Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Monday, 18 March 2019

Méimeanna

Eolas nua ó Mháirtín Ó Cadhain tagtha chun solais: 'Ba leisbiach í Caitríona Pháidín, m'anam bhí sí fleait out ag raighdeáil Nóra na gCosa Lofa'.

Seo WUG
Seo WUG eile.
Tá beirt ___ ann.

Muintir Chonamara.... WUGANNAÍOCHAÍANNAÍ

Sunday, 20 January 2019



FÓGRA Tá an meme seo á thógáil ar láimh. Is é sprioc an fhógra seo a rá leat gur sábháladh an meme seo ar ghléas póca (an duine/na ndaoine) a bhfuil an fógra seo á phostáil acu. Níl aon ghá duit aon ní eile a dhéanamh ag an bpointe seo. An Coimisiún le Méimeanna Éireann

Friday, 11 January 2019

Dán grá (don Idirlíon)

Dán Grá (don Idirlíon)
Is beag rud atá chomh hálainn le do face
book atá ionat agus léimse thú ó chlúdach go clúdach, reddit!
Feicim hailo os do chionn
Nuair nach mbíonn tú ann
Fágann tú mé gan Focal,
gan Téarma fiú
Istoíche cloisim thú ag tweetáil sna crainn
Tweet tweet, is carachtar thú! (280 le bheith beacht)
Sea is grá liom tú, a idirlín.
Is deacair stad de bheith ag smaoineamh ort ríomhphost, ar feadh Insta fiú
Níl Tuairisc ar d’áilleacht aon Lá, Beo
Is tú an tinder a choiglíonn mo thine
Is grá liom tú, a idirlín.
Is cuma más bean nó más gmail thú
Nuair a imíonn tú uaim déanann mo chroí snap
Chat amháin eile a stór, sula n-imíonn tú.
Ó sea, níl teora le mo ghrá duit, a idirlín dhil.
Ní chreideann éinne nach raibh oiread is troid amháin eadrainn, What?
Sapp níor ghlaoigh tú orm riamh! You tube! ach oiread
Le daoine eile ní raibh ann ach meme meme meme
Ach tusa, dúirt tú ‘Conas is féidir liom cabhrú leat?’
Tú an chéad duine a roinnim rudaí leo.
Nuair atá rud éigin á chuardach agam,
Bíonn a fhios agat go díreach cá bhfuil sé.
Críochnaíonn tú mo chuid abairtí fiú...
A idirlín dhil
An bhfuil fonn ort bheith mar mo wifi?
(agus freagra an idirlín)
01110100 11000011 10100001

(sin tá!)

Yahoo! Donedeal!

Wednesday, 2 January 2019

Giota bainte

Luann McKenna pleananna forbartha Chomhairle Contae an Chláir a aistríodh ar chostas €30,000. Deir sé gur leaganacha Béarla amháin a ceannaíodh. Fágann sé as an scéal ar fad, áfach, go raibh leaganacha digiteacha saor in aisce ar fáil ar líne, rud a luaigh Éamon Ó Cuív ag an am.

Monday, 10 September 2018

Nuair a chuireann tú suim i gceol nua-aimseartha i nGaeilge...

Nuair a chuireann tú suim i gceol nua-aimseartha i nGaeilge...

Cailín na Gaillimhe, Mundy

Avicii Vs Lurgan

CEARTA Kneecap

🎶Is maith liom curaí, curaí le m'iógart, iógart le mo churaí, curaí le m'iógart 🎶 
T-Rex Ó Saurus

Tuesday, 4 September 2018

Sionnach | Dáinín

Chas liom sa tslí sionnach beag lár sráide
A súile ar crith faoina cóta caol scáinte
i mbascaeidín bruscair a pus aici bhí sáite
is d’éalaigh arís gan focal agam ráite
Fada uaim anois mo mhaidrín rua úd
a tháinig is d’imigh d’aon mhear-ruathar
chun do choileán beir thusa mo dhúthracht
is beathaigh go barr iad chun gur leo a shiúlfad
An oíche sin féin is maidríní im thimpeall
siúlfad an chathair idir eaglais is teampall
is fillfidh ansin orm taobh theach an phobail
is glanfad a cóta, is cíorfad a drioball
Is nuair a chasfar liom arís sionnach seo lár sráide
A cóta an uair seo beidh sí maorga is mánla
Is scata coileán chuici a bheidh srónsáite
ach imeoimid arís gan siolla eadrainn bheith ráite

Tuesday, 14 August 2018

Eip 9 RnaG Raidió Ráiméis

(Táimid chun seansceitsí de chuid Raidió Ráiméis a fhoilsiú anseo. Seans go gcuirfear suim iontu nó gur féidir úsáid éigin a bhaint astu. Is féidir gur craoladh leaganacha de na sceitsí seo ar Raidió na Life nó ar Raidió na Gaeltachta cheana)

Daithí agus Daithí Oireachtas 1
A: Conas atá sibh, bhfuil sibh fós beo tar éis an Oireachtais?
E: Seolaigí bhur scéalta Oireachtais chugainn ar twitter!
A: Cén haischlib a úsáidimid?
E: Hmmmm #OireachtasNaGaeilge nah, ró fhada O-I-R na G?
A: hmmm OirnaG? Cad faoi OirG? OirG yeah sin haischlib foirfe don Oireachtas!
E: Táimid ag iarraidh bhur scéalta ar FAD a chloisteáil ón Oireachtas, agus ná déan
dearmad - #OirG!
Dí-Rialú ar Dhrugaí

Don't worry be happy, bob marley
Láithreoir: Tá aire na ndrugaí Aodh Ó Ruaráin tar éis a fhógairt go mbeidh sé ag athrú stádas go leor drugaí go stádas dleathach, ina measc an raithneach. A Aire, cén fáth a bhfuil seo á dhéanamh agaibh?
AÓR: Bhuel táimid ag súil go gcinnteoidh seo go mbeidh páirtí an Lucht Oibre ag ardú sna pobalbhreitheanna. Má thuigeann tú mé?
Laithreoir: Gach seans go mbeidh tacaíocht ann dó seo mar tá fianaise ann go n-oibríonn seo ar leas an phobail go hidirnáisiúnta.
AÓR: Nó, nó ní thuigeann tú táim ag súil go mór leis an Ardfheis!

Enda: Hóhó Aodhó, is tú an buachaill!
Láithreoir: Gabh mo leithscéal an é sin an Taoiseach Enda Kenny i stiúdeó na Dála leat? Aodh cad a deir tú leo sin a deir go scriosfaidh seo go leor saolta fud fad na tíre?
AÓR: Cad tá á rá agat arís? Here aon seans go mbeadh paicéad doritos agat? Ah Enda stop mise sa hotseat anseo.

Enda: Hotbox mar a déarfá.
Enda: Céard é sin? Dictaphone. pppfffffffffff!
Laithreoir: An féidir linn filleadh ar an bpríomhcheist, cad atá
AÓR/Enda: Dictaphone!(gáire gan stad)
Má cuireadh isteach ort ag aon cheann de na ceisteanna a ardaíodh sa mhír seo cuirtear fáilte romhat glao ar an líne teilifóin seo, 016798000, dealer oifigiúil an rialtais.
Siondróm iar-Oireachtais
(tick tock cloig) https://www.youtube.com/watch?v=BeEDQMLtyGY ash by the secession
Guth: Fógra Sláinte

An bhfuil sé deacair ort éirí ar maidin?

An bhfuil dóchas caillte agat?

An screadann tú hup scraitheachaí gan chúis?
Seans go bhfuil tú ag fulaingt le siondróm iar-Oireachtais
Buail isteach ar an ionad dian-chúram um shiondróm iar-Oireachtais, áit a n-aimseoidh
tú seomra ciúin amhránaíochta, bairille le cúpla steip a dhéanamh air, agus go leor leor poitín.

Ná fulaing i d’aonar. Agus cuimhnigh: níl ann ach 350 lá go dtí an Oireachtas na
Samhna 2016.
Tá an fógra sláinte seo páirtmhaoinithe ag Oireachtas na Samhna teoranta.
Conchúr Ó Giollagáin ar Winning Streak
(ceol wining streak music)
Marty: Fáilte ar ais chuig Winning treak liomsa Marty Whelan. Tá Conchúr Ó Giollagáin, údar 'Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht' díreach ar tí an
roth a chasadh!
(flipf flipf flipf spin the wheel)
€1,000,000!!! Do-chreidte, comhghairdeas a Chonchúir, is miliúnaí anois thú! Anuas ar an gcarr, na laethanta saoire, an t-eitleán agus na carranna a bhuaigh tú sa chéad leath! Caithfidh go bhfuil ríméad an domhain ort!
Conchúr: Níl.
Marty: eeeeh, Níl tú sásta?
Conchúr: Níl in aon chor. Is dócha go gcúiseodh seo go leor fadhbanna dom. Bhí sé de cheart agam fanacht sa bhaile. Táim chun dul abhaile anois. Slán. Agus ná ceap go bhfuil aon seans go bhfuil mise a dhul ag íoc as mo cheadúnas teilfíse anois, ní thabharfainn an sásamh do ronán mac an iomaire, grúpcheannasaí, an b****d!
Marty: Cgl, bígí ag éisteacht le Desert Island discs an tseachtain seo mar tuigtear dom go mbeidh Conchúr Ó Giollagáin air, agus amhráin ábhairín gruama roghnaithe aige! Why does it always Rain On Me, Radiohead, agus an ceann is déanaí ó Adele!
Top 40 Oifigiúil Chorn Uí Riada

(Tá sé i gceist gur drochGhaeilge atá sa phíosa seo ar ndóigh!)

Ceol top 40 oifigiúil na hEireann
Fáilte isteach go dtí top 40 oifigiúil chorn uí Riada, áit a mbeimid ag casadh na
t-amhráns is móire ó chorn uí riada!
Bangers ar nós “chaill mé mo mhac agus mo bhád” agus “A Mhuire cá bhfuil tú, tá cupán
tae uaim”.
Rrrrrrrrroimh a chasaim an chéad amhrán, seo blaiseadh den belter a bhí ag uimhir 1 an
tseachtain seo caite don 125ú seachtain as a chéile. Pumpáiligí an raidió suas
don cheann seo, Joe Einniú leis an BELTER Amhrán na hEascainne
Daithí agus Daithí Oireachtas 2
E: Go raibh maith agaibh ar fad as bhur scéalta Oireachtais a sheoladh chugainn ar twitter
ag úsáid an haishchlib.
A: Seo roinnt de na cinn is fearr - D’ól mé pionta le Rónán Mac A B ag 3 a chlog #ORG- iontach!

E: Agus ar fheabhas tá pictiúr leis an gceann seo - mé féin agus na lads #ORG - agus tá
an pictiúr ag lódáil anois...
A: hmmm...ceapaim go bhfuil siad ag imirt UFC...aaaagh! Daithí cad atá ag tarlú? Céard is ciall leis an bhfocal sin?
E: Rud ar bith, sin díreach damhsa na scuaibe measctha le twister measaim, ná bac.
A: Óicé!
E: Beimid ar ais an tseachtain seo chugainn le réamhléiriú ar Oireachtas na Nollag, ná cailligí amach air! Agus an féidir le daoine éirí as na piceanna sin a sheoladh chugainn ar snapchat le bhur dtoil!