Léirmheas iontach faoi Na Draoithe a d'aistrigh mé le léamh ar Nós!
Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.
Wednesday, 16 April 2025
Na Draoithe "aistriúchán den scoth"
Monday, 16 December 2024
The Love Song of J. Alfred Prufrock - Aistriúchán Gaeilge le Mícheál Ó Flaithearta
Thursday, 7 November 2024
Léirmheasanna beaga gasta: Reunion agus GUEST HOST STRANGER GHOST
Mark O’Rowe a scríobh agus a stiúraigh
Léiriú de chuid Landmark Productions
Amharclann an Gaiety
Thug Reunion le Mark O'Rowe muid go hoileán iargúlta in iarthar Éireann áit a dtiteann teaghlach ó chéile. Thug an ensemble léirithe láidre uathu agus mheall an réalta Robert Sheehan na sluaite.
Fiosrú suimiúil ar na naisc a choinníonn teaghlaigh agus caidrimh le chéile sa lá atá inniu ann, chomh maith leis na rudaí sin a dhealaíonn ó chéile iad. An bhféadfaí gníomh eile fós a chur leis an dráma agus an lasair a chur sa bharrach ar fad? Agus nach bhfuil tróp chábóg dhúr thruacánta na tuaithe seanfheicthe againn faoin tráth seo?
GUEST HOST STRANGER GHOST
Kate Heffernan a scríobh
Eoghan Carrick a stiúraigh
Léiriú de chuid Once Off Productions
Amharclann Smock Alley
Teideal den scoth ach ní raibh mé iomlán cinnte cá raibh an ceann scríbe dár dtabhairt sa dráma seo. Ar deireadh bhraitheas go raibh mé ar ais san áit ar thosaigh mé, ar strae. Dráma barrúil eile a théann i ngleic le géarchéim na tithíochta agus a thugann léargas hipir-réalaíoch ar shaol an duine óig sa lá atá inniu ann.
Léiríodh an dráma ar ardáin éagsúla timpeall Bhaile Átha Cliath, ó spás go spás, díreach roimh pé dráma a bhí le léiriú ar an ardán an oíche sin, ach ba mhó de ghimic ná de rud a chur leis an léiriú a bhí ann.
Friday, 9 August 2024
SPLICED: Lúbadh na fuinseoige agus na hintinne (Léirmheas drámaíochta)
Dráma faoin bhfearúlacht Éireannach é SPLICED. Déanann sé cur síos an duine ar an taobh istigh de shaol CLG na hÉireann. Léiríonn sé na buanna atá leis agus na míbhuntáistí ar fad a théann leis freisin. Saol a chruthaíonn daoine atá dírithe ar fad ar an spórt, ach díriú é sin a fhágann iad iomlán scartha óna gcuid mothúchán. Luaitear scéal captaen nach raibh in ann an focal 'grá' a rá fiú agus é ag aifreann pósta a chairde.
Seó ilmheáin suíomhbhunaithe i bpinniúir agus i hallaí liathróid láimhe é SPLICED atá le feiceáil fud fad na tíre. Chonaic mé féin é i bpinniúr CLG Na Fianna.
I seisiún ceisteanna agus freagraí i ndiaidh an tseó ba léir go raibh roinnt daoine a bhí tar éis freastal air ach nach raibh in ann dul i ngleic le lárphointe an dráma fós. Bhíodar ródhírithe ar fad ar an spórt agus ba dheacair dóibh féin an méid sin a aithint. Pléadh gnéithe éagsúla den scéal ann; an tslí a bhfuil an iomad béime ar an mbua, mar bhua amháin, agus go bhfágtar daoine gan forbairt iomlán mar dhaoine taobh amuigh den spórt. Tá an baol ann nach gcuirfí aon luach ar an duine nach gcabhraíonn leis an bhfoireann an bua a fháil.
Tuilleadh eolais faoin seó agus faoin drámadóir anseo: https://www.rte.ie/culture/2023/0104/1344644-first-fortnight-timmy-creed-on-spliced-and-telling-his-gaa-story/
(Sean-léirmheas drámaíochta é seo nár fhoilsigh mé ag an am - chonac na blianta ó shin é, in 2019!)