Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday 8 July 2014

Qu'ils mangent du foot (Nach n-Íosfaidís Peil?)

Qu'ils mangent du foot

seo chugainn an samhradh
seo chugainn an samba
keepie-uppies ar an trá
is iar-imreoirí sacair shasana ar an teilfís gach aon lá

seo chugainn corn an domhain

seo chugainn an bochtanas
seo chugainn ciréibeacha
seo chugainn mothúchán deas te teolaí istigh
seo chugainn staid folamh i gceann 20 bliain
seo chugainn favelas atá a ndíbirt amach

seo chugainn camastaíl fifa is fai na héireann
sinne ag íoc fai, ag íoc fifa, a íocann blatter,
a íocann an píobaire a roghnaíonn an port.

ach is cuma mar tá sacar againn

paisean

ar doimhne é ná aon phaisean eile
breathnaimis ar an sacar.

an ceann mór
na braisíligh sa mbaile

drochstaid na tíre?
nach cuma, seo chugainn an sacar

brú an cnaipe dearg anois má theastaíonn tuilleadh sacair uait
brú cnaipe an ATM le feiceáil an bhfuil airgead fágtha in aon chor agat
brú cnaipe d'inchinne le tosú ón tús, clár bán, bán.

foc opium tá sacar againn

seo chugainn corn an domhain
góóóólaaazzzzzóóóó
teanga mhícheart
CÚÚúúlll
a bhaineann croitheadh as an eangach

níl greim bídh le cur i mo bhéal ach is cuma mar tá sacar againn.
tá an domhan uile imithe chun foic
sinne ar an dé deiridh

táimid fós ag íoc as lucht na mbanc
déanfaimis dearmad air sin
tá cónaí orm i gcill dara
ó d'éirigh an trácht níos éadroime
níl se chomh dona sin
dochtúirí is banaltraí scaipthe ar fud na cruinne

éist do bhéal nach bhfuil sacar again?

nach bhfeiceann tú, tá sacar againn?

briseadh mo chroí
mionsmidiríní
cara imithe ar an ól
cara eile leat fós ar an dól
is an t-aon cheann eile thart ag filleadh abhaile ar an astráil tar éis sochraide
ach ná cuireadh sé ó chodladh thú
mar is féidir linn uile breathnú ar an sacar

déan ceiliúradh ar an deá-rud, agus dearúd an drochrud
i bhfad uainn é
ná smaoinigh ar na favelas

tá malaí mór moolah,
a pháistí an bhochtanais,
de dhíth orthu seo
is féidir go mb'fhéidir go...

ach is cuma
comhluadar chomh fucked.

seo chugainn corn an domhain
níl cead a dhiultiú
óir is é seo corn an domhain agus
bainfidh tú taitneamh as.

tá galar éigin ag dó trí mo ghoile amach
measann na dochtúirí
nach bhfuil fágtha ach 6 mhí
ach is cuma
mar go mbeidh craobh an choirn thart faoi sin

is beidh ladrainn obama fós ag ladradh
fear duaise, fear síochána
is lucht na cúleisteachta, éist, fuist, goile, éist soicind, cúl.

seo chugat corn an domhain a bhainfidh díot an uile eagla

cúléisteacht dhigitithe
caithfear breathnú
caithfear éisteacht

suí isteach agus déan series record orm

breathnaigh ar mo 64 cluiche
breathnaigh agus osclófar
do mheon ar dhomhan úr
agus tuig nach bhfuil aon rud eile ann duit
agus nach cuma
mar ar deireadh thiar thall
nach bhfuil focain sacar againn

Seo chugainn corn an domhain

níl cead a dhiultiú

óir is é seo corn an domhain agus
bainfidh tú taitneamh as.



No comments:

Post a Comment