Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday, 9 April 2019

Aistriúchán Gaeilge ar An Sciobairín (Revenge For Skibbereen) le Séamus Mac Conmidhe

A Athair caoin is tric a bhíonn tú ag caint ar Éirinn bháin,
A harda glas', a bánta fras', a sléibhte mór' fiáin',
Áit suí rímhaith ag rí is flaith, níl tír ar bith níos breá',

Mar sin cad chuighe ar thréig tú í,
In's dom anois cén fáth?

A Mhaicín breá ba bhuan mo ghrá ar Éirinn bháin go deo,
Go dtáinig dubh ar phrát', orú, is chaill mé caor' is bó,
Le cáin is cíos a bhí mé thíos, gan spré agam ná maoin,
Is sin an fáth, mo chreach is mo chrá, ar fhág mé Sciobairín.

Sa dúlaíocht a tháinig siad, beidh cuimhne agam go deo,
An tiarna is an pílear leis le creataí an tí a dhó,
Le sinn a chur i mbéal ár gcinn amach i mbéal na sín’.
A-gus sin fáth, arís, mo chrá, ar fhág mé Sciobairín.

Go ndéana Dia a mhaith uirthi, do mháthair mhuirneach dhil,
Le huafás croí is scéin thit sí ar bharr an tsneachta ghil,
Níor éirígh sí arís a chroí, ach shiothlaigh ansin uainn,
Anois is buan atá a suan i reilig Sciobairín.

Ní raibh tú ach an dá bhliain d'aois, tú beag is lag is bocht.
Ní fhágfainn thú le cairde gaoil nó mo shloinne féin a bhí ort.
Chuach mé thú i mo chóta mór le coim na hoíche caoin.
Le hosna throm a thriail mé liom is thréig mé Sciobairín.

A Athair caoin ní fada uainn go bhfreagrófar an glaoch,
Beidh feara fáil go teann i ndáil faoi bhratach ghlas na laoch.
I gceann an tslua chun báis nó bua bead daingean dána righin,
faoi éide is airm, is tógfad gairm, i gcuimhne Sciobairín!

Monday, 18 March 2019

Méimeanna

Eolas nua ó Mháirtín Ó Cadhain tagtha chun solais: 'Ba leisbiach í Caitríona Pháidín, m'anam bhí sí fleait out ag raighdeáil Nóra na gCosa Lofa'.

Seo WUG
Seo WUG eile.
Tá beirt ___ ann.

Muintir Chonamara.... WUGANNAÍOCHAÍANNAÍ

Sunday, 20 January 2019



FÓGRA Tá an meme seo á thógáil ar láimh. Is é sprioc an fhógra seo a rá leat gur sábháladh an meme seo ar ghléas póca (an duine/na ndaoine) a bhfuil an fógra seo á phostáil acu. Níl aon ghá duit aon ní eile a dhéanamh ag an bpointe seo. An Coimisiún le Méimeanna Éireann

Friday, 11 January 2019

Dán grá (don Idirlíon)

Dán Grá (don Idirlíon)
Is beag rud atá chomh hálainn le do face
book atá ionat agus léimse thú ó chlúdach go clúdach, reddit!
Feicim hailo os do chionn
Nuair nach mbíonn tú ann
Fágann tú mé gan Focal,
gan Téarma fiú
Istoíche cloisim thú ag tweetáil sna crainn
Tweet tweet, is carachtar thú! (280 le bheith beacht)
Sea is grá liom tú, a idirlín.
Is deacair stad de bheith ag smaoineamh ort ríomhphost, ar feadh Insta fiú
Níl Tuairisc ar d’áilleacht aon Lá, Beo
Is tú an tinder a choiglíonn mo thine
Is grá liom tú, a idirlín.
Is cuma más bean nó más gmail thú
Nuair a imíonn tú uaim déanann mo chroí snap
Chat amháin eile a stór, sula n-imíonn tú.
Ó sea, níl teora le mo ghrá duit, a idirlín dhil.
Ní chreideann éinne nach raibh oiread is troid amháin eadrainn, What?
Sapp níor ghlaoigh tú orm riamh! You tube! ach oiread
Le daoine eile ní raibh ann ach meme meme meme
Ach tusa, dúirt tú ‘Conas is féidir liom cabhrú leat?’
Tú an chéad duine a roinnim rudaí leo.
Nuair atá rud éigin á chuardach agam,
Bíonn a fhios agat go díreach cá bhfuil sé.
Críochnaíonn tú mo chuid abairtí fiú...
A idirlín dhil
An bhfuil fonn ort bheith mar mo wifi?
(agus freagra an idirlín)
01110100 11000011 10100001

(sin tá!)

Yahoo! Donedeal!

Wednesday, 2 January 2019

Giota bainte

Luann McKenna pleananna forbartha Chomhairle Contae an Chláir a aistríodh ar chostas €30,000. Deir sé gur leaganacha Béarla amháin a ceannaíodh. Fágann sé as an scéal ar fad, áfach, go raibh leaganacha digiteacha saor in aisce ar fáil ar líne, rud a luaigh Éamon Ó Cuív ag an am.

Monday, 10 September 2018

Nuair a chuireann tú suim i gceol nua-aimseartha i nGaeilge...

Nuair a chuireann tú suim i gceol nua-aimseartha i nGaeilge...

Cailín na Gaillimhe, Mundy

Avicii Vs Lurgan

CEARTA Kneecap

🎶Is maith liom curaí, curaí le m'iógart, iógart le mo churaí, curaí le m'iógart 🎶 
T-Rex Ó Saurus

Tuesday, 4 September 2018

Sionnach | Dáinín

Chas liom sa tslí sionnach beag lár sráide
A súile ar crith faoina cóta caol scáinte
i mbascaeidín bruscair a pus aici bhí sáite
is d’éalaigh arís gan focal agam ráite
Fada uaim anois mo mhaidrín rua úd
a tháinig is d’imigh d’aon mhear-ruathar
chun do choileán beir thusa mo dhúthracht
is beathaigh go barr iad chun gur leo a shiúlfad
An oíche sin féin is maidríní im thimpeall
siúlfad an chathair idir eaglais is teampall
is fillfidh ansin orm taobh theach an phobail
is glanfad a cóta, is cíorfad a drioball
Is nuair a chasfar liom arís sionnach seo lár sráide
A cóta an uair seo beidh sí maorga is mánla
Is scata coileán chuici a bheidh srónsáite
ach imeoimid arís gan siolla eadrainn bheith ráite