Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Saturday, 1 August 2020

Script: Clár nua TG4: Bhí an Saol Deacair Fadó! (An Saol Mar a Bhí)

Clár nua TG4: An Saol Mar a Bhí nó Ceathrar as an nGaeltacht

Má tá suim agat tuilleadh físeán grinn a fheiceáil, tabhair cúpla € do GaelGÁIRÍ anseo https://www.gofundme.com/f/cabhraigh-le-gaelgairi


 
Mar chuid den Fhéile Halfmoon Festival, míle buíochas le hAisling agus gach éinne ón bhféile!

Dáithí Ó Sé (mar dhea) Anois clár nua ag tosú anso ar TG4! An saol mar a bhí Cuimhní ó thriúr fear randamach ón nGaeltacht agus leaid fánach éigin ó Bhleá Cliath.

Conamara: Ó, bhfuil a fhios agaí, nach álainn an blas atá air, ní bhuailfeadh tada Chateau de Chassilier a comrádaithe. (breathnu ar gach duine)

Gaoth Dobhair: Moram go bhfuil an fhírinne agat ansin, tá sé fiánta! (breathnaigh con)

Corca Dhuibhne: Thá an ceart agat ansan a bhuachaill! (breathnaigh con)

Bleá Cliath: Sin é a chara, cé a shílfeadh triocha bliain ó shin go mbeadh muid inár suí anseo ag ól gloiní fíona Chateau de Chassilier? (breathnaigh con)

Conamara: Sin é a chomrádaí. Sna laethantaí sin, bhíodh muid buíoch cupán tae féin a bheith a’n. (breathnaigh bác)

Gaoth Dobhair: Ó, sé, cupán tae FUAR (breathnaigh conamara)

Corca Dhuibhne: Gan bainnge ná siúcra is baolach! (breathnaigh con)

Conamara: NÁ focain tae a mhac! (breathnaigh corca dhuibhne)

Bleá Cliath: I gcupán salach lofa! (gach duine)

Conamara: Ní ra’ cupán a’ne ariamh. D’ólaimís as páipéar nuachta a bhí cineáilín rolláilte suas a’n. (breathnaigh bác)

Gaoth Dobhair: Sé an rud ab fhearr a bhí againne ná giota éadach leis an tae a shú as. Ach bhí mé iontach sásta leis. (breathnaigh Conamara)

Corca Dhuibhne: bhfuil a fhios agaibh, bhíomarna sásta na laethanta san, cé gur bocht a bhíomar, agus beo bocht. (gach duine)

Bleá Cliath: Ah jasus, bhí, de bharr go raibh muid bocht. Déarfadh mo dhaid fhéin é, ‘Is fearr an tsláinte ná na táinte.’ (breathnaigh corca dhuibhne)

Conamara: Agus nach aige a bhí an ceart. Bhí mé níos happy an uair sin ná mar tá mé anois agus ní raibh tada a’m an t-am sin! Bhíodh cónaí orainn i dteachín beag bídeach, an braon anuas ann agus poill sa díon, chuile shórt. (breathnaigh bác)

Corca Dhuibhne: Tigh? Féach anois sibhse a raibh ‘tigh’ agaibh! Bhíodh cónaí orainne i ‘SEOMRA’, céad fiche sé dhuine againn, gan troscán ar bith san áit. Bhí leath an urláir in easnamh, agus sinn bailithe isteach le chéile sa chúinne le beagán teasa a bheith againn.

(breathnaigh conamara)

Gaoth Dobhair: Leoga, nach mór an t-ádh a bhí ‘seomra’ a bheith agaibh! Cha raibh saol faoi shó mar sin againne. Bhí cónaí orainn i bpasáiste! (breathnaigh corca dhuibhne)

Bleá Cliath: Ó jasus, bhímís ag brionglóidí faoi chónaí i bpasáiste! Pálas a bheadh ina leithéid d’áit dúinne. Bhíodh cónaí orainne i seanumar uisce thíos sa dumpa. Dhúisítí muid gach maidin nuair a chaití ualach mór cloigne lofa éisc orainn! Teach!? Ná labhair liomsa ar theach! ((breathnaigh gaoth dobhair)

Conamara: Bhuel nuair a deirim ‘teach’; ní raibh ann ach poll eicínt sa talamh agus mála plaisteach 10-10-20 thairis, ach ba theach a bhí ann dar linn. (breathnaigh bác)

Gaoth Dobhair: Chaith an tiarna talún muid amach as an pholl sa talamh a raibh cónaí orainne ann, bhí orainn a dhul a chónaí thíos fá loch mór uisce! (breathnaigh conamara)

Corca Dhuibhne: Loch, ambaiste, saibhreas a bhuachaill! Nár mhéanar daoibh! Ní dhéanfad féin dearúd ariamh air. Bhí céad seasca againn inár gcónaí i mbosca beag bróg i lár an bhóthair, agus muid buíoch as. (breathnaigh gaoth dobhair)

Bleá Cliath: Bosca Cairtchláir? (breathnaigh Corca Dhuibhne)

Corca Dhuibhne: Sin é a bhuachaill. (breathnaigh bác)

Bleá Cliath: Ah jasus, bhí an t-ádh dearg oraibh. Bhíodh cónaí orainn i mála páipéar donn i septic tank ar feadh trí mhí uair amháin. Bhíodh orainn éirí ag a 6 a chlog gach maidin, an mála a ghlanadh, crústa fuar crua aráin a ithe, dul ag obair sa mhuilleann ar feadh 14 uair a chloig sa lá, seachtain i ndiaidh seachtaine. Nuair a thagaimis abhaile bhuaileadh ár n-athair muid lena chrios go dtí go dtifeadh ár gcodladh orainn! (breathnaigh corca dhuibhne)

Gaoth Dobhair: Bí ag caint ar ghalántacht! Bhí orainne éirí as an loch ag a trí a chlog ar maidin, an loch a ghlanadh, dorn te gairbhéal a ithe, toiseacht ag obaí sa mhuilleann gach lá ar dhá phingin sa mhí, teacht ‘un abhaile, le go dtabharfadh ár ndeaide greadadh timpeall an chloiginn dúinn, DÁ mbeadh an t-ádh linn! (breathnaigh bác)

Corca Dhuibhne: vuel saol cruaidh cruálach a bhí againne. Bhíodh orainn éirí as an mbosca cairtchláir age meánoíche na haon oíche, agus an bóthar a ghlanadh lenár dteangacha beaga féinig. Thugtaí leathdhornán gairbhéil dúinn agus é fuar reoite, bhímist ag obair dhá uair an chloig déag sa mhuileann ar cheithre phingne gach sé mbliana, agus nuair a thagaimis abhaile, ghearradh ár n-athair sinn inár ndhá leath le scian mhór ghroí. (gach duine)

Conamara: Bhuel, bhíodh orm éirí ar maidin, ag a deich a chloig san oíche, leathuair an chloig sula dtéinn a chodladh, cupán sulfuric acid a ól, fiche naoi n-uair a chloig oibre a dhéanamh thíos sa mhuilleann chuile lá beo, mise dhá rá leat, agus úinéir an mhuileann a íoc as an gcead ghoil ag obair, agus ansin mharaíodh ár ndeaide agus ár maime muid agus théidís ag damsa ar ár gcóntrachtaí ag canadh ‘Buíochas mór le Dia sna hairde’. (breathnaigh corca dhuibhne)

Bleá Cliath: Ach abair thusa sin le daoine óga na laethantaí seo… jasus, agus ní chreidfidís thú! (gach duine)

Conamara: Muise, ní chreidfeadh. (gach duine)

Gaoth Dobhair: Ó ní chreidfí é

Corca Dhuibhe: Ní chreidfeadh ambaiste!

Reaction an duine

Football special, fádúda, tá sé ráite agat anois a bhuachaill, baigh deaid. Ah jasus, stop.

Ceathrar fear deá-ghléasta suite le chéile ar saoire.

Conamara, tógalaí, fear cuideachtan (féasóg, agus gruaig fhada)

Gaoth Dobhair, righin, díreach, leamh, (glan-bhearrtha agus gruaig ghearrtha)

Corca Dhuibhne - rógaire, ceolmhar (goatee)

Bleá Cliathach: síorfhulangach, ah jasus, (croiméal gearr gruaig)

Míle buíochas le Dáithí Ó Sé!

Leagan Gaeilge: Eoin P. Ó Murchú

Leagan de Four Yorkshiremen Monty Python

Stiúrthóir Ealaíne: Emma Ní Chearúil

Script: Cé Atá Ag Iarraidh a Bheith Ina Mhilliúnaí?



Má tá suim agat tuilleadh físeán grinn a fheiceáil, tabhair cúpla € do GaelGÁIRÍ anseo https://www.gofundme.com/f/cabhraigh-le-gaelgairi

Seán T. Ó Meallaigh agus Eoin P. Ó Murchu.
Seán T. Ó Meallaigh a chuir in eagar.

Fáilte ar ais chuig “Cé atá ag iarraidh a bheith ina mhilliúnaí”! Anseo sa stúdio liom tá PJ, agus tá ag éirí go hiontach leis go dtí seo, gan ach 5 cheist fágtha idir é agus milliún euro!

Láithreoir: Fáilte ar ais chuig “Cé atá ag iarraidh a bheith ina mhilliúnaí”! Anseo sa stúdio liom tá PJ, agus tá ag éirí go hiontach leis go dtí seo, [beagán iontais air] gan ach 5 cheist fágtha idir é agus milliún euro!

Láithreoir: Anois, an bhfuil tú réidh?
PJ: Eh ...no. [cogar] PJ.

Láithreoir: Dar ndóigh. “Cé acu seo nach raibh mar bhall de na Beatles? John, Paul, Ringo, nó Sam.”

PJ: Oooh na Beatles, feck níl móran suime agam i gcúrsaí ainmhithe. Níl fhios a’am (Níl ‘sam a deirtear)

Láithreoir: Tá an ceart agat!

PJ: Huh?

Láithreoir: Níl Sam sna Beatles. An chéad cheist eile. Cé a bhí sa phríomhról sa scannán Phantom of The Opera

PJ: Oooh níl fhios a’am cé a bhí sa phríomhról ach is cuimhin liom léamh go raibh Gerard Butler ina measc.

Láithreoir: Sin é go díreach, Gerard Butler agus masc á chaitheamh aige!

An chéad cheist eile. Críochnaigh ainm an chláir teilíse seo ó na 90í “Buffy The Vampire_____”

Killer, Hunter, Slayer, Defanger.

PJ: Oh

Láithreoir: Clú ar bith a’at?

PJ: Is léir nach bhfuil

Láithreoir: Sin é! Slayer! Buffy the Vampire Slayer. D’fhéadfá an t-uafás airgid a chailleadh as seo amach. Tá seic anseo agam duit i gcomhar €250,000. Anois ceist eile. Céard is Ikebana ann?

Cineál Díneasáir, Ceird, Ealaíon troda, Damhsa

[Níl PJ ag éisteacht - tá sé ag breathnú ar an seic le hiontas]

Láithreoir: Ní chaithfidh tú dul sa seans air ach caithfidh mé glacadh leis an gcéad fhreagra uait.

Céard is ikebana ann? Ikebana.

PJ: Céard...?

Láithreoir: Ceart arís! Is ceird é - ceird ina mbítear ag cóiriú bláthanna sa tSeapáin!

Anois, an cheist dheireannach, don mhilliún euro…

Sa scannán Witness téann Harrison Ford isteach i ngrúpa mionlach reiligiúnda le’n iad a chosaint. Cén grúpa é sin…?

PJ: Harrison Ford? Ah Muis!

Láithreoir: SIN É! TA MILLIÚN DOLLAR BUAITE AGAT

SFX Ceiliúradh

Láithreoir: Agus PJ, cad tá tú chun déanamh leis an airgead?

PJ: Táim chun fáil réidh le mo bhean.

(Osna ón lucht féachana)

Láithreoir: Bhuel, tá sé seo an-mhíchompordach, tá Brídín suite taobh linn anseo. Ach beidh sos fógraíochta againn anois.

Brídín: (caoineadh) A bhastaird! Bhuel... tá mise ag luí le do dheartháir!

PJ: Hah? Oh bhuel ar a laghad beidh an veain nua agam. Tá sé thar am fáil réidh leis an sean hi-ace

Wednesday, 1 July 2020

‘Caithigí Uachtar Gréine’ le Mary Schmich agus Baz Luhrmann

Leagan Gaeilge: Cormac Breathnach agus Eoin P Ó Murchú

A dhaoine uaisle, a mhuintir na bliana 2020, caithigí uachtar gréine.

Dá mbeadh píosa amháin comhairle le tabhairt agam do gach duine agaibh don todhchaí, an rud a bheadh ann ná uachtar gréine a chaitheamh.

De bharr obair eolaithe is eol dúinn go bhfuil buntáistí fadtéarmacha ag an uachtar gréine, ach an chuid eile de mo chomhairle, níl aon bhunús léi ach mo thaithí sheachránach féin. Seo chugaibh anois an chomhairle chéanna.

Bain taitneamh as cumhacht agus áilleacht na hóige, ó na bac, ní thuigfidh tú cumhacht agus áilleacht na hóige go dtí go mbeidh siad imithe uait. Ach glac uaim é, i gceann 20 bliain breathnóidh tú siar ar ghrianghrafanna díot féin agus cuimhneoidh tú ar bhealach nach féidir leat a thuiscint anois na deiseanna iontacha a bhí romhat agus cé chomh hálainn is a bhí tú. Níl tú chomh neamhcool is a shíleann tú.

Ná bí buartha faoin todhchaí, ná bí buartha, bíodh a fhios agat go bhfuil an bhuairt seo chomh húsáideach céanna le hiarracht suimeanna matamaitice a réiteach trí ghuma a chogaint. Gach seans nár bhuail fíorthrioblóidí saoil leat fós, na trioblóidí sin a fhágfaidh i do staic thú ar a 4 a chlog tráthnóna leamh Dé Máirt éigin. Déan rud amháin gach aon lá a scanraíonn tú. Croch suas é is can amach!

Ná bí ar nós cuma liom le croíthe daoine eile, agus ná glac leo sin a bhíonn míchúramach le do chroí féin. Tabhair aire do d’fhiacla. Ná cuir d’am amú le héad. Uaireanta is ag ceann an ráis a bheidh tú, uaireanta eile ar gcúl. Is fada an rás é agus ar deireadh níl ann ach tú féin. Cuimhnigh ar na rudaí deasa a deirtear leat, dearúd na masluithe; má éiríonn leat sa mhéid sin, inis dom conas. Coinnigh do chuid seanlitreacha grá, caith amach aon seanráiteas bainc. Déan síneadh. Ná mothaigh ciontach mura bhfuil a fhios agat cad ba mhaith leat déanamh sa saol... an dream is suimiúla a bhfuil aithne agam orthu ní raibh a fhios acu agus iad scór bliain d’aois cad a dhéanfaidís sa saol, iad sin is suimiúla ar fad agus iad daichead níl a fhios acu fós cad ba mhaith leo déanamh. Is fearrde thú bainne. Caith go deas le do ghlúine, braithfidh tú uait iad agus iad imithe.

B'fhéidir go bpósfaidh tú, b'fhéidir nach bpósfaidh, b'fheidir go mbeidh clann ort, b'fhéidir nach mbeidh, b'fhéidir go scarfaidh tú in aois do dhá scór bliain, b'fhéidir go ndéanfaidh tú damhsa an dreoilín ar cheiliúradh ceithre scór do phósta. Pé rud a dhéanfaidh tú ná bí rómholtach ná rócháinteach leat féin, baineann an t-ádh le haon rogha a dhéanann tú sa saol agus leis an rogha a dhéanann aon duine eile. Bain taitneamh as do chorp; bain úsáid as i ngach slí gur féidir leat. Ná bíodh eagla ort roimhe agus ná smaoinigh ar thuairimí daoine eile faoi. Is é an uirlis is fearr dealbh is déanamh a bheidh agat choíche. Bí ag damhsa, fiú mura bhfuil aon áit eile agat len é a dhéanamh ach do sheomra suí féin. Léigh anois go cúramach na treoracha, fiú mura leanann tú iad. Ná caith do shaol ar Instagram, an t-aon rud a thiocfaidh as ná go mothóidh tú gránna.

Cuir aithne ar do thuistí, ní bheadh a fhios agat cathain a bheidh siad imithe uait go deo. Bí go deas le do mhuintir, is iad is mó a nascann leis an am atá caite thú agus is iad sin is mó a sheasfaidh leat amach anseo. Tuigeann tú go dtiocfaidh is go n-imeoidh cairde, seachas an líon beag sin acu gur chóir greim a choinneáil orthu. Oibrigh go crua leis na bearnaí tíreolaíocha agus saoil eadraibh a líonadh, mar de réir mar a théann tú in aois, is ea is mó a theastaíonn an dream sin a raibh aithne agat orthu agus tú óg. Cónaigh i gcathair Bhaile Átha Cliath ar feadh seala, ach fág sula ndéanfaidh sé crua thú. Cónaigh i gCathair na Gaillimhe seal eile, ach fág sula ndéanfaidh sé bog thú. Téigh ag taisteal. Glac le roinnt fíricí dosheachanta, rachaidh praghasanna in airde, toghfar polaiteoirí cama, rachaidh tusa féin in aois agus nuair a tharlóidh sin smaoineoidh tú faoin am sin a raibh tú féin óg. An t-am a raibh praghasanna réasúnta, polaiteoirí iontaofa agus go raibh meas ag óg ar aosta. Bíodh meas agatsa ar aosta. Ná bí ag súil go dtacóidh éinne leat. Seans go bhfuil meall mór airgid sa bhanc agat, seans gur milliúnaí do chéile, ach ní bhíonn a fhios agat go deo cathain a d’imeodh sin ar fad. Ná déan an iomarca pleidhcíochta le do chuid gruaige, nó faoin am a mbeidh tú meánaosta beidh gruaig an tseanduine ort. Bí cúramach cé na daoine a gceannóidh tú comhairle uathu, ach bí foighneach leo siúd a chuireann í ar fáil, saor in aisce.

Maoithneachas atá ann comhairle a thabhairt. Nuair a thugann duine comhairle is bealach atá ann dóibh a stair féin a thógáil amach as bosca bruscair na gcuimhní, na píosaí is gránna di a chlúdach le péint úr agus athchúrsáil a dhéanamh ar an iomlán le gur mó an luach ar an leagan dá stair féin a thugtar mar chomhairle.

Ach glac uaim é faoin uachtar gréine.




Leagan Gaeilge: Cormac Breathnach | Eoin P Ó Murchú
Glór agus físeán: Eoin P Ó Murchú
Eagarthóireacht fuaime: Emma Ní Chearúil
Fotheidil Ghaeilge ar fáil - brúigh 'cc' ar an bhfíseán!  
Bunlitir: Mary Schmich
Buncheol: Everybody's Free (To Feel Good) le Rozalla Ceol: Wear Sunscreen le Baz Luhrmann.
Míle buíochas le: Ciara Ní É ó REIC Ciarán Mac Fhearghusa ó Óga Yóga Sean T. Ó Meallaigh Tomaí Rua Ó Conghaile Kneecap Lucht Féile na Gealaí Físeáin bhreise taifeadta i mBÁC le linn dianghlasála. Gearrthóga eile ó pexels agus pixabay. Deilbhín an fhíseáin ó kissclipart.com https://www.kissclipart.com/protector...

Thursday, 25 June 2020

24 Gaeilgeoirí a Aithníonn Muid Ar Fad!

Beidh GaelGÁIRÍ i mbun grinn mar chuid den Half Moon Festival ar líne anocht Dé hAoine 26 Meith. óna 8pm – 8.30pm. Aideen McQueen, Seán T. Ó Meallaigh, Eoin P. Ó Murchú, Eddie Mullarkey a bheidh ann. Beidh an seó le feiceáil ar https://www.halfmoonfest.com/
San alt seo caitheann na GaelGÁIRÍ súil ar na cineálacha éagsúla Gaeilgeoirí atá ann. An aithníonn tú tú féin ina measc?

1. Gaeilgeoir TG4
Ní dhéanann an bhean seo aon rud sa saol ach a bheith ar TG4. Seó spórt? Cinnte. Clár do dhaoine óga? Go dearbh. Clár staire? Go deimhin. Ros na Rún? Gan amhras. Tá saineolas aici ar gach aon ghné den saol, sin an fáth a bhfeicfidh tú í ag cur An Aimsir i láthair, clár cócaireachta ina dhiaidh sin agus ansin an Nuacht.

2. An Coisteoir
Suíonn an coisteoir ar gach uile choiste Gaeilge faoin spéir is suíonn ar a thóin ar na coistí céanna. Is breá leis ceisteanna a chur, rúin a mholadh agus tacú le moltaí. Ar an drochuair níor tháinig fiúntas ar bith as aon cheann de na rudaí seo riamh.

3. Gaeilgeoir na Jailtachta
Duine a d’fhoghlaim a chuid Gaeilg ar an Cheis Fhada. Cloisfidh tú frásaí ar nós ‘mo juine’ ‘caidé mar?’ agus ‘Níor hinteruptáil mise thusa, ná hinteruptáil thusa mise’ Díreach ná hiarr orthu cad a thug sa phríosún iad…

4. An Gaeilgeoir Speaker, Like
An Gaeilgeoir seo like talks Irish loads of the time and is really iontach ar fad!! Ní féidir sentence iomlán a labhairt gan mixing a dhéanamh ar na words ar fad! Dáiríriously? Dochreidable!

5. An File
Gael go smior is ealaíontóir go smúsach is ea an file. Conas mar a dhéanann sé gairm as níl fhios ag éinne. Bíonn sé i gcónaí ag teacht ó léamh éigin poiblí nó ar a bhealach chuig áit iargúlta éigin le haghaidh seachtain scríbhneoireachta. Smaointeoir, scríbhneoir agus spiorad saor is ea é.

6. An D4 Gaelgóir
Tá, like, annnnnn-spéis ag an duine seo sa tonga, tá sé like chomh hálainn? Ach níl an mocha frappuccino sin thar moladh beirte a Fhiachra an bhfuil?


7. An (Mí)Cheartaitheoir
Is breá leis an duine seo daoine a cheartú, séimhithe a mholadh, uruithe a bhaint is iolraí a athrú. Cuireann sé nó sí as do gach éinne a labhraíonn is a fhoghlaimíonn an teanga. An rud is measa ar fad ná go bhfuil an mícheart acu leath den am.

8. An ‘Gníomhaí Teanga’ Gairmiúil
Féach a chuntas twitter; gníomhaí teanga a deir sé, rud céanna fíor faoina chuntas Insta agus Facebook, síníonn sé gach feachtas Gaeilge ar líne, léann leabhair Ghaeilge, oibríonn le Foras Chonradh na nGael agus... labhraíonn Béarla lena pháistí.






9. An Gaeilgeoir Coimeádach
Aifreann, Gaeilge, pápa, Gaeilge, ná bíodh ginmhilleadh agat, Gaeilge, an bhfaca tú na rudaí scannalacha a bhí ar bun ag na daoine óga ar ar an gclár sin Normal People? Gaeilge, bíodh paidir bhreá againn, Gaeilge, bain díot an coiscín sin, Gaeilge, cén feachtas maidir le polasaí sóisialta ar féidir liom páirt a ghlacadh ann agus a chailliúint anois?

10. An Múinteoir Gaeilge gan Ghaeilge
Conas go bhfuil an duine seo ar an liosta? Conas gur múinteoir iad? Níor chóir go mbeadh an duine seo ar an liosta in aon chor! (sea, sin an pointe ar bhealach!)

11. Gaeilgeoir Dhún na nGall
Deir siad rudaí mar ‘faoi dtaobh de’ nó ‘fadúda’ nó ‘%$£&&^^&^’ Ní thuigeann daoine iad go ginearálta agus is maith sin mar go bhfuil siad fós ag caint faoin gcaoi ar bhuadar craobh na hÉireann sa pheil agus uair sin a chas siad le Daniel O’Donnell.

12. An Sinn Féiní ToghchánGhaelach
GaelOscar Óg Mac Ruadháin Ghaelaigh is ainm dó, imríonn sé peil, iomáint, camógaíocht, peil na mban, liathróid láimhe is seineann an fheadóg stáin, an fheadóg mhór agus an fheadóg Ghaelach. Níl ach fadhb amháin ann, níl focal Gaeilge aige.

13. Géilgeoir Bhailya Áha Clía
Labhraíonn sé Géilge Bhaile Átha Cliath, ar son na cúise, tuigeann tú, ní thuigeann sé Gaeilge na Gaeltachta is ní thuigeann Gaeilgeoirí na Gaeltachta é ach nach cuma. BÁC abú!

14. Gaeilgeoir Lurgan
Aistríonn sí amhrán Billie Eilish go Gaeilge, faigheann 33 mhilliún buille ar a físeán Youtube. Fós i mbliain a trí ar an meánscoil.

15. An Conamarach Cumtha
Blas láidir Chonamara? Tic. Damhsa ar an sean-nós le scuab Chonamarúil? Tic. Amhránaíocht chráite Chonamara? Tic. Agus cad as duit a Sheáin? Ó Cill Chainnigh, an ceantar Gaeltachta ann, ní foláir.

16. Gaeilgeoir na Dea-aimsire/an Ólacháin
Agus é ólta beartaíonn an duine seo gurb é seo an lá le Gaeilge a labhairt arís (tar éis an 7ú pionta Guinness beartóidh siad a gcuid Gaeilge rímheirgí a labhairt feasta. ‘Fonn orm í a fhoghlaim i gceart anois, ba chóir dúinn í a labhairt le chéile i gcónaí.’ ‘Oh god it was heavy night last’ uaidh ar maidin áfach.

17. An Hipí Gaelach
Seinneann sí i mbanna ceoil Gaeilge Reggae, crochann amach le poncanna agus ainrialaithe a chaitheann ‘raithneach’, stiúraíonn ranganna ióga agus aireachais, rinnmhachnaimh, tie-dye agus conas anraith a dhéanamh as neantóga.

18. Gaeilgeoir an Idirlín
Tagann na daoine seo ó na tíortha is faide ó Éirinn ar chlár na cruinne. Caitheann siad seo a gcuid ama ar fad ar twitter, facebook, reddit/ga, politics/ga ag cur is ag cúiteamh faoi gach aon mhionscéal agus mórscéal ó bhun go barr na cruinne. Tá blag acu, podchraoltaí, glacann siad páirt ar chláracha raidió agus déanann físeáin Ghaeilge tiktok gach lá. De bharr nach bhfaca éinne ariamh iad, áfach, tá tú leath den tuairim nach ann dóibh dáiríre!

19. An Máthair-Ghaeilgeoir
Breathnaíonn an bhean seo uirthi féin mar inneall ginte ar son na cúise, 33 leanbh faoi bhun 4 bliana aici anois agus iad ar fad ag Gaeilgeoireacht leo. Moladh go deo léi!

20. An Gaeilgeoir Gearmánach
Níor chaith sí lá in Éirinn riamh ach tá blas láidir Chiarraí ar a cuid Gaeilge. Déanann sí an-leagan de An Poc ar Buile de réir gach tuairisce agus is uber-leantóir de chuid amhránaí sean-nóis éigin nach bhfuil albam curtha amach aige fós.

21. Gaeilgeoir na Polaitíochta
Fear mór Gaeilge, beidh athrú ann cinnte, tuilleadh seirbhísí, tacaíochta, spreagtha ach bhuel anois, feiceann tú agus cúrsaí mar atá, agus an éiginnteacht faoi Bhrexit agus faoin víreas corónach, ní thig, ní féidir, níl cead, ní dhéanfar, laghdófar, scaoilfear chun bealaigh, roinnfear, dúnfar, druidfear. Ó toghchán? Scaipfear, feabhsófar, bréagfar!

22. An Gaeilgeoir Aerach
Tá an duine seo aerach, tá Gaeilge acu, mar sin caithfidh go mbeidh siad ag iarraidh a bheith leis an gcara eile leat atá aerach agus a bhfuil Gaeilge acu freisin. Síleann tú gur chóir iarracht a dhéanamh iad a spreagadh an cara eile a phógadh ach ní hé go bhfuil aithne ag gach uile dhuine aerach ar a chéile! Agus mar a tharlaíonn, bhí siad ag siúl amach cheana agus ní labhraíonn siad a thuilleadh.

23. An Gaeilgeoir Aontachtach
Céard? Aontachtach le Gaeilge? Wow, ba chóir dúinn go leor poiblíochta a dhéanamh faoin duine seo. Ní féidir argóint na polaitíochta a úsáid ina choinne seo!

24. Gaeilgeoir na Dochtúireachta
Tá an duine seo ag déanamh taighde PHD faoi fhilíocht Ghaeilge Ros Comáin sa séú agus sa seachtú haois déag a bhaineann le rothair. Níl an oiread sin cairde aici ach ar a laghad beidh post aici i Rannóg na Filíochta Rotharbhunaithe amach anseo.

An bhfuil aon chineál eile Gaeilgeora dearmadta againn? Abraígí linn iad! (Foilsíodh leagan den alt seo ar an Tuairisceoir cheana.)

Wednesday, 10 June 2020

Gearrscéal: 'Takeshi ó na Scáth-Thailte'

Tá gearrscéal nua liom ar @IrisComhar na míosa seo. 'Takeshi ó na Scáth-Thailte' is teideal dó agus d'fhéadfaí a rangú mar fhicsean eolaíochta, mar fhicsean tuairimeach (speculative) nó a leithéid. Tá an-suim agam tuairimí ar scéalta den chineál seo a chlos, agus ba mhaith liom fáil amach cad a shíl sibh faoin domhan a chruthaítear ann. Tá Comhar le fáil ó @ansiopaleabhar /anseo (is fiú síntiús a fháil!) https://comhar.ie/iris/80/5/takeshi-o-na-scath-thailte/
 

Saturday, 2 May 2020

An Ponc Faon Gorm

Ceann de na píosaí cainte is fearr liom ná Carl Sagan agus an Ponc Faon Gorm (The Pale Blu Dot) 

Rinne mé leagan Gaeilge, seans go dtaitneoidh sé libh. (Breathnaígí air le ríomhaire glúine agus le cluasáin más féidir!)





'Ón bpointe faire seo i bhfad as, seans go ndéarfá nach ní inspéise an Domhan. Ach ní hamhlaidh an scéal dúinne. Féach arís an ponc úd. Sin an áit seo. Sin ár mbaile. Sin sinne. Áit a bhfuil gach éinne a dtugann tú grá dóibh, gach éinne a bhfuil aithne agat orthu, gach éinne ar chuala tú trácht orthu riamh, gach duine daonna dá raibh riamh ann, chaitheadar a saol anseo. Gach aon rud a chúisigh áthas nó fulaingt sa duine, na mílte de reiligiúin dhóchasacha, idé-eolaíochtaí agus teagaisc eacnamaíocha, gach sealgaire agus soláthraí, gach laoch is gach cladhaire, gach duine a chruthaigh agus a scrios sibhialtachtaí, gach rí agus tuathánach, gach lánúin óg ghrámhar, gach athair is máthair, gach páiste lán dóchas, gach ceapadóir agus gach taiscéalaí, gach múinteoir moráltachta, gach polaiteoir cam, gach mór-réalta, gach ceannaire ró-ard, gach naomh is gach peacach i stair ár speicis – ar cháithnín deannaigh ar foluain i nga gréine.

Ardán an-bheag is ea an domhan sa chomhthéacs ollmhór cosmach. Cuimhnígí ar na haibhneacha fola atá doirte ag a liacht sin ginearál agus impire glórmhar ionas go bhféadfaidís a bheith ina gceannairí seal ar chuid bhídeach de phonc. Smaoinígí ar an gcruálacht gan stad atá imeartha ag dream a chónaíonn i gcúinne amháin den phicteilín seo orthu sin a chónaíonn i gcúinne eile, dreamanna ar deacair aon difear eatarthu a aithint. Nach minic acu míthuiscint, nach mór an fonn maraithe orthu, nach teasaí a bhfuath. Tugann an ponc seo de sholas faon dúshlán an bhuaileam sciath sin ar fad, ár mórchúis gan chúis, agus, leis, tugann dúshlán na seafóide sin a bhíonn orainn, seafóid a cheapadh go bhfuil tosaíocht éigin ag an duine sa chruinne seo.

Dúradán uaigneach is ea ár bpláinéad san olldorchadas cosmach thart timpeall orainn - san ollfhairsinge seo - níl rud ar bith a thugann le fios go dtiocfaidh cúnamh ó áit éigin eile le muid a shábháil orainn féin. Ar feadh ár n-eolais, ár ndomhan féin an t-aon phláinéad a bhfuil aon ní beo le fáil air. Níl aon áit eile, sa ghearrthréimhse pé ar bith, a bhféadfadh ár speiceas dul ar imirce ann. Cuairt a thabhairt? B’fhéidir é. Cónaí? Ní go fóill. Más olc maith linn é, don am i láthair is ar thalamh an domhain is gá an fód a sheasamh.

Dúradh cheana go mbaineann an réalteolaíocht an mórtas dínn agus go gcuireann sé lenár gcarachtar mar dhaoine. Seans nach fearr mar léiriú ar bhaois agus ar éirí in airde an duine dhaonna ná an íomhá seo dár ndomhan bídeach i bhfad as. Dar liomsa, treisíonn sé an dualgas atá orainn plé go cineálta lena chéile agus a chinntiú go gcaomhnóidh muid agus go léireoidh muid meas ar an bponc faon gorm, an t-aon bhaile a bhí riamh againn.'


Focail: Carl Sagan Ceol: Vangelis (ón tsraith teilifíse Cosmos) Leagan Gaeilge: Eoin P. Ó Murchú 
Foilsíodh leagan den aistriúchán seo in Irisleabhar Mhá Nuad sa bhliain 2019. Míle buíochas le hEmma Ní Chearúil as cúnamh agus moltaí go leor. Is le Carlsagan.com an chuid is mó den fhíseán. Bhain mé úsáid as an mbogearra saor in aisce Openshot chun an t-iomlán a chur le chéile. Tá fotheidil san fhíseán féin thuas, mar eolas!