Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday 5 August 2014

Mura mbeinnse pósta, is mura mbeadh agat féin fear(iarracht ar amhrán)

1.
Do chuasa lá ar an aonach sa ghleann
is do chualas do cheol ar an bhfidil ann
Do mheall sé mo chluais is do mheall tú mo shúil
is táim dúnta i ngrá leat ó tháinig tú chugam

A.
Mura mbeinnse pósta, is mura mbeadh agat féin fear
Sea phógfainn do bhéilín is phógfainn le fonn
Is roinnfinn mo bhéile leat is rachainn féin gann
Mura mbeinnse pósta, is mura mbeadh agat féin fear

2.
D'iarras dem charaid cérbh é thú féin
Is dúirt sé liom gur tú Bláthnaid Ní Shé
Is nuair a chualas do ghlór is do ghuth íseal séimh
thiteas dúnta i ngrá leat cén mhaith go ndiúltóinn é

B.
Mura mbeinnse pósta, is mura mbeadh agat féin fear
sea bhéarfainn ar láimh leat, síos chun na habhann
Is shiúlfainn a bruach leat, is shiúlfainn go mall
Mura mbeinnse pósta, is mura mbeadh agat féin fear

3.
Gráim d'aghaidhín é gleoite dathúil
is gráim do fholt fionn siar le do chúl
is thabharfainn mo ghrá duit go scuabfar sinn chun siúil.
ach táim dúnta i bpósadh is níl dóchas ann dúinn.

C.
Mura mbeinnse pósta, is mura mbeadh agat féin fear
Sea phógfainn le fonn do bhéilín is phógfainn le fonn
chanfainn amhrán duit is chanfainn go domhan.
ach táimse pósta is tá tú féin luaite le fear.




1 comment: