Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Friday 10 November 2017

Tá an rialtas ó dheas ag marú na Gaeilge, ach tá níos mó den locht ort!

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana)
Chuaigh tú go Lá Mór na Gaeilge, bhí tú dearg le fearg leis an rialtas, teastaíonn uait toghchaí a roghnú don Ghaeilge ach is céard is féidir leatsa déanamh anois?
Is é a chuirim romham thíos ná roinnt céimeanna chun sin a chinntiú. Céimeann beaga simplí cuid acu, céimeanna móra roinnt eile, ach tá bealach ann gur féidir le gach éinne againn feabhsú cinnte. Mura bhfuil an-chuid ama agat an t-alt iomlán a léamh níl ort ach rud beag amháin a dhéanamh, díreach labhair Gaeilge le do pháistí! An chéad uair eile a deir duine leat go bhfuil siad ag iarraidh an teanga a chur chun cinn seol anseo iad.
NÁ DÉAN OIREAD IS SÍNEADH FADA/LEATHPHOINTE DE SEO A CHEARTÚ/CHÁINEADH ACH AMHÁIN SA CHÁS GO NDÉANANN TÚ CINNTE GO GCUIREANN TÚ CUID DE NA MOLTAÍ SEO IN ÚSÁID! (má dhéanann tú sin stróic leat ag cáineadh!)
60 soicind ar son na Gaeilge?! Céimeanna beaga
1. Ainm – bain úsáid as an leagan Gaeilge de d’ainm, tosaíodh comhrá Gaeilge liom inniu a bheadh i mBéarla murach m’ainm.
2. Seoladh – úsáid do sheoladh as Gaeilge le gach éinne, bainc, comhlachtaí fóin, glacann gach éinne leis is is bealach simplí é leis an teanga a chur chun cinn.
3. Abair ‘Dia dhuit’ ‘Go raibh maith agat’ agus ‘Slán’ in ionad na nathanna Béarla-fíor-éasca agus déanann seo an teanga feiceálach! An chuid is mó de Bhéarlóirí deir siad nach gcloiseann siad an teanga riamh, is is dócha go bhfuil an ceart ag roinnt acu beagnach i gcónaí, athraigh seo!
4. Cuir síniú Gaeilge agus ‘Fáilte roimh Ghaeilge’ le gach ríomhphost uait.
5. Feabhsaigh do chuid Gaeilge, os rud é gur teanga mhionlaithe í tá i bhfad níos mó éiginnteachta ann faoi théarmaí, litriú, agus gramadach. Measaim féin go dtugtar i bhfad an iomad airde ar chruinneas, nuair is cóir díriú ar shaibhreas, is le saibhreas is fearr a thagann líofacht agus beocht teanga. Saibhrímis sinn féin!
6. Athraigh do samsung/facebook/hotmail/google go Gaeilge.  UMB Bhanc na hÉireann(ATM)-  Fág glórphost (voicemail) Gaeilge ar do fhón.
7. Aon saghas ceistneora líon isteach é agus luaigh an Ghaeilge pé saghas rud é, bialann, polaitíocht, seirbhís óstáin- cuir an Ghaeilge chun cinn!
8. Scríobh téacsanna (texts) i nGaeilge
9. Siopaí Gaeilge – tacaigh leo! Babóg Baby, hairybaby.ie, litriocht.ie, siopa.ie
10. Nuachtáin – ceannaigh an Irish Times agus an Indó, dá olcas é, ar an gCéadaoin! Ceannaigh nós, ceannaigh comhar, tacaigh le goitse, nuacht24!
Seo pointí beagán níos mó, bíodh misneach agat!
1. Labhair Gaeilge le do pháistí. Má ta Gaeilge agat agus mura labhraíonn tú leo í tá tú ag baint rud a bhfuil luach mór cultúrtha, sóisialta is eacnamúil leis uathu. Deirtear go minic nach féidir seo a dhéanamh mura bhfuil Gaeilge ag do pháirtnéir, ag an bpobal timpeall ort, nó go bhfuil do chuid Gaeilge ró-lag, nó nach mbeidh Béarla maith go leor ag an bpáiste. Bheadh sé dodhéanta Béarla de ardchaighdeán a sheachaint in Éirinn sa lá atá inniu ann, fiú mura labhraíonn tú féin focal Béarla leo riamh beidh Béarla foirfe acu an-luath sa saol. Mura bhfuil agat ach smeadaráil den Ghaeilge, tabhair sin dóibh, is buntáiste ollmhór ata i mbunchumas Gaeilge fiú. Is nós atá i dteangacha, mura dtosaíonn tú amach á labhairt beidh sé deacair athrú níos déanaí. Labhair Gaeilge le do pháistí agus déan ón tús é! Ná coinnigh i bhfolach í!
2. Cónaigh le Gaeilgeoirí eile. Agus tú ag fágáil an bhaile/ na hollscoile/ag bogadh isteach i dteach/ag lorg árasáin, aimsigh Gaeil le cónaí ann leat. Ní hamháin go mbeidh i bhfad níos mó Gaeilge á labhairt agat ach beidh craic i bhfad níos mó ann. Ó mo thaithí tá na Gaeil míle uair níos spleodraí, níos ceolmhaire, is beidh gach saghas rírá is ruaille buaille atá ag dul ann. Ná caill amach ar an ruaille buaille.
3. Feabhsaigh do chuid Gaeilge, sea, sin é, raite agam arís an dara babhta cad chuige sin? Mar go bhfuilimd uile ar díth Gaeilge. Tá ár reimsí focal i bhfad rótheoranta le saol iomlán a chaitheamh as Gaeilge. Bímis ag léamh, ag caint ag scríobh ag staidéar. Saibhrímis sinn féin athuair!
4. Cuir comhrá ar siúl in do ionad oibre. An bhfuil Gaeilge agat? An féidir leat caint? Molaim seo in áit ranganna leamha, leadránacha.
5. Pé post a dhéanann tú déan cinnte gur féidir é a chur ar fáil trí Ghaeilge agus déan cinnte go bhfuil daoine ar an eolas faoi seo!
6. Scolaíocht lán-Ghaeilge – ba chóir go mbeadh scolaíocht lán-Ghaeilge mar nós ag an mbunleibhéal in Éirinn, ach amháin dóibh sin a theastaíonn éalú uaithi (is fusa go mór seo a bhrú chun tosaigh! Bíonn toghcháin ann go minic, is ag polaiteoirí atá an chumhacht ó thaobh scolaíochta, cuirtear an pointe seo ina lui orthu. Gaelscolaíocht do gach éinne ar mian leo í.
7. Seol do pháistí go Gaelscoil. Ceann breá éasca, iontach, cabhrach!
8. Labhair Gaeilge le héinne a bhfuil sí acu. Dá ndéanfaimis uile seo…
9. Iarr seirbhísí Gaeilge i gcónaí, ón stát agus ó ghnólachtaí!
10. Siúil amach le duine le Gaeilge, deacair go leor rud mar seo a roghnú ach má tá tú ag comhlíonadh gach aon rud eile titfidh seo amach gan móran stró!
Seo rudaí níos mó arís a bhfuil obair na mblianta nó obair mhór i gceist iontu.
1. Fonn ort grúpa an chuirfidh an Ghaeilge chun cinn a chur ar bun?! Bhuel ná déan! Roghnaigh rud éigin a bhfuil spéis agat ann, agus a mbeadh suim ag go leor daoine ann agus cuir grúpa de sin ar siúl trí Ghaeilge. Is fearr i bhfad seo ná an seanmhúnla de ghrúpaí Gaeilge. Má tá cónaí ort amuigh faoin tuath gan aon spéiseanna agat ná ag do chomhghleacaithe, tá cead agat grúpa Gaeilge a bhunú agus díreach suí thart ag labhairt faoi rudaí gaelacha.
2. Cuir caifé/cultúrlann/amharclann ar bun; obair na gcapall de dhíth ach rí-ghá leo seo!
3. Cruthaigh timpeallachtaí lán-Ghaeilge. Beagán scanraidh ort bogadh chuig an nGaeltacht agus breis scanraidh ort cónaí i gcomún? Ar an drochuair níl mórán rudaí eile ‘dul an Ghaeilge a shábháil mar theanga bhaile. Caithfimid teacht anuas le bealach gur féidir linn gaelphobail a chur ar bun. Bhíodh communes acu is Home&Away agus bhíodh Home&Away cúl, bímis cúl!
4. Diúltaigh glan plé le haon eagraíocht stáit ach sa chéad teanga oifigiúil.
5. Bunaigh Gaelscoil, Gaelcholáiste, Gael-Ollscoil!
6. Bíodh post Gaeilge agat – déan iarracht post a bhunú ina mbeidh tú ag feidhmiú go hiomlán/mórán trí Ghaeilge
7. Ó agus feabhsaigh do chuid Gaeilge, bíodh Gaeilge níos fearr againn ná Béarla, cén fáth nach mbeadh, is cén fáth nach bhfuil?
Táim cinnte go bhfuil roinnt rudaí ansin thuas nach n-aontóidh daoine leo, bíodh acu, agus má tá locht ann, tá. Dála an scéil, beidh mé féin ag tabhairt faoi beagnach gach ceann de na rudaí seo mé féin, agus táim breá sásta glacadh le moltaí eile.
Tá go leor daoine den tuairim go bhfuil siad go mór ar son na Gaeilge ach teipeann orthu agus teipfidh orainn uile mar nach bhfuil daoine sásta na bunchéimeanna/ céimeanna meánacha a ghlacadh. Labhair Gaeilge le do pháistí! Den slua bhí i láthair ag Lá Mór na Gaeilge cén líon acu a dhéanfaidh amhlaidh? Cén fáth go ndéarfá leis an rialtas an teanga a úsáid má tá tú chun í a cheilt ar do pháistí féin?
Tá an saol gearr agus an t-am ag imeacht, féach, más leisceoir tú nach dteastaíonn uait aon rud eile thuas a dhéanamh, díreach labhair Gaeilge le do pháistí. Iontach, sásta go bhfuilimid beirt ar aon intinn.

No comments:

Post a Comment