Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Sunday, 3 August 2014

DÍOLAIM NATHANNA CHOLÁISTE EOIN

FORÓGRA CHOLÁISTE EOIN
COISTE GAEILGE
CHOLÁISTE EOIN
DO
MHUINTIR CHOLÁISTE EOIN

                A MHUINTIR CHOLÁISTE EOIN IDIR DHALTAÍ AGUS MHÚINTEOIRÍ - In ainm Dé agus in ainm na n-iarscoláirí is na n-iarmhúinteoirí a chuaigh romhainn agus óna bhfuair sé a sheanoideas mar Choláiste, tá Coláiste Eoin, trínne, ag gairm a dhaltaí faoina bhratach agus ag bualadh buille ar son na Gaeilge. Tar éis dó eagar agus oiliúint a chur ar a chuid fear trí mheán a eagraíochta réabhlóidí scoile, An Cumann Gaelach, tar éis dó glacadh leis an aicíd den dream beag scroblach de Bhéarlóirí le tamall rófhada, tar éis dó fanacht go seasmhach le teacht an lae chirt, beireann sé anois ar an bhfaill agus, le cabhair a chomhghuaillithe calma sa bhFoireann Teagaisc, ach ag brath sa chéad áit ar a neart féin, buaileann sé, agus lán-dóchas aige go mbainfidh sé an bua.
                Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochloíte é ceart dhaltaí an Choláiste chun seilbh an Choláiste agus chun an ruaig a chur ar na gallghaeil nach dtagann le fís an Choláiste. Níor chealaigh an lucht damanta seo an fhís sin de Choláiste ina gcleachtaítear an cultúr Gaelach go bródúil is go huaibhreach riamh, ná ní féidir í a chealú go deo.
                Ag seasamh dúinn ar an gceart bunúsach sin, agus á dhearbhú arís os comhair an tsaoil, fógraímid leis seo Coláiste Eoin ina Ghaelcholáiste nach nglacann le Béarla ná leis na gallghaeil - na naimhde atá inár measc, naimhde a roghnaíonn teanga iasachta Shasana thar cheol binn ár dteanga dhúchais. Cuirimid ár n-anam féin agus anam ár gcomrádaithe cneasta chun troda agus comhraic ar son na Gaeilge agus ar son dhaltaí uile uasal an Choláiste.
                Tá ceart ag Coláiste Eoin ar dhílseacht a dhaltaí agus éilíonn sé an dílseacht sin. In uair seo na cinniúna ní foláir do Mhuintir an Choláiste, trína misneach is a ndea-shampla, trína mbród is a n-uaisleacht, iad féin a íobairt ar son an Choláiste, agus gan géilleadh do, nó glacadh leis, na naimhde seo atá inár measc go dtuilleann sé an réim ró-uasal atá i ndán dó.

Clár
1.                      Nathanna Ginearálta
2.                      Foclóir Úsáideach
3.                      Seanfhocail
4.                      Cur síos ar dhaoine
5.                      Mallachtaí

NATHANNA GINEARÁLTA

1.) Ar a mhithidí féin = In his own time
2.) Ná cuireadh sé ó chodladh thú = Don’t lose sleep over it
3.) Tá teacht dá uireasa agam = I can’t manage without it
4.) Tá mé san fhaopach = I’m in a fix
5.) Bhí sé mionnaithe é a dhéanamh = Determined to do it
6.) Tá mé gráinnithe orthu = I detest them
7.) Ag beochan bruíne = Causing trouble
8.) Bhain sin bongadh as = That shocked him
9.) Níl aon toirtéis ann = It’s nothing to brag about
10.) Ar do mhíthapa = Off your guard
11.) Lá sna naoi n-airde = Once in a blue moon
12.) An deasca a bhaint as duine = Make him pay
13.) Níl fhios agam go barainneach = I don’t know exactly
14.) Tá rudaí ar fudar fadar = There’s total confusion
15.) Sháigh sé chugam = He lashed out at me
16.) Leithscéal cam = A lame excuse
17.) Ag snámh in aghaidh easa = Attempting the impossible
18.) Ní fearr Éire ná orlach = An inch is as good as a mile
19.) Bain an púicín de do shúile = Stop fooling yourself
20.) Cúl a choinneáil ar gháire = To restrain a laugh
21.) Is mó a thairbhe ná a thaibhse = It’s better than it looks
22.) D’imigh sé gan dóigh = He lost all respect
23.) Tá sé ina bhrachán agat = You made a hash of it
24.) Nuair a thagann an crú ar an tairne = When it comes to it
25.) Tá an tairne ar an troigh = Everything is set
26.) Tá só súilíneach aige = He’s living it up
27.) Thug sí cuimilt den teanga dó = She gave him a scolding
28.) Imirce uabhair a dhéanamh = To go off in a huff
29.) Coilichín paor a dhéanamh de = To drive him mad
30.) Chuirfeadh sé mágra éadain ort = It would scar you
31.) Tá sé ag cur madraí i bhfuinneoga = Bluffing
32.) Bhí meath na mullóige agam = I got off worst
33.) Dul ó mhaoil go mullach = Going from bad to worse
34.) Buaileadh leithead a chraicinn air = He took a beating
35.) Ag iarraidh forais i bhfodhomhan = Attempting the impossible
36.) Tá saol an mhadaidh bháin aige = He’s living it up
37.) Taobh a thabhairt le duine = To depend on someone
38.) Tá sé ina mhúr thar grian = It’s beyond repair
39.) Fuil a bhaint as seancholm = To re-open old wounds
40.) Tá a mhéar i bpoll tarathair = He’s in a jam
41.) Tá an buinne béil agat = You have laid the foundations for it
42.) Do ladar a chur i meadar gan suaitheadh = To butt in
43.) Bheith ar do chraoibhín seamhrach = Enjoying life
44.) Ligean le do dhroim = To take things easy
45.) Ar scáth ar miste liom = For all I care
46.) Bíonn blas ar an mbeagán = A little is appreciated
47.) ‘Sé taoscadh na farraige é = It’s an impossible job
48.) Ní fiú fionna feanna é = It’s not worth anything
49.) Tá an cairde caite = The moment of truth has came
50.) Chuirfeadh sé consaeit ort = It would turn your stomach
51.) Tháinig siad crosach ar a chéile = They crossed swords
52.) Tá do bhacán sáite = Your goose is cooked
53.) Níl blas buartha air = He’s not sorry in the least
54.) Rudaí a chur i bhfudairnéis = Get things mixed up
55.) Is réidh ag duine a theannfhocal a rá = Easier said than done
56.) Níl mire ná meisce air = He knows what he’s at
57.) Chuir sé fonn múisce air = It made him sick
58.) Beidh callán faoi seo = There’ll be war over this
59.) An sop in áit na scuaibe = A poor substitute
60.) An togha agus an rotús de = The best and worst of
61.) Déanann fearann fianaise = Seeing is believing
62.) Ag baint boghaisíní ar cheist = Beating around the bush
63.) Tá sé ag teacht ina reacht = It’s becoming a must
64.) Do dholaí a réiteach = To fulfil one’s duty
65.) Ar crith ina chraiceann = Quaking in his boots
66.) Níl binneas ná cruinneas ann = There’s neither rhyme nor reason to it

FOCLÓIR ÚSÁIDEACH

1.) Ar bheag ná ar chrua = Under any circumstances
2.) Ó chianaibh = Tamall ó shin
3.) Ag diomailt aimsire = Ag cur am amú
4.) San eadra = Go déanach ar maidin
5.) Ar na mallaibh = Le déanaí
6.) I gcoim na hoíche = I lár na hoíche
7.) Tar éis an tsaoil = After all
8.) Dá uireasa = Without it
9.) Domhnach is dálach = Day in, day out
10.) Ar ala na huaire = On the spur of the moment
11.) Ar seachrán = Astray
12.) Dóbair dom = Ba bheag nár
13.) Níl cailleadh ar bith air = Níl tada (dada) cearr leis
14.) Ní feasach mé é = Níl a fhios agam
15.) Is gráin liom é = Is fuath liom é
16.) Ansin atá tú meallta = That’s where you’re mistaken
17.) De ghrá an réitigh = For the sake of peace
18.) Mórán cainte ar bheagán cúise = Much ado about nothing
19.) In adhastar an anró = In a fix
20.) In umar na haimléise = In a fix
21.) Máthair an oilc = Cúis na trioblóide
22.) Cnámh spairne = Cúis an achrainn
23.) Staicín áiféise = Ceap magaidh
24.) Uisce faoi thalamh = Conspiracy
25.) Idir chamáin = Á phlé
26.) Gal soip = Rud annamh
27.) Ag dul i dteirce = Becoming scarce
28.) Faic na fríde = Nothing at all
29.) Faoi iomrá = Under discussion
30.) Thar insint scéil = Ar fheabhas
31.) Ar an airdeall = On the alert
32.) Cé is moite de = Seachas
33.) Is cuma sa riach = Is cuma sa tsioc
34.) Níl sé thar moladh beirte = It’s not great
35.) Bheith dubh dóite de = Bheith bréan de
36.) Mustar gan ghustal = Empty pride
37.) Más olc maith leo é = Whether they like it or not
38.) An cam a chur ar an díreach = Distort facts
39.) Amanathar = Arú amárach
40.) Clapsholas = Twilight
41.) De dhéanta na fírinne = As a matter of fact
42.) Leis na cianta cairbreacha = Le fada an lá
43.) Éinín aon phoirt = One trick pony
44.) Ag dul chun fadálachta = Going on too long
45.) ‘Sé an feic saolta é = Radharc uafásach é
46.) Ag biathú báistí = Drizzling
47.) Turas góidrisc = Fool’s errand
48.) Díol trua = Worthy of pity
49.) Díol suntais = Worthy of attention
50.) Ar maos le = Soaked in
51.) Baothchaint = Waffle
52.) Teacht i dtír ar rud éigin = To survive on something
53.) Ar theann a dhíchill = Doing his best
54.) Ábhar téamaí = Source of amusement
55.) Dásacht feirge = A frenzy of anger
56.) Cogadh na sifíní = A storm in a teacup
57.) Ceo ar a chlú = A blot on his reputation
58.) Ó Neamh go hÁrainn = Anywhere under the sun
59.) Dris chosáin = Obstruction
60.) Oiread is a chaochfadh súil = A tiny bit


SEANFHOCAIL

1.) Is fearr an t-imreas ná an t-uaigneas = Argument is better than loneliness
2.) Is fearr beagán cúnaimh ná mórán trua = Better a little help than a lot of pity
3.) Bíonn an fhírinne searbh ach bíonn sí buan = The truth is bitter, but it lasts
4.) Is giorra cabhair Dé ná an doras = The help of God is nearer than the door
5.) Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine = People live by helping each other
6.) Is treise dúchas ná oiliúint = Heritage is stronger than knowledge
7.) Níl íseal ná uasal ach thíos seal is thuas seal = There’s neither lowliness nor nobility but up a while and down a while
8.) Ní thagann ciall roimh aois = Wisdom doesn’t came before age
9.) Is leor nod don eolach = The learned person only needs a hint
10.) Is fearr an tsláinte ná na táinte = Health is better than wealth
11.) Is aisteach an mac an saol = The world is a mysterious place
12.) De réir a chéile a thógtar na caisleáin = Rome wasn’t built in a day
13.) Is minic a bhris béal duine a shrón = A person’s mouth often broke his nose
14.) Ní haon ualach an léann = Knowledge is no burden
15.) Is fearr rith maith ná drochsheasamh = Better to run if you can’t succeed
16.) Madra rua, dhá uair ní mhealltar é = The fox isn’t fooled twice
17.) Bíonn blas milis ar phraiseach na gcomharsan = A neighbour’s hardship is all the better
18.) An rud is annamh is iontach = An rud nach dtarlaíonn go minic bíonn sé iontach
19.) Is fearr cara sa chúirt ná punt sa sparán = Is fearr cairde dílse ná airgead
20.) Ní neart go cur le chéile = Stength in unity
21.) Níl saoi gan locht = Níl aon duine/rud foirfe
22.) I dtús na haicíde is fusa í a leigheas = A stitch in time saves nine
23.) In ithe na putóige a bhíonn a tástáil = The proof of the pudding is in the eating
24.) Dhá thrian baoise an óige = Two thirds of foolishness is youth
25.) Tuigeann fear léinn leathfhocal = A wise man understands half a word
26.) Breithnigh an abhainn sara raghair ina cuilithe = Look before you leap
27.) Dhá thrian cainte ag lucht póite = The drinkers have two thirds of talk
28.) An trí rud is dainséaraí amuigh: éadan tairbh, deireadh staile agus gáire an tSasanaigh = Seachain na Sasanaigh, go háirithe agus iad ag gáire
29.) Ní bheathaíonn na bréithre na bráithre = Words don’t feed the needy
30.) Is túisce deoch ná scéal = A drink comes before a story
31.) Is maith an scéalaí an aimsir = Time is a good storyteller
32.) Is minic a thit fear maith i gcac bó = A good man often makes mistakes
33.) Is buíoch le duine bocht beagán = A poor man is content with little

CUR SÍOS AR DHAOINE

1.) Is dathadóir cruthanta é = He’s a born liar
2.) 'Sí an scáthán fear ar aonach í = She is attractive
3.) Tá sé de dhlúth agus d'inneach ann = It’s in his nature
4.) Bhí sé ar na caora = He was violently drunk
5.) Is mó do bhéal ná do bholg = You bit off more than you could chew
6.) Rugadh an rath leis = He was born lucky
7.) Ní haon ribín réidh é = He’s not easy to deal with
8.) Tá sé os cionn a ranna = He’s hard to work with
9.) Fágadh gan chiall gan chonn é = He was left unconscious
10.) Ní lúbann sé ioscaid = He never rests
11.) Ní chuirfeá faoina thuairim é = You'd never suspect him
12.) Tá coimpléasc capaill aige = He is as strong as a horse
13.) Ní dhruideann a bhéal ach ag caint = He doesn’t stop talking
14.) Bhí gob circe air = Bhí cuma fheargach air
15.) Níl ciach ná mairg air = Nothing troubles him
16.) Tá a chuid aráin fuinte = He’s a made man
17.) Bíonn sé ina chiafart go headra = Bíonn sé i gcónaí salach
18.) Tá béal bán aige = He’s a sweet talker
19.) Is mó a ghéim ná é féin (Is measa a ghlam ná a ghreim) = His bark is worse than his bite
20.) Tá barr a chroí aige = Tá dea-ghiúmar air
21.) Níl a mheá le fáil = His equal is not to be found
22.) Tá mil ar an mbia aige = He is fond of food
23.) Tá a spré i gclár a héadain = Her fortune is her face
24.) Tá cuma anróiteach air = He looks worse for wear
25.) Tá a chomharthaí lena chois = He looks the part
26.) As an léann a fáisceadh é = He is naturally clever
27.) Is é a athair bos cos é = He’s the image of his dad
28.) Tá sé imithe ar an bhfaraor = He’s gone to the dogs
29.) Níl aithne air nach leis féin an áit = He thinks he owns the place
30.) Tá sé ina chló féin arís = He’s back to normal

MALLACHTAÍ

Ní ar nós an Bhéarla, tá stíl áirithe ag baint le mallachtaí na Gaeilge.

1.) Loscadh agus dó ort = May you be burned and scalded
2.) Dáthadh ort = “curses on you” (Ar ndóigh tá focal eile sa Bhéarla)
3.) Gur fáil muice do thíos = May you live in a pigsty
4.) Go dtachta an t-im thú = May you choke on butter
5.) Titim gan éirí ort = May you fall and not rise
6.) Go n-ithe an cancar thú = May grumpiness eat you
7.) Gur drabhaire do nuachar = May your wife be an old hag
8.) Bascadh is brú ort = May you take a severe beating
9.) Racht scaoilte ort = May an overpowering spasm hit you
10.) Dallach is caochadh ort = May you go blind
11.) Bó-leaghadh ort = May your cow herd disappear
12.) Gríos gan ingne ort  = May you itch but not be able to scratch
13.) Oighear an tsagairt ort = May the wrath of the priest befall you
14.) Dearg stampaí chugat = May you only ever eat mashed potatoes
15.) Bean bhurdach chugat = May your wife be a vile gossiper
16.) Driongáin chaorach chugat  = May your sheep be in poor condition
17.) Go gcuire sé saill ort = That it may fatten you
18.) Bualadh an lín ort = That you be beaten like the flax
19.) Scrios maidine ort = May you be utterly destroyed
20.) Go n-ithe na breallóga léana thú = May the bats of death eat you
21.) Drochmhíniú na mná chugat = May your wife be beyond taming
22.) Lá breá ag do chairde ad' adhlacadh = May your friends have a great day burying you
23.) Cuir sin faoi d'fhiacail agus cogain é = Put that in your pipe and smoke it
24.) Má ithis, nár chacair = Having eaten may you not be able to pass it

Le Niall Ó hUiginn agus Colm Mac Eochagáin
thar ceann an Choiste Ghaelaigh (2005)

athleagan le Eoin P. Ó Murchú agus Cormac Breathnach (2013)
(C) AN COISTE GAELACH (2005) ATHLEAGAN LE LEASUITHE, EANÁIR 2013, Teagmháil: ancumannliteartha@gmail.com

Foinsí
500 Mallacht Agam Ort (Breandán 'ac Gearailt, BÁC 2001)
Díolaim d'Abairtí Dúchasacha (Maolmhaodhóg Ó Ruairc, ISBN 1857911601, An Gúm 1996)

Thursday, 31 July 2014

Blúiríní páir

Smál
boladh an bháis
is níor fhead mé
m'aird a thiontú uaidh
ná níor fhéad mé a chlúdach


come to me on bended knee,
my sweet, my dear, my love,
and I will show you how to fly,
and release you like a dove.

Tuesday, 29 July 2014

10 bhFíric Fút atá Dochreidte Fíor!


1. Tá tú á léamh seo anois.
2. Tugann tú faoi deara gur fíric amaideach í seo.
4. Níor aithin tú gur scipeáil mé uimhir a trí.
5. Tá tú á sheiceáil anois.
6. Tá meangadh gáire ort.
7. Tá tú fós á léamh cé go bhfuil seo amaideach.
9. Níor thug tú faoi deara gur scipeáil mé uimhir a hocht.
10. Ta tú á sheiceáil is tá miongháire ort gur buaileadh bob ort arís.
11. Tá tú ag baint taitnimh as seo ar fad.
12. Níor thug tú faoi deara nach raibh ach deich bhfíric le bheith ann!


Monday, 28 July 2014

Do Shiúlas Romham Amach (Aistriúchán ar As I Roved Out le Planxty)

Do shiúlas romham amach ar maidin
ag breathnú na mbláthanna is ag siúl sna cluanta
cé a d'fheicfinn romham ach mo ghrá geal álainn Is í suite faoi gcrann saileach thall
Bhaineas mo chaipín is do bheannaíos di Bheannaíos di sin go cróga Nuair a chas sí chugam, tháinig sruth deor uaithi ag rá 'A ghiolla, nach tú a chur ar strae mé?'
Thugas féin mo fháinne óir duit fáinne óir le caitheamh ar do mhéirín caol ach bhrisis na geallúintí úd a rinnis liom is phós tú cailín na dtailte
Dá bpósfainn cailín na dtailte a stór Áiféal ina thaobh sin bheadh orm choíche Nuair a thiteann an mí-ádh ní thig liom éalú Bhí dalladh púicín orm gan aon agó
Nuair a théimse chuig an leaba mo shuain Bíonn mo ghrá geal ag rith tríom aigne Is nuair a chasaim le barróg a bhreith ar mo stóirín in áit an óir anois tá prás
Agus is fada liom go tiocfaidh an t-arm abhaile Ó na West Indies, ó Mheiriceá is ón Spáinn go mbeidh gach fear pósta ag a bhean chéile go gcasfar ar a chéile sinn beirt athuair


As I Roved Out
As I roved out on a bright May morning
To view the meadows and flowers gay
Whom should I spy but my own true lover
As she sat under yon willow tree

I took off my hat and I did salute her
I did salute her most courageously
When she turned around well the tears fell from her
Sayin’ “False young man, you have deluded me

A diamond ring I owned I gave you
A diamond ring to wear on your right hand
But the vows you made, love, you went and broke them
And married the lassie that had the land”
 
“If I’d married the lassie that had the land, my love
It’s that I’ll rue till the day I die
When misfortune falls sure no man can shun it
I was blindfolded I’ll ne’er deny”
 
Now at nights when I go to my bed of slumber
The thoughts of my true love run in my mind
When I turned around to embrace my darling
Instead of gold sure it’s brass I find
 
And I wish the Queen would call home her army
From the West Indies, Amerikay and Spain
And every man to his wedded woman
In hopes that you and I will meet again.

 (aistriúchán a rinne mé do Mo Hat Mo Gheansaí, agus roinnt athruithe ag Oisín Walsh-Peelo.)

Tuesday, 8 July 2014

Qu'ils mangent du foot (Nach n-Íosfaidís Peil?)

Qu'ils mangent du foot

seo chugainn an samhradh
seo chugainn an samba
keepie-uppies ar an trá
is iar-imreoirí sacair shasana ar an teilfís gach aon lá

seo chugainn corn an domhain

seo chugainn an bochtanas
seo chugainn ciréibeacha
seo chugainn mothúchán deas te teolaí istigh
seo chugainn staid folamh i gceann 20 bliain
seo chugainn favelas atá a ndíbirt amach

seo chugainn camastaíl fifa is fai na héireann
sinne ag íoc fai, ag íoc fifa, a íocann blatter,
a íocann an píobaire a roghnaíonn an port.

ach is cuma mar tá sacar againn

paisean

ar doimhne é ná aon phaisean eile
breathnaimis ar an sacar.

an ceann mór
na braisíligh sa mbaile

drochstaid na tíre?
nach cuma, seo chugainn an sacar

brú an cnaipe dearg anois má theastaíonn tuilleadh sacair uait
brú cnaipe an ATM le feiceáil an bhfuil airgead fágtha in aon chor agat
brú cnaipe d'inchinne le tosú ón tús, clár bán, bán.

foc opium tá sacar againn

seo chugainn corn an domhain
góóóólaaazzzzzóóóó
teanga mhícheart
CÚÚúúlll
a bhaineann croitheadh as an eangach

níl greim bídh le cur i mo bhéal ach is cuma mar tá sacar againn.
tá an domhan uile imithe chun foic
sinne ar an dé deiridh

táimid fós ag íoc as lucht na mbanc
déanfaimis dearmad air sin
tá cónaí orm i gcill dara
ó d'éirigh an trácht níos éadroime
níl se chomh dona sin
dochtúirí is banaltraí scaipthe ar fud na cruinne

éist do bhéal nach bhfuil sacar again?

nach bhfeiceann tú, tá sacar againn?

briseadh mo chroí
mionsmidiríní
cara imithe ar an ól
cara eile leat fós ar an dól
is an t-aon cheann eile thart ag filleadh abhaile ar an astráil tar éis sochraide
ach ná cuireadh sé ó chodladh thú
mar is féidir linn uile breathnú ar an sacar

déan ceiliúradh ar an deá-rud, agus dearúd an drochrud
i bhfad uainn é
ná smaoinigh ar na favelas

tá malaí mór moolah,
a pháistí an bhochtanais,
de dhíth orthu seo
is féidir go mb'fhéidir go...

ach is cuma
comhluadar chomh fucked.

seo chugainn corn an domhain
níl cead a dhiultiú
óir is é seo corn an domhain agus
bainfidh tú taitneamh as.

tá galar éigin ag dó trí mo ghoile amach
measann na dochtúirí
nach bhfuil fágtha ach 6 mhí
ach is cuma
mar go mbeidh craobh an choirn thart faoi sin

is beidh ladrainn obama fós ag ladradh
fear duaise, fear síochána
is lucht na cúleisteachta, éist, fuist, goile, éist soicind, cúl.

seo chugat corn an domhain a bhainfidh díot an uile eagla

cúléisteacht dhigitithe
caithfear breathnú
caithfear éisteacht

suí isteach agus déan series record orm

breathnaigh ar mo 64 cluiche
breathnaigh agus osclófar
do mheon ar dhomhan úr
agus tuig nach bhfuil aon rud eile ann duit
agus nach cuma
mar ar deireadh thiar thall
nach bhfuil focain sacar againn

Seo chugainn corn an domhain

níl cead a dhiultiú

óir is é seo corn an domhain agus
bainfidh tú taitneamh as.



Monday, 7 July 2014

Mo ghrása

Tá mo ghrása ag teacht chugam anocht.


Tá sé pósta agus íocann sé asam.

Friday, 23 May 2014

An Fearann Fuar

Ag taisteal ar thraein dom,
fear Éireannach sna seascaidí
ag tabhairt beirt phoncán leis ar an traein go Trá Lí
An Fearann Fuar
That's like an Fearán Fuar a dúirt an t-Éireannach
Sounds like a name
What does it mean?
fearann
fearán?
Fuar
fearán fuar
I don't know
An Fearann Fuar
Fear Éireannach sna seascaidí
Is tosaíonn ag caint ar cheolchoirm One Direction
It would be nice to go to the One Direction concert
to tell the grankids a deir sé
Fearann Fuar
I don't know.
Táimid ar fad sáinnithe san fhearann fuar anois
is tá an fuacht ar tí mé a reo.