Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Friday, 14 November 2014

Anfa na lann

Tá an héalacaptar dom chuardach san abhainn,
Anfa Thafann na lann
Spotsholas á spré suas síos
Feadh na habhann
Súile ag grinnscrúdú an fhothain
Gléshúile greamaithe ag gliúcaíocht
Tá an baile thíos
Shlog an abhainn mé mar a sholgann sí gach éinne
Shlog an baile mé mar a shogann gach éinne
An dream a d’fhág, d’fhág
Ach sinn a d’fhan
Bhíomar amuigh agus fuaraíodh sinn

Tá slua bailithe ag an gcrosaire
Tá fear ag leanúint an héalacaptair le teann spéise
Is deacair a dhéánamh I gcarr
Turas aistreánach
Tig leis an healacaptar taisteal mar dhéanfadh préachán
Line dhíreach gan lúb
Ach leanann lúbarnáíl dhubh na habhann
Ciúnas, fuaim uisce faoi uisce a bhogann

Dúisíonn an héalacaptar an baile meánaoiseach
11.45 iarrann beirt ar a chéile an mbaineann sé leis an otharlann
Chuaigh duine in abhainn, deirtear
Soilse suas síos an abhainn
Tugtar meall an héalacaptair sa spéir faoi deara
Ceann éigeandála ní foláir
Ní aimseofar i mo bheo mé
Mar táim marbh
Agus táim ag fanacht sna sceacha orthu

Easaontas

Tús ar alt nach raibh cuma ná caoi air, b'fhearr a chaitheamh ar an idirlíon in áit a chaitheamh amach.

Tá agallamh ag Ciarán Dunbar le Dr. Aidan Doyle,  a spreag 'díospóireacht ar na mallaibh mar gheall ar alt a scríobh sé san ‘Irish Times’ ag ceistiú cearta teanga agus stádas na Gaeilge i mBunreacht na hÉireann.' Deir sé ann 'tá mé in amhras nach é leas an linbh é bheith ag foghlaim i dteanga iasachta.'

Tá sé sin rísuimiúil mar tá léirithe arís is arís eile gur chun leasa an pháiste é ó thaobh cumas sa Mhata, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge Béarlóirí ó dhuchas foghlaim trí Ghaeilge. Ó thaobh daoine atá dátheangach feictear rátaí níos ísle den néaltrú agus laghdú i gcailliunt urlabhra tar éis stróc. Seo gan trácht ar na buntaistí iomadúla cultúrtha agus eile a théann leis an dara teanga. Má tá se in amhras nach é leas an linbh é bheith ag foghlaim i dteanga iasachta tá a chuid amhrais ag teacht salach ar mholl mhór fianaise le blianta fada.

Do dhochtúir is suimiúil an chaoi a bhfuil sé sásta ráiteas a dhéanamh gan an oiread sin bunúis ann.  Is ríchosúil leis nach bhfuil aon chur amach aige ar nádúr na hagoidíochta. Is é sin go gcuirtear an. Ní gearleanúint atá ann ach
Maidir le ' níos deirge, níos feirge’. chuile sheans gur fágadh 'mó ar lár no is féidir gur ceapadh go raibh se ceart go leor go mbeadh sé neamhghramadúil ar nós 'The hostess with the mostess' sa Bhéarla a ritheann liom. Go rómhinic i saol na Gaeilge measann daoine gur ionann ceartú gramadaí agus baint den argóint, ní hea. Arís eile bíonn de nádúr lucht grianghrafadoireachta ag agóidí pcitiúr a chruthú, gach seans nár bhain an póstaer leis na mná sin, nó nár chum siad é.

 Ní fheicim gur bréag ‘í an Ghaeilge teanga náisiúnta na hÉireann’. Tig leis sin a bheith fíor beag beann ar chumas an phobail. Bréag ata ann go bhfuil Gaeilge ag 1.7milliún ag daoine áfach. Má tá orm aontú leis in aon áit áfach baineann se le staid na Gaeilge. Is dóigh liom go bhfuil an Ghaeilge ag dul ar gcúl, ach is deacair seoa  fheiceáil mar go bhfuil gach éinne sásta a bheith ag cumadh agus ag glacadh le bréaga éagsúla. Seans gur easaontóir mé féin mar sin

 Nuair a deirim seo le daoine luann siad cás x nó cás y gan móran de thacaíocht staidrimh leis. Tuigim gur deacair teacht ar staitiscí fírinneacha ach tuigeann éinne a rinne iarracht Gaeilge a úsaid mar ghnáththeanga sa tír seo nach bhfuil sí ag 1.7milliún duine. Caithfimidne, ar mór linn an Ghaeilge, bheith ag réiteach don saol iar-Ghaeltachta, ionaid, aiseanna agus argóintía r son na Gaeilge bheith réitithe againn da héagmais.

Is féidir an t-agallamh a léamh anseo http://www.meoneile.ie/ailt/easaontas-agus-an-ghaeilge#.U-DV0vldWSo




Monday, 6 October 2014

cúirt chluain sceach 2014 dán

Whereas,
Osclaigí an doras is fáilte romhaibh isteach
go 71 Páirc Gledswood croílár Chluain Sceach
Sa gháirdín ar chúl tá cónaí ar scata sionnach
Tigh ceolmhar, cairdiúil, ceanúil, is ar ndóigh Gaelach

Tá againn beirt Chormac, Iseult is Ní Mhuirí, 
Is menagerie ainmhithe ag siúl timpeall an tí
Trasna an bhóthair tá mosc do mhuslamaigh
Is trasna uaidh sin tá ollscoil UCD.

Mar sin oscalaím an Chúirt, téanam isteach
Fan soicindín go gcuirtear na luchóga amach
Geallaim daoibh oíche shuimiúil amach is amach
Sa tigh seo atá ceolmhar cairdiúil, is beagáinín salach

Sunday, 5 October 2014

Liosta Mór Fada Cé-hé-clichéanna / Ainm-nathanna

Míle buíochas le muintir Gaeilge Amháin ar facebook a chabhraigh le tiomsú an liosta seo!

N'fheadair a Pheadair
Go raibh míle a Shíle
Cá bhfios a Chris?
Sin é Shinéad!
Slán a Sheáin!
Aon chraic a Jack?
Suas an staighre a Mháire!
Slán go fóill a Phóil!
Nach deas do ghúna Úna!
Cá háit, a Cháit?
Bí cúramach a Chormac
Ar an mbóithrín, a Nóirín.
Ar an mbád le Maud.
Go leor a stór.
Cá bhfuilim, a Choilm?
Aon scéal, a Néill?
A Mhick, a mhic!
Céard eile, a Ella?
In ainm Chroim! Cé a lig broim!
Go deas séimh, a Mhéibh.
Tá Úna gan a gúna is tá Séana gan a léine!
In ainm Dé, cé hé?
Cá bhfuil d' fháinne, a Áine?
Tháinig Cé i ndeireadh an lae.
Sin sin Tintin
Ná bí ag gáire a Mháire.
Cá bhfuil do chíochbheart a Airt?
Máire ag gáire mar nár thuig sí náire i ndeireadh báire.
Ba bhocht ag nocht an tocht i ndioscó ag a hocht anocht.
Dia dhuit a bhitch.
Nach aoibhinn d'Aoibheann?
Seo Nuala leis an húla
Gráinne leis an fháinne
Do shúile Fionnuala
Go amach ón mbus, Gus.
Seas suas Louis
Cén chaoi a bhfuil Nuala, a Fhionnuala?
An bhfuil an tae réidh, Aedh?
Cad é a tharla Carla?
Go suas ó do ghlúna, Úna!
An bhfuil tú Réidh? Níl, is Mise John.
Bhíomar le hEimear.
Níl mar a shíltear, a Pheter.
Slán go deo, a Joe.
Ní fhaca mé Niamh riamh.
Lóistin Róisín.
Mise ina measc Zorro
Seans ar phíosa Maoliosa?
Séadna gán léine Úna gán gúna
Ar mhaith leat bainne Áine
Beoir go leor go deo na ndeor, a stóir.
Pinta, Jacinta
Ar an talamh Olive
O Thiarna tá siad dáiríre!
Claire sa Spéir
Chanukah Shona, a Dhonncha!
Dún do chlab a Rob.
Táim ar bís Eibhlís.
Éist do bhéal a Shibéal.
Glan d'aghaidh, a Thadhg
Is deas do léine, a Éanna.
An bhfuil do ghruaig cíortha, a Chiara?
Ar ghlan Tadhg a aghaidh?
Ar aghaidh leat a Thaidhg.
Bhfuil tú tinn a Róisín?
Lean ort tú féin a Chéin.
Dúirt mé leat cheana a Hannah
Dún an doras a Bhoris
Tabhair dom an subh, a Shadhbh
Cá bhfuil an t-im Jim?
Cinnte Jacinta!
Ar íoc tú mórán cíosa a Mhaoilíosa, nó go díreach píosa?
Ar ith tú mórán dúlamáin a Uasail Uí Shúilleabháin?
Fan go fóillín a Chóilín
Gread leat a Pheait.
Ar feadh bliana, a Ríona!
Ní raibh Tríona críonna ó thús na bliana a dhaoine!
Ná bí ag gáire, a Mháire.
Tabhair aire a Mhaire
I ndáiríre Ciara.
Tá Máire ag faire.
Suas staighre a Mhaighre
N'fheadar a Pheadair ach ma sea sí Aoife!
Cupán té a Shé?
Sin seafóid, a Ghearóid!
Tóg an traein a Sheighean.
Cuir ort do choiscín a Oisín
Pionta bainne, a Áine?
Cuir deiridh leis an ráiméis Laighléis!
Fadhb ar bith a mhamaí
Bualadh bos a Rossa
Ná pioc do shrón a Rón
Bí ciúin A Shiún!
Cá'l an cábla a Nábla?
Bhfuil taithí ag Dáithí
Cé tusa? Rossa?
Dul chuig a Rave Méabh?
Ar roghnaíodh tú don fhoireann a Mhuireann?
Táim ar an líne Clíona
Bhfuil Saoirse ag Seoirse
Déan do dhícheall a Míchíl
Is maith le Nóra comhrá
Buail fút Rút.
Glan d'fhiacla a Fhiachra
Tabhair dúinn píosa Lisa
Feart a Art
Cá'l an bia, a Lia?
Gearóid, féach ar an liathróid
Cá'l mo ghuthán Fionntán
Coladh sámh Ábh
Bhí cairrín Mháirín i nDroichead an Chláirín á tharraingt ag láirín an bhuachaill báirín.
A bhfuil scríofa ag Aoife, tá sé ríofa go líofa cheana daofa!
Téir a choladh Abdulla!
 Fan a Mham!
 Mar an gcéanna, a Shéana!
Fan go fóillín, a Phóilín.
An póilín Póilín?
Cé hiad na fír chóra, a Chóra?
Tair thar n-ais, a Thomáis!
Níor fhan ach aon mhiam, a Liam
Ní raibh ga sea ann, más ea.
Tiocfaidh do sheal arís, a Éibhlís!
Tar arís a Éibhlís!
Bí cóir, a Chríostóir!
An bhfacais cat mara, a Dhara?
Bí ag dul i muinín do chanúna, a Úna.
An bhfuil sé dorcha a Shorcha?
Chuaigh tú fríd a Bhríd.
Tiocaidh Chuckie
Ar mhaith leat roinnt comhairle, a Orlaith?
Dúirt mé leat cheana féin, Ó hAiniféin!
Tá sé sin go seoigh, a Chloe!
An bhfuil Eabhrais agat, a Labhráis.
Cá bhfuil na seoda Clodagh?
Buail do bhoisín, Oisín!
Pioc suas an bruscar, Oscar
Ná bí i do Diva, Caoimhe!
Scairt gutháin, a Lorcáin!
Téigh suas ar a díon, a Chian!
Antoin de Brún stad den gháire, a Mháire !
Caith an fáinne, Áine
Bhuel, níl mé do do shuirí, a Yuri!
An bhfuil pian i do thóin, a Antóin?
Ar mhaithe leis féin a dhéanann Rónán crónán.
Ní thagann ciall roimh Niall
Go deo deo a Joe.
Róghlic a Mhic.
Is fiú é a thabhairt faoi bhráid, a Iognáid
Ráiméis a Shéamuis!
Is bastard é Risteard!
Níl ann ach Bleadar Pheadair
Ar mhaith leat anainn, a Shionainn?
Stad den phlámás a Thomáis.
Cén fáth an pus ar Aonghus?
An dtiocfaidh tú linn a Aisling?
Ar chuala tú dán Seán Bán?
Ar mhaith leat banana, a Anna?
Tá gach rud go breá a Órlaith
Nach bhfuil sé barúil a Chearbhaill?!
Coilín an Póilín.
An oireann sé do Dhoireann?
An ionann Sionann?
Níos measa a Threasa?
Itheann Séan follán grán agus arán
Tríd is tríd a Bhríd.
In ainm Dé a Faye
Cá bhfuil do choinsias a Phroinnsias?
Uachtar reoite a phleota.
Ceann eile, a Ella?
Ar breá leat comhrá a ghrá?
Bhí orm rud 'neart a scríobh a Niamh!
As seo amach a mhac
Is tú an bastard, a Risteaird!
Tá sé sin dian Ó Riain!
Cá bhfuil m'éadaí Sadie?
Feicfidh mé thú ar an lá saoire bainc, a Frank.
Phós tú amadán, a Shiobhán!
Cá bhfuil an phian arsa an Dochtúir Ó Riain.
An bhfuil tú ullamh Olive?
Cá háit, a Cháit?
M'áit nó d'áit a Cháit?
An bhfuil tú ullamh a Ollaimh Olive?
An bhfuil tú réidh, a Rae?
An í seo do mháthair, a bhráthair?
An dtiocfaidh tú liom chun na Spáinne, a Ghráinne?
Tá Frank sa Fhrainc.
Pian sa tóin é Antóin.
Cad é an craic Barack?
Cad é ar do liosta buicéad Mairéad?
Tá mé ag fáil bháis, a Thomáis.
Tá adharc fada ort Bert
Lá breá mar dhea
Dáiríre a Chaoimhe?
Go dté tú slán, a Shiobhán.
Dia dhuit, a Rich. 
Beatha agus sláinte chugat, a Rút. 
Cuir caoi ort féin, a Elaine!
Glac mo chomhairle a Shomhairle!
Sin é a Kanyé!
Conas ataoi, a shaoi?

Monday, 29 September 2014

saol

Seo an deireadh anois
beagnach ann
a deir an cultcheannaire

ó nár aoibhinn
bheith cinnte
faoi sprideanna spéire 
is neacha osnádúrtha

nach dtabharfadh sé 
codladh na hoíche dúinn

a cheannaire abairse an lá 
is díolfad mo theach

a cheannaire?
ródhéanach.

N11- splanc-chuimhneamh

Thurlaing luath den bhus le beirt chara, deartháireacha, is muid ag dul ar scoil
ar an N11, bhí rud eigin le taispeáint ag an gceann ba shine dúinn, dúirt sé,
seanfhoirgneamh BSL, réidh le díol, folamh le míonna.
bhí an féar ard agus sceacha ag fás as na boscaí plandaí
chuaigh isteach faoi ghliondar-uafás
graifítí dearg agus cáirpéid fhliucha
sluaghairmeacha gáirsiúla smeartha ar na ballaí,
an troscán imithe paistí glana ar an mbrat
scáileáin bhriste sa chúinne, corrchathaoir cionn-os-bun
agus na tincéirí tosaithe ar na sreanganna copair a bhaint ón síleáil
thóg sé rud éigin trom agus chaith le fuinneog é, ceann acu nach raibh briste
bhí taitneamh sa bhriseadh sin
phiocamar beirt cloch nó leathbhríce is chaith le fuinneog
is le fuinneog sa díon
smidiríní calláin agus ciúnas
ar an mbealach amach dúinn
gan aird orm ar shiúl mo chos
shleamhnaigh cos léi isteach in umar marbhuisce ag tairseach an dorais
donnuisce bréan lofa
suas go rúitín leis
chauigh ar ais leis an mbus a fháil im aonar
d'fhan an bhróg shlacah liom feadh an lae agus an boladh bréan ag sníom aníos chugam
tógadh bloc mór árasán ar an suíomh cúpla bliain ina dhiaidh sin
'fine living' a thug siad air is pictiúir de chraobhóga asparagais
tá cuid acu fós gan díol 

An Ghréig, splancfhicsean

Chuaigh ag rith sa Ghréig ón mbád sa chaladhphort i dteas mór an iarnóin, mé ag bárcadh allais sular shroich mé na seanbháid ag seasamh ar éigean ar a gcuid cosa talaimh
báid na gcosa fada tanaí ag fanacht le go gcuirfeadh saor bád groí éigin deis orthu bhí na creatlacha ag fanacht go gclúdofaí iad agus cinn eile le díol
rith mé síos feadh an chalaidh is chonac na fógraí móra
ag cur de fhainic orm gan tobac a chaitheamh
ós rud é gur stáisiún peitril do na báid a bhí ann
bhí an t-aer tiubh leis an artola, é meisciúil
lean thart faoin gcaladh go bhfaca seanchreatlach foirgnimh
timpeallaithe ag sceacha is mion-chrainn
óstán nár tógadh, colúin agus urláir agus staighrí coincréide
liath ar fad, agus íoslach oscailte faoi lán le miodamas plaisteach an tsaoil
chuaigh isteach ann le radharc a fháil ar an gceantar
suas liom na staighrí gan taobh
bhí an áit mar a bheadh teach cártaí agus beagán eagla orm go dtitfeadh
shamhlaigh mé an plean a bhí ann don áit
agus an rath a d'imigh
suas liom staighre eile go dtí an triú hurlár
cac sa chúinne, seantinte; ciorcail dhubha anseo is ansiúd
ar an tríú hurlár thánag air
buachaill sna déaga luatha cheapfainn rothar aige, é ag luí in aice leis é suite ar chairtchlár
cuma fhiosrach air;
bhí mé tar éis baint siar uaidh ní cuimhin liom anois an raibh drugaí leis ar fáth éigin samhlaím go raibh sé ar scoil tearmann olc aige an áit seo, is go raibh se ag fanacht ar dhuine teacht ann ní fheadar rith mé leis timepall an bhaile na turasóirí Sasanacha ag déanamh iontais dem éadan corcairdhearg faoin úr gur shroich mé an bad arís bhí salannn mo chuid allais do mo phianadh tríom chraiceann ag titim leis isteach sna súile agam agus níor fhéad mé a ghlanadh