Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Thursday, 20 May 2021

Redemption Song as Gaeilge: Art Hughes

Redemption Song as Gaeilge:
Arna aistriú ag Art Hughes
Seanmhairneálaigh a d'fhuadaigh is a dhíol muid le lucht na long,
Caite i bpríosún dubh dhorcha is an soitheach ag seoladh anonn
Ach níor thréig an Tiarna Dia mé nó gur neartaigh sé mo lámh
Is gluaiseann muid sa ghlúin seo go buaiceach is go sámh:
CURFÁ
Ó cuidigh liom sa cheol, san amhrán saoirse,
an rud a coinnigh muid ó smacht na daoirse.
Saor d'intinn féin ó sclábhaíocht, coinnigh díreach is ná cam!
Gan eagla roimh fhuinneamh niúclach
nó ní stopfaidh sé a choíche an t-am.
Cuirfear chun báis gach fáidh is fíreán
ach glacfaidh sinne leis mar uain
deirtear nach bhfuil aon neart air
ach go gcoinníonn sé an leabhar buan.
CURFÁ



Tharla freisin go raibh imeacht ann faoin teideal seo thíos

AMHRÁIN NA SAOIRSE: TIONSCADAL BOB MARLEY

Mair ní ar do shon féin ach ar son daoine eile an soiscéal a bhí ag an bhfáidh reggae Bob Marley, duine de mhóroirfidigh an 20ú haois. Athruithe sóisialta agus réabhlóid spioradálta a d'éiligh sé ina chuid amhrán agus san am céanna lig sé dá chuid éisteoirí a mbuairt a dhearmad agus damhsa leis an gceol.

Cuirfidh Amhráin na Saoirse: Tionscadal Bob Marley an chuid is fearr dá shaothar i láthair. Gaeilge ghleoite curtha ag Gabriel Rosenstock ar na liricí, Liam Ó Maonlaí agus an banna reggae Béal Feirsteach Bréag a chanfaidh. Íomhánna breátha ar scáileán le Margaret Lonergan.

Dé hAoine 10 Deireadh Fómhair
Pavilion Theatre, Dún Laoghaire
Cead isteach/admission €20/18
Booking (01) 231 2929 or online at

Wednesday, 28 October 2020

Tá Tinte na Farraige Duibhe ar fáil le réamhordú anois!

Nuacht mhór (domsa pé ar bith!)

Íomhá

Tá úrscéal iontach a d'aistrigh mé go Gaeilge le foilsiú! Tá ríméad an domhain orm agus mé ag súil go mór le cóip chrua a fheiceáil go luath!

Is féidir Tinte na Farraige Duibhe a réamhordú ar lascaine speisialta go dtí 15 Samhain ag an nasc thíos.

Scéal samhlaíoch spraíúil suimiúil ó Tim Armstrong.

 
 
(Pictiúr díomsa agus ríméad orm. Ag insint na fírinne atáim, níl ann ach nach bhfuilim go maith chun meangadh gáire!)
 
Ní gan dua a fhoilsítear leabhar agus fuaireas cabhair mhór ó dhaoine go leor.
 
Táim buíoch de Mháire Ní Annracháin as a cuid comhairle agus cúnamh i dtús an phróisis. Thug Tim Armstrong an-tacaíocht dom ó thús agus d’fhreagair ceisteanna iomadúla uaim. Nára fada uainn an dara leabhar sa tsraith leis An Luingeas Dorcha air Fàire. Táim buíoch freisin de Dharach Ó Scolaí as a mholtaí agus a chúnamh ar fad agus as a bheith oscailte don chur chuige beagán éagsúil, mar a mínithe in áiteanna eile ar an mblag seo. Tá moladh mór ag dul do Chaoimhín Ó Scanaill, a chabhraigh liom agus a chruthaigh an t-inneall thuas, chomh maith le huirlisí iomadúla a chabhraíonn linn an Ghaeilge a aclú sa saol digiteach. Chráigh mé daoine éagsúla le ceisteanna iomadúla teanga agus gramadaí. Táim buíoch díobh ar fad, le hEmma Ní Chearúil agus Colm Mac Fhionnghaile a léigh an profa agus le Ciara Ní É, Seaghan Mac an tSionnaigh, Róisín Nic Liam agus Marcus Mac Conghaíl a léigh sleachta éagsúla.
 
Is féidir beagán a léamh faoin bhfógra seo ar bhlag an údair Tim Armstrong anseo