Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Wednesday, 28 October 2020

Tá Tinte na Farraige Duibhe ar fáil le réamhordú anois!

Nuacht mhór (domsa pé ar bith!)

Íomhá

Tá úrscéal iontach a d'aistrigh mé go Gaeilge le foilsiú! Tá ríméad an domhain orm agus mé ag súil go mór le cóip chrua a fheiceáil go luath!

Is féidir Tinte na Farraige Duibhe a réamhordú ar lascaine speisialta go dtí 15 Samhain ag an nasc thíos.

Scéal samhlaíoch spraíúil suimiúil ó Tim Armstrong.

 
 
(Pictiúr díomsa agus ríméad orm. Ag insint na fírinne atáim, níl ann ach nach bhfuilim go maith chun meangadh gáire!)
 
Ní gan dua a fhoilsítear leabhar agus fuaireas cabhair mhór ó dhaoine go leor.
 
Táim buíoch de Mháire Ní Annracháin as a cuid comhairle agus cúnamh i dtús an phróisis. Thug Tim Armstrong an-tacaíocht dom ó thús agus d’fhreagair ceisteanna iomadúla uaim. Nára fada uainn an dara leabhar sa tsraith leis An Luingeas Dorcha air Fàire. Táim buíoch freisin de Dharach Ó Scolaí as a mholtaí agus a chúnamh ar fad agus as a bheith oscailte don chur chuige beagán éagsúil, mar a mínithe in áiteanna eile ar an mblag seo. Tá moladh mór ag dul do Chaoimhín Ó Scanaill, a chabhraigh liom agus a chruthaigh an t-inneall thuas, chomh maith le huirlisí iomadúla a chabhraíonn linn an Ghaeilge a aclú sa saol digiteach. Chráigh mé daoine éagsúla le ceisteanna iomadúla teanga agus gramadaí. Táim buíoch díobh ar fad, le hEmma Ní Chearúil agus Colm Mac Fhionnghaile a léigh an profa agus le Ciara Ní É, Seaghan Mac an tSionnaigh, Róisín Nic Liam agus Marcus Mac Conghaíl a léigh sleachta éagsúla.
 
Is féidir beagán a léamh faoin bhfógra seo ar bhlag an údair Tim Armstrong anseo
 

Tuesday, 13 October 2020

10 mbliana de Na Gaeil Óga

Píosa a scríobh Daithí de Buitléir ar 10 mbliana a bheith caite de Na Gaeil Óga.

 

 

Cothrom an lae inniu 10 mbliain ó shin, chuireamar Na Gaeil Óga ar bun.

Ag an am sin, bhí go leor ann a dúirt linn nach mbeadh an éileamh ann & nach mbeadh suim ag daoine. An seachtain gur seoladh an club scríobh an Sindo píosa tuairimíocht ag moladh ar bhfuinneamh ach ag tuar nach raibh in ann dúinn ach teip tar éis bliain nó dhó.

D'fhás Na Gaeil Óga níos tapúla ná mar a bhí éinne ag súil leis. Sa 10 mbliain sin táimid imithe ó bhunsmaoineamh go 26 foirne le breis is 500 baill imeartha. Ar an bPáirc d'éirigh linn 16 ardú céime a bhaint amach idir an 4 cód.

Go leanúnach ar an dturas, leagadh síos dúshlán romhainn agus sháraíomar iad. Dúradh nach raibh iomáint, camógaíocht, faoi-aois agus go leor rudaí eile indéanta agus léirigh muid go raibh.

Pribhléid mhór dúinn tabhairt faoin aistear le cuid do na daoine is spreagúla, spéisiúla & siamsúla dá bhfuil ann.

Ar bhonn pearsanta, an rud is mó a bhí uaim i gcónaí ná go gheobhaidh gach duine i bhfad níos mó ar ais ó NGÓ ná mar a chuir siad isteach ann idir caían rud is mó a bhí uaim i gcónaí ná go gheobhaidh gach duine i bhfad níos mó ar ais ó NGÓ ná mar a chuir siad isteach ann idir cairdeas, cuimhní, aclaíocht, spóirt & teanga. Is cinnte go bhfuair mise sin agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil do gach duine as sin.

Ba bhreá liom dá n-iompróidh gach duine an tuiscint leo dá saol ar fad gur féidir le grúpa beag daoine rudaí speisialta a dhéanamh. Go dtógfaimid an tuiscint sin ar aghaidh linn mar croílár gach rud a dhéanann muid ar an bPáirc agus as an bPáirc. Go leanfaidh muid linn lenár súile i dtreo an todhchaí agus an tuiscint againn go bhfuil muid ag cruthú rud éigin speisialta.

Moladh mór do gach duine a bhí ar an dturas. Ní bheadh muid anseo murach na rólanna beaga & móra a d'imir gach duine agaibh!

Ag súil go mór lena bhfuil i ndán dúinn i 2021, 2022...agus an 8 bhliain eile ina dhiadh sin.💪🏆✊

Friday, 9 October 2020

BARR AN CHRAINN // PEIG // ALFONZTHEGHOST // EMMA NÍ C // EOIN P Ó M //

 

Ceol: Bunaithe ar amhrán Alfonztheghost https://soundcloud.com/alfonztheghost... 
 
Fuaimeanna breise: Freesounds.org Físeáin: Archive.org, Cartlann Prelinger, Físeáin Éagsúla faoi Mhuintir an Bhlascaoid ar Youtube atá luaite thíos, pexels.com, videazy.com, miSci Caint Pheig: Sleachta áirithe ó na taifeadtaí i Labharfad Le Cách. Ar mhaithe le hoideachas an t-amhrán seo agus cuimsítear na sleachta áirithe seo ann ar an mbonn sin.
 
Eagarthóir Fuaime: Emma Ní Chearúil
 
Eagarthóir Físe agus Coincheap: Eoin P. Ó Murchú
 
Caint Pheig san fhíseán: Níl aon lá ná oíche le
chúig mbliana déag agus daichead

go bhfuil sos ná suaimhneas
dulta ar mo theangain

Dheineas mo dhícheall riamh don dteangain agus don dtír. Dá mbeadh a leath ná a thrian déanta aiges gach aon tseanbhean ar fuaid na tíre, is fadó riamh a bheadh ár dteanga dhúchais suas ar bharr an chrainn.

ár dteanga dhúchais suas ar bharr an chrainn.

suas ar bharr an chrainn.

Fiú amháin 'Mártan Mheicsiceo' a thugaimist air, ó Mheicsiceo, anall ó lár Mheirice

Thugas mo lántoil agus mo láncúnaimh dóibh ins gach slí

Agus is ceart dos gach Éireannach meas agus urraim a bheith aige ar a son san don dteanga Ghaelach agus iarracht a thabhairt ar í a chur chun cinn chomh maith agus a d'fhéadfaidís.

Dá mbeadh a leath ná a thrian déanta aiges gach aon tseanbhean ar fuaid na tíre, is fadó riamh a bheadh ár dteanga dhúchais suas ar barr an chrainn.

ár dteanga dhúchais suas ar bharr an chrainn.

suas ar bharr an chrainn.
 
Is ón bpíosa cainte seo a tógadh caint Pheig:

Is olc an scéal é go bhfuil an aois ag teannadh liom agus ag druidim gach lá le deireadh mo shaoil , mar níl aon bhaol ná go bhfuil an méid atá caite dhem shaol agam , caite go hanróch agam - táim ag fulag le só agus le hanró agus le trioblóid . Ach mar sin féin, níor chloígh san mé ná gur dheineas mo dhícheall riamh don dteangain agus don dtír. Dá mbeadh a leath ná a thrian déanta aiges gach aon tseanbhean ar fuaid na tíre, is fadó riamh a bheadh ár dteanga dhúchais suas ar barr an chrainn.

Níl aon lá ná oíche le chúig mbliana déag agus daichead go bhfuil sos ná suaimhneas dulta ar mo theangain, ach ag cabhrú agus ag cuidiú leis gach Gaeilgeoir a bhíodh ar a tóir i d'fhonn isí a fhoghlaim . Níl aon bhaol go bhfuil aon aithreachas orm ná gur thugas mo lántoil agus mo láncúnaimh dóibh ins gach slí . Ach anocht an radharc atá feicthe agam , ní fhaca riamh fós cé gur minic a tháinig Bláithín , nó Robin Flower, mar thugaimist air , leis an ideafón chugham , agus is minic a bhíos cráite mo dhóthain aige. Ach mar sin féin, radharc na hoíche anocht ní fhaca riamh ná ní chífead lem shaol aríst. Is mó duine on loriatha anoir agus ón Lochlainn agus ón dtaobh theas de Mheirice, fiú amháin 'Mártan Mheicsiceo' a thugaimist air, ó Mheicsiceo, anall ó lár Mheirice, do bhí sé ag siúl ar an mBlascaod Mór, an áit a chaitheas deich mbliana agus daichead dem shaol, agus níor chualaigh aon duine iseal ná uasal ó shin, ná gur thugas mo láncabhair agus cúnamh dóibh ar pá pluic agus cead aighnis . Ach mar sin féin , do b'fhiú an teanga cabhrú léithi mar tá rud éigin bun os cionn ag baint leis an dteanga Ghaelach : tá grásta éigint ag baint lei ná fuil ag baint le haon teanga eile insa domhan , mar is tríthi , céad baochas le Dia , do fuaireamair eolas ar Dhia agus ar ár gcreideamh agus ar aitheanta Dé , trí ár dteanga Ghaelach féin agus tri Naomh Pádraig agus tri Naomh Brid agus trí Cholm Cille . Agus is ceart dos gach Éireannach meas agus urraim a bheith aige ar a son san don dteanga Ghaelach agus iarracht a thabhairt ar í a chur chun cinn chomh maith agus a d'fhéadfaidís. Táimse ar mo dhicheall , ach go háirithe ar a shon gur bean chrionna anocht me . (fág ar lár) Tá éirí croí orm a bheith ábalta ar aon chabhair a thabhairt di ná ar í a leathnú ar fuaid na tíre chomh maith is féidir liom é . Ach níl an croí agam , faraoir , marta pianta im stracadh , agus mar sin féin , ní bhraithfead iad faida bhead ag caint anocht . Do casadh a lán daoine orm ná raibh focal Gaolainne ina bpus , ach mar sin féin , do dheineas mo dhicheall dóibh agus do thugas mo chabhair agus mo chúnamh dóibh , fara cabhair Dé . Agus do bhíos lán de chion agus d'urraim dóibh chomh maith agus dá amach ó bhéal an dorais agam iad . Do shiúlaigh a lán Achet EE Sasanaigh anall ar an Oileán Mór i rith na hama so go léir agus do bhiodar chomh deas , chomh caoin , chomh cneasta , chomh homosach don áit agus dá ba Éireannach ceart aníos ó Bhaile Atha Cliath iad.

Físeáin: Oileán Currach Damhsa Mexico https://www.youtube.com/results?searc... Seanbhean Radharc https://www.youtube.com/watch?v=jXi28... 4.0 currachaí 750 gliomach is currach 22.03 púicín buí 22.40 currachaí https://www.youtube.com/watch?v=AtAU_... 0.4 oileán 106 - Peig féin! https://www.youtube.com/watch?v=D7gw7... 2.27 - currach 2- bosca ceoil 2.12 trá na rónta https://www.youtube.com/watch?v=-O99I... miSci