Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Wednesday 13 March 2024

Deireadh déanta agus pleananna romhainn... Máirtín agus Jenny from the Block

Chuamar síos poll coinín digiteach... Seo preas-ráiteas faoinar ndráma Máirtín agus Jenny from the Block atá thart anois faraor - seans go bhfeicfear arís é!

Seo an feachtas bailithe airgid ar son Gaza a luamar ag deireadh na léirithe - is fiú tacú leo. https://www.gofundme.com/f/je4rau-sos-gaza Saoirse don Phalaistín! 🇵🇸 

Tar linn síos poll coinín digiteach...

Seo scéal grá. Faoi cheirnín. Tar ar aistear físe agus fuaime ó litríocht na Gaeilge go hip hap Laidineach. Agus aimsigh brí na beatha.

Seo turas físiúil, ceolmhar agus liteartha a thugann muid ó litríocht na Gaeilge go hip hap Laidineach. Conas mar a chuir cuardach google muid ag smaoineamh ar réabhlóidí litríochta agus teicneolaíochta. Agus an tslí a bhfuil gach rud ceangailte.

Le linn covid bhí muid ag déanamh físeán a mheasc lofi beats le ráitis de chuid Mháirtín Uí Chadhain (mórscríbhneoir nua-aoiseach na Gaeilge). Ansin theastaigh pic de uainn le haghaidh deilbhín an fhíseáin ar youtube agus tháinig muid ar cheann ar Google images. Ó sheancheirnín a tháinig sé i siopa ceirníní i Londain. Níorbh fhada go rabhamar ar thuras bleachtaireachta. Conas a tháinig an ceirnín áirithe sin ar an saol agus cad é an turas a bhí curtha de aige? Go deimhin conas mar a oibríonn ceirnín go baileach? Cad a deir sé sin linn faoin saol agus faoi mhaidhmiú cuartach ár gcinniniúna, agus cén bhaint atá ag Jennifer Lopez leis an scéal?

Seo píosa taibhléirithe ina míneoimid scéal an cheirnín, agus conas gur chuir sé muid ar bhóthar bleachtaireachta. Beidh eilimintí éagsúla den scéal á léiriú le haisteoireacht agus le físealaíon teilgthe, chomh maith leis an seinnteoir ceirnín, an ceirnín féin agus a chlúdach a bheidh á scrúdú go mion. Meascfar leis an iomlán sleachta ó shaothair agus ó thaifeadtaí Uí Chadhain agus fiosróimid conas mar a nascann ár scéal pearsanta le scéal an cheirnín. Beidh gné an cheoil tábhachtach tríd síos, agus meascfar nuachumadóireacht cheoil leis an gcaint, le sean-nós agus le rithimí lo-fi. Ba mhaith linn a léiriú gur féidir le scéal éachtach a bheith i gceist i ní beag neafaiseach inár saol, go bhfuil iontaisí an domhain timpeall orainn ach breathnú go mion ar an méid atá faoi láimh. Ba mhaith linn cuid de scéal Uí Chadhain a roinnt chomh maith leis sin, agus scéal na teicneolaíochta analógaí agus digití araon a chur faoin miondearcán. Scrúdóimid an tslí a n-imríonn maidhmiú cuartach tionchar ó rud go chéile arís is arís eile, i slabhra dobhriste.

Cad atá ann? Uathfhicsean, dráma faisnéise, sruth comhfhiosachta, áiféis, meascán mearaí de ghnéithe analógacha, digiteacha agus an duine féin measctha le hábhar aimsithe.

Scríbhneoir, aisteoir agus cruthathóir ilmheáin é Eoin P Ó Murchú atá ag iarraidh scríbhinní Mháirtín Uí Chadhain a roinnt le hinchinní dópaimín-ídithe ghlúin Tiktok. Tá drámaí, dánta agus gearrscéalta scríofa ag Eoin. Teastaíonn uaidh daoine a spreagadh agus preab a bhaint astu is léiriú a thabhairt ar shaibhreas agus ar ealaíona nua-aoiseacha na Gaeilge.

Draoi fuaime is ea Emma Ní Chearúil atá ag iarraidh cumhacht spookyáilte na caillí a thabhairt isteach i ngach togra dá cuid.

Eolaí craiceáilte na bhfíseán áiféise Gaeilge é Cúán de Búrca atá ag iarraidh a bheith ait, aisteach agus éagsúil. Agus greannmhar.

Aoife Ní Dhiarmada - Is scríbhneoir agus léiritheoir páirt-aimseartha í Aoife atá ag "obair" le cúpla bliain anuas ar úrscéal - uaschamóga in úsáid aici mar ní hionann "próiseáil a dhéanamh" agus "prós a scríobh" faraor!

Bhí ticéid ar díol anseo:

https://smockalley.ticketsolve.com/ticketbooth/shows/873642624?_gl=1*svg2mw*_ga*MTMzNDM0MzMxNy4xNzA2MjA1NzQw*_ga_MWDVV00WLD*MTcwNjIwNTczOS4xLjEuMTcwNjIwNTc3Ny4yMi4wLjA.           

Máirt 27 + Céadaoin 28 Feabhra | 6:45pm | Scoil na mBuachaillí / Boys' School                                                       

Seó Gaeilge - Máirtín ⁊ Jenny from the Block

No comments:

Post a Comment