Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Wednesday, 28 October 2020

Tá Tinte na Farraige Duibhe ar fáil le réamhordú anois!

Nuacht mhór (domsa pé ar bith!)

Íomhá

Tá úrscéal iontach a d'aistrigh mé go Gaeilge le foilsiú! Tá ríméad an domhain orm agus mé ag súil go mór le cóip chrua a fheiceáil go luath!

Is féidir Tinte na Farraige Duibhe a réamhordú ar lascaine speisialta go dtí 15 Samhain ag an nasc thíos.

Scéal samhlaíoch spraíúil suimiúil ó Tim Armstrong.

 
 
(Pictiúr díomsa agus ríméad orm. Ag insint na fírinne atáim, níl ann ach nach bhfuilim go maith chun meangadh gáire!)
 
Ní gan dua a fhoilsítear leabhar agus fuaireas cabhair mhór ó dhaoine go leor.
 
Táim buíoch de Mháire Ní Annracháin as a cuid comhairle agus cúnamh i dtús an phróisis. Thug Tim Armstrong an-tacaíocht dom ó thús agus d’fhreagair ceisteanna iomadúla uaim. Nára fada uainn an dara leabhar sa tsraith leis An Luingeas Dorcha air Fàire. Táim buíoch freisin de Dharach Ó Scolaí as a mholtaí agus a chúnamh ar fad agus as a bheith oscailte don chur chuige beagán éagsúil, mar a mínithe in áiteanna eile ar an mblag seo. Tá moladh mór ag dul do Chaoimhín Ó Scanaill, a chabhraigh liom agus a chruthaigh an t-inneall thuas, chomh maith le huirlisí iomadúla a chabhraíonn linn an Ghaeilge a aclú sa saol digiteach. Chráigh mé daoine éagsúla le ceisteanna iomadúla teanga agus gramadaí. Táim buíoch díobh ar fad, le hEmma Ní Chearúil agus Colm Mac Fhionnghaile a léigh an profa agus le Ciara Ní É, Seaghan Mac an tSionnaigh, Róisín Nic Liam agus Marcus Mac Conghaíl a léigh sleachta éagsúla.
 
Is féidir beagán a léamh faoin bhfógra seo ar bhlag an údair Tim Armstrong anseo
 

Tuesday, 13 October 2020

10 mbliana de Na Gaeil Óga

Píosa a scríobh Daithí de Buitléir ar 10 mbliana a bheith caite de Na Gaeil Óga.

 

 

Cothrom an lae inniu 10 mbliain ó shin, chuireamar Na Gaeil Óga ar bun.

Ag an am sin, bhí go leor ann a dúirt linn nach mbeadh an éileamh ann & nach mbeadh suim ag daoine. An seachtain gur seoladh an club scríobh an Sindo píosa tuairimíocht ag moladh ar bhfuinneamh ach ag tuar nach raibh in ann dúinn ach teip tar éis bliain nó dhó.

D'fhás Na Gaeil Óga níos tapúla ná mar a bhí éinne ag súil leis. Sa 10 mbliain sin táimid imithe ó bhunsmaoineamh go 26 foirne le breis is 500 baill imeartha. Ar an bPáirc d'éirigh linn 16 ardú céime a bhaint amach idir an 4 cód.

Go leanúnach ar an dturas, leagadh síos dúshlán romhainn agus sháraíomar iad. Dúradh nach raibh iomáint, camógaíocht, faoi-aois agus go leor rudaí eile indéanta agus léirigh muid go raibh.

Pribhléid mhór dúinn tabhairt faoin aistear le cuid do na daoine is spreagúla, spéisiúla & siamsúla dá bhfuil ann.

Ar bhonn pearsanta, an rud is mó a bhí uaim i gcónaí ná go gheobhaidh gach duine i bhfad níos mó ar ais ó NGÓ ná mar a chuir siad isteach ann idir caían rud is mó a bhí uaim i gcónaí ná go gheobhaidh gach duine i bhfad níos mó ar ais ó NGÓ ná mar a chuir siad isteach ann idir cairdeas, cuimhní, aclaíocht, spóirt & teanga. Is cinnte go bhfuair mise sin agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil do gach duine as sin.

Ba bhreá liom dá n-iompróidh gach duine an tuiscint leo dá saol ar fad gur féidir le grúpa beag daoine rudaí speisialta a dhéanamh. Go dtógfaimid an tuiscint sin ar aghaidh linn mar croílár gach rud a dhéanann muid ar an bPáirc agus as an bPáirc. Go leanfaidh muid linn lenár súile i dtreo an todhchaí agus an tuiscint againn go bhfuil muid ag cruthú rud éigin speisialta.

Moladh mór do gach duine a bhí ar an dturas. Ní bheadh muid anseo murach na rólanna beaga & móra a d'imir gach duine agaibh!

Ag súil go mór lena bhfuil i ndán dúinn i 2021, 2022...agus an 8 bhliain eile ina dhiadh sin.💪🏆✊

Friday, 9 October 2020

BARR AN CHRAINN // PEIG // ALFONZTHEGHOST // EMMA NÍ C // EOIN P Ó M //

 

Ceol: Bunaithe ar amhrán Alfonztheghost https://soundcloud.com/alfonztheghost... 
 
Fuaimeanna breise: Freesounds.org Físeáin: Archive.org, Cartlann Prelinger, Físeáin Éagsúla faoi Mhuintir an Bhlascaoid ar Youtube atá luaite thíos, pexels.com, videazy.com, miSci Caint Pheig: Sleachta áirithe ó na taifeadtaí i Labharfad Le Cách. Ar mhaithe le hoideachas an t-amhrán seo agus cuimsítear na sleachta áirithe seo ann ar an mbonn sin.
 
Eagarthóir Fuaime: Emma Ní Chearúil
 
Eagarthóir Físe agus Coincheap: Eoin P. Ó Murchú
 
Caint Pheig san fhíseán: Níl aon lá ná oíche le
chúig mbliana déag agus daichead

go bhfuil sos ná suaimhneas
dulta ar mo theangain

Dheineas mo dhícheall riamh don dteangain agus don dtír. Dá mbeadh a leath ná a thrian déanta aiges gach aon tseanbhean ar fuaid na tíre, is fadó riamh a bheadh ár dteanga dhúchais suas ar bharr an chrainn.

ár dteanga dhúchais suas ar bharr an chrainn.

suas ar bharr an chrainn.

Fiú amháin 'Mártan Mheicsiceo' a thugaimist air, ó Mheicsiceo, anall ó lár Mheirice

Thugas mo lántoil agus mo láncúnaimh dóibh ins gach slí

Agus is ceart dos gach Éireannach meas agus urraim a bheith aige ar a son san don dteanga Ghaelach agus iarracht a thabhairt ar í a chur chun cinn chomh maith agus a d'fhéadfaidís.

Dá mbeadh a leath ná a thrian déanta aiges gach aon tseanbhean ar fuaid na tíre, is fadó riamh a bheadh ár dteanga dhúchais suas ar barr an chrainn.

ár dteanga dhúchais suas ar bharr an chrainn.

suas ar bharr an chrainn.
 
Is ón bpíosa cainte seo a tógadh caint Pheig:

Is olc an scéal é go bhfuil an aois ag teannadh liom agus ag druidim gach lá le deireadh mo shaoil , mar níl aon bhaol ná go bhfuil an méid atá caite dhem shaol agam , caite go hanróch agam - táim ag fulag le só agus le hanró agus le trioblóid . Ach mar sin féin, níor chloígh san mé ná gur dheineas mo dhícheall riamh don dteangain agus don dtír. Dá mbeadh a leath ná a thrian déanta aiges gach aon tseanbhean ar fuaid na tíre, is fadó riamh a bheadh ár dteanga dhúchais suas ar barr an chrainn.

Níl aon lá ná oíche le chúig mbliana déag agus daichead go bhfuil sos ná suaimhneas dulta ar mo theangain, ach ag cabhrú agus ag cuidiú leis gach Gaeilgeoir a bhíodh ar a tóir i d'fhonn isí a fhoghlaim . Níl aon bhaol go bhfuil aon aithreachas orm ná gur thugas mo lántoil agus mo láncúnaimh dóibh ins gach slí . Ach anocht an radharc atá feicthe agam , ní fhaca riamh fós cé gur minic a tháinig Bláithín , nó Robin Flower, mar thugaimist air , leis an ideafón chugham , agus is minic a bhíos cráite mo dhóthain aige. Ach mar sin féin, radharc na hoíche anocht ní fhaca riamh ná ní chífead lem shaol aríst. Is mó duine on loriatha anoir agus ón Lochlainn agus ón dtaobh theas de Mheirice, fiú amháin 'Mártan Mheicsiceo' a thugaimist air, ó Mheicsiceo, anall ó lár Mheirice, do bhí sé ag siúl ar an mBlascaod Mór, an áit a chaitheas deich mbliana agus daichead dem shaol, agus níor chualaigh aon duine iseal ná uasal ó shin, ná gur thugas mo láncabhair agus cúnamh dóibh ar pá pluic agus cead aighnis . Ach mar sin féin , do b'fhiú an teanga cabhrú léithi mar tá rud éigin bun os cionn ag baint leis an dteanga Ghaelach : tá grásta éigint ag baint lei ná fuil ag baint le haon teanga eile insa domhan , mar is tríthi , céad baochas le Dia , do fuaireamair eolas ar Dhia agus ar ár gcreideamh agus ar aitheanta Dé , trí ár dteanga Ghaelach féin agus tri Naomh Pádraig agus tri Naomh Brid agus trí Cholm Cille . Agus is ceart dos gach Éireannach meas agus urraim a bheith aige ar a son san don dteanga Ghaelach agus iarracht a thabhairt ar í a chur chun cinn chomh maith agus a d'fhéadfaidís. Táimse ar mo dhicheall , ach go háirithe ar a shon gur bean chrionna anocht me . (fág ar lár) Tá éirí croí orm a bheith ábalta ar aon chabhair a thabhairt di ná ar í a leathnú ar fuaid na tíre chomh maith is féidir liom é . Ach níl an croí agam , faraoir , marta pianta im stracadh , agus mar sin féin , ní bhraithfead iad faida bhead ag caint anocht . Do casadh a lán daoine orm ná raibh focal Gaolainne ina bpus , ach mar sin féin , do dheineas mo dhicheall dóibh agus do thugas mo chabhair agus mo chúnamh dóibh , fara cabhair Dé . Agus do bhíos lán de chion agus d'urraim dóibh chomh maith agus dá amach ó bhéal an dorais agam iad . Do shiúlaigh a lán Achet EE Sasanaigh anall ar an Oileán Mór i rith na hama so go léir agus do bhiodar chomh deas , chomh caoin , chomh cneasta , chomh homosach don áit agus dá ba Éireannach ceart aníos ó Bhaile Atha Cliath iad.

Físeáin: Oileán Currach Damhsa Mexico https://www.youtube.com/results?searc... Seanbhean Radharc https://www.youtube.com/watch?v=jXi28... 4.0 currachaí 750 gliomach is currach 22.03 púicín buí 22.40 currachaí https://www.youtube.com/watch?v=AtAU_... 0.4 oileán 106 - Peig féin! https://www.youtube.com/watch?v=D7gw7... 2.27 - currach 2- bosca ceoil 2.12 trá na rónta https://www.youtube.com/watch?v=-O99I... miSci

Monday, 14 September 2020

Inneall aistriúcháin ad hoc a úsáid mar chéim réamhaistriúcháin agus úrscéal á aistriú ó Ghaeilge na hAlban go Gaeilge

(Bearnaí i litríocht na Gaeilge a líonadh: Réiteach úr?)


Sa pháipéar seo fiosróidh mé an raibh an t-inneall aistriúcháin Intergaelic inghlactha agus fóinteach mar uirlis réamhaistriúcháin le húrscéal a aistriú ó Ghaeilge na hAlban. Inneall aistriúcháin bunaithe ar chorpas milliún focal Gàidhlig agus milliún focal Gaeilge é seo. Chruthaigh Kevin Scannell é le cur ar chumas Gaeilgeoirí téacsanna Gàidhlig a léamh faoi chló na Gaeilge. D’eascair an t-inneall as clár a ceapadh le seantéacsanna Gaeilge a chaighdeánú.  Air Cuan Dubh Drilseach le Tim Armstrong an t-úrscéal a thriall mé, úrscéal ficsean eolaíochta a bhfuil ról lárnach ag dul chun cinn na teicneolaíochta ann.

D’fhiosraigh mé ar shroich an t-aistriúchán a chruthaigh an t-inneall bunchaighdeán feabhais le haghaidh iar-eagarthóireachta agus ar spáráil sé am, agus an méid ama a spáráladh. Chuige sin d’aistrigh mé leath an leabhair le cabhair an innill agus rinne mé iar-eagarthóireacht ar an méid sin. Déanfaidh mé comparáid idir sleachta áirithe den aistriúchán a rinneadh gan chabhair, agus den aistriúchán a rinneadh le cabhair an innill.

Chomh maith leis sin, déanfaidh mé plé ar chóras mar seo a úsáid le ficsean a aistriú chun bearnaí áirithe i litríocht na Gaeilge a líonadh. Luafaidh mé go sonrach na deacrachtaí téarmaíochta agus gnéithe den obair a raibh castacht ag baint leo.
 

Pictiúirí
Tagairt ó mo dhuine

Aiste

Cén fáth?

An féidir é a dhéanamh?
Bunchaighdeán feabhais le haghaidh iar-eagarthóireachta?
An spárálann sé am, agus cén %?
Inghlactha?

Ríomhairí á dhéanamh amach anseo…
Bímis ar thús cadhnaíochta



Is é Air Cuan Dubh Drilseach an chéad úrscéal do dhaoine fásta san fhicsean eolaíochta GD
Faightear ann leiriú ar dhaoine atá ag streachailt in éadan sochaí shárchaipitlíoch
Ról lárnach ag cumhacht na teicneolaíochta ann, cuí, meititéacsúil (téamaí)
2013 - Saltire Society First Book of the Year Award
2016 - Scot Lit Fest – 5 úrscéal is tábhachtaí GD

An t-inneall: Intergaelic

Kevin Scannell, Ollamh le Ríomheolaíocht, SAM
Ar dtús - caighdeánú ar théacsanna réamhchaighdeánacha Gaeilge
Ar deireadh - uirlis léitheoireachta GD don Ghaeilgeoir (NÍ AISTRIÚCHÁN GAEILGE)

Bearnaí i litríocht na Gaeilge a líonadh: Réiteach úr?

Inneall aistriúcháin mar chéim réamhaistriúcháin agus úrscéal á aistriú ó Ghaeilge na hAlban go Gaeilge

ficsean eolaíochta, seánra ar imeall na canóine

Dul trí thairseach úr na teicneolaíochta

Cén fáth?!

An féidir é a dhéanamh?
Bunchaighdeán feabhais le haghaidh iar-eagarthóireachta?
An spárálann sé am, agus cé méid?
Inghlactha?

Ríomhairí á dhéanamh amach anseo
Bímis ar thús cadhnaíochta

Plean Cainte
 
An Leabhar

 
Air Cuan Dubh Drilseach (ACDD) le Tim Armstrong

An chéad úrscéal san fhicsean eolaíochta crua Gàidhlig (GD)

Daoine ag streachailt in éadan sochaí shárchaiplíoch
Ról lárnach ag cumhacht na teicneolaíochta ann

2013 - Saltire Society First Book of the Year Award
2016 - Scot Lit Fest - ar na cúig úrscéal is tábhachtaí i nGD
 
An t-inneall: Intergaelic

 



Kevin Scannell, Ollamh le Ríomheolaíocht, Ollscoil St Louis

Inneall aistriúcháin hibrideach
Ar dtús - caighdeánú ar théacsanna réamhchaighdeánacha Gaeilge
Ansin - an sprioc - uirlis léitheoireachta don léitheori gailee (NÍ aistriúchán Gaeilge) NB

⦁    Rialacha sg -> sc, chd -> cht
⦁    Staidreamh
⦁    Corpas - 1,000,000 focal Gàidhlig - 950,000 focal Gaeilge.

Bailíodh téacsanna dátheangacha Gàidhlig / Gaeilge
⦁    an Bíobla, úrscéalta
⦁    bogearraí, filíocht, liostaí focal, tweetanna dátheangacha
 
suntasach - % ard den iomlán GA / GD atá ar fáil
bídeach i gcomparáid le corpais na mórtheangacha


An-amhras ann i dtaobh innill aistriúcháin Google Translate (GT)
Intergaelic >>> Google translate
Ach tá saineolas de dhíth - bun/sprioctheanga
Cleas beag chun luas a chur faoi
Ní féidir é gan seo.
Buanna: Teangacha gaolmhara GD GA
Cáineadh ar GT = Béarlachas
Ní féidir peaca an Bhéarlachais a chasadh le hIntergaelic, níl Béarla aige!
Réamhaistriúchán + eagarthóireacht

Próiseas na hAnailíse (caighdeán a sheiceáil níos tapúla?)

1. Giotaí den leabhar a aistriú gan an t-inneall
2. Réamhaistriúchán le Intergaelic
3. Ceartú agus eagarthóireacht ar thoradh an innill
 
Roinnt abairtí aistrithe go foirfe ag Intergaelic
Roinnt eile - athscríobh ar fad



Comparáid idir sleachta
Sliocht ó ACDD lch 1
 
 
Bun-Ghàidhlig    Aistriúchán gan inneall    Amh-ábhar an innill    Ábhar an innill tar éis eagarthóireachta
Leis an làimh eile, thilg e clach chruinn an-àirde anns an iom-tharraing aotroim, agus ghlac e a-rithist i, le brag beag air a bhois.  Bha an triùir nan suidhe ann an cearcall cruinn an taca teine fhosgailte: Sàl, Rìosa agus Sabhair, agus iad aig beul na h-oidhche air a’ ghealaich bhig, Roghail, a bha na dachaigh dhaibh.  Gu h-àrd, bha a’ phlanaid dhearg, Na Hasta, a’ coimhead sìos air an triùir mar shùil mhòir anns na speuran.    Leis an láimh eile, chaith sé cloch chruinn in airde sa imtharraingt lag agus rug greim uirthi arís le buille éadrom ar a bhos. Bhí an triúr suite i gciorcal timpeall ar thine oscailte: Sàl, Rìosa agus Sabhair sa chlapsholas ar an ngealach bheag, Roghail, a mbaile. Lastuas bhí an pláinéad, Na Hasta, ag breathnú anuas ar an triúr mar a bheadh súil mhór spéire ann.    Leis an lámh eile, chaith sé cloch chruinn in airde san imtharraingt éadroim, agus ghlac sé arís í, le bróg beag ar a bhois. Bhí an triúr ina suí i gciorcal cruinn an taca tine oscailte: Sàl, Rìosa agus Sabhair, agus iad ag béal na hoíche ar an ngealach bhig, Roghail, a bhí na baile dóibh. Go hard, bhí an phláinéad dhearg, Na Hasta, ag breathnú síos ar an triúr mar shúil mhóir sna spéartha.    Leis an láimh eile, chaith sé cloch chruinn in airde san imtharraingt lag, agus ghlac de phlimp ina bhois í. Bhí an triúr acu ina suí i gciorcal cruinn timpeall ar thine bheag: Sàl, Rìosa agus Sabhair, é ina chlapsholas ar an ngealach bheag, Roghail, a bhí mar bhaile acu. Bhí an pláinéad dearg, Na Hasta, in airde ag breathnú anuas ar an triúr mar a bheadh súil mhór sna spéartha.
 
 Scar na píosaí seo agus dathanna
dáileán
 
Aistriú gan inneall

Aistriúchán níos scaoilte
Athchruth ar abairtí
Ord na bhfocal/stuchtúr níos athraithe ná an t-inneall
‘a mbaile’ v.  ‘a bhí mar bhaile acu’ = fadálach
 
 
Ábhar an innill (amh)

Intuigthe go maith
Measartha glan ó thaobh na teanga
Cumas measartha ard GD/GA chun aistriúchán seo a chruthú

⦁    ‘an taca’ gan aistriú
⦁    ‘Brag’ go ‘bróg’
⦁    ‘béal na hoíche’ is fearr ‘clapsholas’
⦁    ‘Ar an ngealach bhig’ /mhóir’ seantabharthach
⦁    ‘Na’ in áit ‘ina’
⦁    Inscne ‘an phláinéad’
⦁    ‘Sna spéartha’ iolra seo aisteach sa Ghaeilge
⦁    Gnéithe níos caolchúisí

 
Ábhar an innill tar éis eagarthóireachta

Éagsulachtaí ón aistriú a rinneadh gan an t-inneall
Go leor cosulachtaí
Níos scaoilte i gcomparáid lenar tháinig ón inneall
#Níor fhan go dlúth leis an rud a thug an t-inneall

‘rug greim uirthi arís le buille éadrom ar a bhos’
‘agus ghlac de phlimp ina bhois í’.
 
Athcheartú fós le déanamh ar téacs seo/ an aistriúchán ó bhonn
~An méid céanna ar an dá cheann
 
 
Anailís Staitisticiúil Ríomhtheangeolaíochta (Asiya) Universitat Politècnica de Catalunya
 
 
Córais éagsúla scórála #
BLEU is coitianta
Cé chomh cosúil is atá ábhar an innill (amh) le haistriúchán ó bhonn?
Comhchoibhneas le breith an duine
Níl sé spleách ar theanga, aon teanga
Oibiachtúil

Meaitseáil dhíreach/carn focal/

BLEU ó 0 (% mar an gcéanna) go 100 (% comhionann leis an aistriúchán ó bhonn).
> 30% = intuigthe

De ghnáth BLEU de 40-45% nó > is fiú iar-eagarthoireacht a dhéanamh air

35%  i gcás roinnt den sliocht thuas

Is fiú a dheanamh fós

Níl aon aistriúchán mar an t-aistriúchán is fearr, áfach

Mórán aistriúchán féideartha ann

D’fhéadfadh aistriúchan sármhaith scór íseal a fháil mura mbeadh sé cosúil leis an aistriú ó bhonn


 


Anailís eile
Ábhar an innill v. ábhar an innill in eagar
>50% de na focail mar an gcéanna
Tar éis an tríú dréacht

 
Comparáid Luais

Sleachta éagsúla ~300 focal a aistriú roinnt seachtainí óna chéile.
 
sprioc - a bheith sásta leis an sliocht aistrithe mar chéad dréacht.
Iarracht an méid céanna dúthrachta a chaitheamh leis an dá phíosa

Foláireamh - ní raibh an chuid seo den tástáil dall - b’fhearr duine seachtrach

tuilleadh aistritheoirí/tuilleadh ábhair = níos iontaofa
 
Tastáil Ama 1 (caib 1)     Tastáil 2 (caib 2)    Tastáil 3  (caib 3)    Iomlán
20.39 nóiméad (inneall)    16.20 (inneall)    22.15 (inneall)    59.14 nóiméad

24.49 (gan inneall)    32.10 (gan inneall)    28.03 (gan inneall)    85.02 nóiméad

Intergaelic + eagarthóireacht 31% níos tapúla ná aistriú ó bhonn

Leath eile an leabhair aistrithe le cabhair Intergaelic, níos fusa, níos tapúla.
Roinnt foláireamh (am breise ar ullmhú don inneall is mar sin de)

Ní cursaí ama amháin atá tábhachtach anseo

Caitheadh an t-am i mbealaí éagsúla sa dá bhealach

Le hábhar an innill - níos lú ama ag clóscríobh - formhór na bhfocal ann cheana = níos mó ama ag machnamh

~an méid céanna atheagarthóireachta le déanamh ar an dá théacs

Cáineadh
Aistriú ó bhonn = Gaeilge níos nádúrtha? Saoirse, imeacht níos mó ón mbunstuchtúr, fad abairtí

Éasca an struchtúr a chum an t-inneall a fhágáil san aistriúchán, má tá sé “sách maith”

Ach…

Uaireanta bhuaigh an t-inneall orm…
Corruair agus focal ilchiallach ann roghnaigh sé an míniú ceart.
‘dealanach’ shíl mise ‘tintreach’, “thuig” an t-inneall gur ‘leictreonach’ a bhí ann

Gnéithe nach gcabhraíonn an t-inneall leo

Ainmneacha dílse
Teidil caibidlí
Amhráin
Canúint - Carachtair agus canúintí faoi leith
Intriachtaí / focail nach bhfuil san fhoclóir

Briathra
GD aimsir láithreach = aimsir fháistineach; comhthéacs tábhachtach
An Fhaí Chéasta/Saorbhriathar “Chaidh an talla a thogail…”

Ainmfhocail
⦁    “Landáil siad i bpasáiste fada folamh. Bhí an halla díreach” ach ‘trannsa’ faoi dhó sa GD
⦁    focail ilchiallacha ‘clár’
Cairde bréagacha
Éasca sleamhnú uait, agus an chiall sách cosúil

⦁    Geal/bán
⦁    luath/tapa
⦁    An té/an bhean
⦁    Mullach/díon
⦁    Lorg/aimsiú

Tá liosta de na cairde bréagacha déanta amach, bunaithe ar chorpas an innill
‘Bhí an duine cibirniteach gnóthach gnóthach’  - ‘trang, dripeil’ sa GD
Ríomhaistriúchán go ginearálta
Úsáidtear bogearraí aistriúcháin agus téacsleabhair/leabhráin eolais á n-aistriú
Píosaí litríochta níos dúshlánaí/ caolchúisí

Taighdeoirí DCU - innill aistriúcháin do sheánra liteartha faoi leith ach corpas den seánra agat
(beagán ficsean eolaíochta in Intergaelic)
ag brath ar go leor téacsanna éagsúla
Corpas na dteangacha móra -  téacsanna ábhartha amháin

L’Étranger Camus
Aistriúchán go Béarla / Iodáilis
b’fhearr an toradh le hIodáilis. (gaol níos giorra)

Innill aistriúcháin + iar-eagarthóireacht = méadú luais de suas le 42.9%
Ardaítear an caighdeán i gcás roinnt anailíse/teangacha
Caitear leis an ábhar san iar-eagarthóireacht i mbealach éagsúil
Níl Intergaelic chomh tapa sin, corpas níos lú, sprioc éagsúil
Fiú má tá a lán eagarthóireachta le déanamh, má spárálann sé am is fiú é

Éileamh ar aistriúcháin ag méadú
2016 - script Harry Potter ag barr na leabhar mórdhíola sa Fhrainc - script Bhéarla!
Innill aistriúcháin ag feabhsú i gcónaí

Seánraí móreilimh? Seans maith
Glacadh leis san ardlitríocht? Neosfaidh an aimsir...

Todhchaí ann d’aistritheoirí sa ré dhigiteach?

Conclúid
Inneall aistriúcháin hibrideach Intergaelic inghlactha mar inneall réamhaistriúcháin úrscéal ficsean eolaíochta
31% níos tapúla
Sleachta ‘curtha in eagar’ >50% mar an gcéanna le buntoradh an innill
Caighdeán inchurtha  le haistriúchán ó bhonn
Fadhbanna faoi leith le toradh an inill
Inréitithe le dara/tríú dréacht
Seasamh láidir fealsúnaíoch ina choinne?

Obair eile

Anailís níos mine ar ábhar ón inneall / aistriúchán ó bhonn
Bearnaí áirithe i litríocht na Gaeilge a líonadh
Leabhair/ábhar ó GD /Ghaeilge Mhanainn (Gaelg) James Bond (seolta)
Ailt tuairmíochta/nuachta (níos inghlactha)

Dréácht 1 déanta, foilsitheoir sásta i bprionsabal

Tagairtí
Escartín, Carla Parra, Living on the edge: productivity gain thresholds in machine translation evaluation metrics

Coughlin, Deborah, Correlating Automated and Human Assessments of Machine Translation Quality

Cronin, Michael, Translation in the Digital Age.

Toral, Antonio, “Machine-assisted translation of literary text, A case study”, ADAPT Centre / Scoil na Ríomhaireachta, Ollscoil Chathair Átha Cliath.

Guerra Martínez, Lorena, “Human Translation versus Machine Translation and Full Post-Editing of Raw Machine Translation Output”

Scannell, Kevin, Eadar-Ghaeilg: Scottish and Manx Gaelic resources for Irish speakers, University of Notre Dame
Buíochas
Máire Ní Annracháin
Kevin Scannell
Tim Armstrong
Teresa Lynn
Carla Parra Escartín


Táim buíoch de Mháire Ní Annracháin as a cuid comhairle agus cúnamh i dtús an phróisis. Thug Tim Armstrong an-tacaíocht dom ó thús agus d’fhreagair ceisteanna iomadúla uaim. Nára fada uainn an dara leabhar sa tsraith leis An Luingeas Dorcha air Fàire. Táim buíoch freisin de Dharach Ó Scolaí as a mholtaí agus a chúnamh ar fad agus as a bheith oscailte don chur chuige beagán éagsúil, mar a míníodh thuas. Tá moladh mór ag dul do Chaoimhín Ó Scanaill, a chabhraigh liom agus a chruthaigh an t-inneall thuas, chomh maith le huirlisí iomadúla a chabhraíonn linn an Ghaeilge a aclú sa saol digiteach. Chráigh mé daoine éagsúla le ceisteanna iomadúla teanga agus gramadaí. Táim buíoch díobh ar fad, le hEmma Ní Chearúil agus Colm Mac Fhionnghaile a léigh an profa agus le Ciara Ní É, Seaghan Mac an tSionnaigh, Róisín Nic Liam agus Marcus Mac Conghail a léigh sleachta éagsúla.

Saturday, 1 August 2020

Script: Clár nua TG4: Bhí an Saol Deacair Fadó! (An Saol Mar a Bhí)

Clár nua TG4: An Saol Mar a Bhí nó Ceathrar as an nGaeltacht

Má tá suim agat tuilleadh físeán grinn a fheiceáil, tabhair cúpla € do GaelGÁIRÍ anseo https://www.gofundme.com/f/cabhraigh-le-gaelgairi


 
Mar chuid den Fhéile Halfmoon Festival, míle buíochas le hAisling agus gach éinne ón bhféile!

Dáithí Ó Sé (mar dhea) Anois clár nua ag tosú anso ar TG4! An saol mar a bhí Cuimhní ó thriúr fear randamach ón nGaeltacht agus leaid fánach éigin ó Bhleá Cliath.

Conamara: Ó, bhfuil a fhios agaí, nach álainn an blas atá air, ní bhuailfeadh tada Chateau de Chassilier a comrádaithe. (breathnu ar gach duine)

Gaoth Dobhair: Moram go bhfuil an fhírinne agat ansin, tá sé fiánta! (breathnaigh con)

Corca Dhuibhne: Thá an ceart agat ansan a bhuachaill! (breathnaigh con)

Bleá Cliath: Sin é a chara, cé a shílfeadh triocha bliain ó shin go mbeadh muid inár suí anseo ag ól gloiní fíona Chateau de Chassilier? (breathnaigh con)

Conamara: Sin é a chomrádaí. Sna laethantaí sin, bhíodh muid buíoch cupán tae féin a bheith a’n. (breathnaigh bác)

Gaoth Dobhair: Ó, sé, cupán tae FUAR (breathnaigh conamara)

Corca Dhuibhne: Gan bainnge ná siúcra is baolach! (breathnaigh con)

Conamara: NÁ focain tae a mhac! (breathnaigh corca dhuibhne)

Bleá Cliath: I gcupán salach lofa! (gach duine)

Conamara: Ní ra’ cupán a’ne ariamh. D’ólaimís as páipéar nuachta a bhí cineáilín rolláilte suas a’n. (breathnaigh bác)

Gaoth Dobhair: Sé an rud ab fhearr a bhí againne ná giota éadach leis an tae a shú as. Ach bhí mé iontach sásta leis. (breathnaigh Conamara)

Corca Dhuibhne: bhfuil a fhios agaibh, bhíomarna sásta na laethanta san, cé gur bocht a bhíomar, agus beo bocht. (gach duine)

Bleá Cliath: Ah jasus, bhí, de bharr go raibh muid bocht. Déarfadh mo dhaid fhéin é, ‘Is fearr an tsláinte ná na táinte.’ (breathnaigh corca dhuibhne)

Conamara: Agus nach aige a bhí an ceart. Bhí mé níos happy an uair sin ná mar tá mé anois agus ní raibh tada a’m an t-am sin! Bhíodh cónaí orainn i dteachín beag bídeach, an braon anuas ann agus poill sa díon, chuile shórt. (breathnaigh bác)

Corca Dhuibhne: Tigh? Féach anois sibhse a raibh ‘tigh’ agaibh! Bhíodh cónaí orainne i ‘SEOMRA’, céad fiche sé dhuine againn, gan troscán ar bith san áit. Bhí leath an urláir in easnamh, agus sinn bailithe isteach le chéile sa chúinne le beagán teasa a bheith againn.

(breathnaigh conamara)

Gaoth Dobhair: Leoga, nach mór an t-ádh a bhí ‘seomra’ a bheith agaibh! Cha raibh saol faoi shó mar sin againne. Bhí cónaí orainn i bpasáiste! (breathnaigh corca dhuibhne)

Bleá Cliath: Ó jasus, bhímís ag brionglóidí faoi chónaí i bpasáiste! Pálas a bheadh ina leithéid d’áit dúinne. Bhíodh cónaí orainne i seanumar uisce thíos sa dumpa. Dhúisítí muid gach maidin nuair a chaití ualach mór cloigne lofa éisc orainn! Teach!? Ná labhair liomsa ar theach! ((breathnaigh gaoth dobhair)

Conamara: Bhuel nuair a deirim ‘teach’; ní raibh ann ach poll eicínt sa talamh agus mála plaisteach 10-10-20 thairis, ach ba theach a bhí ann dar linn. (breathnaigh bác)

Gaoth Dobhair: Chaith an tiarna talún muid amach as an pholl sa talamh a raibh cónaí orainne ann, bhí orainn a dhul a chónaí thíos fá loch mór uisce! (breathnaigh conamara)

Corca Dhuibhne: Loch, ambaiste, saibhreas a bhuachaill! Nár mhéanar daoibh! Ní dhéanfad féin dearúd ariamh air. Bhí céad seasca againn inár gcónaí i mbosca beag bróg i lár an bhóthair, agus muid buíoch as. (breathnaigh gaoth dobhair)

Bleá Cliath: Bosca Cairtchláir? (breathnaigh Corca Dhuibhne)

Corca Dhuibhne: Sin é a bhuachaill. (breathnaigh bác)

Bleá Cliath: Ah jasus, bhí an t-ádh dearg oraibh. Bhíodh cónaí orainn i mála páipéar donn i septic tank ar feadh trí mhí uair amháin. Bhíodh orainn éirí ag a 6 a chlog gach maidin, an mála a ghlanadh, crústa fuar crua aráin a ithe, dul ag obair sa mhuilleann ar feadh 14 uair a chloig sa lá, seachtain i ndiaidh seachtaine. Nuair a thagaimis abhaile bhuaileadh ár n-athair muid lena chrios go dtí go dtifeadh ár gcodladh orainn! (breathnaigh corca dhuibhne)

Gaoth Dobhair: Bí ag caint ar ghalántacht! Bhí orainne éirí as an loch ag a trí a chlog ar maidin, an loch a ghlanadh, dorn te gairbhéal a ithe, toiseacht ag obaí sa mhuilleann gach lá ar dhá phingin sa mhí, teacht ‘un abhaile, le go dtabharfadh ár ndeaide greadadh timpeall an chloiginn dúinn, DÁ mbeadh an t-ádh linn! (breathnaigh bác)

Corca Dhuibhne: vuel saol cruaidh cruálach a bhí againne. Bhíodh orainn éirí as an mbosca cairtchláir age meánoíche na haon oíche, agus an bóthar a ghlanadh lenár dteangacha beaga féinig. Thugtaí leathdhornán gairbhéil dúinn agus é fuar reoite, bhímist ag obair dhá uair an chloig déag sa mhuileann ar cheithre phingne gach sé mbliana, agus nuair a thagaimis abhaile, ghearradh ár n-athair sinn inár ndhá leath le scian mhór ghroí. (gach duine)

Conamara: Bhuel, bhíodh orm éirí ar maidin, ag a deich a chloig san oíche, leathuair an chloig sula dtéinn a chodladh, cupán sulfuric acid a ól, fiche naoi n-uair a chloig oibre a dhéanamh thíos sa mhuilleann chuile lá beo, mise dhá rá leat, agus úinéir an mhuileann a íoc as an gcead ghoil ag obair, agus ansin mharaíodh ár ndeaide agus ár maime muid agus théidís ag damsa ar ár gcóntrachtaí ag canadh ‘Buíochas mór le Dia sna hairde’. (breathnaigh corca dhuibhne)

Bleá Cliath: Ach abair thusa sin le daoine óga na laethantaí seo… jasus, agus ní chreidfidís thú! (gach duine)

Conamara: Muise, ní chreidfeadh. (gach duine)

Gaoth Dobhair: Ó ní chreidfí é

Corca Dhuibhe: Ní chreidfeadh ambaiste!

Reaction an duine

Football special, fádúda, tá sé ráite agat anois a bhuachaill, baigh deaid. Ah jasus, stop.

Ceathrar fear deá-ghléasta suite le chéile ar saoire.

Conamara, tógalaí, fear cuideachtan (féasóg, agus gruaig fhada)

Gaoth Dobhair, righin, díreach, leamh, (glan-bhearrtha agus gruaig ghearrtha)

Corca Dhuibhne - rógaire, ceolmhar (goatee)

Bleá Cliathach: síorfhulangach, ah jasus, (croiméal gearr gruaig)

Míle buíochas le Dáithí Ó Sé!

Leagan Gaeilge: Eoin P. Ó Murchú

Leagan de Four Yorkshiremen Monty Python

Stiúrthóir Ealaíne: Emma Ní Chearúil

Script: Cé Atá Ag Iarraidh a Bheith Ina Mhilliúnaí?



Má tá suim agat tuilleadh físeán grinn a fheiceáil, tabhair cúpla € do GaelGÁIRÍ anseo https://www.gofundme.com/f/cabhraigh-le-gaelgairi

Seán T. Ó Meallaigh agus Eoin P. Ó Murchu.
Seán T. Ó Meallaigh a chuir in eagar.

Fáilte ar ais chuig “Cé atá ag iarraidh a bheith ina mhilliúnaí”! Anseo sa stúdio liom tá PJ, agus tá ag éirí go hiontach leis go dtí seo, gan ach 5 cheist fágtha idir é agus milliún euro!

Láithreoir: Fáilte ar ais chuig “Cé atá ag iarraidh a bheith ina mhilliúnaí”! Anseo sa stúdio liom tá PJ, agus tá ag éirí go hiontach leis go dtí seo, [beagán iontais air] gan ach 5 cheist fágtha idir é agus milliún euro!

Láithreoir: Anois, an bhfuil tú réidh?
PJ: Eh ...no. [cogar] PJ.

Láithreoir: Dar ndóigh. “Cé acu seo nach raibh mar bhall de na Beatles? John, Paul, Ringo, nó Sam.”

PJ: Oooh na Beatles, feck níl móran suime agam i gcúrsaí ainmhithe. Níl fhios a’am (Níl ‘sam a deirtear)

Láithreoir: Tá an ceart agat!

PJ: Huh?

Láithreoir: Níl Sam sna Beatles. An chéad cheist eile. Cé a bhí sa phríomhról sa scannán Phantom of The Opera

PJ: Oooh níl fhios a’am cé a bhí sa phríomhról ach is cuimhin liom léamh go raibh Gerard Butler ina measc.

Láithreoir: Sin é go díreach, Gerard Butler agus masc á chaitheamh aige!

An chéad cheist eile. Críochnaigh ainm an chláir teilíse seo ó na 90í “Buffy The Vampire_____”

Killer, Hunter, Slayer, Defanger.

PJ: Oh

Láithreoir: Clú ar bith a’at?

PJ: Is léir nach bhfuil

Láithreoir: Sin é! Slayer! Buffy the Vampire Slayer. D’fhéadfá an t-uafás airgid a chailleadh as seo amach. Tá seic anseo agam duit i gcomhar €250,000. Anois ceist eile. Céard is Ikebana ann?

Cineál Díneasáir, Ceird, Ealaíon troda, Damhsa

[Níl PJ ag éisteacht - tá sé ag breathnú ar an seic le hiontas]

Láithreoir: Ní chaithfidh tú dul sa seans air ach caithfidh mé glacadh leis an gcéad fhreagra uait.

Céard is ikebana ann? Ikebana.

PJ: Céard...?

Láithreoir: Ceart arís! Is ceird é - ceird ina mbítear ag cóiriú bláthanna sa tSeapáin!

Anois, an cheist dheireannach, don mhilliún euro…

Sa scannán Witness téann Harrison Ford isteach i ngrúpa mionlach reiligiúnda le’n iad a chosaint. Cén grúpa é sin…?

PJ: Harrison Ford? Ah Muis!

Láithreoir: SIN É! TA MILLIÚN DOLLAR BUAITE AGAT

SFX Ceiliúradh

Láithreoir: Agus PJ, cad tá tú chun déanamh leis an airgead?

PJ: Táim chun fáil réidh le mo bhean.

(Osna ón lucht féachana)

Láithreoir: Bhuel, tá sé seo an-mhíchompordach, tá Brídín suite taobh linn anseo. Ach beidh sos fógraíochta againn anois.

Brídín: (caoineadh) A bhastaird! Bhuel... tá mise ag luí le do dheartháir!

PJ: Hah? Oh bhuel ar a laghad beidh an veain nua agam. Tá sé thar am fáil réidh leis an sean hi-ace