údar sin an samhradh ina dhiaidh sin agus a rá nár díoladh ach 5 chóip fhichead. Is ábhar díomá é sin do gach duine más sin a tharlaíonn. Ní tharlaíonn sé chomh minic sin ach tarlaíonn sé.

Tá roinnt gradam agus comórtas ar fáil, abair, do chúrsaí foilsitheoireachta agus do chúrsaí leabhar. Tá comórtais an Oireachtais ann agus is cinnte gur cuidiú agus spreagadh d'údair iad. Níl fhios agam an gcuireann gradam i gcás na Gaeilge leis an margadh an oiread sin mar a tharlódh i mBéarla nuair a fhaigheann daoine an Booker Prize nó duais PEN nó pé rud. Ansan tá chomh maith ina theannta sin tá gradam leabhar na bliana. Bhí an Foras á mhaoiniú sin sórt, tríd an Oireachtas ach tá sé fógartha acu i mbliana go bhfuil gearradh siar le déanamh air sin, ní bheidh sé ann gach bliain feasta, bliain amháin beidh leabhartha do dhaoine fásta an chéad bhliain eile leabhartha do dhaoine óga, más ea d'fhéadfadh leabhar a bheith ar an margadh bliain go leith sara mbeadh deis aige cur isteach ar a leithéid sin, agus is trua sin mar ar a laghad do bhí gearrliosta ag baint leis sin agus bhí duaiseanna cuibheasach maith, rud a thug, is dócha, spreagadh ar leith don údar agus don bhfoilsitheoir mar is beag airgead a fhaigheann na foilsitheoirí in aon áit nach bhfuil luaite le rud éigin faoi leith. Má fhaigheann tú deontas ón gComhairle Ealaíon nó ón bhForas bíonn gach aon phingin de curtha síos i mbosca áirithe agus ní mór duit cloí leis sin, a bheag nó a mhór, nó cead a fháil athrú a dhéanamh air ach má fhaigheann tú gradam cúpla míle euro tá tú in ann, b'fhéidir, rud éigin a dhéanamh nach raibh ar do chumas a dhéanamh nó díreach éascaíonn sé cúrsaí airgeadais mar tá sé ana-dheacair maireachtaint ó lá go lá ag plé le foilsitheoireacht na Gaeilge fiú sa lá inniubh.

[10.16]

Tá feabhas beag ar chúpla gné den bhfoilsitheoireacht is dócha le roinnt blianta, nuair a thosaíomarna amach mé fhéin agus Seán agus abair Stiofán Ó hAnnracháin agus daoine den tsórt sin do bhí an obair ar fad ar siúl, go huile is go hiomlán, san oíche agus ag an deireadh seachtaine agus do bhí Cois Life sa chás san go dtí trí bliana ó shin creid é nó ná creid, I mean tá an comhlacht ann le fiche bliain agus is ó thús 2013, mí Eanáir 2013 a bhí an chéad fhostaí ag an gcomhlacht, tá an cur chuige nó an leagan amach beagán níos gairmiúla ón dtaobh san is é sin go bhfuil oifig agus duine ann agus mar sin agus tá a leithéid céanna ag Cló Iar-Chonnacht. Tá roinnt áirithe daoine fostaithe acu san ach ar ndóigh ní le foilsitheoireacht na Gaeilge ar fad atá siad sin fostaithe tá siad ag plé le cúrsaí ceoil agus gnóthaí eile freisin ach tá sé deacair, tá an bhéim i gcónaí ann agus tuigim fhéin nuair atá tú ag plé le cúrsaí deontas stáit agus a leithéid ní féidir a bheith ag caitheamh airgead an phobail gan é a bheith nasctha le toradh faoi leith ach tá an bhéim ar fad agus bíonn na tréimhsí ama thar a bheith gearr rud nach n-oireann do fhorbairt na foilsitheoireachta, mar shampla ní bhíonn fhios agat go dtí tús na bliana cén t-airgead a bheidh agat, agus ní mór dó a bheith caite i Mí Dheireadh Fómhair, tús na Samhna, más sea i gcúrsaí foilsitheoireachta bíonn daoine ag obair, ní mór duit a bheith, ní mór duit na saothair a bheith coimisiúnaithe agat le haghaidh 2016, 2017 ag an bpointe seo, mar sin bíonn airgead caite roimh réidh mar a déarfá. Mara mbeadh an foilsitheoir cuid éigin den ualach sin a sheasamh é fhéin nó í fhéin nó an comhlacht ní éireodh le daoine é a dhéanamh. Ní haon ghnó go bhféadfadh duine léimt isteach ann go tapaidh agus níor mhór duit chun tosnú amach roinnt mhaith mílte euro a bheith agat fiú chun tosú amach ar scála beag mar bheadh an t-airgead caite b'fhéidir bliain nó bliain go leith nó sé mhí sula mbeadh aon rud ag teacht thar n-ais chugat agus ar ndóigh tá, tá cúrsaí díolacháin agus cúrsaí margaíochta buailte go holc le tamall de bhlianta chomh maith tá cúlú mór tarlaithe ansin cé go bhfuil casadh áirithe ann b'fhéidir i mbliana.

Is dócha, an cheist mhór, cad as a dtagann na leabhair nó conas a roghnaítear iad. Tagann roinnt áirithe leabhar isteach chugainn mar a thagann chuig doras gach aon fhoilsitheora agus cuirimid fáilte rompu san, tá fáilte roimh dhaoine a leithéid sin a dhéanamh. Inár gcásna ní ghlacaimid ach le b'fhéidir ceann as deich a thagann agus is minic a dhiúltaímid do shaothair agus chíonn tú sa siopa iad nó in áit éigin iad agus go breá bíonn cúiseanna éagsúla le rudaí mar sin. Is dócha go bhfuil roinnt údar a bheadh bunaithe agus ag foilsiú linn le fada agus go minic téimid thar n-ais chuig na húdair chéanna nó tagann na húdair chéanna chugainne agus chomh maith leis sin i gcaitheamh na mblianta do dheineamar roinnt taighde nó roinnt machnaimh ar dhaoine a d'fhéadfadh rud éigin a scríobh abraimis i nGaeilge rithfeadh sé liom, Éilís Ní Dhuibhne, bhí sí aitheanta mar údar Béarla agus do chuamarna chuici, ag fiafraí, tá Gaeilge aici agus bhíomar, is buntáiste mhór bheith ag plé le húdair a bhfuil ceird na scríbhneoireachta acu agus a thuigeann margadh freisin agus atá in ann a gcuid a chur in iúl, a mhalairt a tharlaíonn de ghnáth i gcúrsaí na Gaeilge, b'fhéidir go mbeadh Gaeilge ag duine nó fonn orthu rud a dhéanamh ach ní hionnan san b'fhéidir agus leabhar inléite a sholáthar. Éilís, is dócha, an duine is mó a ritheann liom sa ghrúpa sin agus Dermot Somers duine eile, dhein sé cúpla leabhar dúinn a bhí éagsúil, bímid ag iarraidh beagán éagsúlachta a thabhairt isteach sa scéal freisin mar, ag iarraidh b'fhéidir, do dheineamar iarracht roinnt leabhartha a fhoilsiú a mbeadh téamaí nó ábhar iontu nach mbeadh ar fáil go ginearálta roimhe sin i nGaeilge. Mar shampla cúpla leabhar ag Dermot agus cúpla leabhar ag Alex Hijmans, sin duine eile ar chuamar chuige a bhfuil cúlra suimiúil aige fhéin mar ní Éireannach in aon chor é, agus éiríonn cuibheasach maith leis na leabhair ach, an ceann is fearr liom fhéin is ea an chéad cheann a chur sé amach Favela ina labhrann sé ar chúrsaí na Brasaíle agus mar sin, mar is beag seans a bhíonn againn bheith ag léamh mar gheall ar dhaoine go mbeadh duine as tír eile ag cur síos ar chultúr eile ar fad fós agus é sin ar fad á dhéanamh i nGaeilge. Is maith linn na leabhartha, is maith linn, más féidir, formáidí éagsúla a chleachtadh leis na leabhair ní dóigh linn gur chóir don fhoilsitheoir a bheith srianta don leabhar idir dhá chlúdach cló agus tá, go háirithe le cúpla bliain, tá beagnach 40 ríomhleabhar foilsithe againn. Déanfaimid eagrán nó leagan ríomhleabhair d'fhormhór na saothar ficsean agus chomh maith leis sin tá sé sin an-oiriúnach i gcás na leabhar sin a bheadh, atá as cló, mar ní fiú athchló a chur orthu, b'fhéidir nach gceannófaí ach 20 nó 30 cóip in aghaidh na bliana agus ní fiú míle cóip eile a ordú. Is féidir a rá go bhfuil an ríomhleabhar ann agus ar fáil. Chomh maith leis sin téann tú timpeall ar saghas cúngrach na siopaí agus na fadhbanna go léir a bhaineann leis sin, is féidir le haon údar a rá lena phobal nó lena pobal fhéin is féidir é a cheannach ó Amazon, má tá tú i do luí ar an trá is féidir leat saothar le hÉilís Ní Dhuibhne a cheannach agus é a léamh ar an trá gan éirí.

[16.36]

Is deacair a rá, do bheinnse ag féachaint air mar léiriú breise ar an saothar, tá leabharlanna ag déanamh cuid den cheannach anois, ag caitheamh cuid den airgead ag ceannach na ríomhleabhar seachas na leabhair chló, réitíonn sé fadhbanna stórála agus a leithéid, níl sé ana-chostasach ríomhleabhar a dhéanamh sa bhreis ar an mbunrud, tá an t-airgead go léir dáiríre sa leagan cló, ní dóigh liom gur mhaith linn go nglacadh ríomhleabhair áit na mbunleabhar ach i dteannta a chéile is fearr iad. Taitníonn siad le daoine de gach aois agus tá an-chuid den dream óg a bhíonn ag léamh a déarfaidh leat gur fearr leo na gnáthleabhair so tá sé suimiúil gur daoine b'fhéidir de m'aois féin, chífeá daoine ar an traein leis an Kindle, nílim ag caint ar leabhartha Gaeilge go speisialta, ach is maith le daoine rud éigin éadrom a bheith acu agus na leabhair, so tá timpeall is 40 leabhar againn déanta go dtí seo agus ba mhaith linn leanúint leis sin agus leagan fuaime a dhéanamh más féidir de roinnt leabhar.

Is dóigh gur leag Cois Life béim ón tús ar dhearadh maith a bheith ar na leabhair agus ní fhéadfainn a rá go mbímid ag breathnú timpeall is go bhfeicimid aon rud níos fearr ar siúl ag daoine eile, chomh maith leis sin is maith linn a shamhlú go mbímid ag foilsiú ábhar nach smaoineodh foilsitheoirí eile ar ábhar den chineál céanna, mar shampla leabhar a chuireamar amach anuraidh le Alex Hijmans Splancanna ó Shaol Eile saghas fóta-iriseoireachta atá ansin tá pictiúir agus tá aiste ghearr ag gabháil le gach ceann acu. Ba mhaith linn uair éigin ach an t-am a bheith againn chun an obair a phleanáil agus é a choimisiúnú, ba mhaith linn roinnt ábhar faisnéise a fhoilsiú i nGaeilge. Tá bearna ollmhór ansan. Ní féidir siúl isteach is leabhar cócaireachta, leabhar garraíodóireachta, leabhar faoi do shláinte, tá roinnt leabhar spioradálta ann is dócha ag foilsitheoirí den tsórt sin ach níl leabhartha den chineál wellness nó wellbeing níl faic den tsórt sin ar fáil i nGaeilge agus ceapaim go mb'fhéidir go mbímid i gcoitinne, muid fhéin agus foilsitheoirí eile, ag breathnú róchúng. Tá an litríocht thar a bheith tábhachtach ach tá rudaí eile ann freisin.

Is dócha go bhfeicimse athrú fiú amháin le 3 nó 4 bliana agus ní ábhar suimiúil é seo do lucht éisteachta ach tá méadú as cuimse ar an méid riaracháin is gá a dhéanamh chun an stát a shásamh agus táimid ag maireachtaint, ní bhaineann sé seo leis na gcúlú eacnamaíochta, tá Cois Life thar a bheith beag, tá fostaí amháin againn, táimid ag plé le dhá eagras maoinithe a bhfuil clár agus spriocanna éagsúla acu agus bail orthu, tá siad i dteideal a leithéid a bheith acu agus is maith an rud é go bhfuil an tacaíocht sin againn ach glacann sé b'fhéidir mí d'am na hoifige a bheith ag plé le hiarratais mhaoinithe, leis na héilimh airgeadais i gcaitheamh na bliana. Má théann éileamh airgeadais isteach, má tá dhá euro mícheart sa suimiú tiocfaidh sé ar ais arís, tríd an bpost. Ní mór an rud ar fad a dhéanamh agus bíonn an oiread píosaí páipéir ag teastáil ní hamháin go gcaithfidh tú cuntais iniúchta a bheith agat agus bíonn agus tá sé sin láncheart ach ní hamháin sin ach caithfidh tú a lán fianaise i gcaitheamh an ama a sholáthar ar an ábhar céanna a dhéanann an cuntasóir is an t-iniúchóir é a dhearbhú i ndeireadh na bliana, ní thuigim ó thalamh cad ina thaobh go bhfuil gá leis sin agus tá sé ana-dheacair. Ba mhaith linn a bheith ag plé leis na leabhair, leis na húdair, le margaíocht na leabhar, ach tá breis agus breis agus breis ama á ídiú ar phíosaí páipéir.

[20.40]

Is dócha go bhfuilimid bródúil as éagsúlacht na leabhar, ní aon teideal amháin, tá cuid de na teidil mhóra ar caitheadh a lán ama leo ar nós fiú Seanfhocla Chonnacht cúpla bliain ó shin a raibh CD leis agus bunachar seanfhocal le dearadh le cur isteach ann, Dúlra Oileáin Árann leabhar a thóg an t-uafás ama freisin agus tá sé ana-dheas go bhfuil a leithéid ann i nGaeilge. Bhí leagan áirithe de i mBéarla roimhe sin. Bíonn an oiread ama i gceist le tionscadail den tsórt sin agus ó thaobh na litríochta, braithimid go bhfuil údair agus saothair foilsithe nach mbeadh tar éis teacht amach le foilsitheoir eile mara mbeadh Cois Life ann agus táimid mórálach as san. Chomh maith leis sin éiríonn go han-mhaith le cuid de na teidil, bímid ag caint ar mhargadh beag bídeach ar theidil eile, ach tá 120 leabhar nó mar sin foilsithe againn le 20 bliain anuas agus tá athchló déanta ar b'fhéidir 15 acu sin agus bheadh 10 gcinn nó dosaen ceann acu a dhíol go hard os cionn míle cóip, cuid acu, bhuel cúpla ceann abair Hurlamaboc le hÉilís Ní Duibhne díoladh 7 nó 8,000 míle cóip. Aistríodh é yeah agus bhí caibidil as ar chúrsa na hardteistiméireachta, is dócha gur chuidigh sé sin ag tráth éigin ach bhí sé tar éis díol go maith, bhí díol maith air roimhe sin.

Ó thaobh na filíochta tá dhá shaghas ábhar, bhuel, trí shaghas ábhar foilsithe againn, do dheineamar cúpla cnuasach, cúpla dialann, sórt dírithe ar an ngnáthphobal, daoine ar mhaith leo teacht a bheith acu ar chúpla dán agus aistriúchán ag gabháil leo. Dhein Ciarán Mac Murchaidh iad sin Lón Anama agus Filíocht Ghrá na Gaeilge, tá Filíocht Ghrá na Gaeilge ana-dheas mar leabhar, tá ealaín ana-dheas leis chomh maith ag Anna Nielsen. Ceannaíonn daoine, bíonn ceannach, nó bhí ceannach cuibheasach maith ar na leabhair sin agus déarfainnse go mb'fhéidir go bhfuil margadh áirithe i gcóir bronntanas i gceist. Tá leabhair mar sin go deas le bronnadh ar dhuine éigin agus sin margadh a mbímidne ag díriú air méid áirithe abraimis le Leabhar Laethanta Dhonla Uí Bhraonáin, tá ag éirí go hana-mhaith leis sin. Tá rudaí mar sin agus ceapaimid go bhféadfaí rudaí i bhfad níos suimiúla a dhéanamh ó thaobh díolamaí ilteangacha nó dátheangacha Gaeilge agus rudaí eile. An chúis is dócha nach bhfuilimid tar éis iad sin a thionscnamh ná go dteastódh, go réadúil, theastódh eagarthóir a bheadh ag plé leis sin nach mór ar bhonn leanúnach chun go mbogfadh tionscadal den chineál sin ar aghaidh i gceart.

Táimid tar éis rogha dánta a fhoilsiú le cúpla duine, Greagóir Ó Dúill agus Liam Ó Muirthile an ceann eile a tháinig amach anuraidh agus táimid tar éis cnuasaigh aonair, cnuasaigh níos lú a fhoilsiú le roinnt filí. De ghnáth ní rachaimis amach á lorg ach sa chás go dtiocfadh rud éigin a mbeadh suim againn ann foilsímid iad agus cúpla cnuasach a dhein Liam dírithe ar dhaoine óga. Dhein sé ceann bunaithe ar thréimhse a chaith sé i Múscraí leis na scoileanna, ag scríobh leis na páistí saghas tionscadal logánta a bhí ann agus dhein sé ceann eile ansin An Seileitleán agus véarsaí seilí eilí. Dáiríre ní féidir filíocht i dteanga ar bith a fhoilsiú gan cúnamh stáit, tá tacaíocht fiú amháin i mBéarla chun filíocht a fhoilsiú ach ós ag caint ar an bhfilíocht atáimid tá cúpla slí an fhilíocht a léiriú sa bhfocal scríofa agus ábhar fuaime, is fiú go mór is dóigh linne ábhar fuaime a chur le leabhar filíochta agus chomh maith leis sin bíonn an file ag dul timpeall, so tá persona an fhile féin thar a bheith tábhachtach agus ní dócha gur fiú mórán a bheith ag cur leabhar filíochta amach mara bhfuil file agat atá in ann dul ar an gcamchuairt agus é fhéin nó í fhéin a chur in iúl, a chur ar an ardán go maith.

Táimid ann fós, déarfaidh mé an méid sin, tá dúshlán mór maidir le margaí liteartha maidir le daoine a léifidh ábhair i nGaeilge mar gheall ar go dtaitníonn sé leo agus nach gá dóibh é a dhéanamh le haghaidh scrúdú éigin nó a leithéid ach b'fhéidir go mbímid ródhian orainn fhéin uaireanta mar tá fhios agam i gcuid mhaith de na teangacha eile nach mórtheangacha iad, abair sa tSlóivéin agus sna tíortha sin, ní haon náire leo clórith 400, 500 cóip a dhéanamh de leabhartha liteartha agus a bheith sásta leis agus bímidne ag ceapadh go gcaithfidh gach duine a bheith i do Cecelia Ahern agus Booker prizes agus a leithéid. Táimid ag maireachtaint leis an gcultúr agus leis an margadh agus leis an teanga is mó ar domhan agus tá sé ana-dheacair tú fhéin a chur in iúl i gcomórtas leis sin.

Tá fadhbanna móra dáileacháin ag na foilsitheoirí Gaeilge ar fad mar dáiríre níl ach córas amháin i gceist agus tá sé sin faoi scáth Fhoras na Gaeilge, ÁIS an t-ainm atá air. Déanann siad a ndícheall ach níl an struchtúr agus níl an fhoireann cuimsitheach a ndóthain acu chun seirbhís mhaith, an tseirbhís a theastódh, a chur ar fáil agus tá na foilsitheoirí Gaeilge róbheag iontu fhéin chun a bheith ag dul ar an mbóthar. Déantar roinnt díolachán díreach, déantar díolacháin ar líne agus tá sé sin ag méadú. Tá an díolachán ar líne ag méadú go seasta ach tá sé fós beag ach tá fadhbanna dáileacháin ann agus dáiríre má tá an méid seo airgid le caitheamh ag an stát ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge ba chóir dóibh é a dheimhniú go mbeadh na leabhair á ndáileadh ar bhealach níos éifeachtaí ná mar atá.